Tuesday, November 20, 2007

Gaelscoileanna, níos mó…

Léigh mé alt inné a scríobh Muireann Ní Mhóráin sa leabhar Who Needs Irish?: Reflections on the Importance of the Irish Language Today (Tá an leabhar i mBéarla) Bhí sé soiléir ón a h-aiste go bhfuil frustrachas uirthi le meon lucht gan meas madra acu ar an nGaeilge (ní maith liom an focal Galltacht, an bhfuil ceann eile againn?) agus í ag iarraidh an teanga a thabhairt dá páistí ón gcliabhán. Tuigim go mór an fhadhb sin, ní rud ar bith nua í…...ach lean sí ansin le cur sios faoi na deacrachtaí sna gaelscoileanna faoi láthair an teanga a choimeád saibhir fad is a thagann páistí isteach gan Gaeilge ar bith acu. Ansin tosaíonn siadsan ag foghlaim na Gaeilge, ach níl an teanga ón gcliabhán acu siúd, agus ní bhíonn sí sa bhaile acu ach oiread agus ansin bíonn ar páistí, mar a cuid féin, le saibhreas teangan, athruithe a dhéanamh, seachas sin ní bheadh cumarsáide idir na páistí ach trí mheán an Béarla. Hmm…Ní raibh mé ag smaoineamh ar seo, caithfidh mé a rá. Os rud é nach bhfuilim in Éireann agus nach bhfuil paistí agam ar scoil ansin. Ach tuigim an frustrachas. Má bhíonn sise agus tuismitheoirí mar í ag déanamh a ndícheall an teanga a thabhairt ón gcliabhán dá pháistí, agus iad a chur ar scoil lán ghaelach dá bharr, tuige nach mbeadh na tuismitheoirí eile a roghnaigh an scoil céanna, toilteanach an teanga a úsáid sa bhaile chomh maith? Ansin bheadh sé ceart go leor Béarla a bheith mar ábhar scoile luath go leor sa scoil. An fhadhb atá ann is dócha ná is scoileanna móra faiseanta iad na Gaelscoileanna anois, buí le na múinteoirí agus na tuismitheoirí uile a oibríonn le cheile, agus as sin tá éileamh mór orthu. Is dócha go bhfuil ar tuismitheoirí nua a gheall go bhfuil suim acu an teanga a labhairt sa bhaile? Nó ar a laghad iarracht a dhéanamh? Nó dul chuig ranganna oíche teacht ar an teanga labhartha, nó rud éigin!!! Ní dóigh liom go mba cheart é dul ar ais chuig laethanta “phóilíní na teanga” sna Gaeltachtaí fadó, (ní chomh fada siar!) chun a fháil amach an bhfuil fíor suim ag na tuismitheoirí an teanga a úsáid ach tacaíocht a thabhairt dá mbeadh sé uathu. Ach tá sé tábhachtach a bheith fáilteach roimh cách le suim acu sa teanga, níl aon maitheas daoine áirithe a fhágáil amach os rud é nach bhfuil saibhreas acu……..níl le éinne, nó gluaiseacht ar bith an teanga seo ach leo atá suim acu í a labhairt.


Leigh mé sa leabhar céanna aiste shuimiúil a scríobh Lorcán Mac Gabhann a léiríonn chomh casta agus achrannach a bhíonn sé Gaelscoil a bhunú, tá sé dochreidte na constaicí uile a cuirtear sa bhealach! Bíonn uisce faoi talamh gan amhras….. Tá ana mheas i ndáiríre agam orthu siúd a bhunaigh na scoileanna seo tar éis a phíosa a léamh.



3 comments:

aonghus said...

Leabhar thar a bheith maith. "Díonchruthú" don Ghaeilgeoir!

Dubhaltach said...

Is breá liom aiste Mhic Ghabhainn sa leabhar sin, tugann sé léargas iontach maith dúinn ar na naimhde atá ag Gaelscoileanna in Éirinn.
An Roinn Oideachas agus an Eaglais araon mar a fhios agatsa.
Agus anois tá Aire Oideachas againn atá ina ball den Opus Dei freisin!

Jennifer said...

Hey Hilary;
ta blag agam ag http://misemamai.blogspot.com/
ta cotadh orm e sin a ra duit mar ta gaeilge lag agam.. ach ba bhrea liom ma leifea e.. go mor mor mar ta ceist agam anois ann.. thosaigh me ag leimh do bhlag cupla mi o shin agus ta se cabhrasacht agus suimiuil.
Go raibh maith agat!