Teidil Éagsúla
Wednesday, July 06, 2011
More Signal Less Noise
D'fhreastail mé ar cheolchoirm Peter Gabriel an tseachtain seo chaite. Is aoibhinn liom a cheol, ón tús nuair a bhí sé i nGenisis agus ó shin i leith. Gníomhaire ealaíne is ea é i ndáiríre, má fhéachtar siar ar a chuid oibre ó na laethanta fiáine na seachtóidí go dtí an lá atá inniu ann, feictear ealaíontóir, aisteoir, ceoltóir, amhránaí, fear grinn, scríbhneoir agus gníomhaí ar son cearta an duine- gníomhaí polaitíochta, measctha le chéile ann.
An duine achrannach míshuaimhneach é de dheasca coimhlintí á tharraingt i dtreonna ildifriúil? nó an duine fíor iltréitheach é le fonn a bheith faoi sholas os comhair an phobail go rialta? Ní fheadar, agus is cuma dar liom! ní gá ach féachaint ar toradh a chuid oibre le blianta fada anuas agus tuigtear go bhfuil meas an phobail tuillte go mór aige. Is liosta ana fhada é taobh amuigh dá chuid cheoil fiú! Bíonn baint nach beag aige le Amnesty International agus cabhraíonn sé ceoltóirí nach leo mórán seans a bheith ar ardán na cruinne le doirse a oscailte rompu agus roimh a gceol neamhghnách trí ...Real World Music, Is maith an nós é nuair nach bhféachann duine mór le rá síos ar dhaoine eile ach amháin chun lámh a shíniú síos chucu chun iad a tharraingt aníos. Is cosúil go bhfuil ana chuid ceol foilsithe ag Real World Music nach mbeadh ar stáitse an domhain gan cabhair. D'fhoilsigh siad an CD is ansa liom, "sé sin Seacht gCoiscéim na Trócaire le Iarla Ó Lionáird, 1997.
Chonaic mé oíche Aoine seo caite é in aimfitéatar faoin spéir i Connecticut, thosnaigh an ceolchoirm díreach in am, nóiméad nó dhó tar éis a hocht a chlog - ní rabhamar ag fanacht air... Cuireadar tús leis an imeacht le Heroes ó pheann David Bowie agus leanadar ar aghaidh ansin le ceol ó na tréimhsí i saol Peter Gabriel, mar aon le hamhráin ó bhanna ceoil eile mar shampla Arcade Fire agus Talking Heads anseo is ansiúd. Bhí amhráin ciúin smaointeach le cloisteáil agus ansin gan choinne bheadh ceann fiáin agus ag lucht éisteachta go léir ar ár gcosa ag canadh agus ár mbosa ag bualadh le chéile le fuinneamh ar leith.
Bhí an fhuaim agus ceol féin go hiontach ar fad, tuige nach mbeadh agus ceolann caoga ceoltóra taobh thiar de..The Red Blood Orchestra, meascán atá ann do cheoltóirí atá ar an turas leis ón Bhreatain Mhór agus ceoltóirí áitiúil. Ba mhinic a labhair Gabriel linn faoina shaol, cúrsaí pholaitíochta agus fiú fóin phócaí agus athruithe an tsaoil comhaimseartha a mbaineann leo, níos mó cumarsáide timpeall na cruinne, "More signal less noise" mar a duirt sé..... .
Déarfainn go raibh gach píosa den seó seo cruthaithe ag Gabriel nó ag a bhainisteoir roimh ré - gach uile rud cleachtaithe aige - ach níor chuir an smaoineamh sin isteach ná amach orm, dearadh proifisiúnta a bhí ann a d'oibrigh ar an oíche, agus, is dócha a oibríonn gach oíche den turas seo ar a dtugtar The New Blood Tour. Má bhíonn an seans agat dul - glac é!
Tá orm mo bhuíochas a ghabhail chuig Collette Quinlin, stiúrthóir Boston Irish Tourism Association de bharr crannchur a bhí ar siúil ar an suíomh, tháinig mé air de thimpisteagus nuair a tháinig mé ar an gcrannchur dúirt mé liom féin á léamh.....cén dochar?...chuireas m'ainm isteach agus d'éirigh liom! Fuair mé dhá thicéad chuig an seó iontach seo ó Cholette!
