Monday, February 28, 2005

Hiopnóis

Bhí deireadh seachtaine bhreá ag timpeall céad duine thuas in Esopus Nua Eabhrac agus do bhí an t-adh ag cuid againn a d'fhan trathnóna Dhomhnaigh i gcomhair crinniú theagasceoirí na teanga. Os rud é go raibh tuirse an domhan orm thiteas i mo chodladh ag leathuair tar éis a h aon an lá úd agus níor fhagas slán le cuid mhór daoine a bhí ag imeacht díreach tar éis lóin. Chuir mo chara Bernie Broderick scairt orm ag beagnach a trí a cloig a rá go raibh gach duine le cheile aríst agus an cruinniú ar tí tosnú. Bhíos i gcóma. Bím i gcónaí tuirse in Esopus de dheasca easpa fíor codladh i rith na hoiche. Tá orm teacht ar hiopnóisí éigin an smaoineamh a chur ionam go féidir liom codladh sámh a fháil ann. Bhíos i suanlios bhreá chiuin an uair seo ach fós féin i rith na h oiche ní or tháinig codladh orm, bheinn lán sásta le suathaireacht, agus deoch agus ceol shuanlaíoch leis...go deas. Ar aon nos bhí oiche Dhomhnaigh agus Dé Luan go breá agus ansin ar aghaidh liom go North Creek agus chaitheas seachtain ansin le Páraic, Cian, Eoghan, Cara, Pooka agus Banba. Léigh mé mo chéad úrscéal le Tom Clancy; The Cardinal in the Kremlim. Níor léigh mé ceann dá chuid riamh cé go mbíonn siad i gcónaí sa teach anseo mar is aoibheann le mo mhic eachtraí na leabhair sin...ach, an uair seo ní raibh leabhar agam féin agus ghoid mé an ceann a bhí ag Cian nuair a bhí sé amuigh áit éigin,. Ansin bhí troid eadrainn faoin diabhal leabhar go dtí go raibh orm dul isteach go dtí an leabharlann i North Creek agus cóip eile a fháil.
Thánamar abhaile Dé Sathairn agus chuamar go cóisir "Mardi Gras" an oiche sin. Fuaireamar an cuireadh coicís ó shin agus bhí ionadh orm go raibh cóisir mar seo i lár an chargais? ar aon cuma sílim nach raibh a fhios ag an dream ann go raibh baint ar bith idir Mardi Gras agus Cargas, agus ar ndóigh go gcuireann an fíor Mardi Gras deireadh ar aimsir na coisire............... níor luaidh éinne cargas (B'fheidir nach bhfuil sé sin PC faoi láthair) agus bhíomar go leir lán sásta sult a bhaint as an oiche le cheile agus sinn in aghaidhfhidil álainn, hataí agus beads le sáith bia cajun.

Friday, February 18, 2005

Am a chur amu inné

Ní raibh Cian in ann a chéad ceadúnas tiomaint a fháil fós mar ní raibh an tám aige dul go dtí an DMV an scrúdú scríobhnóireachta a dhéanamh agus é gnóthach gach lá tar éis scoile. Is é seo an rud is tabhachtaí dá shaol aige faoi láthair sílim. Mar sin rinne sé coinne dul inné ach ag deireadh thiar thall níor chuaigh sé de dheasca coinne eile a bhí déanta agamsa dó lena orthodonctist. (Níor fhéach sé ar an bhfeilire nuair a dhein sé a choinne féin.) Tar éis teacht ar ais ón bhfiachlóir duirt sé go féidir linn dul go Peeksill DMV (leathuair ón mbaile) D'fhéach sé ar an suíomh idirlíon agus fuair sé an t-eolas gur sceith díon an fhóirnimh sin agus go raibh an oifig dúnta. "Tá fórsa éigin i m'éadan" agus é ag olagón. Ansin fuair sé amach go raibh oifig eile ann i Pawling, baile beag timpeall leathuair ó thuaidh uainn. Ar an idirlíon deartear go raibh an oifig seo oscailte go dtí 4 30 i.n.. Chuir sé scairt orthu agus ar an téip deirtear go raibh an oifig oscailte go dtí 4 45 i.n. Hmm...OK. Ní raibh sé ag an am seo ach cúpla nóiméad tar éis 3 30 agus gan mhoill bhíomar sa chart i dtroe an tuaiscirt agus é gealgháireach. Shroiceamar an oifig ag 4 05 agus bhí fógra ar an ndoras a mhínigh go ndúnann an oifig seo ag 4 00 agus nach mbíonn sé ar oscailte ach amháin Dé Mairt agus Déardaoin sa seachtain. Os rud é go bhfuil sé ag imeacht ar saoire seachtaine ó thuaidh inniu tá an-diomá air, fadhb ar bith eile sa domhan! Dar leis. Ní bheidh sé in ann an diabhal rud a fháil le tamall gearr eile. Ní cúis bhróin domsa é sin ach is pian sa tóin amach is amach é an t-eolas mícheart seo faoin amanna oscailte, fíu ar a dteachtaireacht ghutháin féin.

