Thursday, November 30, 2017

Song of Granite (Granite, ábhar crua, láidir, buanseasmhach.)





Bhí an scannán seo ar siúl anseo i Nua Eabhrac le déanaí. Seo é an cur síos faoi in IMDb "Acclaimed filmmaker Pat Collins brings the dramatic life story of legendary seannós singer Joe Heaney to the screen in THE SONG IN GRANITE, an audacious exploration of the man and his music. With an approach that marries traditional narrative episodes with documentary footage, the film will celebrate the music Joe Heaney created while painting an unflinching portrait of Heaney, the man."
Ní aontaím go hiomlán leis an gcur síos thuas, ní lia duine ná tuairim ar ndóigh. Scannán iontach atá ann, ach dar liom ní bhaineann sé le saol Joe Heaney ach lena anam agus le hanam an thraidisiúin Sean Nós, go háirithe leis an tslí inar bhíodar fite fuaite le chéile óna bhreith go lá a bháis. 
Chonaiceamar cineál breithe le teacht an garsún óna shaol aerach neamhbhuartha agus é ag spaisteoireacht leis féin timpeall a cheantar, trí dhorchadas an tí go dtí an solas a bhí i ndán do, solas an cheoil i mbaclainn a mhuintir. Tús tuisceana sa leid óg. Díol spéise atá sa radharc sin, feic thuas, eachtrannach i lár muintir na háite ag déanamh taifid, ag iarraidh ceol na tíre, nó anam chosmhuintir na tíre a choimeád beo. 

Faraor, mar is eol do chách bhí ar Heaney imeacht óna áit dúchas sin agus thug sé an ceol leis, ceol na n-éan, ceol na sruthanna, ceol na gaoithe - fuaimeanna a thírdhreacha. Chonacthas finéid óna shaol as sin amach sa scannán, fad is a bhí sé lonnaithe in áiteanna difriúla. Deirim "lonnaithe" in ionad "ina chónaí", ní dóigh liom go raibh sé riamh aige baile arís. Níor mhair an áit sin ní ba mhó, ach amháin ina anam féin.   
Is fiú an scannán seo a fheiscint má bhíonn suim agat in amhránaíocht ar an sean nós, i dtírdhreach na hÉireann nó in anamacha na n-imirceach. Bhí  Colm Seoige agus Micheál Ó Chonfhaola ar fheabhas ar fad agus an lucht féachana faoi draíocht acu aon uair a bhíodar ag amhránaíocht.
Níl mórán caint le cloisteáil sa scannán, ní gá, léirítear an scéal gan an iomarca focal, agus ní gá an teanga a bheith agat ach an oiread, mar bíonn fotheidil ann. Sin ráite - bhí sé an-deas Gaeilge bhinn a chloisteáil ar an scáileán mór i Nua Eabhrac agus ón lucht féachana chomh maith agus sinn go léir ag imeacht ón amharclann tar éis na tréimhse giorra sin a chaitheamh le chéile lenár méiríní sínte amach ónar n-anamacha ag iarraidh..... aga aige baile, b'fhéidir?   

An bhfuil an mothúchán seo ag lucht féachana in Éirinn? Bíonn ana chuid bainte amach agus caillte ag an am céanna.

Friday, September 22, 2017

Idir Bheirt Bhullaí?