Friday, April 08, 2011
Maidin Amárach
Is féidir an teanga Ghaeilge a chloisteáil ar an raidió anseo i Nua Eabhrac. Craoltar Míle Fáilte ar a hocht a chlog go dtí a naoi a chlog gach maidin Sathairn ar WFUV, 90.7 - stáisiún poiblí lonnaithe in Ollscoil Fordham sa Bhronx. Is é Séamas de Bláca craoltóir an chláir seo a bhfuil ar siúl le blianta fada anuas. Ós rud é gur stáisiún poiblí é WFUV bíonn ar na bainisteoirí bailiúchán airgid a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana. Bíonn aoi ag Séamas ar na cláir speisialta seo agus bím i gcónaí toilteanach cabhair a thabhairt más féidir. Is maith liom an clár ó sheachtain go seachtain agus má tharlaíonn go dteipim teacht air, fadhb ar bith! Bíonn sé sa chartlann ar suíomh WFUV agus is féidir liom éisteacht leis aon uair ar bith.
Beidh mé ar an gclár maidin amárach, bÍgí ag éisteacht linn a chairde agus ná déan dearmad glaoch a chur orainn díreach tar éis a hocht a chlog ar 1 (877) 938 8907 agus pingin nó dhó a chaith inár dtreo! Beidh bronntanais an deas againn daoibh!
Tuesday, April 05, 2011
Fós Beo
Bhíos ag taisteal le déanaí: Chaitheas tréimhse ó thuaidh in iarthar Cheanada - eitilt go Calgary ar dtús, ó Nua Eabhrac go Dallas agus ar aghaidh go Calgary, agus ansin thiomáin mé trí na Rockies go dtí Kicking Horse sna Sléibhte Purcell ar an taobh Iarthar. Chuaigh mé trí Rogers Pass lá amháin m'aghaidh ar Revelstoke, bóthar cúng álainn atá ann ach faraor bhíos gafa ansin le dream ar feadh beagnach trí uaire de dheasca avalanche! Briseadh píosa den bhóthar! Is cosúil nach rud as an ngnáth é sin ar an mbóthar seo.
Ansin an deireadh seachtaine seo chaite chaitheas cúpla lá cois farraige ar an Trá Fhada i New Jersey le scata gaeilgeoirí, ní hamháin séasúir eile ach domhain eile chomh maith.
Plean agam fanacht sa bhaile i NY tamaillín.
Sunday, October 31, 2010
Scéal Dearfach


Bíonn scéalta dearfacha i gcónaí tábhachtach ach faoi láthair le drochscéalta mar chlócaí umainn sílim go bhfuil dea-scéalta níos tábhachtaí ná riamh.
Chuir éalú na mianadóirí i Chile áthas mór ormsa mar shampla agus ar gach duine le croí agus cuisle déarfainn. Is minic a chloistear faoina leithéid de thimpiste nach dtagann duine beo riamh as agus bím buartha uaireanta nach bhfuil suim ag na boic mhóra an t-airgead a chaitheamh na créatúir a aimsiú agus a scaoil amach... ach ní hé sin a tharla sa chás seo, buíochas le Dia. Scaoileadh amach iad agus chualathas osna fhaoisimh timpeall an domhain.
Bhí mé ag taisteal le déanaí…bhí mé i gCathair Luimnigh faoi dhó taobh istigh míosa. Bhí sé go breá, bíonn cuma dheas ar an gcathair agus a pobal faoi láthair, go háirithe aon lá ina mbíonn an ghrian ag taitneamh, í ag glioscarnach ar an abha.... agus.... chomh maith le sin, má bhíonn cluiche spóirt ar siúl sa chathair....agus san am seo den bhliain má bhíonn cluiche Rugby le bheith ar siúl i bPáirc Thuamhan agus foireann na Mumhan ag imirt. Tá an chraobh Heineken faoi lán seol anois agus is mór an tsuim atá ag lucht na cathrach sna cluichí. Nach minic a chuireann cúrsaí spóirt aoibh mhaith ar dhaoine?
