Saturday, February 28, 2009

Dúil a Anama

Bhíos as baile ar feadh seachtaine ar turas sciáil le Eoghan. Bhíomar i dtuaisceart agus ansin in iarthar an stáit, ghlac sé páirt de bharr cáilíochta i gcomórtais mór le rá thuas ansin; The Empire Winter Games agus The NY State High School Championships agus d’éirigh go maith leis, dar liomsa. Ar ndóigh bhí díomá air nár éirigh níos fearr leis ach sin saol an lúithnire sa sport deacair seo. Bíonn comórtas idir na iomaitheoirí ach níl an comórtas sin chomh domhain agus an comórtas ionat féin agus an tslí ina réitítear na mílte fadhbanna a tharlaíonn fad is a bítear ag gluaiseacht ar nós na gaoithe (nó na geilte) síos fánaí géara! Chríochnaigh sé i spota píosa ana mhaith níos airde ná a thús, ag bogadh sa threo cheart mar a deirimse leis. Thánamar abhaile oíche Dé Chéadaoin mise traochta ón turas gan trácht air siúd agus cairn mór obair bhaile os a chomhair don scoil…….ach ar aghaidh leis aréir arís go comórtas ar sliabh eile thar n-ais in iarthar an stáit, cúig uair go leith eile sa charr, omg! (grá an dualgais ar a athair an uair seo,) sceitimíní ina a mheara aige agus ina mhearchois aige agus dúil a anama a bheith ar na fánaí fuara arís.

Tuesday, February 17, 2009

Thar n-ais i dTir na Beatha

Is ar éigin atáim beo!
Bhuel, bhí deireadh seachtaine bhreá geallta agam ach mar is eol do chách níl mar a shiltear a bítear uaireanta. Bhuaileas le mo chairde ag deireadh seachtaine na Gaeilge thuas in Esopus NY maidin Dé Sathairn le plean fanacht leo go tráthnóna dé Luain. Ach faraoir nár eirios tinn tráthnóna Dé Sathairn, ní raibh a fhios agam cad a bhí cearr ach do bhí ganntanas fuinnimh agam, bhi me fuar, ní raibh fiú tart orm!! Rud an aisteach domsa nuair a bhímse i measc scata Gaeilgeoirí. D’imigh chun leapa luath agus bhí codladh ceart go leor agam ach le breacadh an lae bhraitheas aisteach. Cheapas go raibh rud éigin ag dul in olcas ach ag an am céanna bhí drogall orm imeacht abhaile, i lár na maidine áfach bhraitheas tinneas cinn ag bagairt orm taobh thiar mo súile. Bhailíos liom abhaile agus chaitheas an tráthnóna ar an tolg ag iarraidh an bhagairt a ruaigeadh uaim, faraoir theip orm.

Timpeall a seacht ní raibh sé ag bagairt níos mó ach ar lán sheol agus ní raibh an tarna suíochán sa bhuile agam ach é a thógaint chun na leapa liom. Ní raibh éalú ná imeacht agam air. Ghlacas gnáth leigheas, mar a ghlac níos luaithe sa lá, thiteas i mo chodladh tráth agus nuair a dhúisíos ghlacas arís é, cheap mé go n-oibreoidh sé arís ach bhíos mí cheart. Bhí a fhios agam go raibh piolla Codeine amháin agam sa tigh ach bhí sé ró luath é a ghlacadh tar éis an méad a bhí slogtha siar agam cheana! Bhí an pian go dona amach is amach. Bhí sé timpeall a h-aon a chlog sa mhaidin agus bhíos i gcruacás leis. D’imigh an t-am isteach go mall, chuala mé cailleach na hoíche ag scréachadh Who Cooks For You arís is arís eile, ba maith liomsa scread léanmhar a lingint asam, ach bhí an tigh folamh. Bhí fir an tí as baile agus ó cheapadar nach mbeinn anseo thugadar mo ghrá gheal Cara, (mo sheana mhadra) agus na cait, Púca agus Banba leo, bhíos i m’aonar, mar an pingin deireanach sa bhosca stáin. Smaoiníos ar Louis XVI agus an guillotine, dá mbeadh ceann agam sa tigh ní bheadh ceann agam. Bhíos ag súgradh le focail agus mé ar leaba mo bháis! Chuala mé Coyotes ag canadh tamaillín. D’éirigh an phian níos measa fós agus bhí orm teacht ar an Codeine agus ghlacas é, bhí sé beagnach a cúig a chlog ag an am seo agus cheapas go mbeinn ceart go leor ó thaobh ama de. Tar éis tamaillín bhraitheas an phian ag cúlú phíosa, quelle joie! ach go hobann bhíos ar traein, agus sinn ag dul síos fána cnoic agus lúba gearra ós ár gcomhair, bhíos sa tríú carráiste in aice na fuinneoige mar is gnách. Chonaic mé an inneall ag titim ón iarnród, ansin an chéad carráiste, an tárna carráiste ansin mo cheannsa féinig, bhíos ag titim i ndiaidh mo mhullaigh, gach rud bun os chionn, rith sé liom nach mbíonn criosanna againn i traenacha? Cén fáth? Bíonn siad againn i gcarranna agus in eitleáin!! Bhí a fhios agam go mbeadh orm greim a fháil ar rud éigin go tapaidh chun mé féin a shábháil, rug mé ar postanna mo leapa le greim an fhir báite agus mo cholann ag léimt timpill mar ghealt agus an diabhal inti! Do dhúisíos le preab, bhí a fhios agam díreach cad a bhí ar siúil…an diabhal codeine a bhí cúis leis an tromluí! Chuireas mó lámha bocht thar n-ais faoin duvet, iad tuirse ón greim teann, ní fheadar cén fhad a bhíodar thuas ansin. Dia duit, a Shuibhne Gealt, a dúirt mé liom féin agus thit mé i bhfanntais arís.