Is léir nach bhfuil cosán glan ós comhair rialtas na tíre seo le ceannaireacht an lae. Is iomaí dris chosáin atá déanta acu féin in aghaidh dul chun cinn an daonra uile.  Cheap mé ar dtús gurb í a bpríomhaidhm ná stop a chur ar gach éacht oibre a ndearna an tUachtarán Obama; ag cur ceal ar chomhaontuithe difriúla a mbaineann le truailliú tionsclaíoch, cosaint tomhaltóirí, rialú inimirce, agus ag deireadh na míosa seo beidh ionsaí eile ar a Acht Chúram Sláinte. Tá cuma níos measa ar a bpróiseas cinnteoireachta anois, 'sé sin ar ndóigh an gaol idir Tuaisceart na Cóiré agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Cheapfá go bhfuil ár rialtas ar bior le trioblóid a chothú idir na tíortha le geáitsí ár n-uachtaráin an tseachtain seo chaite ag cruinniú na Náisiún Aontaithe anseo i Nua Eabhrac. Tagann stair san áireamh agus níl SAM gan locht i stair na Cóiré...ní fheadar an bhfuil eolas na staire ag ár n-uachtarán ar chor ar bith is oth liom a rá.  Téann na trioblóidí i bhfad siar ach ní mór féachaint thar n-ais píosa ar réim Harry S. Truman (ba é a lig na buamaí adamhacha anuas ar an Seapan.)  Bhí SAM i mbarr a réim ag deireadh an dara cogadh domhanda, slánaitheoir an domhain mar a déarfá, agus thosaigh fríth-chumannachas ag fás go tapa beagnach ar an bpointe. Ba léir go raibh suim ag an tSín i dTuaisceart na Cóiré ag an am sin agus faoi stiúir Truman rinne SAM iarracht stop a chur le spré an chumannachais ón tSín sa Chóiré, agus toradh an  scéil?  - Loitigh SAM na Cóiré i seach-chogadh... cogadh i gcoinne na Síne ach lonnaithe sa Chóiré. Ní nuacht í seo, is stair í, stair atá taobh thiar ceist na Cóiré inniu. Fágadh an Chóiré i bhfíor praiseach, agus deich mbliana dár gcionn bhí gorta mór ansin, bhí gorta mór eile ansin sna 90í. Fuaireadar cabhair ón tSín ó am go ham ó thréimhse an chogaidh - ach ó 1950 i leith is é SAM an namhad is mó i mbéal na ndaoine trí fhabhalscéalta na Cóiré, ní nach ionadh, fíric a chabhraígh Cathaoirleach Kim Jong-un le bailiú gléas troda le fada anuas,  agus faoi láthair fad is a bhíonn sé agus Uachtarán Trump ag tabhairt masla dá chéile. An ngasúir scoile an bheirt seo agus an domhan féin mar chlós súgartha acu agus cé hiad a íocfaidh as a gcuid geáitsí?

Tuesday, April 25, 2017

American Conference for Irish Studies. Leabhar Taighde na Bliana.


Ar dtús ba mhaith leis an gcoiste Brendan Kane, Ollscoil Connecticut, Caoimhín Scannell, Ollscoil Saint Louis, agus mé féin ár mbuíochas a ghabháil le hÉamonn Wall, Ollamh an Bhéarla ag Ollscoil Missouri as a chuid tacaíochta le hurraíocht a chur ar fáil don gradam tábhachtach seo ó 2016 go 2020.

Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta. Ollscoil Missouri, Kansas City. MO

1 Aibreáin 2017
______________________________________________
ACIS Duais 2017
Leabhar Taighde na Bliana
An Ghaeilge i Maigh Nuad by Seán Ó hÉanacháin.
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
287 pages.  12 Euro.
_____________________________________________________
"Is saothar úr é seo - saothar stair-chróineolaíoch agus saothar litríochta atá ann, a dhéanann plé ar dhá chéad bliain maidir le Maigh Nuad agus an Ghaeilge" Lch 10.

Déanann an leabhar seo cíoradh agus scagadh ar áit na Gaeilge i gColáiste agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil, Mhaigh Nuad ó bunaíodh é sa bhliain 1795.
Ar dtús pléitear tacaíocht na cléire don Ghaeilge sna coláistí san Eoraip ó aimsir Sheathrúin Chéitinn. Ansin pléitear réanna diúltacha nuair a bhí dímheas agus cúng-aigeantacht i réim maidir leis an teanga go dtí beagnach deireadh an naoú haoise déag.  Ceapadh Eoghain Uí Ghramhnaigh sa phost mar Cathaoir na Gaeilge in 1891, post a fágadh folamh ó 1876. Ach d'ainneoin tús na hathbheochana in Éirinn,  níor lean scéal na Gaeilge i Maigh Nuad gan trioblóidí; ní i gcónaí a bhí díograiseoirí i gceannas gnó!  Déantar cur síos agus anailís sa leabhar seo ar shaol agus shaothar scoláirí mór le rá mar Eoghan Ó Ghramhnaigh, Mícheál Ó hIcí, Breandán Ó Doibhlin, Pól Breathnach, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Ó Fiannachta. 
Ba iad na sagairt a chuir an Ghaeilge chun cinn ó bhunú an Stáit, dar leis an údar, nuair nach raibh mórán suime ag na húdaráis inti.