Thursday, February 17, 2005

Cairn Páipéar

Anois, ar ais ag obair tar éis an tréimhse sin in Eirinn tá orm dul trí an carn páipéar atá ar mo dhesk. An-deacair diriú ar aon rud ar bith nuair atá cuma ar an oifig go raibh tornado tríd. D'fhagas roinnt phaipéir in ngach áit an tseachtain seo chaite.....Chomh maith le mo ghnáth obair níl an tarna rogha agam inniu ach obair a chur isteach ar mo ranganna gaeilge a bheidh ar siúil ag an deireadh seachtaine seo in Esopus, NY. .......
Ní raibh éinne anso in ann mo camera a réitigh, bhí brón orm nuair nach raibh sé ag obair agus mise ag an bposadh, cheapas gur ar Eoghan a bhí an locht; bhí sé ag glacadh pictiúiri dá phuiscín, Banba, seachtain nó dhó o shin, nuair a bhí sí ina codladh sa tarraiceán stoca atá aige.

Wednesday, February 16, 2005

Coisir a lean dhá lá!


Deireadh seachtaine dár saol! Bhí coisir na bainise Máire agus Tomás againn, agus lean sí dhá lá!! Tar éis turas fada le Eibhlín ó Aerphort na Sionna go Néidin, agus sos uaire ansin le mo cháirde Margaret agus Simon, shroiceamar an Gleann Garbh ag timpeall a hocht a clog oiche Aoine. Ostán Eccles a bhí ár gceann scríbe agus bhí athas orainn an foirgneamh sin a fheiscint ag deireadh an lae agus é geal le soilsí ag breathnú amach ar oileán Garnish. Tháinig dream mhaith daoine le chéile an oiche sin agus tar éis tamall sa bhear lean an choisir ar aghaidh sa reception area le cleachta damhsa, karate agus canadh, Tomás i mbun le cabhair ón gcúpla, Emily agus Kathy. Bhí gach uile duine traochta tar éis anróiteacht na haimsire agus turais fada leis, ach ní fhada go rabharmar uilig lán sásta leis an saol.
Thosnaigh an lá dar gcionn go bréa geal agus lean sé, cé go raibh sé fuar go leor bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn. Bhí orainn a bheith i nGougán Bharra ag a dó sa thrathnóna agus bhíomar ann ag leath uair tar éis a haon le t-am againn féachaint timpeall. Ait iargúlta gan féidir cur síos ceart a dhéanamh faoi, braithnaítear draíocht san aer ann, dar liom, go mór mór an lá sin. Bhraithnaíomar an ghaoth ag éirí agus gan coinne bhí guairnéan gaoithe inár dtimpeallacht. Bhí mo hata ar tí eitilt i dtroe na h-ealaí a bhí ag lorg bheith istigh i cuinne an locha. Ba bheag nár thiteamar!
Bhí posadh Máire agus Tomás ana mhaith. Ní gá dom a rá go raibh Máire ag féachaint go bréa, bíonn sí i gcónaí. Bhí lasadh ina haghaidh aici, bhí gríosghrua le gliondar uirthi agus ar Thomás nuair a tháinig sí isteach chuige. Bhaineas an-taitneamh as an lá iomlán, ar dtús an pósadh féin sa aireagal Naomh Fionnbharr. Bhí slua mór daoine ann i bhfianaise, amhránaíocht den scoth ó Máire de Búrca, fidléir iontach chomh