Friday, November 30, 2007

Cocktail Time

Bhaineas triail as comhairle Phoil, agus bhí sé go deas! Ach bhuail an casachtach orm go trom ag tús na hoíche agus ansin ag dul trí an cófra leighis tháinig mé ar cúpla buidéal oiriúnach agus ghlacas braon mhaith as ceann amháin, Robitussin. Stop an casachtach beagnach ar an bpointe deoch draíochta a cheapas ar dtús, ach d’fhág sé mé i mo dhúiseacht agus corraithe an oíche iomlán, droch draíocht i ndairire. Ansin bhí orm roinnte acetaminophen a chaith siar de dheasca tinneas cinn!
Anois níl a fhios agam an bhfuilim ag teacht nó ag imeacht! Crikey, dá rabhas fíor tinn bheinn i mo droch othar amach is amach.
Bheadh gach rud ceart go leor ach tá plean agam dul go dtí an ceolchoirm seo sa Skirball anocht, tá na ticéid agam cheana agus ba mhaith liom dul ach go bhfuilim traochta. Ochón.

Thursday, November 29, 2007

Féinbhrónach agus Truamhéalach!

Tá slaghdán sa tigh. Tá sé go dona mar ní gnáth slaghdán é seo. Táimid uile an-tuirseach, gan in ann codladh ceart a fháil, te agus fuar ag an am céanna, lag. Bímse ansin mall agus sluggish an lá iomlán amhail is go bhfuil ualach trom ar mo ghuaillí, agus tá mo cheann ró throm leis, ba mhaith liom é a bhaint díom ach amháin bíonn sá uaim is dócha. Tá scornach tinn ormsa agus casacht á cigilt. Tá tochas i mo shúile!! Tá an féilire ag éirí lán mar a tharlaíonn ag an am seo den bhliain agus faraor tá alan oibre idir lámha agam leis. Ba mhaith liom mo Rumpelstiltkin pearsanta a bheith agam gach rud a chur in ord agus in eagar fad is a bhím ag iarraidh néal codlata a fháil.
Rud eile ná nil caife maith sa tigh. Táim ar tí léimt amach an fhuinneog, ach cén maitheas, táim ar an gcéad leibhéal. Ar ais ag glacadh Omega -3 liom gan mhoill.

Tuesday, November 20, 2007

Gaelscoileanna, níos mó…

Léigh mé alt inné a scríobh Muireann Ní Mhóráin sa leabhar Who Needs Irish?: Reflections on the Importance of the Irish Language Today (Tá an leabhar i mBéarla) Bhí sé soiléir ón a h-aiste go bhfuil frustrachas uirthi le meon lucht gan meas madra acu ar an nGaeilge (ní maith liom an focal Galltacht, an bhfuil ceann eile againn?) agus í ag iarraidh an teanga a thabhairt dá páistí ón gcliabhán. Tuigim go mór an fhadhb sin, ní rud ar bith nua í…...ach lean sí ansin le cur sios faoi na deacrachtaí sna gaelscoileanna faoi láthair an teanga a choimeád saibhir fad is a thagann páistí isteach gan Gaeilge ar bith acu. Ansin tosaíonn siadsan ag foghlaim na Gaeilge, ach níl an teanga ón gcliabhán acu siúd, agus ní bhíonn sí sa bhaile acu ach oiread agus ansin bíonn ar páistí, mar a cuid féin, le saibhreas teangan, athruithe a dhéanamh, seachas sin ní bheadh cumarsáide idir na páistí ach trí mheán an Béarla. Hmm…Ní raibh mé ag smaoineamh ar seo, caithfidh mé a rá. Os rud é nach bhfuilim in Éireann agus nach bhfuil paistí agam ar scoil ansin. Ach tuigim an frustrachas. Má bhíonn sise agus tuismitheoirí mar í ag déanamh a ndícheall an teanga a thabhairt ón gcliabhán dá pháistí, agus iad a chur ar scoil lán ghaelach dá bharr, tuige nach mbeadh na tuismitheoirí eile a roghnaigh an scoil céanna, toilteanach an teanga a úsáid sa bhaile chomh maith? Ansin bheadh sé ceart go leor Béarla a bheith mar ábhar scoile luath go leor sa scoil. An fhadhb atá ann is dócha ná is scoileanna móra faiseanta iad na Gaelscoileanna anois, buí le na múinteoirí agus na tuismitheoirí uile a oibríonn le cheile, agus as sin tá éileamh mór orthu. Is dócha go bhfuil ar tuismitheoirí nua a gheall go bhfuil suim acu an teanga a labhairt sa bhaile? Nó ar a laghad iarracht a dhéanamh? Nó dul chuig ranganna oíche teacht ar an teanga labhartha, nó rud éigin!!! Ní dóigh liom go mba cheart é dul ar ais chuig laethanta “phóilíní na teanga” sna Gaeltachtaí fadó, (ní chomh fada siar!) chun a fháil amach an bhfuil fíor suim ag na tuismitheoirí an teanga a úsáid ach tacaíocht a thabhairt dá mbeadh sé uathu. Ach tá sé tábhachtach a bheith fáilteach roimh cách le suim acu sa teanga, níl aon maitheas daoine áirithe a fhágáil amach os rud é nach bhfuil saibhreas acu……..níl le éinne, nó gluaiseacht ar bith an teanga seo ach leo atá suim acu í a labhairt.


