Saturday, December 23, 2006

Tuesday, December 19, 2006

Club Leabhar

Tháinig mo chlub leabhar le chéile cúpla lá ó shin, teacht le cheile na Nollag a bhí ann i mbialann deas frainchise, gan leabhar! Aisteach mar is í cúis ár gcairdeas ná leabhair….Tá an club beo beagnach dhá bhliain déag agus tagaimid le cheile gach sé seachtaine nó mar sin leabhar a phlé. Tá triúr ón gcéad ceathrar fós páirteach agus beirt eile linn le breis agus sé bhliain. Anois agus duine des na bunaitheoirí taréis bogadh go N. Carolina cúpla mí ó shin agus cuigear fághta sa chlub seo, táimid ag iarraidh teacht ar bhall nó dhó eile.
Ach níl sé simplí!
Tá uainn duine le suim i léitheoireacht de gach saghas!
Cheapfá go mbeadh sé seo sofheicthe ach bhí duine páirteach tá cúpla bliain ó shin gan fíor suim aici i léitheoireacht, dar liom. Muna raibh suim aici sa leabhar a bhí roghnaithe againn níor léigh sí é ar chor ar bith agus chuir sé sin isteach ar gach duine eile. (Ní raibh suim aici i rud ar bith taobh amuigh de feimineachas… bhuel bíonn suim againn uile san ábhar sin ach nach bhfuil roinnt mhaith ábhair suimiúla eile sa domhan?)
Le sin bíonn ar gach ball a tuairimí a mhíniú agus a bheith páirteach sa phlé. Bhí bean an deas páirteach ar feadh bliain go leith nó mar sin, ach drogall uirthi aon rud a phlé…ní fheadar an raibh tuairim aici nó nach raibh mar do bhíodh eagla uirthi cur isteach ar éinne, nó a bheith páirteach i gceart sa chomhrá. Aontódh sise le daoine eile i gcónaí…..

Bíonn suim i mbia maith agus fíon tábhachtach. Ní gá níos mo a rá faoi sin.
Féith grinn.
Dearcadh neamhspleách leathan…………agus araile!

Wednesday, December 13, 2006

Is olc an ghaoth nach séideann maith do chat éigin.

Is é an aclaíocht is fearr do mo lámh le déanaí ná a bheith ag cuimilt an chait, bíonn sé bog agus goradh agus coimeádann sé mo lámh ón bhfuacht a bhíonn ag teacht isteach inti ó easpa na gluaiseachta.
Bíonn Púca lán sásta a bheith ina ghléas aclaíochta.

Nil sé pianmhar sa chaol lámh níos mo, nimhneach fós san uilleann agus lastuas di áfach.
Cuig lá fágtha ar na piollaí!

Tuesday, December 12, 2006

Pidgin

Bím ag iarraidh béarlachas a sheachaint ach tagann sé isteach i ngan fhios dom, bím ag faire áfach… Ní thuigim an té a ligean go bhfuil ard chaighdeán na teanga aige/aici agus botúin agus béarlachas breactha inti, idir a t(h)eanga labhartha agus a t(h)eanga scríofa.

Bíonn ceann idir dhá fíor.
1) Níl ard chaighdeán na Gaeilge aige/aici, nó
2) Is cuma leis/léi………(B’fhéidir nach bhfuil ard chaighdeán aige/ aici in aon teanga?)


Tuigim an fáth go bhfuil mo dhuine a scríobh an litir thíos anseo bréan de………ag an am céanna deirtear go bhfuil an teanga ag na daoine óga mar sin? Saghas Pidgin! Nó Patois mar a dúirt sé.

Fuaireas ephoist ó cara agam, chuala sí an leagan cainte deas seo ar an raidió lá “ Ní féidir leat candle a holdáil do”

Go bhfóire Dia orainn.

Thursday, December 07, 2006

TG4

Ní féidir liom an mearchlár a usáid ach le mo lámh chlé. Cheap mé go mbeadh suim agaibh sa litir seo, tháinig mé ar sa nuachtán ón deireadh seachtaine. TheIrish Times Dé Satharn. HilMhicS.

A chara, - Tá deich mbliana de chraoladh TG4 á cheiliúradh anois againn. Más fíor do dhuine de láithreoirí an stáisiúin, "tá an pingin tar éis titim" gur mór an dúshlán atá amach roimh fhoireann an stáisiúin. Nuair a chloistear a leithéid de Bhéarlachas uafásach ó chainteoir dúchais ar láithreoir teilifíse é, ní bhíonn aon amhras ann ach go bhfuil an teanga á lot agus á scriosadh lá i ndiaidh lae.

Is cinnte gur cheart botúin foghlaimeoirí a mhaitheamh óir níor tógadh leis an teanga iad agus cuid den phróiseas foghlamtha is ea déanamh botún. Níl mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air ach leanaim orm ar thóir an foirfeachta in ainneoin an méid sin.

Maidir le cainteoirí dúchas agus foghlaimeoirí foirfe, áfach, tá dualgas orthu chloí le comhréir stairiúil ghramadaí na teanga agus fanacht chomh dílis di agus is féidir - go mór mór iad siúd a bhíonn le cloisteáil ar an teilifís agus an raidió.

Cinnte, bíonn difríochtaí idir an scríobh agus an chaint bheo ó am go chéile ach, tríd is tríd, ní mór tús áite a thabhairt do dhul an dúchais agus don chruinneas taobh istigh de pharaiméadair canúna, mar atá déanta go hiontach ag foireann Raidió na Gaeltachta le tríocha bliain anuas. An bhfuil sé seo á dhéanamh ag foireann TG4?

In ainneoin a bhfuil ráite ag duine nó beirt de na haisteoirí is sine de chuid Ros na Rún agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an aer le déanaí, táthar ag géilleadh don patois nua seo ar an gclár sin gan staonadh gan stad. Níl sé ach cúpla bliain ó shin ó cuireadh i leith an charachtair Mack go raibh sé "ag tógáil advantage de chailín". Idir an dá linn, is cosúil go bhfuil sé "suas dúinn féin an chraic a dhéanamh".

Ar deireadh, más fíor don chlár deireanach, tá rud éigin "ag dul ar aghaidh" idir an carachtar Bernie agus an sagart paróiste. Ós rud é nach bhfuil cead ag sagairt pósadh go fóill, is dócha gurb shin "an chaoi atá cúrsaí". "Cén chaoi a bhfuil tú" a deirtear sa chaint bheo ó tháinig an teanga ar an saol. Níor chuala mé "cén chaoi atá tú" ag aon duine beo riamh.

