Sunday, May 30, 2010

Thar n-ais ó Phortland na Fearthainne!

Mise, Kate, Ger, Imelda, Bob agus Lucy tar éis lóin ollmhór san Otis Cafe, Otis Junction, Oregon.

Oh… Nua Eabhrac is maith liom d’aer te tirim.
Tá rud éigin cearr liom gan dabht mar nuair a théim go Éirinn bíonn éadaí de gach sórt liom, i ndáiríre, is minic a bhíonn níos mó ná ceithre shéasúr i seachtain amháin ansin……ní bhíonn a fhios agat riamh agus tuigim é sin. Ach aon uair a bhím i bPortland cuireann an aimsir ionadh orm. Bhí sé fuar agus fliuch an uair seo…ana fhuar agus bhí srón dhearg orm de dheasca an fhuachta! Ach is dream gealgháireach dearfach iad na Portlandaigh…ní chuireann an aimsir fhliuch isteach orthu ar chor ar bith mar níl dul as. Bíonn aoibh mhaith orthu i gcónaí agus bíonn siad bródúil as a gcathair ghlas, dúradh liom gurb í an chathair is glasa sa tír seo. Úsáideann cuid mhaith, idir óg is aosta, rothair, bíonn margaí na bhfeirmeoirí le feiscint anseo is ansiúd….. bíonn an tseirbhís iompair saor in aisce i lár na cathrach, agus níos mó ná aon rud eile tá suim acu sa teanga Ghaeilge! Bhí timpeall seasca daoine páirteach sa Lá na Gaeilge 2010 faoi stiúir Bob de Burca, Aislinn Adams, Ger Killeen agus a gcoiste agus bhaineadar go léir an taitneamh as an teacht le cheile, mise in a measc.

Saturday, May 15, 2010

Aréir

Béile breá blasta
Oíche iontach cheoil

Seomra leanna lán
Comhluadar cainteach cairdiúil
Clabaireacht is cogarnach
Tréimhse thairbheach thaitneamhach
Faraoir - ghearrshaolach ghairid!

Imeacht ar luas lasrach
Cosa meara
Cuisle phreabarnach
Gearranálach géarchéimeach!

Fead ghéar
Soilse gealánacha!
Clampar cleatráil caismirteach.

Osna faoisimh
An traein deireanach arís
Oíche eile i NYC

Ochón na maidine