Wednesday, March 26, 2008

Lá na Gaeilge 2008

Táim fós beo. Níor chuir E. Spitzer an méid sin déistine orm nach raibh mé in ann teacht ar ais anseo. Tá alan ar siúil an tseachtain seo agus mé ag déanamh ullmhúcháin don Lá n Gaeilge 2008, lonnaithe i gColaiste Í, sé sin IONA College, New Rochelle, NY, Dé Sathairn. Beimid ansin ó 9 R.N. go dtí 5: 30 I.N. agus tá lá breá geallta....... Go dtí seo beidh 65 i láthair ach déarfainn go mbeidh níos mó ar an lá……..(tagann daoine i gcónaí ar an lá, gan a bheith cláraithe!!)
Beidh ranganna i gcomhair na foghlaimeoirí agus ar ndóigh beidh grúpa ansin le Gaeilge líofa agus beidh orthu trioblóidí an domhan a réitigh fad is a bhíonn na ranganna ar siúil (Déanann siad é seo gach bhliain ach nach bhfuil fadhbanna fós ann?). Beidh léacht againn le Una McGillicuddy “Ná Croch na Cearca! le do thoil” A View of Early Irish Law agus léacht le Brenda Ní Shúilleabháin maidir lena cuid oibre le seanamhná Chorca Dhuibhne agus na cláir teilifíse ‘Bibeanna’ curtha amach le TG4 anuraidh.
Ag súil go mór le gach duine a fheiscint arís.

Monday, March 10, 2008

Ethical Lapse!!!! mar dhea....

Go bhfóire Dia orainn!
Sin a tugadh ar ghníomhaíocht Elliot Spitzer i DC Cúpla seachtain ó shin agus í á phlé acu ar CNN inniu. Cén saghas raiméise í sin? Bhris sé an dlí i slí do-mhaite. Cén fhad a bhí baint aige leis an “Club” seo? Cheapamar uile gur duine iontaofa a bhí ann….Cuireann sé déistin orm. Níl trua ar bith agam dó anois ach trua dá mhuintir agus dá chomhoibrí sa toghchán bliain nó dhó ó shin
gan trácht ar an bpáirtí daonlathach i NY. Is dócha go bhfuil racht mearaithe ar chuid mhaith dá lucht leanúna. Tuige nach mbeadh, an fimíneach lofa. Anois ag iarraidh teacht ar maithiúnas….’sea os rud é go bhfuil an scéal amuigh, sin an méid………An bhfuil aon polaiteoir iontaofa ann?

Friday, March 07, 2008

Seo Chugainn an t_Earrach

Éist le Cill Áodáin

(agus nuair a thosaíonn an fhuaim tar direach ar ais go dtí an leathanach seo chun teacht ar an dán)

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol;
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopaidh mé choiche
Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.
I gclar Chlainne Muiris bheas mé an chéad oíche,
Is i mBalla thaobh thíos de thosós mé ag ól;
Go Coillte Mách rachad go ndéanad cuairt mhíosa ann
I bhfógas dhá mhíle do Bhéal an Áth Mór

Fágaim le huacht go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar scaipeas an ceo
Nuair a smaoiním ar Chearra nó ar Ghaileang taobh thís de,
Ar Sceathach an Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo..
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is sútha craobh ann is meas ar gach sort;
Is dá mbeinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'Imeodh an aois díom is bhéinn arís óg.

