Monday, August 23, 2010

Tháinig an Fhearthainn,

Dhúisigh mé go luath maidin inné. Bhí mé san áit chompordach chluthmhar sin idir múscailt agus lán dhúiseacht. Mo shúile dúnta gan suim agam iad a oscailte, mo chorp leagtha amach fós trom le codladh, mo chosa gan fuinneamh, mo lámha thuas thar mo cheann, marbh agus mé ar mó sháimhín só.
Chuala mé glór bog, ciúin, glór nár chuala le tamall anuas, ag cogarnach, ag athrá. Glór deas, ag bladar faoi choim, íseal. D’aithin mé é, chuala mé cheana áit éigin é. Glór suaimhneasach. Agus mé ag teacht chugam féin rith sé liom go raibh sé ag cur fearthainne lasmuigh, ba í an fhearthainn ar dhíon an tí a bhí ag canadh go caoin dom ag tús an lae, agus déarfainn gurb í seo an chéad uair riamh go raibh fíor fáilte agam roimh an fhearthainn!

Thursday, August 05, 2010

Ná Déan Dearúd




Má smaoinítear ar na hÉireannaigh a aistriú go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall 1850 tagann pictiúr áirithe ar an gcéad amharc, sé sin ar ndóigh na mílte bochta ó fud na tíre a bhí in ann éalú ón ocras agus ó anró an tsaoil go dtí an tOileán Úr. Ach nach mbíonn níos mó i ngach pictiúr ná an príomhábhar agus is fiú féachaint siar le radharc níos fairsinge ar an dream mór a d’fhág an tír le linn na tréimhse dorcha san ….Tháinig eisimirce go Meiriceá ó Bhaile Átha Cliath chomh maith, seans maith nach raibh na taistealaithe sin ar a ndé deirí i gcomparáid leis na créatúir bhochta ó thimpeall na tíre- ach bhíodar go léir ag iarraidh saoil níos fearr a bhaint amach, dóibh féin, dá bpáistí agus i slí indíreach, dá muintir fágtha sa bhaile.


Chonaic mé taispeántas dealbhóireachta le Augustus Saint-Gaudens (1848-1907) sa Metropolitan Museum of Art tamaillín ó shin. Seans nach bhfuil ainm an dealbhóra seo ar eolas ag cách ach, ag an am céanna is beag duine nár bhfaca sampla dá shaothar uair éigin í Nua Eabhrac agus i gcathracha móra eile, Baile Átha Cliath ina measc ……sin le rá ar ndóigh….má bhíonn a súile ar oscailt. Cuireann an smaoineamh sin chara liom i mo chuimhne; do bhíodh sé i gcónaí mí shásta le daoine gan an nós acu rudaí a thabhairt fé deara ar ghnáth bóthar an tsaoil.. “erra, bíonn súile an té sin oscailte ceart go leor ach faraoir ní fheiceann an t-amadán céanna tada” a ndearfadh sé . (Púicíní a chuirtear ar chapaill na cathrach tá a fhios agat.. agus is é púicín focal eile a chiallaíonn le h-amadán sa Ghaeilge…duine nach bhfeiceann an pictiúr go hiomlán).

Ba é Augustus Saint-Gaudens duine de na dealbhóirí is mo i stair ealaíona na SAM, ach níor Mheiriceánach ó dhúchas é. Rugadh ar shráid Charlemont í mBaile Átha Cliath é, ba Éireannach í a mháthair , Mary McGuinness ó Bhaile uí Mhatháin, Co Longfort, agus ba Fhrancach a athair, Bernard Saint-Gaudens, caibléir a bhí ann agus é lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó 1840. D’aistrigh Bernard a chlann go Meiriceá nuair nach raibh in Augustus ach leanbh, bhí beirt mac caillte ag an gclann cheanna agus ba chosúil go raibh eagla air roimh an gorta mór cé go rabhadar ina gcónaí i mBAC . Chuir Mary agus a maicín fúthu ar dtús i mBoston ar feadh cúpla seachtain fad is a bhí Bernard ag eagrú árasáin i Nua Eabhrac dá chlann, agus ansin d’aistríodar go Nua Eabhrac, go Sráid Duane atá thíos bhaile i NYC na laethanta seo, ach a bhí i lár na cathrach ag an am san. D’oscail Bernard siopa bróg. Ní raibh ard mheas ag muintir Nua Eabhrac ar na hÉireannaigh bochta a bhí ag díle isteach sa chathair na blianta san, an chuid is mó acu i gcruachás, ach d’éirigh le clann Saint-Gaudens. Tá sé soiléir ó scríbhneoireacht Augustus faoina thuismitheoirí go raibh saol réasúnta compordach acu agus gur bhain sé sult as a chúlra neamhghnách. Labhraíodar Béarla agus Fraincis sa bhaile.

Nuair a bhí Augustus dhá bhliain déag d’aois d’éirigh leis printíseach a fháil le gearrthóirí chaimeo, ba iad seodra coitianta an t-ard aicme an ré sin agus ba mhór an t-éileamh orthu. Chaith sé trí bliana le máistir amháin agus lean sé ar aghaidh le máistir eile ansin, d’fhreastail sé ar coláiste Cooper Union i NYC agus ansin an National Academy of Design. Nuair a bhí sé 19 bliana d’aois bhailigh Augustus leis go Páras agus d’éirigh leis tús a chur ag staidéar san École des Beaux-Art, ar aghaidh leis go Rome ansin agus sa deireadh chuir sé faoi thar n-ais i NYC i 1874. Bá ré mhór cogaidh í, agus le linn a shaol tugadh údaráis phoiblí do Saint-Gaudens le fonn saolta na laochra móra a cheiliúradh i slite poiblí.