Is cinnte liom nár chaith Niall Ó Dónaill agus Tomás de Bhaldraithe an oiread sin dúthrachta agus dua lena gcuid taighde agus bailiúchán ar dhúchas an teanga díreach le go bhféadfadh dream beag réabhlóidithe "nua-aimseartha" droim láimhe a thabhairt leis an dúchas céanna.

An ndóigh, tá an t-ádh orainn go bhfuil leithéidí Pimp My Ride agus Nip/Tuck tagtha ar an bhfód ó shin i leith chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge. Súil eile? Go minic, is í tsúil cheannann chéanna í. - Is mise,

CAOIMHÍN Ó HICÍ, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath 14.

Monday, December 04, 2006

Wednesday, November 29, 2006

Faraoir, Níl Ach Gnáth Deasóg Mé.



B'fhear chomhdheas é m’athair...agus é in ann rudaí a dhéanamh lena dhá lámh. Ach, de gnáth, scríobh sé lena lámh dheas agus rinne sé gach ní eile lena lámh chlé. Gailf, siosúr, osclóirí, screwdrivers, rud ar bith. Chuala mé ar ndóigh go raibh ré ann fadó nuair a bhí ar pháistí an peann a glacadh sa lámh dheas, ach nuair a chuireas cheist air faoi níor cuimhin leis aon brú mar sin ina chás féin ar scoil. Nuair a tháinig mo dheartháir ar an saol ní fada go chonacthas an scil céanna ann. Ní raibh aon brú air an peann a glacadh ina lámh dheas agus sin a dhein go nádúrtha agus é ar scoil ag tús na 70’s. Ach déanann sé gach ní eile lena lámh chlé .....Siosúr, osclóirí de gach saghas, agus dá chaithfí liathróid nó rud éigin chuige, suas lena lámh chlé i gcónaí.
Is trua nach bhfuil an t-ádh sin ormsa. …

Bíonn deacrachtaí agam le mo lámh dheas le breis agus seachtain anuas agus is cosúil go bhfuil tendonitis ann. Sin a insíodh dom ar maidin ach go h airithe. Tá an tinneas seo ana phianmhar ón caol láimhe go dtí an uilleann, agus uaireanta níos mó, ó mo mhéara go dtí mo ghualainn. Táim bréan de cheana agus níl sé ach seachtain.
Tá orm an ríomhaire a sheachaint! Mon Dieu! Agus an lámh a choimeád ciúin, i dteanntán, ar feadh coicíse, ar a laghad…………

Tá mo chaol láimhe chlé bhocht ag cur isteach orm anois as an méad oibre breise atá uirthi…….

Fiú tá an chlódóireacht seo go dona mall…………agus tá orm cosc a chur uirthi…….

Wednesday, November 22, 2006

Ag Scuab na Tonnta

Bhuaileas le cara ó Indreabhán le déanaí agus chonaic go raibh cuma bhreá air. Chaill sé roinnt mheáchain ó anuraidh agus bhí dath na gréine air chomh maith. Cheapas go raibh sé i mbarr a shláinte (cé nach raibh sé go dona roimis seo….) Mhínigh sé go raibh caitheamh aimsire nua aige, ‘sé sin dul amach ag surfáil cúpla uair in aghaidh na seachtaine agus gurb é sin an fáth go raibh an chuma bhreá air, níos mo ama amuigh faoin aer breá úr.

Is minic a cathain daoine mean aosta a saolta taobh istigh san oifig nó sa teach le drogall tús a cur ar caitheamh aimsire nua na haclaíochta.

Ar aon nós bhíos ag caint le mo mháthair cheile faoi seo agus ag moladh an fear agus a eachtraí nua, “Is cuimhin liom” á dúirt sí, “nuair a bhíodh Paraic agus a chairde tógtha leis an spórt sin” (Is cuimhin liomsa chomh maith, bhíomar ar an ollscoil i mBAC ag an am agus chaith dream againn gach ré deireadh seachtaine ar turas éigin lenár bpubaill go dtí an Trá Bhán i gContae an Chláir, nó go Rossnowlagh nó Easky nó áiteanna éagsúla eile ar an gCósta Thiar. Chaithfinn an t-am ag siúil ar an dtrá, ag scríobh, ag snámh dá raibh an lá go breá, nó muna raibh; ag léamh leabhair agus mé go deas compordach i mo mhála codlata ar an ngaineamh agus an ghaoth ag séideadh umam. Ní raibh fadhb ar bith agam leis an tréimhse sin!)

Lean Caitlín ar aghaidh lena smaointí cúpla nóiméad ansin dúirt sí. “ Ach, thugaimis “ag scuab na tonnta” ar an spórt sin. Bíonn na 'áils' ann faoi láthair”

Ag scuab na tonnta! go hálainn!

Anois táim ag smaoineamh go bhfuil slí níos fearr ann ná “ ag sciáil”…….. cad faoi “Ag scinneadh an sneachta?”

Lá Altaithe amárach. Féile an-deas. Plean agam dul ó thuaidh ar feadh cúpla lá agus dul ag scinneadh an sneachta.

Tuesday, November 14, 2006

Borat

Chonaic mé an scannán! Is aoibhinn liom comedy cliste agus bhíos ag tnúth leis an scannán seo. Bhí aithne agam ar Borat cheana ó na skits ar YouTube agus é ag pleidhcíocht le daoine agus ag magadh fúthu, agus bhíos fiosrach faoin scannán agus conas a n-éireoidh sé, níor theip air. Bhí an scannán ana ghreannmhar, cúpla uair bhíos beagnach tinn ó a bheith ag gáire, ach, (trua go bhfuil “ach” ann….) D’fhág sé píosa beag mí chompordach i slí éigin mé ……Cheap mé go raibh na skits bunaithe ar mhí chumarsáide go hiontach amach is amach, is féidir liom féachaint ar an gceann seo arís is arís eile.

