Monday, April 04, 2016

Gradam: Leabhar Taighde na Bliana 2016

An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann - Comhdháil Náisiúnta

 

Seo thíos an t-adhmholadh a thug mé ag an gcomhdháil náisiúnta in ollscoil Notre Dame, Dé hAoine seo chaite. Bígí ag léamh a chairde!


"Ar dtús ba mhaith leis an gcoiste Brendan Kane, Ollscoil Connecticut, Caoimhín Scannell, Ollscoil Saint Louis, agus mé féin ár mbuíochas a ghabháil le hÉamonn Wall, Ollamh an Bhéarla ag Ollscoil Missouri as a chuid tacaíochta le hurraíocht a chur ar fáil don gradam bliantúil tábhachtach seo, go dtí 2020.

Tá áthas ar an gcoiste gradam 2016 a bhronnadh ar Chormac Ó Comhraí i mbliana, de bharr a leabhar Sa Bhearna Bhaoil, Gaillimh 1913 -1923, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht (2015). 412 leathanaigh.


Ba thréimhse corraithe na blianta ó 1913 go 1923 do mhuintir na Gaillimhe idir chathair agus chontae. Tharla athruithe ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an cheantair díreach mar a tharla timpeall na tíre sa thréimhse céanna. Tháinig meath ar an bPáirtí Dúchais agus fágadh spás ansin d’fhorbairt Shinn Féin agus an IRA. Chuir Éirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha athruithe eile ar an réigiún de réir a chéile. Cíortar sa leabhar seo an tslí ina ndeachaigh na hathruithe seo i bhfeidhm ar mhuintir na Gaillimhe; an dream a thacaigh leo agus iad a chuir ina n-aghaidh agus, cuirtear príomhcharachtair na coimhlintí ar gach taobh inár láthair.


Tharraing an t-údar ar réimse leathan foinsí; leabhair, cáipéisí atá foilsithe agus foinsí neamhfhoilsithe chomh maith, béaloideas agus scéalta príobháideacha a fuair sé trí agallaimh ó bhun go barr an chontae. In ainneoin comhairle a fuair sé d’éirigh go maith leis an ábhar seo a cíoradh le gaolta an dreama a bhí páirteach in imeachtaí na tréimhsí trioblóideacha sin.


Baineann an chéad chuid den leabhair leis an gcomhthéacs agus le hÉirí Amach na Cásca, baineann an tarna chuid leis an réabhlóid pholaitiúil agus le fás Shinn Féin, pléann an tríú cuid le príomhimeachtaí a bhain le Cogadh na Saoirse i nGaillimh agus pléitear an Cogadh Cathartha ag an deireadh.


Ní theipeann an leabhar scéalta na tréimhse seo a thabhairt dúinn díreach ó phobal na Gaillimhe, pé chúlra a bhí acu. Tá fonótaí iontacha ar fáil agus bailiúchán ghrianghraf den scoth sa lár. Scríobh an t-údar ón tús sa Ghaeilge, agus mar a luaigh sé is le muintir dheisceart Chonamara an stair seo, mar sin ba chóir dó an leabhar a bheith scríofa ina dteanga féin, ‘sé sin ár dteanga. Comhghairdeas leat arís a Chormaic. " 

-------------------------------------------------
Mícheál Ó Chonghaile ag ghlacadh an gradam mar ionadaí an údair, Cormac Ó Comhraí
-------------------------------------------------


Hilary Mhic Suibhne
Ionadaí na Gaeilge
An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann
American Conference for Irish Studies

Ollscoil Notre Dame
1 Aibreáin 2016