Friday, March 31, 2006

Dlí amháin i gcomhair na Gárdaí? Dlí eile don phobal.

Tá sé dochreidte nach bhfuil duine ar bith freagrach ar son bás Mary. Anois, is cosúil go bhfuil an locht ar an mbóthar fliuch nó ar bhoinn an chairr, ach, go bhfóire Dia orainn, níl h í an tiománaí atá freagrach ar chor ar bith.
Ní féidir liom níos mo a scriobh faoi seo, bhí mé ag féachaint ar an RTE nuacht gach oiche an tseachtain seo agus anois tá an-díoma orm. Bhí an carr as smacht de dheasca an iomarca luas.

Bhí brón orm a chlois go bhfuair Tom McGahern bás inné. Scriobhneoir den scoth a bhí ann

Tuesday, March 28, 2006

Séasúir na Cánach!

Ag tús an tEarrach bím i gcónaí gnóthach….le cúrsaí na cánach!
Sin é, bhíos chomh gnóthach le “sclábhaíocht” an lae i rith na seachtaine seo chaite, nach raibh seans agam fiú cúpla focal a chur suas anseo. Bíonn sé i gcónaí mar sin ag deireadh jab mór agus é ag dul i gcló. Ansin le teacht an deireadh seachtaine bhí orm mo chúrsaí cánach a bhailiú agus iad uile a bheith in ord roimh cruinniú lenár rúnaí maidin inniu. Críochnaithe anois B le D.

Maidir leis an teanga táim ag obair anois ar Lá na Gaeilge 2006. Beidh sé againn i mbliana in IONA College, New Rochelle NY, ar siúl ar an 22ú Aibreáin ó 9:30rn go 5in, sé sin an Satharn tar éis na Cásca..... agus fáilte roimh cách a bhíonn suim sa Ghaeilge aige nó aici. Cuirfidh mé tuilleadh eolais anseo chomh luath agus atá sé curtha le cheile agam.

Agus, ná déan dearmad go bhfuil deireadh seachtaine na Gaeilge i Long Beach Island NJ ag tosnú an Aoine seo, an 31ú lá. Beidh mé ann ó am Lóin Dé Sathairn mar tá cruinniú agam maidin Sathairn in NY leis an Dept of Homeland Security!
Is cosúil go bhfuil mo mhéarloirg uathu arís, cé go bhfuil siad acu ó naoi mbliain ó shin nuair a bhfuaireas mo chárta glas. Níl athrú tagtha ar mo chuid mhéarloirg sa tréimhse sin, chomh fada agus is eol dom!




Saturday, March 18, 2006

La le Padraig

D'imigh an tseachtain go tapaidh uaim de dheasca bru oibre agus ansin bhi La le Padraig buailte linn. Bhi Aifreann Ui Riada i Manhattan. Cuireadh amach APB i measc lucht na teanga cupla la roimis, mar sin thainig slua mor agus d' eirigh go geal le gach rud. Bhi an ceol agus an amhranaiocht ar fheabhas ar fad. B' ocaid ana mhor i agus seans duinn uilig a bhionn suim againn sa teanga teacht le cheile. Bhuaileas le seanchairde agus cairde nua, mar shampla Seamas O'Neachtain o Long Island. Labhair me leis den chead uair an tseachtain seo ar an nguthain ce go rabharmar i dteaghmhail le cheile tri blagadoireacht le fada anuas........... Ansin d'imigh sinn ar ar mbealaigh difriula an La Mor a cheiliuradh inar slite fein.....
Bhi cuireadh agam chuig coisir bhricfeasta in arasan thuas bhaile, teach Noel Cotter, agus bhi beile iontach curtha le ceile aige da cairde. Bhi an-craic againn, ceol agus canadh le cloisint, bia go fluirseach os ar gcomhair ag an bhfear fial flaithiuil seo. Bhi plean ag cuid den dream seo dul ag siul sa mhorshiul agus bhi arasan Noel mar basecamp doibh chomh maith.
Tar eis dom slan a fhagail leo, (le Noel go h-airithe mar d'imigh se ar turas se mhi areir), amach on gcathair agus ar aghaidh liom go tuaisceart an stait, go dti an Adirondack Mountains, saghas parallel universe domsa ...saol eile amach is amach a bhionn agam thuas anseo. Nil moran sneachta faghta anseo agus sinn ag teacht chuig deireadh an seasuir ach fos fein bainim an taitneamh as treimhse ghearr, fiu deireadh seachtaine san ait iargulta seo.
Sin an fath nach bhfuil " fadas" agam inniu ar an riomhaire leabharlainne seo.
Suil agam go raibh La le Padraig brea ag gach duine.