Níor bhaineas taitneamh as na cinn bunaithe ar chiníochas, chuir siad isteach orm i ndáiríre, tuige nach raibh náire ar na daoine seo lena dtuairimí sin?…… (bhí ionadh an domhan orm go bhfuair Sacha Baron Cohen cead cuid acu a úsáid ina scannán? Bhíodar chomh dona sin….) Ach caithfidh mé a admháil gur dhein Borat jab maith an ciníochas i ndaoine áirithe a nochtaigh, ach ní cúis grinn í sin, ach cúis na gránach. Bá gháire neirbhíseach a bhí le cloisint san amharclann uaireanta! B’fhéidir gurb é an cuspóir a bhí aige? An lucht féachana a admháil go bhfuil na droch tuairimí fós chomh láidir agus atá siad.

Níor lean an scannán ar aghaidh ró mhaith dar liom. D’éirigh mé tuirse de tar eis abair daichead nóiméad nó mar sin de, ach tá áthas orm go bhfaca mé é ag an am céanna, bhí cuid de go breá. Sílim go maireann na skits níos fearr mar píosaí gearra ar an idirlíon nó páirt ina chlár teilifíse.

Friday, November 10, 2006

Turas go hÉireann (Freestaters sinne! i 2006?)


Luaigh mé go rabhas in Éireann le déanaí. Tháinig mé thar n-ais oíche Luain timpeall 7 30 pm tar éis beagnach 17 uaire ag taistil ó BAC. Bus go dtí an t-aerfort i mBAC, an eitilt, bus ó Newark go Manhattan, traein abhaile ó Grand Central!

Bhíos traochta…ach b’fhiú é!

Cé go raibh an-tuirse orm roimis dul ar an saoire ghearr seo b’shin tuirse ó brú oibre agus a leithead………i bhfad níos measa ná traochta tar éis saoire breá taistil!

Táim ag teacht ar ais chugam féin anois.

Ar dtúis, bhí an aimsir ar fheabhas, tirim agus geal…….gach lá. Samhlaigh ar sin…tirim agus geal gach lá! agus in Éireann a bhíos? Bhí sé fuar go leor anois is arís ach níor chuir sé sin isteach nó amach orm, b’fhearr liom an fhuacht aon uair ná an bháisteach.

Maidir leis an teanga chonaic an dráma “Cré na Cille” leis an Taibhdhearc, oíche Shamhna i mBAC. Bhí an amharclann plódaithe. (Níl an leabhar seo leite agam fós, anois tá orm coip a fháil agus é a léamh teacht ar an bhfoclóir nach raibh agam an oíche sin, go háirithe na maslaí) Thugas cuairt le ceathrar cairde ar siopa leabhar Cúpla Focal i mBré, iontach an rogha leabhar atá le fáil ann…. Ansin ar aghaidh linn ar turas ó thuaidh le céile go dtí Tuaisceart na hÉireann. Bhaineas an-taitneamh as Cósta Aontroma ar lá breá geal grianmhar. Ní raibh mé ann roimis seo riamh i mo shaol agus chuir an áilleacht ionadh orm. Ach b‘fhéidir go bhfuil gach áit deas in aimsir álainn in éineacht comhluadar breá?

Leanamar trí na bailte beaga ar an gCósta sin, áiteanna mar Cushendall agus Cushendun, Torr Head. Chonaiceamar an Mull of Kintyre díreach os ár gcomhair amach agus cheapfá go bhféadfá in ann cloch a chaitheamh thar an uisce a dtiocfadh chun talaimh ann gan stró. An lá dár gcionn thugamar cuairt ar Giant’s Causeway agus Bushmills.
Bhí deireadh seachtaine againn i nDoire Cholmcille chomh maith, áit a bhí Oireachtas na Samhna (nó Oireachtas na Gaeilge is féidir a rá,) ar siúl ag an am. Is dócha go raibh beagnach dhá míle duine ann ar son na féile breá seo, deacair teacht ar an uimhir ceart, ach is iontach an rud é an teanga a chloisint ó dubh go dhubh ar feadh cúpla lá, páistí ag rith timpeall á labhairt agus iad ag sugradh, déagóirí ag damhsa le cheile agus bród orthu as a dteanga féin srl.
Bhí díomá orm le Doire Cholmcille áfach, cé go bhfuil cuma deas go leor ann lena seana fallaí, agus a seana foirgnimh, bhraitheas íseal brí sa chathair ársa seo. Ní raibh an fuinneamh céanna inti agus atá sna cathracha móra i ndeisceart na hÉireann. BAC, Corcaigh, Cathair Luimnigh nó Gaillimh. Bhí easpa bialanna deasa cur i gcás….saghas slat tomhais dar liom. B’fhéidir go bhfuil ganntanas tionscail agus investment ann tar eis na blianta dorcha ó 1970? agus mar a luaigh cara dom níor thug an Tíogar Ceilteach cuairt ann ar chor ar bith. Bhí na daoine áitiúil an deas cairdiúil agus chomh fada agus is eol dom bhí áthas orthu leis an dream mór ina gcathair.

(Ach amháin chuala duine dár ngrúpa an fear a tí ón B+B ag labhairt lenár tiománaí taxi oíche…. “Who’v ya got stayin? ”arsa tiománaí an taxi, “ a bunch o’freestaters” a fhreagair ár bhfear a’ tí …)

Freestaters! Sinne… i 2006!

Ar nós gach plean mór theip orainn gach rud a dhéanamh ar bhí ar intinn againn……Imíonn an t-am go tapaigh ar saoire ach d’fhreastalaíomar ar cuid des na comórtais mór le rá agus bhíodar uile go h-iontach ar fad agus greannmhar leis, cuir i gcás Lúibíní, Agallamh Beirte, agus ar ndóigh damhsa ar an Sean Nós, atá an ghnéisiúl ar fad! dar liom....... Bhí an amharclann lán go doirse.

Bíonn atmaisféar an-éadrom ag an bhFéile seo i gcónaí agus is seans maith do lucht na teanga buaileadh lena sean cairde nuair nach bhfuil an t-am nó an seans acu teacht le cheile le linn na bliana. Mar sin, is mór an gnó sna pubanna chomh maith ár gcultúr a cheiliúradh. Beidh an fhéile mhór i gCathair na Mart, Chontae Mhaigheo an bhliain seo chugainn

Wednesday, November 08, 2006

Labhair na Daoine

Tá an-áthas orm maidin inniu le toradh an toghcháin. Osna faoiseamh le bheith macánta……… De gnáth ní luann cúrsaí polaitíochta ró mhinic anseo ach is lá mór é don pháirtí daonlathach na tire seo inniu. Beidh Elliot Spitzer inár Governor anseo i Nua Eabhrac agus cuireann sé sin áthas orm. Fear mór na n-eiticí atá ann atá le feiscint ina a chuid saothar le blianta beaga anuas mar Attorney General. Ach is cosúil go gcasann rothaí na h-athruithe go mall in Albany, sin atá ráite ar aon cuma, agus beidh orainn a bheith foighneach le sin is dócha.