Cinneadh:
Cé go bhfuil clú agus cáil ar Ollscoil Maigh Nuad mar fhoinse theagaisc agus thaighde na Gaeilge le fada anuas, mar aon le forbairtí i múineadh na Gaeilge in Ionad na dTeangacha ansin, níl mórán eolais le fáil go dtí anois faoi na sagairt ar leith taobh thiar tús an scéil agus na deacrachtaí a bhí ag chuid acu fréamhacha doimhne na Gaeilge a chur san ollscoil. Tá sé in am do lucht na Gaeilge saothar na bhfear seo a aithint agus ligeann an leabhar seo seans luach a gcuid oibre agus a gcuspóirí uaisle a thuiscint i gceart. Brendan Kane, University of Connecticut
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University


________________________________________________________

The members of the Irish language book award committee, Brendan Kane, (University of Connecticut) Kevin Scannell, (Saint Louis University) and I would like to thank Professor Éamonn Wall, Smurfit-Stone Professor of Irish Studies and Professor of English at the University of Missourí, St Louis for sponsoring the ACIS Irish Language Research Book Award 2016 until 2020 inclusive.                                      
Hilary Mhic Suibhne, Ionadaí na Gaeilge
ACIS Comhdháil Náisiúnta.Ollscoil Missouri, Kansas City. MO
1 Aibreáin 2017

_________________________________________________________
ACIS Duais 2017
Leabhar Taighde na Bliana
An Ghaeilge i Maigh Nuad by Seán Ó hÉanacháin.
Published by Cló Iar-Chonnacht (2016)
287 pages.  12 Euro.
_________________________________________________________

"This is a fresh approach, a chronological, literary work which discusses the two-hundred-year relationship of priests at the National University of Ireland, Maynooth, with the Irish language." Pg 10

This book examines the place of the Irish language in Maynooth College, established in 1795, later known as Maynooth University. Initially the book discusses the role of the Irish language in the lives of clergy studying in European Colleges during the time of Geoffrey Keating. Periods of negativity, disrespect and narrow mindedness came to the fore within the university regarding the language in the early nineteenth century. This continued to almost the end of the century until the appointment of Eoghan Ó Ghramhnaigh to the Chair of Irish Language, a seat which had been left vacant for over fifteen years. But despite the launch of the language revival in Ireland the story of the language within Maynooth is not without troubles; unfortunately those in charge were not always the most enthusiastic! This book examines the life and work of the most dedicated scholars and teachers of Irish in the university. Eoghan Ó Ghramhnaigh, Mícheál Ó hIcí, Breandán Ó Doibhlin, Pól Breathnach, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Ó Fiannachta.  Since the establishment of the state, according to the author, it was the clergy who worked for the advancement and development of the language, when the authorities showed little interest.

Decision:
Although Maynooth University is well known for many years for its exemplary teaching and research in Irish, and latterly for the developments at The Language Centre, there has been little information until now regarding particular priests who lead the way in Irish language scholarship at this institution notwithstanding the difficulties which some encountered in setting those language roots. It is time to recognize the work of these men and this book illustrates the breadth of their work and their noble aspirations.

Brendan Kane, University of Connecticut
Hilary Mhic Suibhne, New York University
Kevin Scannell, Saint Louis University

Thursday, January 19, 2017

Seoladh: Tost agus Allagar le hAilbhe Ní Ghearbhuigh


Fuaireas cuireadh ó Thomas hIde an leabhar a sheoladh anuraidh ar an 18 Feabhra 2016 sa Graduate Center of the City University of New York 365 5th Ave, New York, NY

Seo thíos an aiste ghearr a scríobh mé faoin mbailiúchán.
Tost agus Allagar Coiscéim (2016)
le hAilbhe Ní Ghearbhuigh    
   
            
Nach iontach an ócáid í, seoladh leabhar Gaeilge i Nua Eabhrac, agus ní hamháin leabhar Gaeilge ach leabhar filíochta. Ní tharlaíonn ócáid mar seo ró mhinic anseo agus ba mhór agam an deis a bheith páirteach.
Tá sean aithne ag lucht na Gaeilge i gCathair Nua Eabhrac ar an gCiarraíoch, Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Chaith sí bliain inár measc naoi mbliana ó shin buí le Fulbright. Bhí sí i lár saol na teanga an tréimhse sin anseo i gcathair Nua Eabhrac. Tháinig sí mar mhúinteoir sinsir chuig imeachtaí na Gaeilge le Daltaí na Gaeilge chomh maith, mar sin tá líon mór cairde aici anseo.