le Antoine Ó Reachtúraigh

Tuesday, March 04, 2008

Anam Cara

Bhí ana chraic agam ag an deireadh seachtaine cé go raibh amhras orm fúm féinig ag an am céanna…. Bhíos páirteach i seó tráthnóna Dé Domhnaigh san Westchester Arts Exchange.
Seo mar a tharla, bhuail mé leis an stiúrthóir ag coisir na Nollag, bhí sean aithne agam uirthi ach níor bhuaileamar le cheile le roinnt blianta anuas. Bhíos ag canadh rud éigin le cara liom an oíche sin agus thaitin an t-amhrán léi… ansin d’iarr sí orm a bheith páirteach sa seó seo…. agus……tar éis cúpla gloine fíona…. bhíos lag os a comhair, tá a fhios agaibh….Rud eile ná bíonn deacrachtaí agam i gcónaí le bheith diúltach….. . agus ar ndóigh dúirt mé léi go mbeinn toilteanach…….…Anam Cara an t-ainm a bhí ar an seó agus é curtha le cheile ag an Hamm and Clov Stage Company. Bhí ochtar againn ag obair le cheile agus d’éirigh go maith linn. (caithfidh mé a rá.) Meascán a bhí ann idir scéalta startha, scéalta ón miotaseolaíochta, scéalta grinne, amhráin, ceol, seanchaíocht agus damhsa. Bá é an teagmháil daonnachta téama an seó. Bhíos neirbhíseach go leor nuair a chonaic mé na haghaidheanna uile ag féachaint orm….ní raibh sé mar sin sna cleachtaí ar chor ar bith! (agus ní raibh taithí ar bith agamsa a bheith i m’aisteoir, ach dúradh cara liom go mbím i gcónaí i mo aisteoir i ngan fhios dom féin.. Hmmm an bhfuil an cheart aici?)….. Ach bhí gach uile rud ceart go leor sa deireadh agus dúradh linn go bhain an lucht féachana uile taitneamh as. Bhí Aidan Redmond, Una McGillicuddy, Maureen Brady, Jimmy Kerr, John Redmond, Leslie Kelly agus an stiúrthóir, Holly Villaire páirteach agus bhaineas féin an taitneamh as am a chaitheas ag obair ar chlár an lae leis an dream proifisiúnta, éirimiúil seo. I ndáiríre ba mhór an onóir domsa cuireadh a fháil a bheith páirteach sa seó leo.

Saturday, March 01, 2008

Judging Dev

Bhíos ag léacht le Diarmuid Feiritéar, staraí, oíche Déardaoin i Manhattan. Bhí sé ag caint faoi a leabhar nua Judging Dev atá díreach tar éis teacht ar an margadh. Ní staraí mise ach tá suim agam i gcúrsaí staire. Ní dóigh liom gur féidir an lá atá inniu ann a thuiscint i gceart ar chor ar bith gan mórán eolais a bheith agat ar an am atá imithe thart uainn. Bhí an leacht go breá, beoga agus suimiúil agus luaigh údar Judging Dev nach raibh a anam féin le aon dream polaitiúil áirithe in Éirinn….ach bhí sé soiléir áfach go raibh meas nach beag aige ar an bhfear fada, rud a bheadh tábhachtach déarfainn, chun an scéil seo a scríobh i gceart. Ní i gcónaí a bhaineann meas agus a bheith ar aon tuairim le duine, rud atá an-tábhachtach a aithint. Is trua nuair a fheictear bearna chomh mór idir idé-eolaíochtaí nach maireann aon meas idir na hidé-eolaí! (Caithfidh mé a rá go bhfuil ana mheas agam ar John McCain sa tír seo ach ag an am céanna ní dóigh liom gur eisean an duine ceart don post mór…...) ….Ar an drochuair ní raibh seans agam teacht ar choip don leabhar ag an léacht mar theip an foilsitheoir iad a chur ansin in am. Bhí díomá ar an lucht éisteachta ach tá sé le fáil ar Amazon.

Iar Fhocal.
Tharla go raibh seans agam labhairt le Diarmuid agus a bhean cheile Sheila tar éis na léachta agus ní fada go raibh teagmháil eadrainn. Bhí aithne aige ar mo mháthair cheile! Iar múinteoir scoile (ón nGaeltacht) atá inti a bhíodh ag obair le athair Dhiamuid (gaeilgeoir agus priomhoide scoile) i mBAC. Bhí aithne ag Diarmuid uirthi chomh maith agus é in a bhuachaill beag sa scoil sin... Is beag í an domhan í gan dabht.