Monday, February 27, 2006

Fos beo!

Táim ar ais. Bhí mé ar turas deich lá. Ar dtús chaitheas an deireadh seachtaine seo chaite in Esopus NY. Deireadh seachtaine na Gaeilge a bhí i gceist. Bhí deichniúr againn ag múineadh agus timpeall céad daoine ann ag foghlaim na teanga. Níos mó ar ball faoi sin. Bíonn sé i gcónaí go breá a bheith páirteach.

Ansin chaitheas seachtain i dtuaisceart an stáit ag sciáil. Seachtain bhreá a bhí againn ó thaobh an sneachta de, ach bhí timpistí ar an sliabh an tréimhse seo. Fuair aon fear amháin bás Dé Luain, trócaire Dé air. Chuaigh sé as smacht ar fána ghéar go luath ar maidin, bhí an taithí aige le sciáil ach fós féin ní raibh seans aige ar an bhfána sin, fuair sé bás ar an sliabh............ Le sin bhí ceathrar gortaithe go dona i dtimpistí éagsúla. Bhí ar duine amhain acu dul chuig an ospidéal i helicopter. Baineadh na timpistí sin geit asainn uile a bhí ann, is minic a bhíonn baol ann i ngan fhios duit, duine eile as smacht a bhuaileann fút.

Anois ar ais agus cairn mór oibre os mo chomhair inniu.

Thursday, February 16, 2006

Blog Awards!

Fuaireas an t-eolas go bhfuil an blog seo ar an liosta faoi: Best Use of Irish in a Blog. Mar sin a chairde, téigh chuig an suíomh agus caith bhúr vótaí…..inniu!!!

Wednesday, February 15, 2006

Saol An Mhadaigh Bháin ag Púca agus Banba

D’oscail mé tarraiceán na cistine ar maidin agus mise fós i mo chodlatán agus cé a bhí ann ach luch bheag ag rith timpill idir na sceana agus na foirc. Baineann lucha geit asam i gcónaí. Is fuath liom iad. Ligeas scread asam agus d’imigh sé go tapaigh áit éigin idir an tarraiceán agus an falla agus mise fágtha scriosta, mo chroí ag bualadh go trom. Lag….. Bíonn Paraic as baile i gcónaí nuair a tharlaíonn crisis! (Bhíos níos fearr cúpla seachtain ó shin gan aibhléis.) Ach níor tháinig líonrith amach is amach orm. Tar éis nóiméid nó dhó bhíos ceart go leor ach orm an tarraiceán a glanadh amach. Cén fáth go mbíonn lucha chomh neirbhíseach sin ag fágáil chaca gach áit ina ndiaidh? Agus ceist eile, cén fáth nach raibh Púca agus Banba ag obair sinn a choimeád saor ón mionainmhithe mar iad siúd? 'Sea, tá saol an Mhadaidh Bháin ag an mbeirt sin. Tá orm gaiste a chur anocht le súil nach dtéann na cait ró gar do………..

Thursday, February 09, 2006

Dídean don Scoil Chois Claí.

Chuireas amach APB cúpla seachtain ó shin anseo i Westchester NY agus áthas orm a rá go bhfuil dídean agam anois dár scoil nua, An Scoil Chois Claí. Fuaireas cuireadh ó The Kerry Association i Yonkers NY teacht agus an chéad téarma a bhunú in a bhfoirgneamh álainn nua deisithe. Táimid lán sásta le seo agus beimid ag leanúint lenár ranganna ansin ar an 28ú Mí Feabhra. Leanfaidh an chéad téarma seo ocht seachtaine. Ta súil agam go n-oibríodh sé amach ansin agus go mbeidh téarma eile againn ann. Anois tá orm teacht ar ionad oiriúnach do Lá na Gaeilge NY 2006, de gnáth tagann breis agus 70 ag ceiliúradh an teanga le ranganna, léacht, ceardlanna agus seisiún. ABP eile. Seomra mór amháin agus cúig nó sé seomra ranga..in ionad éigin i lár Westchester, sin an méid.

Wednesday, February 08, 2006

Ag Déanamh Faillí ina nDualgais.

Fuair buachaill beag eile, ceithre bliana d’aois, bás le déanaí in NYC ó drochíde. Ba iad a mháthair agus a fear a bhí ciontach, go mór mhór an fear seo, ocht mbliana déag d’aois agus brúidiúil..... níorbh é athair an paiste é…....agus níor dhein an máthair aon rud a mac a shábháil óna bhualtí uafásacha arís is arís eile. Ní raibh seans ag an mbuachaill seo ón dtús. Ní chreidfeá na gortuithe.

