Tuesday, July 01, 2008

Go BAC amarach

Beidh mé ag taisteal amárach go Baile Átha Cliath, is minic a bhím as Nua Eabhrac ag an am seo den bhliain. Ní bhím ag smaoineamh ar an 4ú Iúil agus an ceiliúradh sin agus mé ag díriú ar sonraí taistil….an príomh smaoineamh a bhíonn agam ná an “an bhfuil seans ann go mbeadh aimsir te agus tirim in Éireann ar na dátaí seo…” Anuraidh bhíos in Éireann ag an am seo den bhliain chomh maith agus bhi se go deas.... Chaitheas tréimhse i mBAC, i dTír Chonaill agus i dTiobraid Árann, an tAonach. I mbliana beidh mé i mBAC arís ó Déardaoin ar feadh trí lá agus ar aghaidh ansin go cathair Luimnigh tamall a chaitheamh le mo mháthair ansin. Táim ag súil go mór le cairde a fheiscint arís ar ndóigh (agus ag guí go dtiocfaidh an ghrian liom!) Tá an aimsir go breá anseo i NE le déanaí agus i aoibhinn liom í… nach mór an tionchar í an aimsir? Codladh breá na hoíche agus aimsir bhreá an lae…agus dea mheon ar chách! Is cuma an lotto…Osna….

4 comments:

aonghus said...

Tá an t-aimsir abhus go hainnis faoi láthair, faraor. Liath agus fliuch.

Ach go n-eirí leat ar do thuras, pé scéal é.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Omg Aongus, grma.
Fuaireas an comhairle céanna ó daoine éagsúla inné in ephoist…(agus mo bhalcaisí uile leagtha amach ar mo leaba roimh iad a chur sa mhála, d’fhéach mé arís orthu agus cé go raibh an cóta fearthainne in áireamh rith sé liom nach raibh geansaí ar bith ann nó stocaí fiú. Sciortaí agus T- léinte agus cúpla péire cuarán…….)

Anonymous said...

Is breá liom an focal sin "cuarán" (i.e. "foam-ers") atá i bhfad níos fearr ná "sand-als" ó thaobh na chompordaí dhe.

Chuireann sé ar intinn dom scéal rásaí na naomhóige, in Jimín ina raibh "cuarán bán faoina ndein" ag na báid.

Proinsias

Anonymous said...

Hilary, a chara,

Tabhair an greamán ar an eitleán leat (agus fág ansin é, ar ndóigh)!