Ansin go hobann bhíos thíos san uaigh chúig déag scilling i Cré na Cille agus Caitríona Pháidín os mo chomhair ag gearán is ag banrán, ní fhaca sí mise, buíochas le Dia, ach arís ní raibh éalú ar bith le fáil agam agus mé gafa. Bhí a guth mar tairní i mo chluasa agus bhí sí á bualadh isteach iad gan stad gan staonadh. D’éirigh an phian taobh thiar mo shúile níos fíochmhaire. Cheapas go mbeinn gafa anseo go deo. Ansin tháinig Caitlín Maude ar an bhfód mar aingil. Thosnaigh sise ag tabhairt tuirne mháire do Chaitlín as an bpraiseach a dhein sí dá saol le droch smaointí. Níor stop Caitlín leis an íde béil seo go dtí go raibh brón ar Caitríona. Bhí Caitlín ag caitheamh poncho agus bhí sí in ann é a úsáid mar sciatháin agus bhí cuma álainn ar a aghaidh, chonaic sí mise ansin agus mé ar an dé deiridh sa chúinne faoin duvet agus thosnaigh sí ag canadh. Ní chuimhin liom i gceart cén amhrán a chan sí, b’fhéidir Róisín Dubh…. ach chuir a canadh ar mo shuaimhneas mé, ní nach ionadh, nach raibh guth fé leith aici?.. Is cuimhin liom a rá liom féinig má thagaim slán ón tréimhse seo tá orm a bheith cinnte gan am a chur amú ar aon rud nó ar aon mothúchán suarach, thiteas i mo chodladh le glór Caitlin Maude i mo chluasa.

Dhúisíos ar maidin, chuala mé an uisce te ag bogadh trí na píopa an tseomra, bhí an teas ar siúl…. d’oscailíos súil amháin, bhí sé sách geal, bhí an ghrian ina shuí cheana agus chuir an solas isteach go mór orm. Bhí an diabhal pian fós ann…agus bhí sí go dona arís.. ach bhí a fhios agam go raibh cupla uair codlata agam ar a laghad. Ní raibh mé in ann mo shúile a oscailt, bhí solas an lae ag teacht trí mó chaipíní súile. Cheapas go raibh saghas Cupid le droch-chroí ann agus é ag scaoileadh a chuid saighde díreach trí lár mo n-imreasc! Ach is cuma nó muc duine gan seift agus bhí a fhios agam go raibh aghaidh fhidil áit éigin agam, úsáidim ar eitiltí thar oíche í nuair a bhím ag dul go Éireann. Thosníos ag smaoineamh faoi agus d’éirigh liom teacht air gan mórán trioblóide, bhí sé sa mhála taistil ag deireadh mo leapa, fós lán ón deireadh seactaine . Ghlacas níos mó gnáth leigheas, (faraoir ní raibh aon codeine eile agam,) agus chuireas orm an aghaidh fhidil, mo chara cléibh nua, agus do chuir an aghaidh fhidil an ruaig ar fháinne an lae. Bhí an phian go dona an mhaidin iomlán, ansin san iarnóin agus mé sínte amach i lár na leapa, corp in ionad colainn, cuma an chéasadh orm.. mo lámha sínte amach uaim...go hobann bhraitheas m’fhuil ag bogadh i mo mheara agus i mo mhear chosa, ansin bhog sé suas mo lámha agus mo cosa. Bhí saghas drithlín i mo chuid fola! Lean na drithlíní ag bogadh agus bhraitheas m’anam ag filleadh thar n-ais chugam. D’ardaigh mé lámh amháin go cúramach go dtí m’aghaidh fhidil, d’ardaigh mé cúinne di go cáiréiseach, bhí sé fós geal sa seomra ach buíochas le Dia ní raibh mo dhuine lena chuid saighde ann. Bhain mé díom an aghaidh fhidil, an raibh mé fós beo? D’fhéach mé timpeall, bhí an leaba ina phraiseach, ní raibh ach piliúr amháin ann, na trí cinn eile trasna an tseomra (is dócha ón timpiste tranach). Bíonn carn leabhar agus clog ar bhord beag i m’aice de gnáth, bhíodar uile ar an urlár chomh maith. Chonaic go raibh sé beagnach a trí a chlog….beagnach fiche uair sa leaba! D’eiríos agus chuaigh mé isteach sa seomra folcadh agus mo chosa ag lúbadh fúm. Bhí cailleach os mo chomhair sa seomra folcadh: Seanabhean le ceann tuí, poill dhorcha marbha ina raibh súile uair amháin, cuma an bháis ar a craiceann tirim, beola tirim gorma agus muineál tanaí turcaí aici……Cá bhfuil an bhean gealgháireach a bhíonn ós mo chomhair de gnáth sa scátháin seo? An dtiocfaidh sí thar n-ais ariamh???????? . Lion mé an folcadán agus isteach liom, an uisce te mar clóca faoisimh umam, agus aon uair a d’éirigh an uisce píosa fionnuara líon mé isteach níos mó uisce te le mo mhéar chosa, sa deireadh bhí roic ar mo lámha agus ar bhoinn mo chos ach téann siad go maith le aghaidh na caillí.