Leigh mé sa leabhar céanna aiste shuimiúil a scríobh Lorcán Mac Gabhann a léiríonn chomh casta agus achrannach a bhíonn sé Gaelscoil a bhunú, tá sé dochreidte na constaicí uile a cuirtear sa bhealach! Bíonn uisce faoi talamh gan amhras….. Tá ana mheas i ndáiríre agam orthu siúd a bhunaigh na scoileanna seo tar éis a phíosa a léamh.



Saturday, November 17, 2007

Cuspóir an Oideachais

Chuir mo mhac Eoghan,16, an nasc seo chugam an tseachtain seo chaite. Caitheann sé am ar youtube go rialta ar ndóigh agus is minic a thagann sé aníos le comhaid spéisiúla. Tá sé seo suimiúil, aontaím le cuid mhaith de agus léiríonn Ken Robinson a tuairimí i stíl bríomhar beoga.
Tá sé suimiúil chomh maith a aithint go bhfuil an idirlíon anois ceann des na príomh foinsí eolais dúinn, go mór mhór do dhaoine faoi fiche bliana d’aois, agus ní gá a bheith buartha faoin bhforbairt seo, dar liom. Bíonn i bhfad níos mo eolas anois le fáil ann ná mar a bhíonn ar an teilifís agus is minic a bhíonn an t-eolas níos doimhne chomh maith. Ba mhaith liom níos mó am a chaitheamh ag scuab na dtonnta (surfing) ansin ach ar a laghad bíonn Eoghan ina thaighdeoir maith!

Ar an drochuair tá fógra ó BMW ag an tús agus ní raibh mé in ann é a ghearradh ón gcomhad....sin rud eile a fheicim le déanaí, is minic a bhíonn na fógraí ar an idirlíon cliste go leor.......

Friday, November 16, 2007

Béarla sna Gaelscoileanna?

Ní thuigim go díreach cad tá i gceist le seo, ach tá a fhios agam dá mbeinn i mo chónaí in Éirinn agus an cinneadh déanta agam mo pháistí a bheith i ngaelscoil, go mbeadh díomá orm leis.. deireadh le tum oideachas sna bun ranganna? … Nach bhfuil sé ráite le tamall anuas go bhfuil clú mór ar na gaelscoileanna mar gheall ar an oideachas a bhíonn le fáil iontu? Níor chuala mise gearán riamh…..agus déarfainn go bhfuil ról nach beag acu siúd an dearcadh dearfach a cothú maidir leis an teanga le blianta beaga anuas. Is cosúil go bhfuil an domhan mór ag éirí bródúil as an teanga in Éirínn anois agus i lámha na glúine óige atá sé sin.... Tuige go mbeadh fonn athrú a dhéanamh ar sin? An cheist na cumhachta atá inti?


Tuilleadh eolais anseo agus ansiúd.

Monday, November 12, 2007

Jamison. Pennsylvania



Seo an dream a bhí páirteach sa deireadh seachtaine na Gaeilge i Jamison Pennsylvania. Nach bhfuil cuma breá orainn?! Táimse ann...cá háit? Bhaineamar uile, idir óg is sean, an taitneamh as ár dtréimshe ghearr le cheile. Níos mó amarach.......

Dé Céadaoin: Ar aon cuma, bhí an tréimhse le cheile go breá, aon leibhéal déag ranganna le fáil don nócha cúig a bhí páirteach agus ceardlanna, grúpaí chomhrá, agus léachtaí chomh maith! Clár lán agus suimiúil thar an dá lá. Bhuail cuairteoir isteach orainn ón gconsalacht i Nua Eabhrac, an Leas-Ardchonsail Breandán Ó Caollaí. Thug sé léacht suimiúil dúinn faoi ról na teanga an lá atá inniu ann agus déarfainn go raibh ionadh agus áthas air leis an méad Ghaeilge a bhí le chloisint i bPennsylvania an deireadh seachtaine sin!

