Wednesday, November 10, 2010

An Rud is Annamh is Iontach.

Tháinig an damh seo luath sa mhaidin. (Ach ní raibh sé chomh luath sin mar nach bhfuil na cloig casta thar n-ais, mar sin b'fhéidir go raibh sé déanach ar a chuairt? No an raibh a fhios aige go mbeadh tús déanach againn ar an lá úd)
Ní fheictear damh ró mhinic sa cheantar seo, agus má fheictear bíonn sé ag an am seo den bhliain, séasúr na cúplála. Ní rachainn gar dóibh, níl siad mar a bhíonn na heilití agus a hoisíní. Bíonn siadsan i gcónaí ciúin agus séimh, ar tí imeacht de rúid uait chomh luath agus a gcloiseann na máithreacha glór ar bith; bíonn a gcluasa móra i gcónaí ar a bhfiachaill ar gach rud.

Deirtear go mbíonn cúthaileacht ar na daimh chomh maith, ach ní aontaím le sin. Is ainmhithe bródúil iad....... Cuireann siad suas linn agus a bhfearann millte againn. Níl siad toilteanach a ligint go bhfuil siad ag fulaingt. Tuigeann siad nach bhfuil mórán le déanamh acu romhainn, ár gcarranna. ár gclaíocha, ár ngunnaí agus ár gcrosbhoghanna.

Coimeádann siad iad féin uainn, agus de dheasca sin téann na sealgairí ar a dtóir, nó ar thóir a mbeanna....spórt na fola. Siamsa! An rud is annamh is iontach.

Sílim gur scríobh Liam Ó Muirthile dán uair amháin faoi damh, ach faraor ní féidir liom teacht air. (Má bhíonn an dán seo ag éinne agaibh chuir chugam é le do thoil)

In ionad sin tá píosa ana dheas anseo agam ó leabhar iontach The Outermost House le Henry Beston 1888-1968 :


We need another and a wiser and perhaps a more mystical concept of animals. Remote from universal nature and living by complicated artifice, man in civilization surveys the creature through the glass of his knowledge and sees thereby a feather magnified and the whole image in distortion.

We patronize them for their incompleteness, for their tragic fate for having taken form so far below ourselves. And therein do we err and greatly err. For the animal shall not be measured by man. In a world older and more complete than ours, they move finished and complete, gifted with the extension of the senses we have lost or never attained, living by voices we shall never hear.

They are not brethren, they are not underlings: they are other nations, caught with ourselves in the net of life and time, fellow prisoners of the splendour and travail of the earth.



Thursday, November 04, 2010

Scéala Dearfach Eile agus Rothaí Mora an Domhandú

Tá nós inmheánach ag daoine, ag an gcine daonna is féidir a rá, le bheith ag taisteal, agus bíonn na mílte cúiseanna ann a bhaineann leis an nós sin. Castar ar Éireannaigh anois ar fud an domhain, cuid acu de shliocht na nGael ó na cianta ó shin. Is cosúil gur saghas treibhe scaipthe atáimid faoi láthair agus más fíor é sin an féidir na ceangail atá eadrainn a thomhas i slí éigin agus an dlúthbhaint eadrainn a thuiscint ar chor ar bith?

Is fíodóirí sinn ar fud na cruinne ag obair ar thaipéis chultúir, ag baint úsáid as na dlúth téada céanna; an ceol, an teanga, an radharc tíre, an litríocht, an damhsa, stair na tíre, spóirt, i slite difriúla de bharr an snáth innigh a roghnaímid. Tosaíonn taipéis le dlúth téada agus leanann siadsan ó thús go deireadh. Cuirtear an snáth innigh trasna, anonn is anall, is féidir athruithe a dhéanamh leis an snáth innigh, do phictiúr féin a dhearadh. Bíonn na dlúth téada i gcónaí ann ámh, tugann siad neart don struchtúr. Seo mar atá sé le cultúir dar liom. Má ghearrtar ceann de na dlúth-téada beidh an cultúr i bhfad níos laige, agus oidhreacht an chéad glúine eile níos laige de dheasca sin. Is pictiúr nó íomhá phearsanta a thagann le chéile dúinn sa deireadh, gathanna solais ar phíosa nó dhó agus iad sin a thabhairt chun cruinneas inár dtaipéis chultúrtha féin.

Bíonn sé ráite go bhfuil an domhan ag éirí níos lú le domhandú na meáin, na nuachta, cúrsaí eacnamaíochta, srl. An bhfuil sé fíor a rá go bhfuil domhandú cultúir ar siúl chomh maith? An anois an t-am ár gcultúr féin a cheiliúradh níos mó ná riamh? Tháinig sé slán as tréimhse imris agus achrainn eile. An dtéann an dá rud, domhandú cultúir agus cultúr a cheiliúradh, ar aghaidh le chéile? An féidir ár gcultúr a athaimsiú in áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith agus é a chur chun cinn?

Fuair Dearbhall Standúin agus Charlie Troy duais idirnáisiúnta iontach Global Vision le déanaí de bharr le Cnoc Suain, a bhforbairt in iarthar na Gaillimhe. Plean acu clár turasóireachta, bunaithe ar chultúr na hÉireann agus ar bhuan-choimeád na tíre a chur ar bun ansin: Seans do dhaoine ina gcónaí in Éirinn nó de shliocht na nGael thar lear, teagmháil a dhéanamh arís nó den chéad uair le dlúth téada ár gcultúir shaibhir. Beidh an bheirt acu ag labhairt faoin duais seo agus Cnoc Suain i Glucksman Ireland House, NYU,1 Washington Mews (@ ascaill a cúig) Nua Eabhrac, Dé Luain seo chugainn. Tuilleadh eolais anseo. Beidh an tOllamh Fionnbarr Bradley ag caint chomh maith an oíche céanna faoin bhforbairt seo i nGaillimh agus chomh tábhachtach agus atá cultúr na hÉireann i rothaí móra an domhandú.

Is fearr liom féin an téarma clár saibhrithe, ná clár turasóireachta, baineann rud éigin fulangach ó thaobh na céille de leis an bhfocal turasóireacht sa chomhthéacs comhaimsire sílim, easpa fuinnimh b'fhéidir? Is mór an tairbhe dúinn sinn féin a saibhriú le teacht ar dhlúth téada ár gcultúr, agus ní mór dúinn a aithint ar ndóigh go maireann sé sna áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith, agus aon áit ina mbailíonn Éireannaigh le cheile.

Bíonn níos mó le foghlaim i gcónaí.