Tuesday, February 10, 2009

Thar n-Ais go Dtí an Todhchaí

Is cosúil go bhfuil loghanna thar n-ais i saolta na gCaitliceach, loghanna iomlán agus loghanna páirteach! Ní raibh a fhios agamsa go dtí le déanaí cad a bhí i gceist ar chor ar bith maidir le loghanna ach do mhínigh cara liom na sonraí. Anois is féidir do thréimhse i bpurgadóir a gearra más féidir leat teacht ar logha, (chomh fada is atá tú fíor bhrónach as do chuid pheaca agus ar ndóigh tar éis iad uile a chur i bhfaoistin!) Tá sé sin tábhachtach. Rud amháin eile ná is féidir leat loghanna a fháil as do stuaim féin ar son anamacha atá gafa agus i bpurgadóir cheana féin! Nach deas é sin? An aithrí a ghearradh do dhuine eile. Tá ceist agam áfach, cad a tharlaíonn muna raibh seans ag an aithríoch sin a chuid pheaca uile a chur i bhfaoistin…an oibríonn an loghanna?
Níl ort íoc as le airgead an uair seo ach le obair deonach agus araile. Tuilleadh anseo.

An Plean

Níl plean an uachtaráin ag éirí go geal agus is trua mar tá sé uainn. Ní gá ach féachaint siar chun a bheith cinnte go bhfuil ar an rialtas airgead a chur isteach chun éileamh eacnamaíochta a ghríosú agus eacnamaíocht na tíre a shábháil i slí éigin. Tá na poblachtaigh ag beartú go claonta anois.

Friday, February 06, 2009

Sceal Bronach

Bhi an droch sceala seo i nGaelport. Deacair domsa e a thuiscint, fear chomh hog chomh eirimiuil sin anois imithe uainn ar shli na firinne. Is cuimhin liom go soileir e on deireadh seachtaine bhrea sin a chaitheas ag an Oireachtas. Ta roinnt pictiur do sa chomhad agam ata ceangailte anseo ar dheis. Cad a tharla? Bhi aggallamh an deas aige le Daithi O Se an trathnona tar eis an chomortais ; an bheirt acu ina suigh le cheile i bhFoyer na hostain, dream mor againn ina dtimpeall, chan se ansin duinn agus an corn ina aice. bhi a mhathair i lathair agus deora bhroid ina suile aice. Ansin ag Club na Feile an oiche ceanna suas leis ar an ardan agus e ag canadh aris duinn agus e maith go leor... mar a bhi gach uile duine a bhi ann. Cad a tharla, cad a tharla agus cen fath?

" Cailleadh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, scoláire agus léachtóir le Gaeilge Ciarán Ó Con Cheanainn, go hobann ina theach cónaithe i mBaile Átha Cliath inné, 3 Feabhra 2009. Bhí sé 27. Bhí sé ar an duine ab óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada ar amhránaíocht ar an sean-nós nuair a thug sé an gradam leis ag Oireachtas 2008 i gCorcaigh.
Ba léachtóir le Nua-Ghaeilge faoi mhórmheas é Ciarán, i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD. Bhí gradaim agus duaiseanna bainte amach aige i Léann na Gaeilge, agus ba ag cur barr feabhais ar thráchtas dochtúireachta ar amhránaíocht na Gaeilge a bhi sé nuair a cailleadh é. As Saile Thúna, An Spidéal, Co. na Gaillimhe dó; fuair sé oideachas ollscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, sa Choláiste Ollscoile BÁC, agus in Ollscoil Dhún Éadainn na hAlban. Maireann a mháthair agus a dheirfiúr Máirín. Ar dheis Dé go raibh a anam."

