Saturday, September 26, 2015

Báid an Bháis ag Seoltóireacht Arís

Chonaic mé an dealbh seo i músaem an Ghórta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac bliain go leith ó shin. Ní cuimhin liom ainm an dealbhóra, b'fhéidir John Behan? ach gheobhaidh mé é agus cuirfidh mé anseo é amach anseo. Nochtann an dealbh an tslí ina gcoimeádtar na glúin trioblóidí a sinsir iontu, fad is ar éigean atá siad ag bogadh ar aghaidh.
Imíonn an t-am ach fágann sé a lorg i slite difriúla. Braitear go gcoimeádann sé ár rúnda ach ní i gcónaí -  ba mhinic a cheaptar nach mbíonn a loirg le feiscint ach muna bhfuil is amhlaidh a bhíonn siad ann, ina mbealaí inmheánacha, mar lorg dóite nó tatú ar chraiceann atá clúdaithe.  Aithnítear é seo - ach ní i gcónaí a thuigtear; is cuid dár n-oidhreacht iad fulaingthe ár sinsir. B'fhearr linn dearmad a dhéanamh, b'fhearr linn gan labhairt fúthu, b'fhearr linn go n-imeoidís san aer. Ach iompaítear linn lorg a streachailte i ngan fhios dúinn féin.

Cloistear scéalta gach ré lá faoi na Siriaigh agus iad ag bogadh ó thuaidh gan faic óna dtír dúchas. Tugtar "imircigh" orthu in ionad "dídeanaithe" faoi mar a tugadh "imircigh" ar na hÉireannaigh i lár an naoú haois déag. Sainmhínítear "dídeanaí" dar liom ná duine a theitheann óna thír féin de dheasca cogaidh, géarleanúna, ocrais nó tubaiste. Bíonn báid an bháis ag seoltóireacht arís.
Nach dídeanaithe iad siúd?



Saturday, September 19, 2015

Google Anseo, Google Ansin

Táim ag éirí míshásta le Google: Google anseo, Google ansin. Google gach áit. Fiú an suíomh seo - is le Google an comhlacht Blogspot le tamaillín anois, rinneadar iarracht Blogspot agus Google + a chur le chéile agus thit an tóin as an tsaoil, i mo chás ar aon nós, agus feicim go bhfuil scríbhneoirí eile a bhí ar Blogspot tar éis éirí as de dheasca na deacrachtaí go léir. Bhí sé beagnach dodhéanta domsa nóta a chur suas ar an mblag seo le breis agus bliain anuas! Bhí fadhbanna agam ann le síniú isteach i gcónaí agus nuair a bhí na fadhbanna sin réitithe agam ansin chaill mé teagmháil le cairde trí Google Voice, agus bhí Google Hangouts trína chéile ...osna....Bhí an tsá gránach agam de! Tarlaíonn cac mar seo go minic nuair a bhíonn comhlachtaí móra i gcónaí ag iarraidh cumaisc a dhéanamh le bogearraí ó fhoinsí éagsúla. 
Tá athruithe le déanamh agam anseo, smaointí nua agam faoin suíomh seo.....agus beidh mé sásta le Google arís nuair a bheidh gach rud i bhfeidhm i gceart arís, déarfainn. An éiríonn aon duine eile bréan agus leamh de na comhlachtaí móra?

Monday, April 13, 2015

Fáilte ar ais a chara dhil.


Tháinig an ghrian thar n-ais go Nua Eabhrac inné tar éis saoire rófhada sa leathchruinne ó dheas. Chaitheas leath an lae taobh amuigh agus í ag spalpadh anuas orm. Is iontach í a bhraistint inár dtimpeallacht arís, tá sí cúthail fós áfach agus mar sin is aoibhinn linn í ag an am seo den bhliain. Rinne mé leath iarracht obair ghairdín a dhéanamh ach theip orm, ní raibh mo chroí san obair - ba chuma liom duilleoga briosca agus fuílleach phlanda an tsamhraidh seo chaite anseo is ansiúd, glanfaidh mé amach iad lá éigin!  Scaoil mé amach an fraoch amháin a bhí faoi charn duilleog agus tháinig na beacha gan mhoill. (Féach thuas) Anois níl le déanamh ach an tEarrach a cheiliúradh -Súp a bhaint as an ngrian agus as saoirse na méar-chosa atá bánlag ó bheith i ngéibheann na stocaí le tamall fada. 

Wednesday, February 04, 2015

Timpistí agus Luach Ama

Bhí timpiste uafásach ar mo líne thraenach aréir. Tá crosbhóthar ag an bpointe sin i Valhalla, NY, idir an t-iarnród agus gnáth-bhóthar, agus bhí gluaisteáin ar an líne ag iarraidh dul trasna an iarnróid. Ní fheadar cad a tharla go beacht go fóill, ach is cosúil go raibh na geataí thíos -  taobh thiar agus os comhair an ghluaisteáin sin, agus é gafa ar an líne. Tháinig an traein ar luas seasca míle an uair.

Tá an scéal amuigh anois go raibh an tiománaí ghluaisteáin ag iarraidh dul trasna an iarnróid go tapaigh nuair a bhí na soilse gealánacha ag obair - díreach roimh ísliú na geataí, ach níor éirigh léi.

Fuair sise agus seisear sa chéad charr bás. Bíonn breis agus 600 ar an traein sin.

Is minic a chuireann daoine brú orthu féin ag an am sin den lá sa bhuaic-uaireanta, bíonn gach éinne ag iarraidh nóiméad nó dhó a ghearradh ón turas abhaile i slite difriúla - nóiméad eile sa bhaile b'fhéidir atá uathu - nóiméad níos fearr ná nóiméad nó dhó eile ar an turas chuig a gceann scríbe?

Bhínn ar an traein ag an am sin go rialta agus bhínn sa chéad charr i gcónaí - go dtí le déanaí. Ach an seimeastar seo athraíodh m'uaireanta oibre - mar sin ní raibh mé ar an traein aréir. D'imigh mé liom ón oifig níos luaithe sa lá agus bhíos i dtraein eile ar an líne céanna - sa chéad charr mar is gnách dom.

Ritheann sé liom arís ar maidin nár cheart dúinn an saol a ghearradh mar sin; idir amanna tábhachtacha agus amanna gan mhaitheas, mar shampla turais sa bhuaic-uaireanta. Níl dul astu anois is arís, saol amháin atá ann.