Seo mar a bhí ar an 16ú lá déag de mhí Deireadh Fómhair. Tharla go raibh mé ag tiomáint ar bhóthar na hInse i dtreo lár na cathrach luath san iarnóin an lá úd, fad is a bhí tonnta dearga gealgháireacha ag bogadh chugamsa! Tonnta dearga gealgháireacha? Ba iad lucht tacaíochta Foirne na Mumhan a bhí ann; fir, mná, páistí óga, déagóirí, iad go léir gléasta i ndearg agus slua mór acu ag siúl amach chuig Páirc Thuamhan atá suite ar taobh thiar thuaidh na cathrach. Ba léir go raibh muinín acu as a bhfoireann, tháinig miongháire ormsa ag féachaint orthu agus cuid acu ag pleidhcíocht agus ag ligint geáitsí orthu féin agus iad uile ar shanks mare! Spraoi geallta cinnte. Ba léir chomh maith go raibh mise ag dul sa treo mí cheart, bhí an ghrian ag taitneamh agus fuinneog an chairr ar oscailt agam... "Arn't ya coming to the match missus?" mar a dúirt sreangán óg amháin liom agus é chomh tanaí leis an gcrann brataí a bhí á iompar aige! Bhuel faraor, ní raibh ticéad agam dul, ach d'fhéach mé ar an gcluiche ar an teilifís le mo mháthair ar ball sa tráthnóna. Bhaineamar sult as cé go mbíonn sé iontach garbh agus fiáin mar chluiche, dar liom. Bhaineas taitneamh chomh maith as féachaint ar an tslí inar bhain sise sult as... : "Get that fellow!" a ndéarfadh sí i nguth íseal séimh, nó "That so and so, stop him!" Focail nach gcloisim i NY! Bhí suim mhór aici sa chluiche seo ó laethanta a óige toisc gurbh iomaitheoirí Rugby iad a deartháireacha agus a h-uncailí, bhíodh suim ag m'athair i gcluichí iománaíochta agus caide!
Ar aon nós is cluiche proifisiúnta é Rugby anois agus mar sin tagann baill na foirne ó gach aon áit, ach chomh luath agus a chaitear geansaí dearg na Mumhan is Muimhnigh iad! D'éirigh go maith leo an lá úd, bhíodar i gcoinne Tulon agus b'é toradh an chluiche 45 - 18.
Is bliain iontach í 2010 i gcúrsaí spóirt sa Chuige Mumhan. D'éirigh le Tiobraid Árann craobh iománaíochta na hÉireann a bhuaigh agus corn Liam Mac Carthaigh a fháil dá bharr, ní hamháin é sin ach d'éirigh le Corcaigh craobh caide na tíre a bhuaigh agus teacht ar chorn Somhairle Mag Uidhir arís. Is laochra ár linne iad na lúthchleasaithe iontach seo, a chuireann a gcroíthe san obair agus a thugann sásamh nach beag dá lucht leanúna. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad murab ionainn leis na lúthchleasaithe ar bharr cúrsaí Rugby; de ghnáth bíonn orthu lá lán oibre a chur isteach roimh oíche thraenála nuair a bhíonn séasúir a spóirt faoin lán seol.
Scéal nach bhfuil ar fud na háite ná gur thug IRFU na Mumhan (Munster Irish Rugby Football Union) cuireadh don fhoireann iománaíochta is fearr sa tír, Tiobraid Arann agus don fhoireann peile is fearr, Chorcaigh, teacht go Páirc Thuamhan ar an lá úd, an 16ú, chun féachaint ar an gcluiche mór. Cuireadh lón deas os a gcomhair ar dtús agus ansin bhí seans acu féachaint ar an gcluiche le chéile agus gáir molta a ligint ar son foireann mhaith eile na Mumhan.
Uair amháin bhí cosc ar teagmháil idir na cluichí seo, bearna ollmhór eatarthu, agus idir na lúthchleasaithe fiú..... ach anois critheadh lámh eile eatarthu, aitheantas cothrom ceart é ó IRFU na Mumhan do Chumann Lúthchleas Gael.
