Thursday, July 17, 2008

Tiobraid Árann Abu: Thar n-ais i Nua Eabhrac: Fáilte roimh An Taoiseach úr: Irish Arts Week

Bhuel bhí an lá le Tiobraid Árann agus do bhí oiche bhreá againn in An tAonach,. Bhaineamar an taitneamh as an gcluiche cé go rabhamar neirbhíseach ar feadh cuid nóiméad déag ó thús an tarna leath nuair a bhí spiorad agus fuinneamh i bhfoireann Contae an Chláir ach theip orthu é a cothú agus sa deireadh ba iad Tiobraid Árann na buaiteoirí. Anois táim thar n-ais i Nua Eabhrac tar eis na tréimhse bhreá sin agus tá áthas orm an ghrian a fheiscint arís, níl an samhradh seo ró mhaith in Éireann maidir leis an aimsir, ach seans ann fós! Agus is minic a bhíonn Meán Fómhar agus Deireadh Fómhar go deas tirim ansin.
Bhíos ag fáiltiú roimh Brian Cowen oíche aréir sa Consalacht i NE. Thug an chonsal, Niall Burgess, fáilte is fiche do as Gaeilge ansin as Béarla. Bhí dream maith ann agus labhair An Taoiseach úr faoi a shaol i NE blianta ó shin agus an tábhacht a bhaineann le teagmháil idir an diaspora agus Éireann san am atá thart agus as seo amach. Is cosúil gur chaith sé tréimhse anseo i NE ag obair mar tógálaí nó rud éigin nuair a bhí sé ina mhac léinn agus os rud é go bhfuil suim nach beag aige i gcúrsaí spóirt bhíodh an nós aige a bheith ag imirt thuas i Gaelic Park, sa Bhronx. Labhair sé i slí compordach, cairdiúil agus dearfach, gan nótaí gan braiteoireacht. Bhí sé suimiuil. Bhí an dream lán sásta leis dar liom. Níor labhair sé as Gaeilge áfach agus bhí orm a rá do díreach ansin gan dearmad a dhéanamh ar ár teanga mar nach bhfuil a fhios againn go bhfuil Gaeilge ana mhaith aige!! Bhí sé go deas cairdiúil le cách. Tá súil agam go duine doscúch é i slí éigin chomh maith agus sílim go bhfuil, mar déarfainn nach mbeidh an fharraige ina clár os a chomhair anois. Tá dea-mhein agam do agus tá súil agam go mbeidh an t-ádh air sa phost nua seo.

Inniu tá plean agam cuairt a thabhairt ar an Catskill Irish Arts Week agus a fháil amach cad é a tharlaíonn thuas ansin gach samhradh, beidh an scéal agam i gceann cúpla lá.
Adios.


No comments: