Saturday, August 25, 2007

Cat ar strae? (Dílleachta bocht.)


Tháinig mé ar chat óg, abair sé mhí nó mar sin, luath maidin inné sa gharáiste. Bhí eagla air ar dtús ach tháinig sé chugam tar éis aga agus bhí sé cairdiúil, grámhar agus cainteach, rud a chur ar eolas agam díreach go raibh ocras air agus thugas roinnt bia dó. Ní raibh anseo liom inné ach Eoghan, an mac is óige, mar sin bhí cruinniú agam faoin gcat leis, cad ba cheart dúinn a dhéanamh ? Ach thit Eoghan i ngrá leis ar an bpointe. (Tán cat seo an-ghleoite) Chuireamar Instant Message ar fear a tí (atá as baile) faoin gcat ach fuaireamar freagra dhá fhocal díreach ar ais: “Animal Shelter” gan focal eile! Freagra crua a cheapas, an dílleachta bocht seo. (Tuigim go n-éiríonn an t-uasal Mac Suibhne píosa beag mí shásta nuair a bhíonn Púca agus Banba ar an leaba linn istoíche ach fanann siad i gcónaí ar mo thaobhse…)

Chuireas glaoch ansin ar chara agus tháinig sise chun féachaint ar an gcat. Thit sise i ngrá leis chomh maith ach tá trí cinn aici cheana. Rinne mé iarracht a fháil amach ó na comharsana an raibh cat ar iarraidh ó éinne acu ach níl. Chuaigh mé go dtí an oifig an phoist ar maidin, tá bord eolais ann ach níl nóta faoi cat ar iarraidh ann.

Tá an cat fos anseo, bhí eagla air dul amach as an ngaráiste mar sin tá sé ann, compordach go leor ón gcuma atá air. Bhí sé sásta lena bhricfeasta agus a lón! Bíonn sé ag crónán aon uair a thugamid cuairt air.

Tá Cara, mo sheanamhadra ceart go leor leis, ach nuair a dheineas iarracht Banba a chur in aithne leis theip orm. Ní raibh sise sásta leis ar chor ar bith agus d’éirigh sí ina meamhlachán glórach nuair a chonaic sí é. Bhí eagla orm go mbeadh troid eatarthu, chuireas ar ais laistigh í go tapaigh ……..(ach níl aithne aici ar aon cat eile ach amháin a deartháir dána Púca, b’fhéidir gurb í sin an fhadhb?)……….. anois tá drogall orm Púca a chur in aithne leis, dhá cheann fireann le cheile, ní dóigh liom go bhfuilim chomh cróga sin.



Wednesday, August 22, 2007

Marine Wedding. Griangraf le Nina Berman

Titeadh na deora uaim nuair a chonaic mé é sa NY Times ar maidin. Ní fheicimid aghaidh an chogaidh chomh soiléir agus atá sí sa ghrianghraf seo, in aghaidheanna an lánúin seo, ní hamháin aghaidh an fhir bhocht ach aghaidheanna an bheirt acu ar a lá mór ……….
An t-alt iomlán anseo agus grianghraif eile.

Monday, August 13, 2007

Coireanna sa Chiúnas!

Is baile ciúin é seo agus ní ró mhinic a tharlaíonn aon rud cearr. Bhí ionadh ar mo mhac aréir nuair a goideadh a thiachóg agus a iPod as a charr fad is a bhí sé agus a chairde sínte amach i ngort ag féachaint ar na meteorites i lár na hoíche. D’fhágadar deich charr ar thaobh an bhóthair iargúlta sin agus goideadh rudaí éagsúla ó chuid acu. (Ní rabhadar faoi ghlas!) Bhí ar Chian dul chuig oifig na ngardaí inniu tuairisc oifigiúil a thabhairt isteach dóibh agus ansin ceadúnas tiomaint nua a fháil.

Tháinig sé abhaile agus miongháire air, cé go raibh sé tromchroíoch am bhricfeasta. Ar dtús, a dúirt sé, ní raibh ach póilín amháin ag obair inniu agus ní raibh mo dhuine in ann teacht ar an gcáipéis cheart an tuairisc a ghlacadh uaidh. Bhí air glaoch a chur ar phóilín eile a bhí sa bhaile. Ansin, thug Cian faoi dheara liosta a bhí ar an mbord eolais san oifig …

1) Car 286 is missing it’s spare tire
2) A beagle is lost in town.
3) This week's password is per903


Soiléir nach i an chathair mhór atá i gceist anseo.
Beidh cur síos faoin gcoir sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo chugainn agus faoin madra bocht atá ar iarraidh chomh maith, beidh na scéalta faoin teideal “Police Blotter”

Friday, August 10, 2007

Tommy Makem agus ceoltoirí eile.

Léigh mé go bhfuair Tommy Makem bás le déanaí, anseo sna SAM. Bhí sé lonnaithe anseo le fada anuas ach i gcónaí ina Éireannach. Trócaire Dé air. Bhí ionadh orm a fhail amach nach raibh aige ach trí scór is ceithre bhliain déag. Cheapas ar shlí go raibh sé i bhfad níos sine. Bhíodh LPs dá The Clancy Brothers and Tommy Makem ag m’athair sa bhaile agus bhíodh an-suim ag an nglúin níos sine ná mise anseo ina gceol chomh maith ó tús na 60s nó mar sin. Is cuimhin liom iad ar an teilifís anois is arís, ar an Late Late Show is dócha.