Friday, April 30, 2010
Lá dar Saol.....
Bhuel, bhí an lá na Gaeilge in Iona College, Coláiste Í, ar fheabhas. Féach orainn thuas, nach breá an cuma atá ar an dream? Scata daoine gealgháireach a bhí ann agus aoibh mhaith ar chách ó thús go deireadh an lae. Bhí caoga páirteach agus cé go raibh múinteoir amháin, Caoimhe Ní Bhaoill, gafa in Éirinn de dheasca an bholcáin d’éirigh linn. Déarfainn gur oibrigh gach duine sa phictiúr seo ar mhaithe an lae i slite difriúla, go mór mhór Úna bean Mhic Giolla Chuddy, Eibhlín Zurell, Muiris Ó Bric, Bernadette agus Seán Ua Bhrudair, Rath de Houst, Donncha Ó Cuinn, Naomi McCooe, Máire Áine Swords, Seán Feeney, Marianne Mc Shane agus Art Hughes. Tugadh carn mór duaiseanna dúinn le haghaidh an chrannchuir ag deireadh an lae, agus bhí ár siamsa go hiontach ar fad le beagnach gach duine páirteach; go raibh míle maith agaibh. Tuilleadh pictiúir anseo, buí ar ndoigh le Megan Grieves.
Tuesday, June 16, 2009
Ar an Tráigh in Oregon.

Luaigh mé an tréimhse ghearr a chaitheas in Oregon le déanaí. Chaith ceathrar againn tráthnóna an deas ag spaisteoireacht ar an tráigh seo. Dé Domhnaigh a bhí ann agus tráthnóna geal grianmhar leis, ba thrua go raibh an tráigh chomh plódaithe sin….ba bhreá liom dul thar n-ais uair éigin níos ciúine!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!
Monday, March 09, 2009
Seachtain na Gaeilge in Éireann / Lá na Gaeilge i NY
Cad a tharlaíonn ar an lá seo?
Tiocfaidh gach duine le chéile timpeall a naoi a chlog ar maidin. Beidh caife agus seans buaileadh le seana chairde agus cairde nua, ansin tar éis cruinniú gearr rachaidh gach duine chuig a chéad rang Gaeilge. Bíonn ranganna ar leibhéal difriúil ar fáil gach bliain agus chomh maith le sin dream le Gaeilge líofa (Bíonn díospóireachtaí neamhfhoirmiúil acu siúd fad is a bhíonn gach duine eile sna ranganna ag foghlaim.) Tar éis an chéad ranga beidh léacht againn agus i mbliana cloisfear Seán Céitinn ag caint faoin teanga i mBéal Feirste. Is múinteoir é Seán a fuair a chuid Gaeilge i mBéal Feirste agus tá sé ag caitheamh bliain anseo ag múineadh Gaeilge i roinn na Gaeilge i NYU. Ansin beidh rang Gaeilge eile ar siúl againn, lón ar ndoigh, agus tar éis lóin beidh seoladh leabhar filíochta le Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar siúl. Is file í Ailbhe ó Trá Lí agus bhí sí ina cónaí anseo i Nua Eabhrac anuraidh agus í ag múineadh Gaeilge i CUNY. Beidh áthas mór ar gach duine Ailbhe a fheiscint thar n-ais i Nua Eabhrac arís. Beidh leabhar Ailbhe, Péacadh, (foilsithe ag Coiscéim) á seoladh ag Eibhlin Zurell, bean le suim nach beag i bhfilíocht na hÉireann. Beidh an tríú rang ar siúil ansin. Leanfaidh scannán an tríú rang agus ag deireadh an lae bígí réidh le tosnú an tseisiúin, agus gach duine agaibh páirteach!
Tagann timpeall 70 duine gach bliain agus táimid uile ag súil go mór leis an lá. Bíonn crannchur agus siopa leabhar againn chomh maith agus leanfaidh na himeachtaí uile go dtí timpeall a cúig a chlog sa tráthnóna.