…. Táimid fós ag feitheamh ar na figiúirí deireanacha ach is toradh i gcoinne an rialtais é seo agus, dar liom, go mór mhór i gcoinne na cogaí. Ní thuigimid i gceart an fáth go bhfuil ár ndaoine óga amach ansin in Iraq agus Afghanistan. Táimid bréan ó na leithscéalta agus na leath scéalta, bréan ó figiúirí na marbh óga ag dul in airde. Ní fheicimid na leapacha caolta agus iad ag teacht ar ais go rialta ón Iarthar. Ní fheicimid na sochraidí. Ní chloisimid caoineadh na tuismitheoirí ach braithimid a bpian, cad é an freagra anois amach anseo? Ní bhíonn freagra simplí le fail nuair a bhíonn an fhadhb chomh casta, ach labhair na daoine agus tá súil agam go bhfuil an rialtas ag éisteacht, tá sé in am.

Tuesday, November 07, 2006

Ar ais i NY.

A Chairde,

Beidh mé ar ais ag scríobh anseo go luath. Fuaireas amach go raibh daoine áirithe ag iarraidh a fháil amach ar thit mé i mo chodladh síoraí!............... Ní rabhas ach ar turas in Éirinn.

Thursday, October 19, 2006

Saturday, October 14, 2006

Lúnasa


D’fhreastail mé ar cheolchoirm Lúnasa an tseachtain seo. Bhí sé ana mhaith!
Tá an banna cheoil seo ar turas timpeall na tíre, ag seinm i gCalifornia, New Mexico agus áiteanna eile….. New Hampshire an deireadh seachtaine seo sílim. Clár anseo.

Bhaineas an taitneamh as an tréimhse i gcomhluadar a gcuid cheoil oíche Dhéardaoin. Ceol traidisiúnta ach comhaimseartha ag an am céanna, dar liom, gan a bheith nua aoiseach. Tá cothrom faighte acu tar éis na mblianta le cheile ag obair ar a bhfuaim tarraingteach sainiúil. Rud eile ná is ceoltóirí an éirimiúil ar fad iad uile ina aonarach, agus ansin tagann siad le cheile le comhleá breá cheoil.

Tá suim acu tacaíocht a thabhairt d’iad atá suim acu ina gceol, agus ar ndóigh i stíl cheoil traidisiúnta na h Éireann. Mar sin d’fhoilsigh siad leabhar le déanaí i dteannta a gcuid cheoil féin.

Lúnasa – Nótaí an t-ainm atá ar an leabhar, agus ní hamháin go bhfuil nodaireacht an cheoil iomláin ó trí CDs ann, ach scéalta faoin gceol agus na ceoltóirí is cumadóirí uilig eile a thug tacaíocht dóibhsean tri na blianta……. le roinnt mhaith grianghraif áille chomh maith. Bhí an t-ádh orm go raibh seans agam obair ar dearadh an leabhair seo le linn an tsamhraidh.

Má bhíonn suim ag éinne in Éireann teacht ar chóip don leabhar nó CD ar bith tá tuilleadh eolais le fáil ar www.lunasa.ie

Níl trioblóid teacht ar chóip anseo sa SAM ach oiread mar tá Cillian Vallely, an píobaire, agus údar an leabhair, lonnaithe anseo faoi láthair agus in ann cóip a chur chugaibh gan mhoill ar $25. Is féidir fios a chur air ón suíomh ghréasáin ón nasc “mail the band” agus teacht ar phlean.

Tóg an seans éist leo ar an suíomh chomh maith, tá an nasc ag barr an leathanaigh.

Tuesday, October 03, 2006

Fáilte romhat a Bhillí


Chaitheas an tráthnóna inné le mo chara dhil Caoimhe Ní Bhaoill agus a maicín Billí Pádraig Mac Giolla Easpaig. Tháinig Billí chun an tsaoil coicís ó shin agus ní fhaca mé leanbh chomh séimh agus álainn ariamh! Féach ar an aingeal!!

Chaithfidh mé a rá go raibh an buachaillín beag bídeach seo an sásta an tráthnóna a chaitheamh i mbaclainneacha a aintín Hilary, gan gíog ná míog as…. agus é ina sháimhín só.

Ní fada go mbeidh cúpla focal Gaeilge aige mar ní stopann Caoimhe choíche ag caint leis!

Go gcuire Dia rí agus rath oraibh, a Chaoimhe, a Liam agus a Bhillí óg.

Sunday, October 01, 2006

Lá na Gaeilge CT.

Bhí lá breá agam inné ag freastail ar Lá na Gaeilge in East Haven CT. Chuir Johannah Mackey le céile é, le cabhair ó Seán Feeney agus a gcomhbhádóirí le baint acu i Cairde na Gaeilge, Ionad na nGael Mheiriceánaigh, sa bhaile seo in iarthar CT. Tá an t-ionad féin an deas ar fad agus foirfe d’eachtra mar seo. Sílim go raibh timpeall caoga daoine páirteach. Cuireadh tús le cúrsaí an lae timpeall a naoi a chlog agus leanadar ar lán tseoil go dtí a cúig a clog.

Chaitheas féin cuid den lá le dream, deichnúir againn, agus sinn ag phlé ábhar éagsúil, agus go minic greannmhar leis. Cur i gcas, dá mbeadh seans nó deis agat teacht le cheile le duine ar bith sa domhain, é/í beo, nó fiú duine atá imithe ar shlí na fírinne. Cén duine a roghnófá agus cén fáth? An mbeadh ceist áirithe agat de nó dí? Nó an mbeadh dúil agat i ngnáth comhrá leis nó léi?
Bhí tuairim ag cách!
Tá fonn nach beag ar Sheán ó MA bualadh le Osama B.L agus é a mharú gan mhoill!

