Friday, June 05, 2009

Lá dar Saol


Tháinig mé thar n-ais go Nua Eabhrac oíche Dé Luain tar éis deireadh seachtaine ar an taobh eile den Tír…Portland, Oregon. Chaitheas leath lá Déardaoin agus ansin trí lá eile ann. Bhí an aimsir go hiontach ar fad, tirim agus grianmhar an t-am ar fad agus bhaineas an taitneamh as mo chairde ar an gcósta thiar a fheiscint arís.

D’fhreastal beagnach seachtó daoine ar an Lá na Gaeilge i gColáiste Marylhurst dé Sathairn agus lean an lá go lár na hoíche, rud a tharlaíonn aon uair a thagann scata Gaeilgeoirí le cheile. Bhí dream ana mhaith i mo rangsa agus bhí craic againn le cheile, bhíodar uile an-dearfach agus an-díograiseach ar son na cúise!

Chaitheas lá breá ansin dé Domhnaigh ar an gcósta. ‘Sé sin timpeall dhá uair go leith ó Portland sa chart. Bhuail triúr againn, mé féin, Imelda de Faoite ó California, (múinteoir na Gaeilge ansin agus áiteanna eile timpeall na tíre) agus Bob de Burca ó Camas Washington (Múinteoir na Gaeilge i bPortland agus bainisteoir an cheiliúrtha i Marylhurst an lá roimhe sin) isteach ar chara linn, Ger Killeen. Is scríbhneoir é Ger, agus is léachtóir é i gColáiste Marylhurst, agus ar ndóigh múinteoir na Gaeilge i bPortland é chomh maith. Is as cathair Luimnigh ó dhúchas é ach tá sé lonnaithe amach ar an gcósta thiar le fada anuas. Chaith an ceathrar againn tráthnóna an-taitneamhach le cheile, ar dtús inár suigh sa ghairdín lár na coille, ar thaobh cnoic in áit iargúlta, ciúin. Bhíomar ag caint faoi ainmhí fiáine an cheantair…beáir! cait fiáin mar shampla cougars, agus a leithéid gan trácht ar na sceallóga manaigh (ha!) a bhí os ár gcomhair amach ag goid bhia ó bhord na héanlaithe. Ansin siar linn go dtí an tráigh Winema. Tráigh mhór leathan álainn atá inti. Bhí fuaim na ciúin-aigéin inár gcomhluadar agus do bhí rónta ag labhairt linn fad is a shiúlamar ar an dtráigh sciamhach spéiriúil seo. Ní fheadar an bhfuil mórán níos fearr ná tamall a chaitheamh in áit iontach draíochta, i gcomhluadar breá agus an ghrian ag spalpadh anuas, neamh bainte amach ar an gcruinne arís, mar nach inár smaointí féinig a mhaireann sí ach í a aithint?

3 comments:

Séamas Poncán said...

Gan ghrianghraif?

Mise Áine said...

Níor theastaigh aon ghrianghraif uaimse, a Hilary. D'airigh mé, agus mé ag léamh d'fhocail, go raibh mé ansin libh i bhur 'neamh ar thalamh'.

Tá sochar sa suaimhneas, nach bhfuil!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Sheamais,
Tá mo ceamara briste! Tá sé sa phost chuig Nikon faoi láthair.

Tá a fhios agat cinnte, a Aine. Tá sé go deas a fheiscint go bhfuil tú thar n-ais i do bhlagadóir arís. Bainim taitneamh as do chuid scríbhneoireachta i gcónaí. Hil.