Beidh múinteoirí den chéad scoth páirteach, Caoimhe Ní Bhaoill (Muineachán), Eimear Ní Ceallaigh (Indreabhán), Fiachra Ó Dubhghaill (Corcaigh), agus Una McGillicuddy (Baile Átha Cliath) agus beidh triúr eile i gceannas an dream líofa chun iad siúd a choimeád faoi smacht!
Bígí linn, beidh fáilte is fiche roimh chách!
Tuilleadh eolais uaim, tá nasc chugam trí ephoist ar dheis anseo, nó féach ar thehedgeschool.blogspot.com
Saturday, November 22, 2008
Cúpla Focal faoi Oireachtas na Samhna ar an gClár Míle Fáilte
Chuir Séamas de Bláca glaoch orm cúpla lá ó shin le ceisteanna faoin tréimhse ghearr sin a chaitheas ag an Oireachtas i mbliana. Ní raibh mórán ama againn chun caint ach dheineas iarracht blaiseadh den craic a bhí againn i gcathair Chorcaí a thabhairt dó. Seo dhaoibh an t-agallamh.
Ba é an tOireachtas ábhar na seachtaine ar chlár Míle Fáilte agus má theip ort teacht air maidin inniu (WFUV ó ollscoil Fordham, 90.7 FM i Nua Eabhrac) beidh an clár go léir i gcartlann WFUV i gceann seachtaine agus mar sin beidh sé le fáil ar an idirlíon aon uair.
Saturday, November 08, 2008
Aoibh Mhaith le Feiscint
Aoife, Eibhlín agus mise ag tús na hoíche.
Mairéad Ní Mhaoineadh, Peadar Ó Riada, Séamas Ó Beaglaoich agus a cháirde.....
Grianghraif eile le feiscint i Slideshow ó Flickr anseo ar dheis.......>>>>>>>>
Gheall mé go dtiocfainn thar n-ais go dtí an tOireachtas mar ábhar anseo…. Bhuel bhí an deireadh seachtaine ana mhaith ar fad. Ba é an príomh chuspóir dúinne ná leabhar Bharra Uí Dhonnabháin a sheoladh agus tharla sin ag meán lae dé hAoine. Ba é Micheal de Mordha, bainisteoir Ionad an Bhlaoscéad, a bhí ina fhear an ‘tí ag an ócáid agus rinne uachtarán an Oireachtais, Donncha ó hAodha an seoladh. Bhí aithne ana mhaith ag Micheal ar Bharra agus bíonn alán scéalta aige i gcónaí faoi na laethanta a chaitheadar le cheile. Tháinig dream ó na Stáit chun tacaíocht a thabhairt, baintreach Bharra, Delia inár measc agus bhailigh clann Bharra ó Leap in iarthar Chorcaí agus cairde eile chomh maith sa halla mór ag an am cuí. Nuair a bhí na leachta thart bhí cúpla port againn ó Maidhc Dainín Ó Sé sean chara Bharra. Díoladh ana chuid leabhar chomh maith. Bhíomar ana bhuíoch de gach duine sa láthair go hairithe iad siúd a bhí páirteach.
Chomh luath agus a bhí an leabhar seolta thosnaigh an choisir! …coisir a lean trí lá. Samhlaigh ar na mílte daoine bailithe le cheile agus aoibh mhaith orthu uile idir óg is aosta. Beidh i bhfad níos mó le rá agam amach anseo chomh maith faoi imeachtaí na deireadh seachtaine….Ceol, comhrá agus cairdeas in ainneoin na comórtais. Is féidir blaiseadh an spioraid a fháil trí féachaint ar na pictiúir, cuid acu a ghacas féin ach cuid mhaith acu a ghlac Soisear McCionnaigh. Go raibh míle maith agat a Shoisear as iad a chur ar aghaidh chugam....
Tuesday, November 04, 2008
Thar n-Ais ón Oireachtas agus Fós Beo!
Ceol, Amhránaíocht, Gaeilgeoireacht, Rince, Comhluadar…………ganntanas codlata…….. cuirfidh mé tús le seo a bhfuaireas ó Daithi MacLaughlin inné faoi oíche Dé Sathairn ag Club na Féile. Táimse ansin! Féach go géar agus feicfidh tú mé…. faoi draíocht asarlaí cheoil: Stephen Doherty ….(mar a dúirt cara liom cana thaobh nach raibh na fir óga chomh tarraingteach sin nuair a bhíomarna sa Ghaeltacht agus sinn inár n-deagóirí? Ochón.)
