Friday, December 03, 2010

Aisling Géar

Éire bhocht a scríobh cara i nóta chugam coicís ó shin. Éire bhocht cinnte, bíonn sí i mo smaointe go minic le déanaí agus chuir imeachtaí na coicíse seo caite brón nach beag orm agus tocht scríbhneoireachta orm leis. Ní fheadar an bhfuil sé ceart an locht go hiomlán a chur ar na hEorpaigh, tá a gcuspóir féin acu ag iarraidh an Euro a choimeád slán, ach quelle costas….(ní fheadar cad a bhí idir lámha ag an ECB blianta ó shin agus gach rud ag dul as smacht? an rabhadar ar saoire) Ní féidir an locht a chur ar an Euro féin, nach raibh fáilte is fiche roimh an Euro ar dtús? Pósadh atá i gceist sa cheangal sin: thuas seal thíos seal!

Bíonn sé ráite go bhfuil smior na nGael caillte in Éirinn anois, díolta, agus gur éirigh an smior níos laige i ré an Tíogair, an tíogar bocht, is ceap milleáin eile é dar liom. Tá an locht ar easpa céille treoraithe na tíre, ní hamháin an dream atá i gceannas an lá atá inniu ann ach an dream roimhe seo. Tá sé ana-brónach áfach mar bhí seans ann forbairtí fíor dearfacha a chur ar bun le linn ré an Tíogair...dá mbeadh daoine cliste agus fad radharcach i réim: córas sláintíochta a áth-thógáil mar shampla. Ach in ionad aon rud ciallmhair mar sin a dhéanamh cuireadh tús le forbairtí foirgneoireachta timpeall na tíre atá tréigthe anois agus an tír is an talamh ag titim ar a chéile gan mórán ós comhair an chéad glúin eile ach a bheith báite i bhfiacha baincéirí ár linne.

Saint as smacht.

Ní rud úr í tréimhse anróiteach in Éirinn, tharla cheana. Sa 17ú haois déag bhí an tír ina praiseach le saint, san 18ú haois arís le tiarnaí talún ag crú na tíre, ní gá an 19ú haois a luaigh, tá a fhios ag cách faoi sin. Bhí cuid mhaith den 20ú aois deacair go leor ach thug an tsaoirse anam agus croí do dhaoine, agus deireadh na haoise seo caite, bhí sé go híontach ar fad.

Ach anois: An bhfuil Éire bhocht ag feitheamh ar Mac an Cheannaí arís? Nó truaillithe arís.

Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba ‘s mé go lagbhríoch
an annir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcáiocht
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal ‘s a maili,
dá mhaíomh go raibh ag tríoscht ‘na gar
a diogras, Mac an Cheannaí.

/ ….

Adúrtsa léi ar chlos na scéal,
I rún gur éag do chleacht sí,
Thuas sa Spáinn go bhfuair an bás-
’s nár thrua le cách a ceasnaí;
ar chlos mo ghotha i bhfogas dí
chorraigh a cruth ‘s do scread sí
is d’éalaigh an t-anam d’aonphreib aistí-
mo léansa an bhean go neamhbhríoch.

Sliocht as Mac an Cheannaí le Aogán Ó Rathaille (c. 1675- 1729)
An Duanaire Dolmen Press (1981)