Thursday, January 19, 2017

Seoladh: Tost agus Allagar le hAilbhe Ní Ghearbhuigh


Fuaireas cuireadh ó Thomas hIde an leabhar a sheoladh anuraidh ar an 18 Feabhra 2016 sa Graduate Center of the City University of New York 365 5th Ave, New York, NY

Seo thíos an aiste ghearr a scríobh mé faoin mbailiúchán.
Tost agus Allagar Coiscéim (2016)
le hAilbhe Ní Ghearbhuigh    
   
            
Nach iontach an ócáid í, seoladh leabhar Gaeilge i Nua Eabhrac, agus ní hamháin leabhar Gaeilge ach leabhar filíochta. Ní tharlaíonn ócáid mar seo ró mhinic anseo agus ba mhór agam an deis a bheith páirteach.
Tá sean aithne ag lucht na Gaeilge i gCathair Nua Eabhrac ar an gCiarraíoch, Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Chaith sí bliain inár measc naoi mbliana ó shin buí le Fulbright. Bhí sí i lár saol na teanga an tréimhse sin anseo i gcathair Nua Eabhrac. Tháinig sí mar mhúinteoir sinsir chuig imeachtaí na Gaeilge le Daltaí na Gaeilge chomh maith, mar sin tá líon mór cairde aici anseo.

 
Foilsíodh a céad chnuasach filíochta Péacadh i 2008 tar éis dí imeacht abhaile ó Nua Eabhrac. Bhí áthas orainn go léir ar a son. Tháinig sí thar n-ais in ár measc ar chuairt agus bhí spraoi arís againn le chéile ag seoladh an leabhair sin in Iona College, New Rochelle ag ceiliúradh na Gaeilge ansin. Ní raibh ionadh orainn gur éirigh léi le Péacadh mar ba léir ón tús gur duine thar a bheith éirimiúil atá inti - aithníodh óna céad chnuasach san gur guth úr, ciúin, láidir a bhí tagtha chun solais.
Nuair a féachann sí feiceann sí, nuair a éisteann sí chloiseann sí..... agus má leagann sí ladhar a smaointe ar rud ar bith, mothaíonn sí. 

Bhíomar go léir ag tnúth mar sin ar leabhar eile uaithi agus anois tá sé againn. Tost agus Allagar.
Ar dtús féachaimid ar an teideal féin, Tost agus Allagar.  Eascraíonn ceisteanna spéisiúil fiú ó theideal an leabhar seo: Cheapfaí b'fhéidir go mbeadh na coincheapa sin i gcodarsnacht le chéile nó go mbeadh bearna ollmhór eatarthu, ach tá sé soiléir ón mbailiúchán seo go n-oibríonn tost agus allagar le chéile agus óna chéile i bhfoirmeacha cumarsáide bunúsacha.  Cad faoin spás eatarthu agus conas an spás seo a líonadh? An labhraíonn gach fhuaim linn?  An gcloisfimid teachtaireachtaí ó na fuaimeanna uile in ár dtimpeallacht? An bhfuil difríocht idir torann, gleo agus ceol? An teangacha iad siúd go léir, nó an teangacha iad ar chor ar bith muna labhraíonn siad linn?

Sa bhailiúchán seo is ceisteanna cumarsáide atá á gcíoradh ag an bhfile, cumarsáid a tharlaíonn i slite difriúla - cuid acu a bhfuil do-aitheanta don domhan mór. Tosaíonn an cnusach le dán darb ainm "Babel", tá an dán bunaithe ar an túr Bháibíl féin as a dtagann teangacha uile na cruinne sa sean-Tiomna. Is íomhá bhunúsach í seo a spreagann ceist: an féidir cumarsáid a dhéanamh má bhíonn comórtas agus coimhlint-chatha ann? An mba choir, nó an ndéanfadh sé maitheas dul thar n-ais go dtí an tosach chun fadhbanna an saol chomhaimseartha a réiteach mar a tharla sa sean scéal?
Agus má smaoinítear ar fhuaimeanna difriúla mar theangacha an osclaítear doirse tuisceana os ár gcomhair nó an bhfuil seans ann go mbeimid caillte go hiomlán sa chlabaireacht?
Leanann an bailiúchán ar aghaidh le modhanna cumarsáide difriúla timpeall na cruinne a iniúchadh; caint na n-ainmhithe, cur i gcás éanlaith na spéire, na beacha ina mBeachaire, mic tíre, con-riocht agus rosualt fiú.
Ansin díríonn Ailbhe ár n-aire chuig cumarsáid sainiúil ag dreamanna áirithe, modhanna atá at titim i léig nó imithe go deo anois, mar shampla cumarsáid spéisiúil na fineBhascaigh i ndeisceart na bhFraince, darb ainm irrintzina - sin cineál screada, scréiche nó béice a dheineadh idir na haoirí.
Agus modh cumarsáide idir aoirí sa bhFrainc fadó a bhí in úsáid acu chun na Giúdaig a chomeád slán ó na Naitsithe,  slí a lig dóibh teacht slán ar teorainn na Spáinne. Teanga feadaíola a bhí ann nach maireann anois ach i gcuimhne na ndaoine. 