Wednesday, February 04, 2009

Buachaillí Beaga agus a Máithreacha Bochta!!!

Bhí cara ag rá liom inniu gur chaith sí agus a fear céile tráthnóna san ER lena maicín. Bhí an buachaillín tinn le slaghdán agus thug sí spúnóg de Tylenol dó ach cad a tharla ná tháinig an mamailíneach ar an mbuidéal agus creid nó nár creid d’oscail sé é. Nuair a chonaic sise é bhí Tylenol gach aon áit agus ní raibh sí cinnte ar ól sé ana chuid de nó nár ól sé mórán Ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile aici ach é a thabhairt go dtí an ospidéal ar eagla na heagla. Dúradar léi tar eis an scrúdaithe go raibh sé ceart go leor agus go raibh níos mó ar a gheansaí ná taobh istigh. Osna faoisimh! Bíonn buachaillí beaga lán de spraoi i gcónaí agus is minic a bhíonn sé deacair coimeád suas leo.

Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhios torrach le Cian (agus díreach ag teacht chun an deiridh) gur chaill mé cnaipe áit éigin sa tigh, bhí Eimhín beagnach 3 bliana d'aois ag an am gan mórán cainte aige, ach fós féin bhí a fhios aige cad a bhí ag cur isteach orm. Thosnaigh sé ag gáire agus a rá ina shlí féin gur chuir sé an cnaipe i bhfolach ina shrón. Ní raibh a fhios agam an raibh sé ag magadh fúm nó nach raibh mar ní rabhas in ann aon rud a fheiscint thuas ansin ina shróinín ach, ar eagla na h eagla bhí orm dul go dtí an ER leis. Cheap Paraic go raibh mé ag dul as mo mheabhair nuair a tháinig sé abhaile óna jab agus dúirt mé leis go raibh orainn dul díreach amach go dtí an ospidéal…ar eagla go mbeadh cnaipe thuas i srón Eimhín...ar aghaidh linn chuig Crumlin Childrens Hospital, an oíche fhuar úd (agus mise ana mhór leis)…… bhí orainn fanacht cúpla uair ag feitheamh ar dochtúir san ER ansin, ach cad a tharla sa deireadh thiar thall ach fuair an dochtúir an diabhal cnaipe thuas i mbarr a shróin bhig!
Cupla lá ina dhiaidh tháinig Cian ar an saol agus é 10 punt agus 14 oz.
Samhlaigh ar an cnoc mór sin ar mo bholgsa an oiche fhuar fhada sin!! agus ní bean ró mhór mise.

Níl deireadh leis na scéalta le buachaillí beaga ach mar a dúirt cé go mbíonn ana fhuinneamh acu agus iad óg, bíonn siad simplí go leor agus iad ina dhéagóirí, bia, níos mó bia, agus spóirt, sin é.

Monday, February 02, 2009

Ceiliúradh Lá Fhéile Bríd ach gan an t-Earrach.

Bhí oíche bhreá againn san Ard Chonsalacht ar an 30ú lá, ceiliúradh Lá Fhéile Bríd a bhí ann. Bhí ceol, amhránaíocht, léitheoireachtaí filíochta againn ó nach mór gach ceantar in Éireann! Bhí bia blasta agus deoch go flúirseach le fáil i spiorad na hÉireann agus fáilte uí Ceallaigh roimh gach uile dhuine ó Breandán Ó Caolaí, leas-chonsal, a bhean cheile Carmel agus an t-amhránaí Susan McKeown a chur le cheile an ócáid le cabhair ó Fiona Ní Chaolaí a bhí ina giolla gealgháireach an oíche céanna. Bhí spraoi ag gach aoinne agus chuir an ócáid tús an deas ar imeachtaí na Gaeilge 2009 sa chathair seo. Bhí dream maith bailithe le cheile ag an ócáid an oíche fhuar sin…

Tá tús an earraigh buailte acu in Éireann cheanna ach táimid fós i lár an gheimhridh anso i Nua Eabhrac, ach fós féin feicim go bhfuil, i bhfocal Raifterí, na laethanta ag dul chun síneadh. Ardóidh mise mo sheolsa oíche Déardaoin seo atá ag teacht le turas ó thuaidh arís, nós atá agam beagnach gach deireadh seachtaine, ó chuir mé i mo cheann é roimh na Nollaig agus ní stopfaidh mé choíche go dtí go bhfuilim i lár na hAdirondacks (fásach i dtuaisceart an stáit seo.) gach aon seans a bheidh agam fad a mhairfidh séasúr an tsneachta