Bhí sochraid an pháiste inné, léigh mé trácht ar sa NYTimes. Bhí breis agus nócha daoine ann agus agallaimh le cuid acu ar an bpáipéar. Bhíodar go léir scriosta agus ag caint faoin buachaill beag seo agus an spiorad a bhí ann agus araile, ach cá rabhadar nuair a bhí sé ag fulaingt?


Monday, February 06, 2006

Ceol, Stair, Craic.

Oíche Aoine i nGlucksman’s House NYU. Bhí an ceolchoim ana mhaith ar fad agus lucht éisteachta mór, bhí an teach lán chun dorais! ní raibh suíochán fágtha nuair a shroicheamar. Cé go bhfuil cuma tromchúiseach agus stuama orthu sa phictiúr seo, mar a bhíonn ar ceoltóirí cheoil gaelach i gcónaí, bhí an ceol beoga agus iontach mar is gnách ón dream seo. Sa lár Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Orceau, ar chlaí Ivan Goff agus ar dheis Myron Bretholz.

Bíonn cur síos stairiúil ag Gearóid roimh gach píosa cheoil, nó ar a laghad thugann sé píosa faoi cúlra an údair dá lucht éisteachta. Cuireann sé seo buntomhas ana thábhachtach ar an gceol agus ar ndóigh ar an gceolchoirm uile. Ba mhinic a bhí an sean cheol agus an stair fite fuaite le cheile, seans na ceoltóirí a bhuíochas, a bhrón agus araile a chur in iúl. Ba mhinic leis a bhí na mothúcháin ceangailte le cúrsaí staire nó cúrsaí sóisialta (iad féin bunaithe sa stair). Tá sé seo le feiceáil chomh maith i stair litríocht na hÉireann, tháinig cas ar an litríocht le cásanna polaitíochta. Níl se sin le rá nach raibh greann, dóchas agus craic ann, ‘s iad sin na comhábhair a gcuireann an snas Éireannaigh ar an gcultúr.

Friday, February 03, 2006

Oícheanta breátha na gceolta.

Bhí seisiún breá cheoil againn oíche Chéadaoin sa phub Dunne’s i White Plains. Bhí deichniúr ag seinm agus dream mór sa lucht éisteachta, seachtar againn ina measc le Gaeilge. Tháinig triúr a mbíonn ag freastal ar ranganna anseo i NY agus rinneadar an jab an teanga a labhairt an oíche iomlán. Anocht beidh mé ag dul chuig ceolchoirm i Glucksman’s House NYU i ndeisceart Manhattan, beidh Gearóid O hAllmhuráin ó ann ag seinm ar a consairtín. Bhuaileas leis anuraidh den chéad uair ag Lá na Gaeilge i Petersham. Mass.

Thursday, February 02, 2006

Shane McGowan?

Scríobh mé go magúil lá ó shin faoin dúil nach beag a bhíonn orm le déanaí ar Caife Mocha, dúil soineanta go leor. Ansin inné bhí mé ag léamh sliocht gearr faoi Pete Doherty, sin an ceoltóir “mór le rá” sa bhána cheoil Babyshambles. Is cosúil go bhfuil sé níos cáiliúla faoi láthair óna gheáitsí de dheasca drugaí….ná óna chuid cheoil. Ach bíonn duine nó beirt mar sin i gcónaí sa domhan roc cheoil, ar an imeall mar a déarfá, ach fós féin le lucht leanúnaí a mhaitheann gach peaca agus a bhaineann an taitneamh as a shaothar in ainneoin a chóras iompair, nó b’fhéidir de bharr sin? Bhí mé ag tiomaint áit éigin agus tharla go raibh CD The Pogues sa charr liom, d’éist mé arís ar Rainy Night in Soho agus chuir sé sin mé ag smaoineamh ar an udar. Is amhrán ghrá álainn é ó pheann Shane McGowan, ach cad a tharla dó? Cé go gcloisim go rialta ar a chuid cheoil níor smaoinigh mé air le fada anuas, bhí sé fiáin amach is amach agus é i mbarr a réim. Fear éirimiúil seachmallach a bhí ann le féith na filíochta ina chuid scríbhneoireachta. Cheapaim go raibh sé ar bhruach aille go minic……….. An bhfuil sé fós beo? An bhfuil a fhios ag éinne cad a tharla dó?