Thursday, July 28, 2005

Oireachtas na Gaeilge 2005

Tá plean agam anois dul chuig Oireachtas na Gaeilge 2005 i gCorcaigh. Fuaireas an bhileog inné sa phost. Bhain mé an-taitneamh as an dtréimhse i dTrálí cúpla bliain ó shin, bhí plean agam a bheith i Leitir Ceannain ach theip orm de dheasca tinneas m’athar. Trócaire Dé air.
Aisteach an rud é mar de gnáth ní maith liom comórtais (amach ó gcluichí,) go háirithe nuair a bhíonn siad bunaithe ar chúrsaí na healaíne. Conas gur féidir le na breithiúna a bheith oibiachtúil ar chor ar bith? Is rud amháin í tuairim ach rud an difriúil é breithiúnas.
Ach ar shlí eile is iomaí duine ag Dia: Cuireann na comórtais cuspóir roimh daoine áirithe a ndícheall a dhéanamh agus tagann cuid mhaith acu amach óna gcúthaile agus iad ar an ardán. An rud is tábhachtaí domsa ná is aoibhinn liom éisteacht orthu, na Dreasa gCainteanna, na h Agallaimh Beirte, na Lúibíní srl. Bíonn cuid acu an-chliste agus greannmhar leis, mar sin is cuma cad í foinse an fhuinnimh a cur tús iontu.
Ar a laghad ag Oireachtas na Gaeilge ní bhíonn na damhsóirí maisithe. Is fuath go mór liom na gúnaí gréagach gairéadach a chaitheann na páistí bochta faoi láthair, gan trácht ar na bréagfhoilt, na corónacha agus an aghaidh dhath! Níl aon maitheas iontu dar liom, bíonn cuma bhreá ar na páistí gan an stuif seo anois bíonn an dreach ceanna ar na páistí uile, agus glacann na maisiúcháin an t-ionracas ón rince. (Tá na gunaí seo an-costasach chomh maith agus cuireann na páistí brú ar a dtuismitheoirí dul leis an bhfaisean seo) Ní bhíonn siad le feiscint ag an ócáid seo. B le D.

Bhí sé go breá i dTrálí i 2003; teacht le cheile le cairde, teacht ar chairde nua agus an teanga a cloisint go nádúrtha gach áit sa bhaile.

2 comments:

Conn said...

B'é 2003 an chéad uair riamh dom ag an Oireachtas - agus níor éirigh liom ach srac-fhéachaint a thabhairt isteach an doras an uair úd. Ach bhíos thar a bheith tógtha lena raibh le clos agus le feiscint ann. Ní rabhas i Leitir Ceanainn ach an oiread - ach táim ag súil go mbeidh mé in ann cuairt a thabairt ar Chorcaigh i mí na Samhna. Seans go gcífidh mé ann tú, a Hilary!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

B’fhiú é dul más féidir leat.
Go dtí sin, dhá bhliain ó shin, níor chuala mé riamh dream chomh mór sin le cheile agus an teanga le cloisint eatarthu….go nádúrtha, agus í ina príomhtheanga na n-eachtraí.
Beidh súil in airde agam leat!