Monday, September 27, 2021

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2021

Tá sé ag teacht!


Oireachtas na Samhna 2021 agus an Chuairt Filíochta
Tá na sonraí go léir anseo ag Áine. Durkin

Agus is féidir féachaint ar chlár 2020 chomh maith buí le Proinsias Mac a'Bhaird.






Tuesday, September 14, 2021

Dílseachta Bhranda agus an Sparán.




Cloistear cúlscéalta i bhfeachtais mhargaíochta go minic faoi láthair. Is breá le fabhalscéalta agus a leithéid ar ndóigh ach anois feicim go bhfuil cúlscéal ar go leor leor earraí -  ar mo bhosca Muesli mar shampla, bosca uibheacha (Sicíní a bhíonn sásta lena saolta, ag foráiste leo féin, saor ó strús), sú oráiste fiú! Is cosúil go bhfuil éirí go maith leis na comhlachtaí lena bhfeachtais. Bíonn siad ag iarraidh difir a chothú idir a n-earra agus ceann eile nuair nach bhfuil ach beag eatarthu. Ach seo í an cheist sílim, an mbíonn an siopadóir toilteanach íoc sa bhreis as an scéal in ngan fhios dó/dí féin? Nó cinneadh idir dhá rud a dhéanamh bunaithe ar an gcúlscéal?

Bhí mé ag taispeántas na mbád blianta ó shin in Annapolis, Maryland, deireadh an tsamhraidh nó b'fhéidir tús an fhómhair a bhí ann,  aimsir ghrianmhar agus mheirbh cé go rabhamar in aice na farraige. Ba dheas am a chaitheamh saor ón teas i bpobal Hendricks Gin (agus samplaí beaga a shlog siar!) Bhí cúlscéalta na dí ón 18ú haois le fáil ansin chomh maith, na oibrithe gléasta i stíl na tréimhse sin agus bronntanais bheaga saor in aisce dúinn - swag! Bhí aoibh mhaith ar chách, ní nach ionadh. 

Chuala mé ionadaí ón gcomhlacht a dhéanann Gunpowder Gin  i Drumshanbo i gcomhrá le Pat Kenny ar a chlár raidió le déanaí. Bhí an caint suimiúil dom mar bhlas mé an jin seo tamaill ó shin tar éis dom buidéal a thabhairt thar n-ais go Nua Eabhrac liom i ndiaidh turais go hÉirinn. (Ní fheadar go díreach cathain, roimh 2020 gan dabht, b'fhéidir trí nó ceithre bliana ó shin.) Bhí an deoch blasta más buan mo chuimhne agus is léir go bhfuil an rath leo mar bíonn sé le fáil i mórán siopaí anseo sa SAM anois, tá sé feicthe agam i Nua Eabhrac agus Maine ach go háirithe. Tá an suíomh ghréasán go deas, mar a bhíonn suíomh Hendricks, an stíl cheannann chéanna, (an raibh an dearthóir céanna acu?) Tá eolas faoi na luibheanna srl srl le fáil ansin mar aon le scéalta atá in ainm is a bheith fíor taobh thiar forbairt na dí, ach an cúlscéal cumtha acu faoin Jackalope mar cineál sonóige? Dá mbeadh sonóg acu ní fheadar cén fáth nár dheineadar nasc idir Drumshambo agus créatúr ó fabhalscéal na tíre ar a laghad? Ní thuigim Jackalope mar rogha, is fuatha liom é! Cad faoi scéal faoi seanbhó an cheantair agus a droim láidir mar shampla? 

Bhuel sin é uaim, táim fós beo agus thar n-ais ar diallait na scríbhneoireachta tar éis beagnach ceithre mhí ag seoltóireacht.

Tá an samhradh beagnach thart.

Sláinte.