Friday, November 30, 2007

Cocktail Time

Bhaineas triail as comhairle Phoil, agus bhí sé go deas! Ach bhuail an casachtach orm go trom ag tús na hoíche agus ansin ag dul trí an cófra leighis tháinig mé ar cúpla buidéal oiriúnach agus ghlacas braon mhaith as ceann amháin, Robitussin. Stop an casachtach beagnach ar an bpointe deoch draíochta a cheapas ar dtús, ach d’fhág sé mé i mo dhúiseacht agus corraithe an oíche iomlán, droch draíocht i ndairire. Ansin bhí orm roinnte acetaminophen a chaith siar de dheasca tinneas cinn!
Anois níl a fhios agam an bhfuilim ag teacht nó ag imeacht! Crikey, dá rabhas fíor tinn bheinn i mo droch othar amach is amach.
Bheadh gach rud ceart go leor ach tá plean agam dul go dtí an ceolchoirm seo sa Skirball anocht, tá na ticéid agam cheana agus ba mhaith liom dul ach go bhfuilim traochta. Ochón.

1 comment:

Séamas Poncán said...

Bí cúramach. Bhí an núimóine ar Ghearóid Ó Ceallaigh tamall ó shin. Mura dtagann feabhas ort faoi cheann tamaill bhig eile, téigh go dtí an dochtúir!

Agus ní molaim go n-ólann tú biotáile agus tú ag caithemah cógais. Sin baolach.

Go raibh biseach ort go luath. Agus téigh a chodladh go luath anocht!