Tuesday, May 20, 2008
Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh
Tá sé níos suimiúla mo smaointí a chasadh chuig an chomhdháil thábhachtach Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh a bhí ar siúil thar an deireadh seachtaine seo thart san óstlann Affinia i gcathair Nua Eabhrach. Cuireadh Glór na nGael le cheile an chomhdháil seo agus osclaíodh oíche Aoine í le fáilte oifigiúil in oifigí na consalachta, Nua Eabhrac. Thug Breandán Ó Caollaí, leas-consal, agus Máire Ní Annracháin, Cathaoirleach Ghlór na nGael, fáilte is fiche roimh cách agus bhí an-choisir againn ann (..a lean ar aghaidh in O’Neills …)
Níl a fhios agam an raibh cuspóir áirithe i gceist ag an gcomhdháil seo ach is é an rud is tábhachtaí, dar liom, ná a aithint go bhfuilimid uile ag iarraidh obair a dhéanamh an teanga a bheith in úsáid níos mó mar ghnáth teanga an lae acu siúd le suim acu inti, pé tír (nó pé mór roinn!) ina tá siad lonnaithe. Is í an tseana íomhá ná an teanga gafa sa seomra ranga, nó le lucht na h ollscoileanna mar ábhar taighde nó foilsitheoireachta, nó sa Ghaeltacht taobh thiar teorann na bochtaineachta fadó, aicmí uile a bhí scoilte óna cheile. Tá athrú tagtha ar an íomhá seo gan dabht, buíochas le Dia, ach fós féin tá an bóthar ós ár gcomhair casta. Ní maireann teanga gan pobal. Fíric shimplí. Ní foláir dúinn mar sin pobail na Gaeilge a chothú le imeachtaí a mheallann daoine le cheile, ní chun an teanga a phlé, ach an teanga a úsáid fad is atá daoine ag baint taitneamh as an imeacht nó as an gcomhluadar, sé sin an cur chuige cairdis! Is í easpa comhthéacs an fhadhb a bhain, agus a bhaineann fós, leis an teanga…agus, má cothaítear comhthéacs trí imeachtaí a eagrú tiocfaidh na gaeilgeoirí, agus ní foláir fáilte roimh foghlaimeoirí a bheith páirteach agus iad a spreagadh leanúint lena gcuid staidéar.
Ní féidir teanga a úsáid gan í a fhoghlaim agus chualamar ag an gComhdháil ana chuid faoi cúrsaí tacaíochta atá ar fáil anois d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí ar fud na cruinne ó fhoinsí éagsúla in Éirinn. Labhair ochtar linn ó eagraíochtaí agus gluaiseachtaí in Éirínn faoina bhforbairtí difriúla; Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, BAC. Feargal Ó Cuilinn, Comhluadar; Orla Nic Suibhne, Seachtain na Gaeilge, Tomás Mac Gearailt, Bard na Gaeilge Teo, Déaglán Ó Briain, An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Breandán Mac Cormaic, Fondúireacht na Gaeilge Teo, Anna Ní Ghallachair, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Liam Ó Cuinneagáin, Oideas Gael agus Pádraig Ó Ceithearnach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bá mhór an onóir dúinne go raibh suim acu go léir teacht agus a saothair difriúla a mhíniú agus bhí sé go breá dúinn teagmháil a dhéanamh leo agus tá súil agam gur bhaineadar taitneamh as bualadh linne chomh maith.
Chualamar chomh maith scéalta ó ár gcairde féin ón taobh seo den Aigéan Atlantach, faoi stair a gcumainn agus a bpleananna amach anseo. Ken Nilson, Ollscoil St Francis Xavier, Pádraig Ó Siadhail, St Mary’s University, Mike Newell, Conradh na Gaeilge, Boston, Aralt Mac Giolla Chainnigh, Cumann na Gaeltachta Ceanada, Séamas Ó Neachtáin, Cumann Carad na Gaeilge, Elaine Ní Bhraonáin, Irish Arts Centre, agus Liam Guidrey, Daltaí na Gaeilge.