US.Ireland Forum i NYC

Cúpla focal faoin US.Ireland Forum a bhí ar siúl i NYC an tseachtain seo chaite san óstlann Affinia i lárbhaile. Lá go leith le leachtaí faoi an ról comhaimseartha a bhíonn ag an Diaspora i bhforbairtí áirithe in Éirinn agus an gaol idir na tíre sa lá atá inniu ann agus amach anseo.

Tá athruithe tagtha ar an ngaol seo thar an tréimhse deich mbliana atá díreach thart, teacht le síocháin sa tuaisceart, an tíogar ceilteach agus na forbairtí uile a lean a theacht, athruithe ar luach an euro i gcomparáid leis an dollar, ní gá dul isteach ar gach uile rud. Ní raibh seans agam dul ach go ceithre ionad as deich cinn a bhí le fáil ach cheapas go raibh na cinn seo “Culture and Education” Community In Transition” agus “Why the Diaspora really matters” suimiúil go leor mar bhaineadar le téama an Forum, ‘se sin an ghaol idir Eire agus na Stáit (na hÉireannaigh….agus na Meiriceánaigh ) nó mar a bhí luaite go minic an drochmheon a bhíonn ag na hÉireannaigh roimh na Meiriceánaigh, nó b’fhéidir roimh na Stáit go hiomlán in ionad na Meiriceánaigh. Gan dabht tá cuid de bunaithe ar an gcogadh, agus uachtarán na laethanta seo, ach téann meonta níos doimhne ná sin, dar liom, ach is féidir iad sin a úsáid mar leithscéalta……

Níor cheapas gur bhain gach rud ar an gclár díreach leis an téama a bhí foilsithe roimh ré ach deirtear liom nach rud as an ngnáth é sin ag cruinnithe mar an ceann seo.

Bhí meon an daoncharad mar ábhar ag an bhForum chomh maith agus an fhíric aisteach go bhfuil Eire fós ag féachaint thar an aigéan teacht ar thacaíocht i bhfoirm an daonchairdis, fad is a bhíonn na hÉireannaigh nua-saibhir ag chur a n-airgead breise i dtithe, talamh agus árasáin na tíre seo, go mór mhór NYC! (...leis an dollar chomh lag agus atá sé.) Is cosúil nach bhfuil meon an daoncharad in Éirinn os rud é go bhfuil an saibhreas seo chomh nua….ach níl an nós a bheith lonnaithe go h-oifigiúil thar lear agus mar sin cáin a sheachaint nós nua aimseartha in Éirinn (nó aon tír shaibhir eile ach oiread.) Ach is trua áfach, nach bhfuil níos mó dóibh siúd le saibhreas mór, toilteanach a gcuid cánach cirt a íoc, agus níos tábhachtaí fós ná cuid dá milliúin breise a thabhairt thar n-ais i slite a bheadh cabhrach don glúin atá ag teacht ina ndiaidh, agus cabhróirí gan ainm? ‘Sea, bíonn siad ann… Bíonn siadsan le feiscint ag obair go rialta sna “cistine an anraith” nó ag coimeád súil ar sean daoine atá ina gcónaí ina aonar…

Monday, November 05, 2007

Sive

Chonaic mé Sive (le J.B Keane) sa chathair an tseachtain seo chaite. Ní fhaca mé an dráma seo cheana agus tá sé suimiúil. Rinneadar jab ana mhaith leis san Irish Rep., ní h-amháin gluaiseacht an dhráma agus na h-aisteoirí, ach dearadh an ardáin féin agus an treoir stáitse, tháinig gach rud le cheile i gceart, fiú bhí ceol fite go dlúth ann. Tá an téama seanfhaiseanta go leor an lá atá inniu ann (san t-Iarthar ach go háirithe ), saint daoine áirithe maidir le cúrsaí chleamhnais idir ainnir óg álainn soineanta agus seanduine saibhir gránna ach ag an am céanna súil siar atá ann i dtreo na laethanta crua agus easpa rogha a bhíodh ag mná óg na tíre ag an am san. Sin ceann des na fáthanna is dócha gur thréig chuid mhaith dóibh an tír, mar ní raibh eolas na rogha eile acu, thugadar aghaidh ar an Oileán Úr agus Sasana, fágadh na seandaoine cráite ina aonar.