maith. Bhíos ag smaoineamh agus mé ag éisteacht ar an aifreann inár dteanga uasal, go raibh an teanga le cloisint san áit céanna sa 7ú Aois nuair a bhí an chéad mhainistir ansin (Tá na cillíní fós ann) agus deacair dom saol an ascetic a thuiscint, saol diantréanach gan faoiseamh? Ní thuigim. Is aoibheann liom deireadh seachtaine ciúin anois is arís ach saol mar sin? An lá breá seo bhí an teanga le cloisint arís san áit bheannaithe. Nuair a bhí an ceiliúradh thart taobh istigh amach linn agus bhí tréimhse lasmuigh againn ag féachaint ar na cilliní agus ag glacadh griangraf, ar ais linn go dtí an Gleann Garbh agus cuid a trí don choisir. D’fhan an aimsir go breá geal cé go raibh fearthainn fiáin ag bualadh anuas orainn agus sinn inár gcuid gcarr. Lean an ceiliúradh san ostán le dream ag feachaint ar cluiche rugby sa bhear, Eire i gcoinne an Albain, a bhí ar siul i Murrayfield, Glasgow. Bhí an bua againn mar is ceart! 40 – 13!!! Ar ais go dtí an fíor comóradh bainise, cuid a ceathar anois, bhí dinéar breá blasta agus damsa againn, céili ar dtús a chur gach duine amach ar a gcosa, bhí ár Riverdance féin againn le stiúrthóir Patsy Cassidy. Tar éis sin bhí disco againn (Cuid a cúig!). Agus ag deireadh na hoiche seisiún gearr Rud do gach uile duine. Bhuaileas lem philiúr ag a 4am. Ach ní raibh tuirse orm. Chun an fhirinne a rá, tháinig an tuirse orm an oiche dár gcionn, oiche Dhomhnaigh an Traochadh agus mise ar ais i gcathair Luimnigh. 'Sea bhí orm íoc as ragairne dhá oiche ach b'fhiu iad, an dá oiche scléipe san.

Tuesday, February 08, 2005

Imíonn an t - am...

Níl sé chomh éasca dom scríobhnóireacht a chur isteach anseo ró-mhinic. Ní hé go bhfuilim leisciúil ach le bheith macánta imíonn an t am uaim agus muna gcuirim cúpla focal suas ar maidin ní bhíonn seans agam teacht ar ais i rith an lae. Bhí mo chara ceart go leor tar éis seachtain ar an tolg ag ithe agus ag féachaint ar an dteilifís. Bhí an t-adh léi is docha. Chaitheas an dá deireadh seachtainí ó shin ag sciáil san Adirondacks. Bhí an aimsir go breá agus is trua aon duine a d'imigh go dtí an iarthar ag lorg sneachta mar bhí sé ar fheabhas anseo i Nua Eabhrac. I rith na seachtainí ní raibh nóiméad breise agam agus anois táim ar tí imeacht go dtí an t Aerfort, ag feitheamh ar mo shiob atáim, beidh mé in Eirinn ar maidin agus caithfidh mé seachtain ansin. Beidh bainis Máire agus Tomás Dé Satharn i Gougane Barra Co Corcai agus beidh craic againn gan amhras. Scéal na bainise an tseachtain seo chugainn. Inniu Shrove Tuesday agus bhíos ag smaoineamh go raibh pancóga againn i gcomhair an tae nuair a bhíomar óg. Bhíodar cosúil le crepes, le im agus sú lemon. An-bhlasta.