 
Foilsíodh a céad chnuasach filíochta Péacadh i 2008 tar éis dí imeacht abhaile ó Nua Eabhrac. Bhí áthas orainn go léir ar a son. Tháinig sí thar n-ais in ár measc ar chuairt agus bhí spraoi arís againn le chéile ag seoladh an leabhair sin in Iona College, New Rochelle ag ceiliúradh na Gaeilge ansin. Ní raibh ionadh orainn gur éirigh léi le Péacadh mar ba léir ón tús gur duine thar a bheith éirimiúil atá inti - aithníodh óna céad chnuasach san gur guth úr, ciúin, láidir a bhí tagtha chun solais.
Nuair a féachann sí feiceann sí, nuair a éisteann sí chloiseann sí..... agus má leagann sí ladhar a smaointe ar rud ar bith, mothaíonn sí. 

Bhíomar go léir ag tnúth mar sin ar leabhar eile uaithi agus anois tá sé againn. Tost agus Allagar.
Ar dtús féachaimid ar an teideal féin, Tost agus Allagar.  Eascraíonn ceisteanna spéisiúil fiú ó theideal an leabhar seo: Cheapfaí b'fhéidir go mbeadh na coincheapa sin i gcodarsnacht le chéile nó go mbeadh bearna ollmhór eatarthu, ach tá sé soiléir ón mbailiúchán seo go n-oibríonn tost agus allagar le chéile agus óna chéile i bhfoirmeacha cumarsáide bunúsacha.  Cad faoin spás eatarthu agus conas an spás seo a líonadh? An labhraíonn gach fhuaim linn?  An gcloisfimid teachtaireachtaí ó na fuaimeanna uile in ár dtimpeallacht? An bhfuil difríocht idir torann, gleo agus ceol? An teangacha iad siúd go léir, nó an teangacha iad ar chor ar bith muna labhraíonn siad linn?

Sa bhailiúchán seo is ceisteanna cumarsáide atá á gcíoradh ag an bhfile, cumarsáid a tharlaíonn i slite difriúla - cuid acu a bhfuil do-aitheanta don domhan mór. Tosaíonn an cnusach le dán darb ainm "Babel", tá an dán bunaithe ar an túr Bháibíl féin as a dtagann teangacha uile na cruinne sa sean-Tiomna. Is íomhá bhunúsach í seo a spreagann ceist: an féidir cumarsáid a dhéanamh má bhíonn comórtas agus coimhlint-chatha ann? An mba choir, nó an ndéanfadh sé maitheas dul thar n-ais go dtí an tosach chun fadhbanna an saol chomhaimseartha a réiteach mar a tharla sa sean scéal?
Agus má smaoinítear ar fhuaimeanna difriúla mar theangacha an osclaítear doirse tuisceana os ár gcomhair nó an bhfuil seans ann go mbeimid caillte go hiomlán sa chlabaireacht?
Leanann an bailiúchán ar aghaidh le modhanna cumarsáide difriúla timpeall na cruinne a iniúchadh; caint na n-ainmhithe, cur i gcás éanlaith na spéire, na beacha ina mBeachaire, mic tíre, con-riocht agus rosualt fiú.
Ansin díríonn Ailbhe ár n-aire chuig cumarsáid sainiúil ag dreamanna áirithe, modhanna atá at titim i léig nó imithe go deo anois, mar shampla cumarsáid spéisiúil na fineBhascaigh i ndeisceart na bhFraince, darb ainm irrintzina - sin cineál screada, scréiche nó béice a dheineadh idir na haoirí.
Agus modh cumarsáide idir aoirí sa bhFrainc fadó a bhí in úsáid acu chun na Giúdaig a chomeád slán ó na Naitsithe,  slí a lig dóibh teacht slán ar teorainn na Spáinne. Teanga feadaíola a bhí ann nach maireann anois ach i gcuimhne na ndaoine. 

Cloisimid ansin uaithi píosa faoi drumadóireacht sa Chongó a bhí i réim roimh theach an fónphóca.
Agus cad faoi modhanna cumarsáide gan fhuaim ar chor ar bith - teangacha gan fhocail, cineálacha chód cumarsáide, idir deirfiúracha cuir i gcás, nó idir daoine ar leith eile le mór-thuiscint acu ar a chéile. Cad faoi an tslí ina labhraíonn an chorp i gcaidreamh daonna, go háirithe i gcásanna lánúin. Tá bua ar leith ag an bhfile seo mionscrúdú a dhéanamh ar cheo an ghrá mar bhrat a dhéanann oileán de lánúin in uairibh, agus iad gan chíos cás na cathú orthu féin.

