Wednesday, March 30, 2005

Matalang!

Bhí mé tinn go leor ag an deireadh seachtaine le galar dhuáin, tar éis cúpla lá ag fulaingt mar bhí mé as baile, bhí orm dul chuig Dochtúir gan aithne leigheas a fháil, ní raibh mé in ann fanacht go dtí go raibh mé ar ais abhaile. Tharla go raibh an t-ádh liom agus duine breá a bhí inti. Anois ma tharlaíonn aon drochrud le anthrax ní bheidh mise buartha, tá Cipro agam ar feadh seacht lá! Ach ní h é sin an matalang.....Inné, Dé Máirt agus mise díreach ar ais tar éis cruinniú le mo chuntasóir bhí fadhb agam teacht ar chomhad áirithe ar mo rhíomhaire. Ansin, gan choinne theip mo rhíomhaire agus bhí orm re boot a dhéanamh, ní rud uafásach é sin ach, lean an fhadhb. Ansin chaith mé an mhaidin ag iarraidh an fhadhb seo a réitigh. Ní raibh XP ag obair agus cheaptar gur virus a bhí i mbun na trioblóide. Duirt fear in IBM go mbeidh orm XP a chur isteach arís agus ansin gach clár a chur isteach, go raibh an operating system scriosta, b'fheidir ó Virus éigin...................Cheap mise go mbeadh sé seo fíor pian sa tóin ach, tá an scéal níos measa fós. Ag deireadh thiar thall ba ar an external drive a bhí an locht. Tá an drive seo agam mo chuid oibre a choimeád saor ó viruses, ar eagla go tiocfaidh ceann isteach uair éigin in ainneoin Norton. Ach anois ba ar an drive seo a bhí an fhadhb. Chomh luath agus a thug mé ón ríomhaire é tháinig XP ar ais gan mhoill. Hmmm.....chuir mé fios ar Iomega agus duirt siad go raibh an Drive scriosta, (ní raibh a fhios acu cén fáth) agus go raibh orm an drive a chur chuig an Data Retrieval Centre agus go ndéanfaidis iarracht mo chuid chomhad a shábháil.......................Bhí, agus tá mé fós, i gcruacás ag smaoineamh ar seo. Tá mo chuid oibre uilig ann! Cheap mé go mbeadh gach rud níos saoire ansinar an external drive ná ar an fíor harddrive. Taim ag guí nach bhfuil i gceist ach trioblóid le ceann des na cables, nó b'fhéidir ports? B'fheidir go raibh ceann des na chait ag súgradh leo faoi mo bhord? Tá greim an fhir bháite agam ar na smaointí seo.

Thursday, March 24, 2005

Christy Ring, laoch níos mó ná Babe Ruth

“Do thriail sé an ní dodhéanta
formhór gach Domhnach ar an bpáirc,
is uaireanta rith leis.”

Tháinig mé ar dán inné agus d’oscail sé smaointí ionam mar a dhéanann dánta go minic. Tá an ceann seo scríofa ag Séan Ó Tuama faoi Christy Ring, an iománaí is fearr ar fhoireann Chorcai ríamh agus b’fheidir an iománai is deaslámhach agus oilte ar ghnóthaí iománaíochta ríamh in Eirinn. Cinnte go mbeadh cuid mhór daoine ar aon intinn le sin.

”Aon neomat buile amhain
in earr a ré is é Cúchulainn
bhí ‘na ionad ar an bpáirc –
d’at a chabhail
i radharc na sluaite,
do bholgaigh súil
‘s do rinc ar mire.”

Ní fhaca mé Christy Ring agus é i mbláth a mhaitheasa ar na páirce, ní raibh anam ionamsa na blianta sin ach le aon laoch scéalaíochta chuala mé trácht nach beag faoi agus mise óg. Ba chosúil gur fear é a throid go cliste agus go cróga chomh maith céanna nuair a bhí sé ar aiste mhaith, an chuid is mó den am. Chaith Christy ceithre blian is fiche, ó 1939 go 1963 ar bhfoireann Corcaí agus d’éirigh leis gur thug an domhan mór níos mó ná gean dó, ach saghas urraime.

Ní raibh baint díreach agam le iománíocht, ach is minic a chuala cur síos do Christy ag m’athair agus m’athair cheile, ar dheis Dé go raibh siad. B’as Iarthar Luimnigh é m’athair, agus ba é Contae Luimnigh an namhaid is mó a bhí i gcoinne Contae Corcaí na blianta san i gcursái iománaíochta, agus b'as Contae Mhaigh Eo m’athair chéile agus fós féin do bhí ómos nach beag acu siúd ar an Corcaíoch. Dheineadh comparáid idir na fir cluichíochta nua aimseartha agus an seanlaoch agus ní gá a mhíniú cé acu a bhíodh an bua i gcónaí.

”Bhí cnagadh is cleatar,
liútar-éatar
fir á dtreascairt,
fuil ag sileadh -
’s nuair rop trí cúil isteach
bhí seandéithe Éireann uile
ag stiúrú a chamáin.”