Aithnítear go soiléir anois gur coincheap idirnáisiúnta í An Ghaeltacht agus nach mbaineann an coincheap seo níos mó le píosa talún taobh istigh teorann. An é sin an fáth go gcloistear tagairt do Global Gaeilge go minic le déanaí? Maireann an teanga leo siúd a labhraíonn í, leo a cuireann fuinneamh isteach í a choimeád slán, leo a scaipeann eolas fúithi, leo atá toilteanach ranganna agus imeachtaí a bhunú agus a thugann fáilte roimh foghlaimeoirí, leo a bhíonn ag iarraidh í a úsáid mar gnáth teanga in ionad ábhair cainte an t-am ar fad. Nach bhfuil aithne againn uile ar daoine nach stopann riamh ag caint faoin teanga i mBéarla! in ionad sa teanga..…agus caithfidh mé a rá go bhfuil aithne agam ar dream maith daoine eile a ritheann chun an dí na cainteoirí sin a sheachaint!
An mbeidh aon toradh dearfach le feiscint amach anseo ó chúrsaí na deireadh seachtaine seo? Déarfainn go mbeidh, mar tagann torthaí dearfacha i gcónaí ó teagmhálacha nuair a bhíonn an cuspóir céanna ann. Ní neart go cur le cheile.
Fiú i mo chas féin tharla go raibh mé ag caint sa bheár le cúpla cairde, Briain Ó Broin agus Una McGillicuddy, ní rabhamar le cheile le fada anuas de dheasca brú oibre ach do bhíodh an nós againn teacht le cheile i Manhattan go rialta le cúpla daoine eile le Gaeilge, i gcomhair cúpla deoch agus dinnéar. Faraor mar a luaigh bhíomar uile ró gnóthach teacht le cheile le tamall anuas …. Ach bhraithimid uainn ár mbaicle chomhrá bheag. Dheineamar cinneadh agus sinn sa bheár teacht le cheile i gcomhair picnic b’fhéidir sa Pháirc Lárnach anseo i Nua Eabhrac sa Samhradh agus sraith léitheoireachtaí drámaí a chur ar bun ansin. Cuirfimid cuirí chuig ár mic léinn agus ár gcairde go léir teacht. Feicfimid! Tá bailiúchán drámaí agam ón Comhairle Náisiúnta Drámaíochta, foilsithe faoi choimirce Conradh na Gaeilge fadó fadó (costas 1/= an cóip acu!) Tá roinnt drámaí ag Una agus ag Briain chomh maith. Nach mbeadh sé go deas na focail sin a chloisteáil i mbéil daoine in ionad a bheith ina gcodladh ar an seilf?
Aon rud eile amach anseo?...Plean agam dul go Portland, Oregon ag deireadh na míosa go dtí an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst, agus tá lá breá geallta, buí le Bob Burke agus Aislinn Adams… anuraidh bhí ceithre scór daoine páirteach… agus ar ais ar an gcósta seo beidh Lá na Gaeilge i gColáiste Elms i Chicopee Mass. ar an 7ú lá de mhí Meitheamh.
Bí linn!
Monday, May 05, 2008
Global Gaeilge

Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil in
Ansin an tseachtain seo chugainn beidh Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh ( nó Global Gaeilge, ainm i bhfad níos fusa) ar siúl in NYC 16 -18 Mí na Bealtaine. Ba í seo an chomhdháil is mó i NYC go dtí seo, maidir leis an teanga (Sílim ar aon nós).
Tá sé ráite go mbeidh 22 cainteoir ag teacht ó Éireann faoi choimirce Glór na nGael. Bhí cur síos i mBEO le déanaí.
Beidh na boic mhóra uile ag teacht!!! Gan trácht ar roinnt ban ríthábhachtacha!!!
Déarfainn go mbeidh an-scléip againn uile le cheile…ag obair ar ndóigh. Tá cairde liom ag teacht go Cathair Nua Eabhrac ó