Bheadh suim ag beirt acu eile teacht ar scríbhneoirí, mar atá Máire Aine ó NJ agus Mike ó Boston. Ba maith le Maire Aine labhairt le James Joyce a shaothar a phlé (agus a mhíniú!)agus ba mhaith le Mike bualadh le Cervantes os rud é go bhfuil an spéis aige i shaothar an Spáinneach seo agus mórán de léite aige.

Bheadh suim ag Peigí ó MA bualadh lena comhainmneach ó Conamara, ba amhránaí agus file amhrán í i lár an naoú aois déag. (Ansin bhris Mike amach ag canadh amhrán dá cuid a bhí ar eolas aige…. Níor fágadh focal againn bhí sé chomh deas sin!)

Bheadh suim ag Siobhán ó MA teacht ar a sín seanathair, Arthur Murphy, mar is cosúil nach bhfuil mórán eolas faoi i stair na muintire….Tá an tuairim aici go raibh an droch bhraon ann agus ba maith léi teacht ar an bhfírinne.

Ba mhaith le Maitiú NJ agus Bernadette NY seans labhairt uair amháin arís lena n athaireacha, agus tháinig brón go tapaigh orainn uile ag smaoineamh ar ár n athaireacha nó máithreacha atá imithe uainn.

Bheadh suim ag Seán ó CT labhairt le Íosa Chríost agus treoracha a fháil díreach uaidh.

Agus mise? Sílim go mbeadh sé suimiúil ceist a chur ar an bhFáidh Mohammad agus a fháil amach uaidh an bhfuil sé sásta le cúrsaí polaitiúla an lá atá inniu ann ina ainm naofa.

Friday, September 29, 2006

An Iomarca Pearóidí.


Táim ag léamh The Alchemist agus ag baint taitnimh as. Leabhar simplí atá mór le rá le roinnt bliana anuas. Scríobhadh i bPortuguese ar dtús é agus anois tá sé le fáil in aistriúcháin ar fud an domhan. Tháinig mé ar an leabhair sa teach lá, bhí duine do mo mhic á léamh agus bhíos fiosrach faoi tar éis an bolscaireacht a chuala tamall ó shin. Tá sé ráite go leabhar fealsúnach é, faoi aistear beatha. Ní ábhar nua é sin ar chor ar bith. Bíonn mórán léirmheastóirí a rá go bhfuil an leabhar ró shimplí, nach bhfuil na carachtair ró dhomhain agus araile. Ach níl aon dochar ann, dar liom, agus ní gá le rud a bheith domhain chun a bheith áisiúil? Chun an firinne a rá is minic a bhíonn sé níos deacra rud a chur in iúl i slí simplí.
(Chuala mé toradh taighde ar Annual Reports agus an chomhairle? Faire! Má bhíonn siad deacair a thuiscint bíonn gach seans ann go bhfuil an comhlacht ag iarraidh tú a choimeád aineolach, bíonn na cinn casta sin cumtha le dlíodóirí de gnáth.......)
Bíonn critics i gcónaí ann, i ngach cultúr, ach is minic a bhíonn siad ag iarraidh an maitheas a bhaint as rudaí éagsúla (Leabhair, Scannáin, drámaí, bialanna,) agus an solas a casadh chucu féin lena dtuairimí “tábhachtacha”. Bíonn cumhacht nach beag acu siúd, na hiománaithe ar na claíocha, feicim an chumhacht sna páipéir go minic agus uaireanta, brón orm a admháil, glacaim a dtuairimí, ach déanaim iarracht é seo a sheachaint mar tá an-dochar ann, bíonn an iomarca Parrots ann cheana.

Monday, September 25, 2006

Déagóirí agus an teilifís........NOT

Bhiomar ag caint faoi déagóirí agus an méid ama a caitheann siad ar an ríomhaire, ach ní caitheann siad am ar bith ag féachaint ar an teilifís…….is cuma leo an teilifís rud nach dtuigeann na Advertising Agencies. Tháinig mo mhac Eoghan (15) ar an bpíosa cheoil seo agus chuir sé chugam é. Tá sé ana mhaith. Aisteach ach is aoibhinn leis agus a chairde The Beatles!

Thursday, September 21, 2006

Fear na Cainte agus an Líonra Sóisialta


Fuaireas SkypeScairt cúpla lá ó shin ó Éire. Bhíos i dteagmháil le fear na cainte féin, ‘sé sin réalta na bPodcraoltóirí, Conn O Muineachán agus é a mhíniú dom a fhorbairt nua phodcraolta / clár raidió An Líonra Sóisialta …..Bíonn rud éigin nua thuas a mhuinchillí ag an bhfear seo gach ré mhí, ní stopann sé choíche agus ní féidir liomsa coimeád suas lena eachtraí ar chor ar bith.

Bíonn aithne is dócha ag mórán daoine, (iad siúd le suim acu sa Ghaeilge agus seans éisteacht uirthi ar an ngréasáin,) ar Chonn O Muineacháin agus ar an sár oibre atá déanta aige taobh istigh bliain nó mar sin. Ar dtús bhíodh blog aige, é ag scríobh giota beag ann go rialta, ach ansin d’éirigh leis ina phodchraoltóir. B’iar-craoltóir raidió é cheana féin le Clare FM, sin stáisiún radio áitiúil i lár iarthair na hÉireann. Oireann an meán seo go mór lena pearsantacht agus a scileanna, i bhfad níos mó ná scríbhneoireacht dar leis.

Bhí seans againn labhairt faoi a chéad fhorbairt eile An Líonra Sóisialta! Saghas clár raidió. Agus é ag bhaint úsáid as an teicneolaíocht nua atá le fáil an lá atá inniu ann. Beidh an clár seo le fáil ar an suíomh ghréasáin anlionra.com agus ina theannta san ar timpeall seacht stáisiún raidió ag amanna éagsúla. Seo é a chairde! Saghas Syndicated Radio sa Ghaeilge! Go dtí seo cloistear go mbíonn cláir raidió le fáil mar phodcraolta ar suímhghréasáin na statsiún ach sa chás seo is é an podcraolta atá le fáil ar na statsiun raidió, an mhalairt aistear…….
Beidh sé ag cur tús le seo an tseachtain seo chugainn ar an 25ú Meán Fómhair, agus níl aon amhras orm ach go n-éireoidh leis agus lena chlár nua.

