Monday, July 25, 2005

Bean chróga agus ceann eile a bhíos ar tí a cloigeann a bhain dí..........

D’imigh mo mháthair abhaile aréir tar éis beagnach cúig seachtaine anseo liom i NY. Tháinig sí cúpla lá ina dhiaidh sochraid Mháire, bhíos féin díreach teacht ar ais nuair a tháinig sí le mo dheirfiúr Susan ina giolla ar a eitilt, d’imigh sise ar ais abhaile tar éis cúpla lá agus d’fhan mo mháthair anseo.
Is bean cróga í dar liom, teacht anseo agus í beagnach ochtú bliana d’aois, ní amháin é sin ach tá sí faoi bhac le ocht mbliana anuas de dheasca stróc uafásach a bhuail uirthi agus í 71 bliana d’aois agus fós ag rith timpeall ina saol mar bhean i bhfad níos óige ná sin. Tá cathaoir roth aici anois agus ní féidir léi smacht a choimeád ar a taobh deas. Ach bhí an t-ádh léi nár cur an diabhail stróic isteach ar a intinn, bíonn sí chomh géar is a bhíodh sí agus cuimhníonn sí gach uile rud. Rud a bhím amhrasach a rá fum féin, is sieve-head mise le déanaí!
Nuair nach féidir gluaiseacht i gceart go bhfuil ort cathaoir roth a úsáid tagann trioblóidí eile ort. Ni amháin stuif a bhaineann le cúrsaí fhisicíula an choirp, bíonn siad ann, ach feicim na mothúcháin a bhíonn ag daoine áirithe roimh mo mháthair i siopaí, bialanna srl. Ar dtús, ceapann cuid acu go bhfuil sí bodhar nó gan thuiscint agus bíonn siad ag labhairt os ard agus go mall léi. Ansin bíonn cuid acu ann nach féidir labhairt léi ar chor ar bith agus ma chuireann sí ceist orthu casann siadsan chugam leis an bhfreagra……..!

Uair amháin eile bhí páiste óg i siopa agus suim mór aige sa chathaoir roth, bhí sé ag féachaint go géar air, innealtóir ina chroí is dócha. Rug a athair greim air agus do tharraing an buachaill bocht uainn go tapaigh agus é ag gabháil fiche leithscéal linn mar gheall ar a mhac? Ní raibh sé ach fiosrach.

Tá dream eile ann agus cuireann siad isteach go mór orm. Glacann siad an spás páirceála curtha in áirithe d’iad nach féidir gluaiseacht, (ní maith liom an focal bacach/ bacaigh, an bhfuil ceann níos fearr oiriúnach…handicapped) De gnáth ní bhím ag smaoineamh orthu siúd ach i rith na seachtaine seo chonaic mé go glacann ana chuid daoine na spásanna seo nuair nach bhfuil cúis leo nó cead acu. Is minic chomh maith a chonaic duine, fiú le fógra ar an gcarr aici/ aige, ag léim amach gan stró agus isteach sa siopa léi/leis.

Bhí an teach lán anseo ag an deireadh seachtaine, naonúir againn, tháinig mo dheartháir agus a iníon ó Texas cuairt a thabhairt ar ár máthair agus tháinig mo dheirfiúr Valerie ó Luimneach mar ghiolla an turais abhaile. Bhí suim nach beag ag mo dheirfiúr dul ag siopadóireacht mar a bhíonn ag cuid mhaith Éireannaigh a thagann (Bíonn siad uilig chomh saibhir i gcomparáid linne leis an Euro láidir!) Mar sin amach linn Dé Sathairn go Woodbury Commons, ionad siopadóireachta ana mhór ar fad. Ní raibh mé ann le seacht bliana anuas, an uair deireanach a bhí Valerieanseo mar ní bhíonn an suim i siopadóireachta céanna ionam ar chor ar bith. Chaitheamar an lá ansin, an ceathrar againn. Mise an tiománaí, mo mháthair, bean na siopadóireachta, agus mo dheartháir, Naomh Eoin. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí go rabhamar ar tí teacht abhaile, mise traochta agus fonn na dí láidre orm .....agus Valerie fós ar thóir rud éigin, thug mé mo mháthair isteach sa seomra leithris agus cé go raibh 16 acu folamh bhí duine sa ceann mór áirithe do chathaoir roth. Silim go raibh an bhean úd ag baint triail as a h-éadaí nua nó rud éigin. Tháinig sí amach tar éis tamaill agus dúirt "Oh Sorry" Bhí dúil orm í a chnagadh ar a cloigeann le tua ar a laghad.




6 comments:

Anonymous said...

Míchumasaigh is mó a fheicim ar handicapped. (fch mar shampla http://www.acmhainn.ie)

Dar liom gur fearr "bacach", i. duine go bhfuil bac orthu! Ach dar ndó go bhfuil míchlú tarraingthe ar an bhfocal úd.

-- Aonghus

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Aonghus,
Faraor, bhíos ró leisciúil aon taighde a dhéanamh nuair a bhíos ag scríobh an phíosa sin, náire orm a rá. Anois tuigim go bhfuil míchumasaigh faiseanta faoi láthair, grma. Chuir mé glaoch ar mo mháthair cheile, is as an nGaeltacht i dTír Chonaill í, chuireas an cheist uirthi agus dúirt sí nach maith léi míchumasaigh cé go bhfuil sé le cloisint an lá atá inniu ann. Usáideann siad “Cithréimeach” thuas ansin a dúirt sí, go mór mhór na seandaoine ( Tá sise ceithre scór is trí bliana d’aois…..Beannacht Dé uirthi) ach, a dúirt sí, braitheann an míniú ceart ar an leagan ina úsáidtear an focal.(Ní rud nua dúinn é sin) Is cithréimeach í de dheasca stróc. Tá cithréim ar a sciatháin deas de dheasca stróc ….. srl. Tá baint le “misfortune” ann de réir dealraimh nach bhfuil le míchumasaigh.
Ar aon cuma chuir mé an cheist chéanna ar cara agam ó Corca Dhuibhne a fháil amach a thuairim.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Seo é an freagra a fuaireas ó mo chara Micheál i gCorca Dhuibhne:
"Freagra tapaidh!
Glacfaí, a déararfainn le "tá sí faoi bhac", "duine le bac" nó fiú "tá bac uirthi".

Deirtí "tá máchaill uirthi" nó "duine máchailleach" fadó ach ní glacfaí leis sin anois."

Anonymous said...

Thiocfhainn le Micheál.

An rud atá tabhachtach ná gurbh ar dhuine atá an bac, seachas gur tréith dá gcuid é.

Is maith ann an copail!

-- Aonghus

PS Aon seans gurbh Micheál Ó Dubhshláine atá i gceist le Micheál?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní h-é, níl aithne agam ar M.Ó D. Micheál eile atá i gceist as Dún Chaoin.

Anonymous said...

Who knows where to download XRumer 5.0 Palladium?
Help, please. All recommend this program to effectively advertise on the Internet, this is the best program!