Na laethanta sin ba é an clú agus cáil an duais amhain, (más féidir duais a thabhairt orthu,) a bhfuair na laochra iománíochta agus na peileadóirí uilig sa GAA. Tá sé ráite nar bhfuaireadar fiú ceapaire saor in aisce tar éis na cluichi móra, agus ní rabhardar ag lorg níos mó……………Bhí an rannpháirtíocht de dhualgas orthu gan cheist.

Nuair a d’éag Christy Ring gan choinne i 1979 is cuimhin liom gur bhraitheas an bhris mhór ní amhaín i saolta a lucht leanúna iománaíochta ach sa domhan mhór Éireannach.

“Ní féidir liomsa fós
Christy Ring a adhlacadh…
Samhlaím é uaireanta
is é ar buanchoimeád,
sinte ar leac na honóra
I mBrú na Bóinne
is Aonghas Mac an Daghda é choimhdeacht
go dtí an leath-uair bheag gach geimhreadh
go soilsíonn ga gréine go hómósach
ar a chúntanós."



Saturday, March 19, 2005

Lá na Gaeilge

Níl ach trí seachtaine fághta agus beidh an Lá na Gaeilge i Yonkers linn. Seo an cúigiú blian, agus i gcónaí bím ag smaoineamh ag an bpointe seo, "an n-oibríonn sé amach?" Tá na bileoga curtha amach, bolscaireacht beag déanta agus táim ag feitheamh anois ar na foirmeacha a dtiocfaidh ar ais chugam. Ní féidir liom lean ar aghaidh le clár an lae go dtí go bhfuil a fhios agam cé mhéad duine a bheidh páirteach, ní féidir foireann teagascoir a chur le cheile fiú....
Chuaigh mé le mo chara Eibhlín go Springfield MA inné i gcóir lóin lenár gcara Micheál a bhí ann ag tabhairt chuairte ar a colcheathar, tháinig sé ar turas gnó ar ndóigh ach ag deireadh na seachtaine bhí sé saor teacht le chéile le cháirde. Is as Corca Dhuibhne é Micheál ach tá ana chuid colceathracha agus colseisreacha aige i Springfield MA. Fágadh ina aonar i nDún Chaoin é a athair nuair a d'imigh a dheartháireacha agus a dheirfúireacha uilig duine tar éis duine, deichnúir acu, go Springfield breis agus is dócha trí fichid bliain ó shin. Mar sin ní raibh colceathar ar bith ó thaobh a athair ag Micheál agus é ina bhuachaill i nDún Chaoin, iad uilig anseo i MA. Ní aisteach scéalta mar seo sa cheantar san i gCiarraí. Tá nasc nach beag idir Springfield agus Corca Dhuibhne fós.

Thursday, March 17, 2005

Táim Bréan de Philip Morris

Chonaic mé ar an New York Times inné go bhfuil an comhlacht Philip Morris ag iarraidh an margadh Áiseach a bheith acu....agus níos mó daoine a chur claonta chun toitíní. Tá a fhios againn go bhfuil síad ar thóir an tríu domhan chomh maith le tamall anuas, Indonesia agus a léithéad, pobail nach bhfuil fiú bheith istigh nó árd oideachas acu. Anseo sna stáit, os rud é go bhfuil figiúirí na gcaiteoirí ag titim, (an scéal céanna sa Eorpa) cuireann síad amach bréagbholscaireacht go bhfuil suim acu i slaintíochta na tíre. Táim bréan dóibh. Tá sé ráite ar a suíomhghréasain go oscailte nach bhfuil suim acu i bpáistí a chun chun toitíní, ní creidim focal uathu. An gceapann siad go bhfuil an pobal aineolach nó amaideach? Ach seo an fhadhb, b'fheidir go bhfuil an pobal aineolach agus amaideach. As seo déanfaidh mé iarracht toradh agus tairgí an chomhlachta sin a sheachaint: No more Kraft products, slán le Philadelphia Cream cheese, no more Toblerone (brón orm faoin gceann sin). Sin é ó mo Bhosca na Gallúnaí inniu.

