Monday, February 26, 2007

Scorsese aréir........

Leanann an saol ar aghaidh. Ní stopann sé.

Go raibh míle maith agaibh go léir a chaith isteach bhúr vótaí ar son an blog seo san Irish Blog Awards. Tá hilaryny anois ar an gearrliosta! agus cá bhfios?
Mairtin Scorsese aréir…. b’fhéidir hilaryny an deireadh seachtaine seo chugainn!!

Monday, February 19, 2007

Br Cathal Ó Cuinn

Tá an-bhrón orm a rá gur imigh sean cara agam, an bráthair Cathal Ó Cuinn ar shlí na fírinne inniu, an 19ú lá déag de mhí Feabhra. Trócaire Dé ar a anam uasal.

Ba chara mór don teanga é agus níor stop sé riamh ag iarraidh í a chur chun cinn anseo i Nua Eabhrac. Chomh luath agus a bhfaca sé go raibh duine dáiríre maidir léi dhein sé a dhícheall tacaíocht a thabhairt agus bhíodh sé i gcónaí flaithiúil lena chuid eolais agus a chuid ama.

Thug sé cabhair nach beag domsa ón lá a bhuaileas leis, timpeall deich mbliana ó shin nuair a tháinig sé go dtuaisceart Westchester chuig ciorcal comhrá ina rabhas páirteach ag an am san. Thug sé cuireadh dom teacht ar chuairt go coláiste Í (Iona College) agus ní fada go raibh ciorcal comhrá bunaithe ansin gach Mháirt, i measc a bhailiúcháin leabhar, bailiúchán a shaol, i Leabharlann Ui Riain; eisean, Barra Ó Donnabháin nach maireann, Muiris Ó Bric, Eibhlin Zurell agus mise. Ón am san déarfainn nár imigh coicís gan teagmháil de shaghas éigin a bheith eadrainn, teacht le cheile, nóta sa phost le cóip Foinse, mar shampla, glaoch ar an ngutháin…………ach amháin i dteas an tsamhraidh nuair a chaitheadh sé tréimhse thuas i Westpark, Esopus NY.
Thug sé cabhair dom cead a fháil ón gcoláiste ranganna An Scoil Chois Claí a bhunú in
Iona agus do bhí áthas mór air gur éirigh leo. Bhíodh sé ar nós aige teacht ar chuairt orainn anois is arís sa seomra ranga agus a bheith páirteach sa chomhrá, ceist nó dhó a chaith amach nó a fhreagairt. Coicís ó shin san ard rang bhíomar ag plé na cláir teilifíse is fearr linn nuair a bhuail sé isteach orainn agus ghlac sé páirt sa chomhrá. Chuir sé glaoch orm an tseachtain seo chaite agus dúirt sé gur bhain sé an-taitneamh as an tréimhse le na mic léinn, agus go raibh sé go deas a chloisint an méad sin comhrá sa seomra ranga. Luaigh mé leis go rabhamar ag plé máinliacht phlaisteach oíche amháin eile, (teannadh aghaidhe agus a leithéid,) agus dúirt sé, ag gáire agus é ag fágáil slán liom, go mbeadh sé ar ais oíche eile gan dabht, ach is mór an trua nach mbeidh.
Táim an bhuíoch de as a chabhair agus a chairdeas trí na bliana beaga anuas.
Slán abhaile a chara.

Tórramh / Faire: Dé Mháirt
2 – 4 pm agus 7 -9 pm. St. Joseph’s Infirmary, 30 Mongomery Circle, New Rochelle.
Dé Chéadaoin 2 - 9pm Spellman Hall, Iona College, New Rochelle.
Aifreann na Mairbh, 9.30 Déardaoin,
Holy Family Church Mayflower ave.
New Rochelle agus ansin go Westpark, NY.

Thursday, February 15, 2007

Translations le Brian Friel

Tá an dráma Translations le Brian Friel, faoi stiúir Gary Hynes, ar siúl i Manhattan faoi láthair. Moladh go mór dom é ó daoine éagsúla agus plean agam dul oíche éigin, chomh luath agus is féidir. Bheadh sé go breá dul an deireadh seachtaine seo mar tar éis an dráma oíche Shathairn beidh dream ag teacht le cheile san amharclann cúrsaí a phlé, an teanga is dócha ag an am san (1833) agus araile. I measc na bhaicle saoithe seo beidh Pádraig Ó Cearuill, múinteoir na Gaeilge anseo i NY, agus Séamas de Bláca, craoltóir an chláir Míle Fáilte ar an raidió. 90.7 Fm nó aon uair ar WFUV.org .