Saturday, March 11, 2006

Oíche na Gaeilge



Bhuel……bhí oíche bhreá againn aréir.

Tá bua na cainte ag Danny Sheehy agus duine ana chairdiúil é chomh maith. Bhí an-áthas ar gach uile duine teacht le cheile leis ag an Oiche na Gaeilge sa Kerry Association aréir. Bhraitheas go raibh am ag Danny do chách, idir na daoine líofa, na mic léinn agus iad a bhí i láthair tacaíocht a thabhairt nuair nach raibh ach an fhíor cúpla focal acu…. Labhair sé linn faoi stair na naomhóige agus na difríochtaí idir an naomhóg agus an churach. Bhí scéalta aige faoi na hoileáin i gCorca Dhuibhne agus na daoine a mhair orthu fadó. Le sin bhí sé ag caint faoi a leabhar nua, Allagar na gCloch a tháinig ar an margadh le fíorghairid. Tá an leabhar seo lámhdhéanta le Púca Press agus soiléir go saothar ealaíona sa seana cheird na clódóireachta atá i gceist, gan trácht ar an sár Gaeilge atá le fáil ann. Rud eile, tábhachtach na laethanta seo, ná, tá aistriúchán leathanach ar leathanach déanta amach i gcló oiriúnach. Osclaíonn aistriúcháin doras an teanga le fáilte roimh foghlaimeoirí. Is cosúil go eagrán teoranta é seo, brón a rá, mar sin bíonn gach leabhar costasach go leor, ach, ag an am céanna is leabhar neamhghnách é, lámhdhéanta le meas nach beag ar cheard atá beagnach imithe an lá atá inniu ann. Is iontach an jab é.


An pictiúr thuas? An Blascaod Bán, glactha le Micheál de Mórdha seachtain ó shin. Grma

Thursday, March 09, 2006



Anois le teacht Seachtain na Gaeilge, tá Oíche na Gaeilge curtha le cheile agam sa Kerry Association, Yonkers, NY. Beidh dream againn ag teacht le cheile timpeall 7 pm oíche amárach an 10ú lá de Mhí an Mhárta. Beidh aoi againn i Danny Sheehy ó Baile an Fheirtéaraigh, eisean a bhuadh an Corn Bhab Feiritéar, (Scéalaíocht) anuraidh in Oireachtas na Gaeilge. Beidh comhrá, scéalaíocht, léitheoireachtaí agus pé rud eile a tharlóidh eadrainn beidh craic againn!

Beidh meascán sa lucht éisteachta idir daoine le Gaeilge líofa agus iad atá ag foghlaim na Gaeilge faoi láthair anseo. Beidh sé seo ar siúil thuas staighre agus mar bharr ar an ádh beidh céilí thíos staighre níos déanaí an oíche céanna, faoi choimirce Comhaltas Ceoltóirí. Plean againn bhogadh thíos ansin tar éis ár n-eachtra le Danny. Leanfaimid ar aghaidh le ceol, rince agus braon dí agus cibé ar bith eile a fhorbairt idir dream na teanga agus dream na rince!
Fáilte agus fiche roimh cách!

Monday, March 06, 2006

Ó Sex and the City go Ros na Rún!

Is fuath liom iarnáil, tá sé chomh leadránach sin, ach ag an am céanna is maith liom éadaí ata iarnáilte, mar sin bíonn sé le déanamh agam go rialta. (níl éalú as ach duine a íoc as an jab ach faraor ní féidir liom é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil an bua agam sa Lotto.)
Ba é an nós agam le fada anuas ná féachaint ar rud éigin ar an teilifís agus mise ag déanamh an jab leamh seo m’intinn a choimeád cuíosach beo. Tá córas digital television againn agus is féidir taifead a dhéanamh go huathoibritheach leis. Ansin aon uair atá orm an jab a thosnú bíonn clár oiriúnach agam… rud eile ná leis an gcóras seo ní bhíonn orm féachaint ar aon fógraíocht ar bith, léimim tharstu …is aoibhinn liom é sin.