Is cuimhin liom nuair a thánas anseo go NE don chead uair i 1979/80 thugas faoi dheara go raibh suim nach beag ag m’uncail, (bhíos ag tabhairt cuairte air) agus a chairde uile (Gael-Mheiriceánaigh) sa cheol seo agus bhí díomá orthu nuair nach raibh ceol na Clancys agus Tommy Makem uile agamsa. Bhuel, bhí cuid de agam go smior, ach ní raibh a gceol chomh tábhachtach ag an am san ná : disco (!) nó, amanna machnamhacha, na bannaí ceolta mór la rá na tíre seo agus na Bhreataine, nó ceol traidisiúnta/nua aimseartha, más féidir é sin a rá. Ar thaobh an cheoil traidisiúnta na hÉireann bhíodh Planxty, Clannad againn agus Horslips fiú agus bhíodar uile úr agus iontach. Ní raibh mórán eolais acu anseo sna SAM ar Chlannad nó mórán faoi na ceoltóirí eile a bhí againn in Éireann ag an am san. Is cuimhin liom am a chaitheamh i Lios Dún don féile mór ag deireadh na 70’s. Bhí an saol níos simplí agus gan trioblóid síob a fháil le d’ordóg ó Luimneach go Lios Dún, go Cill Chaoibhe go Sráid na Cathrach nó pé áit cé nach raibh agam agus ag mo chairde ach cúig nó sé bhliana déag d’aois! Bhíodh daoine i gcónaí toilteanach síob a thabhairt agus bhíomar slán i gcónaí….ní raibh sé deacair dul ar Bhóthar na hInse sa mhaidin i lár an tsamhraidh agus teacht ar ais luath go leor san oíche, go h-airithe le solas an lae go dtí ar a laghad leath uair tar éis a deich!
Chonaic mé Clannad don chéad uair (i lár na 70’s silim,) in NIHE, anois tugtar Ollscoil Luimnigh air. Bhí ceann dá LPs agam cheana agus cheapas go rabhadar an-cool ar fad. Ach ar ais go dtí an bpríomh pointe an píosa seo, D’oscail na Clancys agus Tommy Makem na doirse anseo is dócha agus d’éirigh go h-ana mhaith leo sa 60s agus 70s ach níl a fhios agam cén fáth nár éirigh na ceoltóirí eile? B’fhéidir trioblóidí le riaracháin agus bainisteoireacht? Ba mhinic a bhí droch scéalta ag ceoltóirí faoi bainisteoireacht. Cá bhfios? B’fhéidir nach raibh an lucht éisteachta anseo i SAM réidh don gluaiseacht seo i gceol traidisiúnta na h Éireann na tréimhse sin. Nó b’fhéidir nach bhfuil an scéal iomlán agamsa ar chor ar bith……. taighde atá uaim in ionad ceisteanna a chaitheamh amach i gcónaí.

Tuesday, August 07, 2007

Radairc eile


An Canyon ón Heileacaptor!

Ar ais sa diallait inniu!

Radharc ón éadramán roimh eiri na gréine.

An Grand Canyon

Ar ais sa diallait inniu! Beagnach ceithre lá breá i Sedona, Arizona. Is baile beag é Sedona, bunaithe ar turasóireacht, agus cén fáth go bhfuil na turasóirí ag dul ann? na sléibhte aisteacha, na Mesa, na radhairc, an solas suimiúil agus dathanna an nádúir.

Chonaic mé fíor buachaill bó! ‘Sea, ar an turas ó Phoenix ó thuaidh go Sedona a chonaic, bhí sé sa diallait féin ar a chapall ar ndóigh, ag marcaíocht le sé nó seacht bó trí an gaineamhlach. Bhíos lán sásta é a fheiscint.

Ansin, mar a luaigh mé, bhíos thuas in éadromán roimh éirí na gréine maidin dé Chéadaoin, chomh ciúin scéimh a bhí sé thuas san aer an lá sin, ach corraithe go leor agus sinn ag teach anuas! Ní bhíonn smacht ar bith ag píolótaí ar a héadromáin, ach amháin nuair a bhíonn siad ag dul suas nó ag teacht anuas, níl roth stiúrtha ar bith acu rud a bhí soiléir dúinn nuair a thángamar chun talaimh díreach in aice an highway, abair sé throigh, agus na carranna agus na trucailí ag gluais tharainn. Bhuaileamar isteach i gcrann beag ar dtús stop a chur ar an gciseán agus sinn ag dul i dtreo claí sreang dealgach, rud nach bhfuil ró mhaith d’éadromán…….. agus ansin ar an talamh linn le preab.
Thugamar cuairt ar an
Grand Canyon chomh maith, turas ó thuaidh ó Sedona. Ní féidir cur sios ceart a dhéanamh ar an radharc sin, ní dhéanann na grianghraif an beart ach oiread, i ndáiríre glacadh sé d’anáil uait go mór mhór má théann tú in héileacaptar síos sa Canyon féin!