Monday, November 12, 2007

US.Ireland Forum i NYC

Cúpla focal faoin US.Ireland Forum a bhí ar siúl i NYC an tseachtain seo chaite san óstlann Affinia i lárbhaile. Lá go leith le leachtaí faoi an ról comhaimseartha a bhíonn ag an Diaspora i bhforbairtí áirithe in Éirinn agus an gaol idir na tíre sa lá atá inniu ann agus amach anseo.

Tá athruithe tagtha ar an ngaol seo thar an tréimhse deich mbliana atá díreach thart, teacht le síocháin sa tuaisceart, an tíogar ceilteach agus na forbairtí uile a lean a theacht, athruithe ar luach an euro i gcomparáid leis an dollar, ní gá dul isteach ar gach uile rud. Ní raibh seans agam dul ach go ceithre ionad as deich cinn a bhí le fáil ach cheapas go raibh na cinn seo “Culture and Education” Community In Transition” agus “Why the Diaspora really matters” suimiúil go leor mar bhaineadar le téama an Forum, ‘se sin an ghaol idir Eire agus na Stáit (na hÉireannaigh….agus na Meiriceánaigh ) nó mar a bhí luaite go minic an drochmheon a bhíonn ag na hÉireannaigh roimh na Meiriceánaigh, nó b’fhéidir roimh na Stáit go hiomlán in ionad na Meiriceánaigh. Gan dabht tá cuid de bunaithe ar an gcogadh, agus uachtarán na laethanta seo, ach téann meonta níos doimhne ná sin, dar liom, ach is féidir iad sin a úsáid mar leithscéalta……

Níor cheapas gur bhain gach rud ar an gclár díreach leis an téama a bhí foilsithe roimh ré ach deirtear liom nach rud as an ngnáth é sin ag cruinnithe mar an ceann seo.

Bhí meon an daoncharad mar ábhar ag an bhForum chomh maith agus an fhíric aisteach go bhfuil Eire fós ag féachaint thar an aigéan teacht ar thacaíocht i bhfoirm an daonchairdis, fad is a bhíonn na hÉireannaigh nua-saibhir ag chur a n-airgead breise i dtithe, talamh agus árasáin na tíre seo, go mór mhór NYC! (...leis an dollar chomh lag agus atá sé.) Is cosúil nach bhfuil meon an daoncharad in Éirinn os rud é go bhfuil an saibhreas seo chomh nua….ach níl an nós a bheith lonnaithe go h-oifigiúil thar lear agus mar sin cáin a sheachaint nós nua aimseartha in Éirinn (nó aon tír shaibhir eile ach oiread.) Ach is trua áfach, nach bhfuil níos mó dóibh siúd le saibhreas mór, toilteanach a gcuid cánach cirt a íoc, agus níos tábhachtaí fós ná cuid dá milliúin breise a thabhairt thar n-ais i slite a bheadh cabhrach don glúin atá ag teacht ina ndiaidh, agus cabhróirí gan ainm? ‘Sea, bíonn siad ann… Bíonn siadsan le feiscint ag obair go rialta sna “cistine an anraith” nó ag coimeád súil ar sean daoine atá ina gcónaí ina aonar…

No comments: