Wednesday, July 29, 2009

Trádáil i mBaill

Bhí ionadh orm a léamh faoin gceannach, breabaireacht agus cleachtais éillitheacha i New Jersey an tseachtain seo chaite, na scannail uile atá ráite sa mheán chumarsáide (más féidir na scéalta sin a chreidiúint, níl siad ach cúisimh fós.) Ach an ceann a chuireann isteach go mór orm, (a chuireann déistin orm leis an fhirinne a rá,) ná an trádáil mí dleathach i mbaill, sa chás seo trádáil na nduán. (Tá a fhios againn uile go bhfuil trádáil ann, nach bhfuil ceisteanna fiú faoi conas a bhfuair Steve Jobs a ae nua, ach ní raibh sé mí dleathach sa chás sin, bhí sé in ann úsáid a bhaint as an gcóras aisteach agus an t-ádh leis go raibh sé in ann ceann a fhail gan stró de bharr a chuid saibhris.)
Níl an margadh seo as an ngnáth faoi láthair, is féidir le mná óga a n-uibheacha agus fir a síolta a dhíol. Is féidir broinn a fháil ar cíos ó mháthair ionaid ar feadh naoi mí…má bhíonn an t-airgead agat... Maidir leis na duáin, nach féidir linn maireachtáil le ceann amháin? Agus faigheann an deontóir orgáin pá maith.. nach bhfaigheann? Cad faoi súile anois? Coirne ó éinne?

Tháinig na droch scéalta luaite thuas amach agus mé ag léamh Never Let Me Go le Kazuo Ishiguro. Is í Kathy, bean óg, atá ag insint a scéal féin sa leabhar seo, saghas cuimhní cinn….. Saolaíodh i bhfeirm clónála í agus tá a fhios aici ón dtús nach bhfuil i ndán dí agus dá cairde ach a mbaill a dheonadh uair éigin sa todhchaí, ach tá siad chomh hóg nach dtuigeann siad an t-eolas sin. Tá mná chúraim ann ach níl grá idir na páisti agus na daoine fásta seo. Ní ionadáin na dtuismitheoirí atá iontu mar sin ní mhothaíonn na páistí tuistechúram riamh agus ní thuigeann siad teagmháil domhain an ghrá, ach tuigeann siad cairdeas agus meas, oideas ghrá?
Tá cúpla leabhar dá chuid Kazuo Ishiguro leite agam cheana agus is scríbhneoir suimiúil é, fiú in ábhar ficsean eolaíochta mar seo. Cuireann sé a lámha boga go muirneach timpeall muineál an léitheora agus i ngan fhios dó, bíonn sé gafa i ngreim an scéala gan mhoill. (Sin a tharlaíonn domsa ar aon nós)
Féachann Isiguro ar na ceisteanna uile a bhíonn againn inár ngnáth saolta trí shúile na daoine óga seo, nach bhfuil acu ach saolta gearra gan slí éalú.
An cheist a thagann aníos ná dá mbeadh a fhios agat nach raibh ach mí, seachtain, cúpla lá fágtha agat ar an saol, cad ba cheart a dhéanamh leis an am gearr luachmhara sin?

(tuilleadh eolais anso is é an t-eagrán Kindle atá i gceist anso, níl nasc beo chuig an ghnáth leabhar faoi láthair)

Tuesday, July 21, 2009

Bhuel...

Bhuel, bhí sé i ndán dom…chomh luath agus a scríobh mé an teideal sin inné bhí a fhios agam go mbeadh aiféala orm gan mhoill….Seo liom anois agus fearthainn te an tsamhraidh ar chuairt, scamaill ag sá isteach ó gach treo. Spéir throm lagbhríoch glas ag crochadh os cionn na crainn báite. Seans teacht suas le mo chuid oibre is dócha, hmm…. cé go bhfuilim sásta go leor le beagán luais anois is arís.

Monday, July 20, 2009

Thar n-ais i dTír na Gréine.