Cloisimid ansin uaithi píosa faoi drumadóireacht sa Chongó a bhí i réim roimh theach an fónphóca.
Agus cad faoi modhanna cumarsáide gan fhuaim ar chor ar bith - teangacha gan fhocail, cineálacha chód cumarsáide, idir deirfiúracha cuir i gcás, nó idir daoine ar leith eile le mór-thuiscint acu ar a chéile. Cad faoi an tslí ina labhraíonn an chorp i gcaidreamh daonna, go háirithe i gcásanna lánúin. Tá bua ar leith ag an bhfile seo mionscrúdú a dhéanamh ar cheo an ghrá mar bhrat a dhéanann oileán de lánúin in uairibh, agus iad gan chíos cás na cathú orthu féin.

Feictear féith grinn an fhile ag spléachadh anseo is ansiúd i ndánta chomh maith mar eiseamláir: "Manach Eile agus a Chat" (lch 29) a chuireann ár gcara Pangur bán i gcuimhne dúinn, súil eile ar saol scríobhaí fadó -  agus an dán gearr "Insha'Alla" a imríonn le friotal agus íomhá. (lch 36)

Tá dánta anseo atá i bhfad níos dáiríre ná mar a cheapfá óna theidil chomh maith, díol spéise atá iontu siúd, déanaimid gáire b'fhéidir ar dtús agus sinn ag léamh "Gaeilgeoir Deireanach Bhaile Átha Cliath" - feicimid an greann. Tá an rialtas tar éis an deireadh a chur leis an nGaeilge a bhí ag fáil bháis le tamall. Aithnímid áthas an reacaire mar tháinig sí slán as an ionsaí, ach anois tá frustrachas agus meath-mhisnigh uirthi mar tá sí fágtha ina haonar in iarsmallan ag iarraidh labhairt le duine ar bith a thagadh ina treo agus cumas na Gaeilge acu. Ach an teachtaireacht is tabhachtaí atá ann dar liom ná nach raibh mórán Gaeilge ag an reacaire seo riamh, i ngan fhios dí féin. Le bheith macánta ba chuma léi an teanga, bhí suim aici a bheith ar TG4 sin an méad. Anois bíonn sí ag spalpadh a GaeilgePhigin dí féin.

Ní dhéanann Ailbhe dearmad ár n-aire a dhíriú chuig an folús a thagann in ár saolta nuair a imíonn guth áirithe go deo uainn - nuair is fearrde torann allagair ná tost.
Sa dán simplí i ndilchuimhne ar Mhuiris Ó Meara cur i gcás:
Sciobadh uainn do ghuth piachánach
is fágadh an tost i d'áit
Ghéill an t-amhránaí don gciúnas;
Balbhaíodh cách

Cad é an gaol idir tost agus an bodhrán?  Sa dán 'Scéala ón Oirthear" feicimid gur fágadh ina bhodhrán é fear an tigh solais de dheasca ganntanas chomhrá agus cuideachta  - an é sin le rá go bhfuil gaol idir cumas éisteachta agus cumas cainte, nó b’fhéidir cumas cumarsáide? Ní féidir cumarsáid a dhéanamh gan éisteacht agus tuiscint, seachas sin blether atá ann.

Smaoineamh a tháinig chugamsa agus mé ag léamh trí na dánta seo ná fadhbanna an leath-bhodhráin nó fadhbanna an bodhráin úire le húsáid gléas áis-éisteachta don chéad uair. Tá aithne againn go léir ar an gcréatúr seo, agus seans go mbeidh cuid mhaith againn san aicme sin amach anseo. Faightear an gléas (áis-éisteachta) chun an té a chóiméad i dteagmháil le glórtha an tsaoil, ach má fhantar ródhéanach roimh an áis a fháil bíonn sé thar a bheith deacair teacht thar n-ais ó shólás agus compord an leath-chiúnais. (Sílim go bhfuil dán ag péacadh ionam féin anois - grma a Ailbhe!)
Ach cad é cuspóir filíochta nó aon cineál litríochta ach sinn a chur ag smaoineamh, ag iniúcha agus ag iarraidh teacht ar radhairc úra ar an saol.

I bhfocal Nuala Ní Dhomhnaill: “ Is leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh gear agus chomh gléineach tríd síos gur cúis bróid dom é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine, gan trachtar an duine aonair… Tá an fhírinne shearbh again anseo, ach mar a thug Emily Dickinson comhairle dúinn fadó, í ar sceabhadh.”
Agus cuir Mairín Nic Eoin deireadh iontach ar bhrollach an leabhair seo agus ba mhaith liom an píosa san a roinnt libh:
"Tá lón machnaimh agus féasta filíochta sa chnuasach álainn seo, ní hamháin go léiríonn na dánta samhlaíocht agus éirim thar an gcoitiantacht, ach bainfidh léiritheoirí pléisiúr as cuimse, as an bhfriotal ceolmhair agus as na híomhánna beoga a chuirtear ag rince os ár gcomhair iontu."

Mar sin, a chairde,
Bígí ag léamh.
Bígí ag smaoineamh.
Bígí ag ceannach!