Bhí comhrá ghearr againn faoi blogs agus a gcuspóirí. Is minic a cuidíonn blog slí bheatha an údair, is féidir é a dearadh mar sin, cuir i gcás blog Choinn, is as sin a bhfuair sé cuireadh a bheith ag scríobh colúin seachtainiúil sa pháipéar laethúil faoin ábhar "podcraolta" agus d’éirigh leis ansin an focal a scaipeadh faoin forbairtí ar an idirlíon maidir leis an teanga.

Agus cad é cuspóir an bhloig seo? Bhuel ar dtús teagmháil a choimeád le daltaí nuair nach raibh ár ranganna ar siúil, gan trácht ar an seans dom féin mo chuid scríbhneoireachta a chleachtadh! is mór an difríocht idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa! Ach tharla gur tháinig cuspóir eile san áireamh gan mhoill. Sílim go bhfuil sé tábhachtach an teanga a úsáid go rialta i nguth chomhaimseartha
1)idir daoine ag labhairt le cheile, an tslí is fearr, nó
2) muna bhfuil seans ag daoine teacht le cheile, (rud a tharlaíonn má bhíonn tú lonnaithe thar lear,) b’fhéidir i scríbhneoireacht neamhfhoirmiúil mar seo….

Léiríonn forbairtí sna meáin cumarsáidí nach bhfuil deacrachtaí againn an teanga a choimeád beo agus sláintiúil lena gcabhair, agus tacaíocht a bhaint as na forbairtí céanna an teanga a chur chun cinn.

Ní bhíonn aon teachtaireacht speisialta nó ard aidhm i bhfolach sna píosaí scríbhneoireachta seo agam. Ní phléim cúrsaí polaitíochta ró mhinic mar tá mórán bloggers eile ag déanamh stuif mar sin. Spás neamhspleách atá i gceist anseo smaointí agus tuairimí a chur in iúl agus fáilte roimh cuairteoirí a bheith páirteach mar léitheoirí nó scríbhneoirí.

Bhí cúpla focal againn faoi mo chúlra féin, (mar i ndiaidh gach ní nach Líonra Sóisialta é ?) gur as gcathair Luimnigh ó dhúchas mé, ach, dheineas dearmad a mhíniú dó go raibh sloinne eile orm an ré sin fadó nuair a bhíos i mo chónaí i Luimneach. De Bhál a bhí orm agus atá fós i slite, sin an t-ainm a úsáidim i mo chúrsaí ealaíona.

(Ní ceart a rá go den sliocht “Na Fallaí Luimnigh” mé…..cé go bhfuil siadsan fós ann ceart go leor!! )


Sunday, September 17, 2006

Comhghairdeas le Noel



Chríochnaigh sé an siúlóid mór la rá! The Appalachian Trail, sin breis agus dhá míle míle, taobh istigh sé mhí! Luaigh mé an Corcaíoch sa bhlog ag tús an eachtra, ar an 18ú mí na Marta. Nach bhfuil cuma an deas air sa ghrianghraf seo agus é ag an deireadh? Ní fada anois go bhfuil sé ar ais abhaile i NY agus go mbeimid in ann a chuid Ghaolainn a cloisint arís ina bhlas deas na Mumhan!

Friday, September 15, 2006

Cosc ar Spináiste!

Anois ní féidir linn spionáiste ó na málaí beaga áisiúla sin a ithe níos mó sa tír seo!
Is aoibhinn liom an glasra seo, úr nó te, leis féin nó le gairleog agus ola. Bhí sé agam aréir fiú aga roimis an faire faoi, agus bhí roinnt an fhuílligh agam am lóin inniu! (Bhí a fhios agam nach mbeidh an tóin ag titim as an tsaoil agus an rud céanna agam aréir.)
Beidh orm an saghas reoite a úsáid as seo amach go dtí go bhfuil an trioblóid le E Coli thart, ach bheadh sé níos fearr gan a bheith ag braith ar California agus na feirmeacha móra atá thall ansin i gcomhair ár nglasraí agus sinn i Nua Eabhrac? Níl aon ciall ann, ach amháin is féidir linn teacht ar aon glasra nó tortha aon uair sa bhliain.

Nach bhfuilimid ag iarraidh féin mharú a dhéanamh le forbairtí áirithe i soláthar an bhia dúinn féin, gan trácht ar salú agus salachar ár aeir agus ár n-aibhneacha.

Bíonn an sú chairéid seo an deas, tháinig mé ar le déanaí…agus an sú mango, ach tagann sí ó California chomh maith, feirm ollmhór is dócha.

Beidh orainn ár spionáiste féin bheith sa ghairdín againn an bhliain seo chugainn sílim.

Wednesday, September 13, 2006

Plean an láe: Saoirse nó Sealán na Croiche

Bhí caife agam le mo chara Philip le déanaí. Is sean chara é ónár laethanta i mBelfield agus tharla go bhfuilimid beirt lonnaithe i NY le fada anuas….ach in ainneoin sin, ní bhíonn seans againn labhairt le cheile ró mhinic de dheasca cúram clainne, cursaí ghnó agus gach ní eile: gnáth eachtraí an tsaoil ar siúl agus sinn gnóthach leo. Nuair a thagaimid le cheile leanaimid ar aghaidh le comhrá amhail is go rabhamar i dteagmháil taobh istigh cúpla lá, in ionad sé mhí, nó uaireanta le blianta beaga, i bhfad níos mó.
Sin mar atá le cairde áirithe.

Níl meas madra aige siúd ar liostaí! Rud nach dtuigim………….
”Conas gur féidir leat smacht a choimeád ar do shaol gan liosta? A d’fhiafraigh mé de? “...gach rud a bheith déanta in am? agus...ord agus eagar a choimeád ar gach uile rud?”

“Is fuath liom iad, fiú dialanna “ a dúirt sé liom. “Chuireas deireadh le liostaí tamall ó shin. Má bhíonn sé tábhachtach bíonn sé ar m’aigne, muna bhfuil, is cuma leis, tiocfaidh me air uair éigin.”
”Ach" a cheistigh" Má bhíonn duine ag braith ort mar shampla, rud éigin a dhéanamh ar a shon?”
An freagra céanna, “Más rud tábhachtach é, bheadh sé ar m’aigne, muna bhfuil is cuma liom agus is féidir leis fanacht”

Bheinn imithe bán!
Bíonn an jab leath déanta dar liom, chomh luath agus a bhíonn sé ar an liosta. Bíonn m’aigne go deas séimh geal agam nuair a bhíonn gach ní scríofa síos agus gan a bheith ag dó na geirbe orm agus é ar m’aigne agus eagla orm go ndéanfainn dearmad ar an diabhal rud. Is féidir ansin fuinneamh na hintinne a chaitheamh ar smaointí níos suimiúla ná na mionrudaí a líon leath an lae.
(Cad é an faoiseamh agus an áthas ag deireadh an liosta, nuair a bhíonn gach ní déanta!!! )

Bíonn meonta agus dearcaidh difriúla againn: Laghdaíonn plean strus, dar liom, bheadh an iomarca struis orm gan, ar dtús dhá dialann, ceann clainne agus ceann gnó agus leis sin, liosta nó plean an lae! agus dar le mo dhuine go gcuirtear strus ort féin fiú le liosta a choimeád, agus ní bheifeá saor riamh uaidh.