Agus cén fáth nach mbeidh mé in ann dul oíche Shathairn? (Tá ticéid fós le fáil)….Beidh mé thuas in Esopus, NY ag deireadh seachtaine na Gaeilge ag teagasc! Beidh timpeall céad daoine ann ag baint taitneamh as an nGaeilge agus as an gcomhluadar agus ag iarraidh cúpla rud nua a fhoghlaim chomh maith.

Monday, February 12, 2007

Blog Awards 2007

Tá na blog awards 2007 buailte linn agus tá sé in am bhúr vótaí a chaitheamh gan mhoill! Téigh go dtí an suíomh seo agus díreach go dtí “The best use of Irish language in a blog” ( thíos an liosta píosa beag) ansin a chairde caith bhúr vótaí.

Is cosúil go bhfuil sé seo oscailte ar feadh seachtaine nó níos mó………….Chuir duine éigin mo bhlog féin ar an liosta i ngan fhios dom (grma a chara)

Wednesday, February 07, 2007

Lá na Gaeilge 2007

Tá sé beagnach buailte linn arís, ár lá mór!

Beidh Lá na Gaeilge 2007 ar siúil ar an 24ú Lá de Mhí an Mhárta in gColáiste I, (Iona College) New Rochelle, Nua Eabhrac. Beidh lá breá againn gan dabht, múinteoirí den scoth, (cúig leibhéal de rang, go dtí seo!) léachtóirí iontacha, agus ar ndóigh an scata is tábhachtaí ná an dream a thagann blian tar éis bliana an teanga a cheiliúr le chéile sa suíomh cairdiúil cuideachtúil seo. Tá an foireann ag obair go dian cheana féin ar an gclár agus tuilleadh eolais le fáil go luath ar an mblog seo, nó is féidir é phoist a chur chugam díreach ón nasc ar dheis.
Beidh fáilte roimh cách!
Anocht oíche na Gaeilge i nDunnes Pub, White Plains, le ceol beo ó Brian Conway agus a chairde.

Friday, February 02, 2007

Ar Aghaidh an Chatha

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi cara agam Aralt MacGiolla Chainnigh. Is as Canada é, lonnaithe i gKinston, agus maireann sé i gcroí na teanga thuas sa tír sin. Eagraíonn sé deireadh seachtainí na Gaeilge gach bhliain agus i mbliana beidh Comhdháil NAACLT faoina chúram chomh maith. Tá plean idir lámha aige le tamall fada anuas Ionad na Gaeilge a shocrú, le leaba agus loistín in áireamh, go mbeifeá in ann dul agus saoire a ghlacadh i suíomh cuideachtúil an teanga a fhoghlaim, Gaeltacht bheag mar a déarfá!

Bhuaileas leis roinnt blianta ó shin agus ba léir ón gcéad dul sios go duine díograiseach é ar son na Gaeilge agus is dócha ar son aon rud a bhíonn tábhachtach in a shaol. Is deacair an jab é dúthracht chun oibre a thomhas?…..Braitheann sé ar phearsantacht is dócha, agus as sin níl aon freagra ceart….. ach amháin go ndéanann an duine aonair a dhícheall ar son a chúraimí féin, cibé cúram atá i gceist agus dar liom, luach gach cath a thuiscint, más féidir, sula cáitear croí agus anam isteach ann. Sin an fealsúnach atá agamsa. (go mór mhór ag déileáil le déagóirí….ach i ndairíre...b'fhéidir mórán cinntí.)

Le déanaí bíonn Aralt i dtroid lena fostóir, Arm Ceanada. Tá na sonraí anseo. Beidh cás cúirte sa chúirt cónascach i mbliana aige. (Ní raibh a fhios agamsa go dtí gur léigh mé an píosa seo go raibh banríon Eilís a dó fós ina Banríon Ceanada.....) Tá súil go mór agam go n-éiríonn gach rud go geal le Aralt agus é ar an turas contúirteach aighneasach seo.
Bíonn teacht aniar nach beag ag an ndíograiseoir seo!