Bhí saoire bhreá agam in Éirinn. Bíonn sé i gcónaí go deas tamall a chaitheamh sa bhaile, cé go bhfuilim lonnaithe anseo le fada anuas, agus, chun an fhirinne a rá, tugaim sa bhaile ar Nua Eabhrac chomh maith anois. (Déanaim athrú go huathoibritheach ar mo chuid cainte nuair a thuirlingíonn an t-eitleán, ní bhím ar vacation níos mó, bím ar holiday srl.)

Chaitheas an chuid is mó de in iarthar an Chláir, an Dún Beag, bhíos ansin ar feadh ocht lá agus ansin bhailigh mé liom go baile Átha Cliath ar feadh dhá lá.
Tháinig sean cara liom agus a hiníon ar turas chugam ar an gcéad Domhnach, thar abhainn na Sionainne leo sa seana bhád farantóireachta go Cill Rúis. Chaitheamar an tráthnóna sin ag caint agus ag féachaint ar an gcath mór idir Roger Federer agus Andy Roddick. Chaitheamar laethanta ár n-óige ag imirt leadóige i Limerick Lawn Tennis Club fadó fadó!! Bhí an bheirt againn ar thaobh an Mheiriceánaigh ach bhí mo mháthair ar thaobh an Swiss! Bhí an aimsir go deas ag tús na seachtaine, chuaigh mé ar turais lae go Leacht, Sráid na Cathrach, Cill Rúis agus Cill Chaoi.

D’fhreastal mé ar bhainis mo neacha Aoife agus a grá geal Eoin i nDún Beag,Contae an Chláir, chomh maith. Cóisir a lean trí lá, ar a laghad, b’fhéidir níos mó do dhaoine áirithe! Bhí gach rud go hiontach ar fad agus soiléir gur bhain cách sult ana mhór as an tréimhse. Bhí cuma aingil ar Aoife, ní nach ionadh mar is meabhróg álainn go smior í agus tá an t-ádh dearg le hEoin, dar liom! Bhí a gcairde go léir i láthair don deireadh seachtaine iomlán agus an chraic i bhfad níos mó ná nócha de réir dealraimh! Tharla go raibh an aimsir go hainnis amach is amach laethanta na bainise. Bhí sí chomh h-olc gur ábhar grinn a bhí inti! Fiáin! Níor chuir sí amach ná isteach ar an mbrídeog. Bhíomar suite i bhfoirgneamh galánta, sáil, sómasach ar rinn an club ghailf in aice na Tráigh Bháin agus gach uile dhuine ar a sáimhín só.

Thursday, July 02, 2009

Lár an tSamhraidh

Bhí mé ag smaoineamh ar Michael Jackson le déanaí, aisteach an saol agus an deireadh a bhí aige. Beidh na scéalta ag teacht tamall eile déarfainn. Bhaineas féin an taitneamh as a chuid cheoil, i bhfad níos mó ná féachaint air le blianta beaga anuas, an créatúr.

Tá rud éigin cearr le mo ríomhaire an tseachtain seo. Ní fheadar cad é go fóill, tá sé ar saghas “go slow” seans gur bhris víris isteach in ainneoin Norton.

Beidh mé ag imeacht amárach go dtí an Dún Beag i gcontae an Chláir le haghaidh seachtaine, beidh bainis mo neachta ann ag deireadh na seachtaine seo chugainn, ansin baileoidh mé liom go Baile Átha Cliath agus plean a bheith thar n-ais i Nua Eabhrac lár mí Iúil. Níl mo mhadra ró mhaith le déanaí agus tá drogall orm í a fhágáil ach níl dul as agus ar a laghad beidh sí ag fanacht sa bhaile, níl gach duine ag taisteal.

Tá súil agam go mbeidh seans agam lá nó dhó a chaitheamh thuas sa Catkills ag an bhFéile i mbliana, feicfidh mé. Seo blaiseadh de ón bhliain seo chaite. Bhí an tréimhse ghearr a chaitheas ann go breá.
Bain sult as.