Beidh mé a choimeád súil ar an bhfear seo, tá athrú tagtha ar a shaol i mbliana agus táim cinnte go mbeidh liosta ina phóca aige roimh i bhfad…………….

Saor ón liosta, ní dóigh liom é.

Thursday, September 07, 2006

Breithlá 94 bliana d'aois

Tháinig an ghrian ar ais tráthnóna inniu tar éis turais coicíse. Bhí eagla ag teacht orm go raibh sí imithe don bhliain.
Thugas cuairt ar Br O Cúinn ar a bhreithlá, 94 bliana d'aois. Tá sé ag déanamh go diail, i lár ár gcomhrá luaigh sé focal nach raibh agam, dileagra. Chuireas ceist air faoi, ach ní raibh sé in ann teacht ar an focal ceart i mBéarla. “Sin a tharlaíonn le meath na seanaoise, aduirt sé liom, bíonn sé deacair teacht ar an bhfocal i mBéarla anois is arís, tá súil agam nach mbeidh an trioblóid chéanna agatsa nuair a bhíonn tú 94!“ Ar aon nós ní raibh trioblóid aige an focal a litriú agus tháinig mé ar an míniú: léacht / address.

Ma ba é an fhadhb amháin a bheidh agam i gcionn caoga bliana bheidh mé lán sásta! Faoi láthair is minic a bhíonn sé deacair go leor domsa teacht ar mo spéaclaí, ...bíonn siad i gcónaí ag dúl i bhfolach i ngan fhios dom agus ansin an- deacair teacht orthu nuair nach bhfuilim in ann aon rud a fheiscint i gceart. Rotha mór na Faidhbe!

Tuesday, September 05, 2006

Cara ag imeacht!

Tá cara agam ar tí bogadh go North Carolina. Bhuaileas léi beagnach dhá bhliain déag ó shin, tamall gearr tar éis teacht go Nua Eabhrach. Bá í duine de mo chomharsan béal dorais ag an am san, nuair a bhí teach ar chíos againn anseo. Cé go bhogamar trí bhliain ina dhiaidh sin chuig ár dtigh féinig níl an ceann nua ró fhada ón sean comharsanacht.

D’éirigh cairdeas eadrainn ní hamháin mar ba rud é go raibh macín uirthi, chomhaois le cheann agamsa ag an am, ach níos mó mar tá suim mhór aici i léitheoireacht agus bhaineamar taitneamh ó shin i leith as leabhar a mholadh, a mhalairt agus a phlé, rud eile a tá eadrainn ná an féith grinn céanna, nó, is fíor a rá go bhfuil tuiscint mhaith ar an ngreann againn sa slí céanna... mar sin bíonn an-chraic againn le cheile i gcónaí.

Nuair a bhuaileas léi bhí sí scaradh ach ar tí pósadh arís, ach faraor níor éirigh an tarna pósadh ach oiread. Trí na bliana chonaiceamar, mé féin agus na mná eile atá inár ngrúpa beag na gcarad, beirt fhear eile ina saol, ach amach leo siúd chomh maith tar éis timpeall dhá bhliain nó dhá bhliain go leith léi, fós féin bíonn sí cinnte go bhfuil duine “foirfe” áit éigin ag feitheamh uirthi! (Ní fheadar an bhfuil áfach, mar ní fheadar an bhfuil éinne “foirfe” ar chor ar bith?)
Tá uirthi bogadh mar tá sé ró chostasach dí fanacht sa timpeallacht seo. Bíonn an cháin talún ró ard, costas na hollscoile (an mac). Bíonn cúram a máthair ar a gualainn chomh maith, seanbhean breis agus ceithre scór bliana d’aois, a mair sa cheantar seo a saol iomlán.

Is mór an trua é go raibh uirthi an chinneadh seo a dhéanamh, nach féidir léi fanacht i NEabhrach de dheasca costas na maireachtála. Tá brón uirthi ach níl an tarna rogha aici, dar léi, agus í ag machnamh ar an dtodhchaí. Bíonn meon dearfach uirthi i gcónaí.

Feicim go ndéanann cuid mhaith daoine sa tír seo cinntí mar seo, nach féidir leo, nó nach maith leo, fanacht san áit inar chaith siad a saolta iomláin.

Beidh níos mó fágtha ag mo chara ina sparán aici ag deireadh na míosa thíos i N.Carolina agus tá post maith faighte aici ann. Tá áthas orm nach bhfuil sí ag dul go Florida….. an chéim dheireanach sa tír seo, roimh an uaigh!

Friday, September 01, 2006

Esopus NY

Tá seachtain na Gaeilge ar siúl in Esopus NY agus í ag teacht chun deiridh anois. Chuala go bhfuil breis agus seasca ann. Tá brón orm nach raibh seans agam a bheith páirteach i mbliana ach sin mar atá, faraoir,ní féidir gach rud a dhéanamh……….. ach plean agam dul ann anocht, teacht le cheile le chairde idir óg is aosta, múinteoirí agus daltaí. Táim ag súil le oíche bhreá a chaitheamh leo.

Friday, August 25, 2006

Aghaidh Athasaigh



Ni raibh seans agam cuairt a thabhairt ar an mblog seo le tamall anuas. Fuair mé roinnt ephoist ó dhaoine ag iarraidh a fháil amach an rabhas críochnaithe leis ach nílim! Bíonn an samhradh gnóthach go leor agus ní creidim go bhfuil sé ag teacht chun an deiridh cheana féin! Bainim an taitneamh as an aimsir seo. Oh well, bíonn buntáistí le bhaint as gach aimsir………………. Inniu chonaic go raibh na nóiníní Mhichíl le feiscint sa ghairdín. Is aoibhinn liom an bláth seo, tagann sé nuair a bhíonn nach mór gach ceann eile ag dul i laige, nó imithe fiú. Bíonn aghaidh áthasaigh an nóinín ann agus duilleoga glasa dorcha leis, de gnáth bláthaíonn siad go dtí lár Deireadh Fómhair ar a laghad.