Feictear féith grinn an fhile ag spléachadh anseo is ansiúd i ndánta chomh maith mar eiseamláir: "Manach Eile agus a Chat" (lch 29) a chuireann ár gcara Pangur bán i gcuimhne dúinn, súil eile ar saol scríobhaí fadó -  agus an dán gearr "Insha'Alla" a imríonn le friotal agus íomhá. (lch 36)

Tá dánta anseo atá i bhfad níos dáiríre ná mar a cheapfá óna theidil chomh maith, díol spéise atá iontu siúd, déanaimid gáire b'fhéidir ar dtús agus sinn ag léamh "Gaeilgeoir Deireanach Bhaile Átha Cliath" - feicimid an greann. Tá an rialtas tar éis an deireadh a chur leis an nGaeilge a bhí ag fáil bháis le tamall. Aithnímid áthas an reacaire mar tháinig sí slán as an ionsaí, ach anois tá frustrachas agus meath-mhisnigh uirthi mar tá sí fágtha ina haonar in iarsmallan ag iarraidh labhairt le duine ar bith a thagadh ina treo agus cumas na Gaeilge acu. Ach an teachtaireacht is tabhachtaí atá ann dar liom ná nach raibh mórán Gaeilge ag an reacaire seo riamh, i ngan fhios dí féin. Le bheith macánta ba chuma léi an teanga, bhí suim aici a bheith ar TG4 sin an méad. Anois bíonn sí ag spalpadh a GaeilgePhigin dí féin.

Ní dhéanann Ailbhe dearmad ár n-aire a dhíriú chuig an folús a thagann in ár saolta nuair a imíonn guth áirithe go deo uainn - nuair is fearrde torann allagair ná tost.
Sa dán simplí i ndilchuimhne ar Mhuiris Ó Meara cur i gcás:
Sciobadh uainn do ghuth piachánach
is fágadh an tost i d'áit
Ghéill an t-amhránaí don gciúnas;
Balbhaíodh cách

Cad é an gaol idir tost agus an bodhrán?  Sa dán 'Scéala ón Oirthear" feicimid gur fágadh ina bhodhrán é fear an tigh solais de dheasca ganntanas chomhrá agus cuideachta  - an é sin le rá go bhfuil gaol idir cumas éisteachta agus cumas cainte, nó b’fhéidir cumas cumarsáide? Ní féidir cumarsáid a dhéanamh gan éisteacht agus tuiscint, seachas sin blether atá ann.

Smaoineamh a tháinig chugamsa agus mé ag léamh trí na dánta seo ná fadhbanna an leath-bhodhráin nó fadhbanna an bodhráin úire le húsáid gléas áis-éisteachta don chéad uair. Tá aithne againn go léir ar an gcréatúr seo, agus seans go mbeidh cuid mhaith againn san aicme sin amach anseo. Faightear an gléas (áis-éisteachta) chun an té a chóiméad i dteagmháil le glórtha an tsaoil, ach má fhantar ródhéanach roimh an áis a fháil bíonn sé thar a bheith deacair teacht thar n-ais ó shólás agus compord an leath-chiúnais. (Sílim go bhfuil dán ag péacadh ionam féin anois - grma a Ailbhe!)
Ach cad é cuspóir filíochta nó aon cineál litríochta ach sinn a chur ag smaoineamh, ag iniúcha agus ag iarraidh teacht ar radhairc úra ar an saol.

I bhfocal Nuala Ní Dhomhnaill: “ Is leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh gear agus chomh gléineach tríd síos gur cúis bróid dom é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine, gan trachtar an duine aonair… Tá an fhírinne shearbh again anseo, ach mar a thug Emily Dickinson comhairle dúinn fadó, í ar sceabhadh.”
Agus cuir Mairín Nic Eoin deireadh iontach ar bhrollach an leabhair seo agus ba mhaith liom an píosa san a roinnt libh:
"Tá lón machnaimh agus féasta filíochta sa chnuasach álainn seo, ní hamháin go léiríonn na dánta samhlaíocht agus éirim thar an gcoitiantacht, ach bainfidh léiritheoirí pléisiúr as cuimse, as an bhfriotal ceolmhair agus as na híomhánna beoga a chuirtear ag rince os ár gcomhair iontu."

Mar sin, a chairde,
Bígí ag léamh.
Bígí ag smaoineamh.
Bígí ag ceannach!