Thug an t-oideachas a fuair Saint-Gaudens i bPáras fuinneamh nua aimseartha dá chuid oibre agus ní fada go raibh eisean duine de na dealbhóirí is cáiliúla sa tír. Feictear a chuid oibre sna cathracha móra, mar shampla The Sherman Monument i Manhattan, agus The Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial i mBoston ( Boston Common), agus Lincoln ina Sheasamh i Chicago. Sílim ó na cinn atá feicthe agam gur dhein Saint-Gaudens teagmháil le hanamacha a ábhar trína aghaidheanna, feictear gach mionchuntas ar a gcuntanóis. Thug na blianta ar chaith an dealbhóir ag obair mar ghearrthóir chaimeo taithí dó mion thréithe pearsanta a nochta ina chuid ealaíne.

Faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil aon mhaitheas le fáil cogaidh a cheiliúradh, is trua nach bhfuilimid in ann teacht ar slí eile ár ndifríochtaí a réitigh ach seo ré eile. Ach tar éis dom an Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial a fheiscint d’éirigh suim ionam sa bhfear sin agus a scéal; scéal tábhachtach atá ann, ina gcuireadh tús le gluaiseacht chuig cearta comhionanna do dhaoine gorma í gcóras míleata na tíre seo. Ba é an 54th Massachusetts an chéad reisimint do fir ghorma sa tír faoi cheannas Coirnéal Gould Shaw, fear óg, 25, agus é mór le rá sa ghluaiseacht i gcoinne an daorsmachta. Ag féachaint ar an píosa ealaíne seo agus an scéal ar eolas agam anois ba bhreá liom mo lámh a shá amach trí na blianta agus é a chur ar ghualainn duine de na fir óga gorma cróga sin ag siúl go bródúil le chéile agus cogar a chur ina chluas, Ádh mór a fhir óig agus tar abhaile slán, tá a fhios agam áfach gur baineadh úsáid as an reisimint seo; níor tháinig mórán acu abhaile ar chor ar bith, a dtaoiseach-catha óg i measc na mairbh.

Thosnaigh Saint-Gaudens ag obair ar shéadchomhartha Charles Stewart Parnell i 1903, buí le John Redmond, cé go raibh an ealaíontóir breoite le ailse ag an am. Cuireadh suas i Sráid uí Chonnaill i 1911 le sliocht ón rí gan coróin féin. Ní fheadar an raibh saothar Saint-Gaudens faoi tionchar mór a bhunadh Ghaeil ar ach ba eisean a mhol píosa as Gaeilge a chur le Parnell: Go Soirbhigidh Dia Éire dá Chlainn.

Is minic a shiúltar thar shéadchomhartha gan féachaint orthu, gan iad a fheiscint i gceart ar chor ar bith, níl iontu don chuid is mó againn ach cúlbhrat inár saolta a mbaineann le ré eile, fadó. Ach, anois is arís, labhraíonn ceann liom i gcogar: Ná déan dearúd.



Monday, August 02, 2010

Willie Nelson- File



Chonaic (agus chuala) mé Willie Nelson i gceolchoirm amuigh faoin aer oíche Dé Sathairn. Bhi sé go h-iontach, níl duine mar é! Bhí banna cheoil leis agus a dheirfiúr ar an bpianó comme d'habitude.
Tá sé beagnach ceithre scór bliana d'aois anois agus a ghuth chomh maith agus soiléir agus a bhí sé riamh, caoin agus láidir ag an am céanna. Bhíos i mo shuigh sa naoú líne díreach os a chomhair amach agus, cinnte, bhí sé ag canadh díreach i mo threo an t-am ar fad… ‘sea bhí sé ag canadh chugam.

Tá an méad sin amhráin scríofa aige nach raibh sé in ann ach blaiseadh a thabhairt dúinn taobh istigh uair go leith, ach ní dóigh liom go raibh aon duine sa lucht éisteachta mí shásta. Ba mhinic a bhí "hit" ag daoine eile lena chuid, Elvis, Patsy Cline, Kris Kristofferson, Linda Ronstadt agus i bhfad nios mo, agus is minic nach bhfuil a fhios ag cách gurb eisean an scríbhneoir taobh thiar amhráin cáiliuil. Chuala na hamhráin mór le rá: You were always on my mind; Crazy; Still is still moving to me; Blue eyes crying in the rain; On the road again, To all the girls I’ve loved before, srl srl srl agus na cinn greannmhar: Mama dont let your babies grow up to be cowboys; You got the money? I got the time.
Bhí an slua go léir ag canadh leis agus aoibh ana mhaith orainn uile.

Tá sé ró shimplí uair nó dhó a chur isteach ag éisteacht leis ar Youtube, ach téigh ann... is fiú é; tá an ceann seo ana mhaith idir cheol is fhocail, dar liom: I Never Cared For You.

The sun is filled with ice and gives no warmth at all
the skies were never blue
the stars are raindrops searching for a place to fall
and I never cared for you