Wednesday, March 16, 2005

Cineál Díse

Ní chreidim go bhfuil seachtain imithe uaim ó scríobhas anseo? Cad a tharla? An bhfuil mé ag éirí sean agus sin an fáth go bhfuil gach lá ag imeacht uaim gan cead? Bhí cuairteoirí againn ag an deireadh seachtaine, b'fheidir gurb é sin é? Thugamar cuireadh do cáirde againn agus a bheirt mac, déagóirí, teacht ag sciáil linn agus lenár gcuid, déagóirí chomh maith. Bhí sé seo socraithe tamall maith ó shin, b'fheidir dhá mhí, agus bhíomar uilig ag súil leis an tréimshe le cheile. ACH, bíonn ACH i gcónaí, sa deireadh thiar thall, níor tháinig ach an máthair agus an mac is sine. Is cosúil go raibh scrúdú ag an mac is óige ar scoil an tseachtain seo agus do bhí air stadéar a dhéanamh ag an deireadh seachtaine, sin an scéal ar aon chuma. Is dócha go raibh sé fíor ach bhí díoma ar mo chuid, bhí díoma orainn mar táimid cairdiúl leis an mbeirt acu mar dís, agus, aisteach a rá ach tagann cínéal athrú uirthi nuair nach bhfuil eisean ann agus a mhalairt go cruinn. Is duine gealgháireach, cainteach, ceanndána i slíte ach dea-croíoch leis é siúd agus is bean flaithiúil í, níos stuama agus dairire ná é agus i gcónaí ag iarraidh trioblóidí an domhan a réitigh, go háirithe nuair a bhíonn deoch nó dhó aici. Cuireann sí cuma dairíre ar an diospóireacht i gcónaí. Mar dís tá siad ana mhaith mar bogann siad a chéile. Chuir sé isteach orainn ar shlí nuair a chualamar nach raibh sé in ann teacht de dheasca an mac agus a stadéar, ach ní féidir cuireadh a thabhairt ar ais....an féidir? Tharla, in ainneoin an imní a bhí orainn, go raibh deireadh seachtaine bhreá againn, agus, duirt sí go raibh ionadh uirthi nuair a chonaic sí go raibh Púca agus Ban (na cait) linn i dtuaisceart na Stáit, dá mbeadh eisean ann bheadh air dul amach go ostán a duirt sí. Rinne mé glan dearmad go bhfuil sé allergic!!

Wednesday, March 09, 2005

Bruscar sa phost

Faighim an iomarca bruscair sa phost, cosúil le gach uile duine. In ionad é a chur díreach sa bhosca bhruscair, áit atá oiriúnach do, oscailaím iad uilig agus cuirim na clúdaigh réamhíochta a bhíonn iontu i mo outbox agus ansin téann siad ar ais go dtí a bhfoinse gan stró ormsa (agus faigheann an oifig an phoist 20 cents uathu an ceann acu.) Cuireann sé áthas aisteach orm é seo a dhéanamh, sílim go bhfuilim ag ghoid cúpla pingin ó na comhlachtaí móra sin a bhíonn achur an stuif seo chugam gan chead. Tá orthu duine a bheith ag obair in oifig éigin iad seo a oscailt. Ceapann daoine áirithe sa teach seo go bhfuil mé as mo mheabhair nó gur bheag an sult i mo shaol mar fhaighim sásamh as an gníomh truamhéileach seo. Ach ma dheánadh gach duine an rud céanna lena gcuid phoist? Fuaireas an nod é seo a dhéanamh blianta ó shin ó cara agam atá imithe ar shlí na fírinne anois. Fuair eisean an mhaitheas chéanna as an gníomh aisteach seo agus is minic a smaoiním faoi le miongháire agus mise a chur na clúdaigh folmha san outbox.

Tuesday, March 08, 2005

Ag ligint geáitsi

Tháinig an drochaimsir seo aniar aduaidh orainn. Bhí mé i gColáiste Iona ar maidin ag déanamh oibre sa leabharlann Úi Riain agus thosnaigh sé ag cur sneachta. Ní rud aisteach é sin ach de gnáth bíonn a fhios againn nuair atá stoirm ag teacht. Is minic a cheap mé go bhfuil an iomarca béime ar an aimsir sa nuacht raidio agus teililfise na tíre seo. Bíonn daoine ag fail bhais san Aifric ó ocras nó foréigean ufásach agus sinn anseo buartha faoin aimsir, gan fhios dúinn faoi a bhfualingt. Níl aon dul as, táimíd ag brath ar an media agus a gcuid iriseoirí. Agus iad siúd? Bíonn an nuacht mar aon clár eile faoi láthair, na léiritheoirí ag iarraidh na figiúirí a choméad suas, gan trácht ar cuspóir na Nuachta, eolas a thabhairt dúinne! Agus ar ndóigh bíonn na fógróirí ag féachaint ar na figiúirí céanna. Raidio agus Teilifís poiblí abú!
Ar ais go dtí an aimsir, chonaic mé timpist tar éis timpiste ar an mbóthar inniu. Bhi na carranna ag casadh timpeall agus ansin cuid acu eile ag déanamh go tapaidh trí an bpraiseach. Tá an-taithi againn i NY le drochaimsir mar seo ach fós féin bíonn na h-amadáin lasmuigh ag ligint geaitsí orthu féin mar is gnách.

Monday, March 07, 2005

Ceol Beo

Ní raibh mé anseo le tamall, ar ais atáim ach ag rith. Ranganna Ghaeilge anocht, an chéad ceann den téarma nua (curtha ar ceal seachtain o shin de dheasca stoirme) agus bileoga déanta agam don La na Gaeilge a bheidh ar siúil ag tús Aibreán. Plean agam iad a bheith sa phost inniu.
Bhí dinnéar againn i mbialann "17 main" i Mount Kisco oiche Aoine, saghas Jazz Club is féidir a rá agus bhí an bia an-bhlasta agus an banna cheoil go maith. Bhí plean agam dul go dtí an Towne Crier aréir Lúnasa a fheiscint ach tháinig Eimhín abhaile agus é ar a thuras ar ais go dtí an coláiste mar sin bhí dinnéar againn le cheile agus d'imigh an plean sin, leis an t-am, amach an fhuinneog.

Wednesday, March 02, 2005