Ba Sex and the City an chlár a roghnaigh mé tamall ó shin an t-am seo ag iarnáil a chur isteach ach anois tá na cláir sin go léir feicthe agam. Bhíodh sé oiriúnach de bharr an greann agus fad an cláir, agus bhaineas taitnimh as féachaint ar an dream sin i gcathair Nua Eabhrac agus a gcuid geáitsí. Tá an sraith seo críochnaithe le tamall anuas, bhíos ag féachaint ar na h áth chraoltaí mar ní fhaca mé iad an chéad uair ach níorbh fholáir dom éirigh as sin nuair a thosnaigh siad ag athchraoladh na h-áth craoltaí!!! Is leor sin!

Thosnaigh mé le déanaí ag féachaint ar Ros na Rún ina áit.
Nílim suas leis an scéal fós. Tá cartlann le fáil ar an líon agus cé go bhfaca mé clár anois is arís trí na blianta roghnaigh mé dáta roimh na Nollag chun túis a chur ar mo ghaol leis an gclár seo. Chuireas tús le déanaí féachaint ar chlár nó dhó aon uair a bhím greamaithe leis an iarnáil. Tá sé ana mhaith, greannmhar, carachtair láidir ina slite féine agus is minic a bhíonn snáth an scéil casta go leor. Táim fós ag iarraidh cúlra na carachtair a thuiscint, is cosúil go raibh ceangail eadraibh uile trí pósadh nó páistí nó rud éigin san am atá thart agus ní thuigim go díreach cad iad na ceangailtí sin, ach nach mbíonn sé mar sin i ngach sobal dhráma?

Is aoibhinn liom an seanfhear Séamas, duine dílis nádúrtha atá ann….(go dtí seo?) agus cuireann Tadhg chun gáire mé i gcónaí, eisean an diabhal amach is amach. Nach bhfuil cuma álainn ar na mná uilig? agus, is glé liom gur aisteoirí den scoth iad siúd chomh maith.

Ar dtús chuir na fotheidil isteach orm, ach is minic a bhíonn na scríbhneoirí sin ag pleidhcíocht linn chomh maith. Bhí mé ag féachaint ar chlár inné, tháinig Conal isteach sa bheár, agus dúirt Tadhg go searbhasach, “Oh, Fa Doo Da atá ann” agus an fotheidil ‘Here’s the Donegal man” Bhris mé amach ag gáire.

Thursday, March 02, 2006

Moncaí ar mo Ghualainn

Tá moncaí, nó níos mó ná ceann amháin, ar mo ghualainn. Tá orm scaoil amach uathu agus níl an tarna rogha agam ach mo cheann a dhíriú agus a choimeád ar an jab inniu, gan a bheith ag léamh bloganna agus araile……...De gnáth bím ana mhaith i mo bhainisteoir ama ach le déanaí táim “fragmented” mar a déarfá, le stuif difriúla ar gach thaobh. Déanfaidh mé glantachán intinneach inniu, gach rud a chur in ord éigin, críoch a chur ar cúpla rud roimh tús a chur ar aon rud eile…………….
(Plean agam dul ó thuaidh ag an deireadh seachtaine ach ní féidir gan roinnte oibre a críochnú do dhaoine an tseachtain seo…)
Ach, amach ón lá oibre, maidir le cúrsaí na teanga, chuireamar tús lenár Scoil Chois Claí oíche Mhairt agus d’éirigh go maith linn, bhí ceithre rang againn agus dream mhaith i ngach ceann. Leis sin, bhí oíche bhreá againn sa phub, Dunnes in White Plains NY, aréir. Club na Chéad Chéadaoin…. Bhí an seisiún ar fheabhas ar fad agus iontach an teanga le cloisint go nádúrtha ann chomh maith. Anois tá taithí ag an úinéir, Seán agus fear an bheár Eamonn linn anois agus tá níos mo muinín acu labhairt sa Gaeilge an oíche iomlán.

Anois, siar liom ar an lá oibre agus na moncaithe.

Wednesday, March 01, 2006

PC

Bhí ionadh orm nuair a chuala mé na scéalta faoi na trioblóidí i mBAC tráthnóna an tSathairn seo chaite. Tá ráflaí ag dul timpill faoi agus ní fheadar an dtiocfaidh an fhírinne amach riamh. Ní thuigim, i ndáiríre, an fáth go raibh mórshiúil Love Ulster i mBAC áfach? Tuige nach mbeadh a mórshiúil sa Tuaisceart? B’fhéidir nach dtuigim an scéal iomlán….Táim bréan ó Political Correctness.