Thursday, August 03, 2006

Ag Seinm an Seana Phort

http://siciliannotes.blogspot.com/2006/07/we-can-do-without-irish.html

Is dócha nach bhfuil mórán Gaeilge ag an bhfear seo, nó suim sa cheol traidisiúnta de dheasca sin tá sé i gcoinne an dá ábhar agus gan meas orthu.
Bíonn tuairimí mar seo i gcónaí sa dream a bhíonn náireach as a aineolas féin.

"a dead language for literary fossils" agus "artistically barren music"

An Teas

Bíonn sé an-te i NY le déanaí. Idir 95 céim agus 97 céim gach lá, táimid go léir ag seargadh!
Tháinig dream againn le cheile sa phub cheoil Dunnes aréir, Club an Chéid Chéadaoin, deichniúr againn an uair seo. Ar ndóigh cas an caint chuig an teas agus AC, aer lárnach? Aer oiriúnú?, aer réitithe? Tá brú ar córas na haibhléise sa chathair de dheasca na gléasanna seo….ach gan gléas de shaghas éigin an t-aer a choimeád fionnuar téann daoine ag siopadóireacht…Ag SIOPADÖIREACHT! Bíonn sé fionnuar i gcónaí sna hionaid siopadóireachta…..
Níl suim agam dul aon áit nuair a bhíonn sé chomh te seo, imíonn an fhuinneamh uaim, fanaim taobh istigh san aer lárnach álainn. Cuirim uisce amach i gcomhair na héin óga.

Friday, July 28, 2006

Basket Case

Bhí greann uaim le déanaí agus fuaireas ó leabhair Basket Case le Carl Hiaasen é. Bíonn an t-údar seo ana ghreannmhar i gcónaí agus ba mhinic agus mé ag léamh an ceann seo, a bhriseas amach ag gáire …….....Bhíos ar turas le mo mhac, eiseann ag tiomaint agus ag éirí míshásta liom mar chomluadar, mo shrón sa leabhar seo ag gáire gach ré nóiméad....agus ní féidir stuif mar seo a mhíniú i gceart, ní bhíonn sé greannmhar san athinsint! Ba chóir é a léamh.… Chuir sé i gcuimhne dom McCarthy’s Bar le Pete McCarthy, a léas blianta ó shin. Chaitheas an turas idir BAC agus cathair Luimní ag léamh an ceann sin ar an traein agus ba bhreá an comhluadar é, mise mar ghealt ag gáire ós árd agus liom féin ar an traein............... Dála an scéil sa chás Basket Case tá an laoch ina iriseoir ach faoi dhrámh nó, as lé, le úinéir an pháipéir. Mar sin is ag scríobh cholúin na marbh a bhíonn sé gan seans bogadh go dtí na príomh leathanaigh….…um an dtaca seo tá sé tógtha go mór le comharthaí a bhás féin agus cinnte nach bhfuil ach tréimhse ghearr fágtha aige. …..…..osclaíonn an scéal le bás as an ngnáth agus leanann mar úrscéal bleachtaireachta le greann taobh thiar gach cúinne.

Tuesday, July 25, 2006

Cogaí na Croise?



Níor thugas cuairt ar an mblog seo le breis agus seachtain anuas. Mar a tharlaíonn anois is arís tháinig gnáth eachtraí an tsaoil eadrainn agus d’imigh an t-am uaim. Níor luaigh mé go mion an Lá na Gaeilge a bhí thuas i Mass, lonnaithe i dteach Susan Ott, curtha le cheile ag Ár dTeanga Féin ó Worcester, Susan Galivan et al! Bhí sé ana mhaith ar fad, ní hamháin go raibh beagnach caoga daoine páirteach ag iarraidh an teanga a labhairt agus a fhoghlaim…bhí an bia go breá, bhí ceardlanna difriúla i rith an lae, léacht suimiúil le ceol ag Gearóid O hAllmhurnáin, agus bhí ceolchoirm ann chomh maith ag deireadh an lae le ceoltóirí áitiúla, Jimmy Noonan agus Patrick Mangan. Bhí sé beartaithe agam fanacht thar an oíche mar sin bhíos in ann súp a bhaint as an gcomhluadar cairdiúil go h-am mhairbh na h-oíche!

Is mór an trua go bhfuil cúrsaí chomh dona sin arís sa Lár Oirthir agus iad ag méadú ó lá go lá. Bíonn an dá taobh i gcruachás ag a gcéile amach ansin i gcónaí agus níl teacht solais síochána le feiscint. Bheifeá cráite ag smaoineamh orthu i gcathanna fíochmhaire mar sin idir lá is oíche. Bíonn an bearna tuisceana chomh leathan agus domhain agus níl bhíonn aon taobh toilteanach an chéad chéim a glacadh suíochán a shocrú, ní bhíonn an meon sin ina gcultúir. Deirtear go bhfuil Cogaí na Croise críochnaithe ach dar liom leanann siad i bhfoirm difriúla.

Monday, July 10, 2006

TG4

Go dtí seo nílim róshásta lena hathruithe ar TG4 ar an idirlíon. (Ní féidir liom teacht ar Ros na Rún níos mo agus mé ag déanamh an diabhal iarnála, anois tá dhá ciseán agam! Tá an cartlann imithe!)


Deireadh in ephoist a bhfuaireas seachtain ó shin go mbeadh an tseirbhís níos fearr agus nach mbeadh orm íoc as níos mó ACH tá an pictiúr go dona, tá rogha settings ann (nach gá ar aon suíomh eile?) agus ní dhéanann siad aon athrú ar an bpictiúr.
Ochón, an bhfuil trioblóid ag éinne eile?

Wednesday, July 05, 2006

An Fhírinne Mhí-Chaoithiúil

Chonaic mé “An Inconvenient Truth” oíche aréir. Scannán le Al Gore faoin cruinne agus í ag éirí níos teo, agus torthaí an drochfhorbairt seo. Tá Gore tógtha leis an ábhar le tamall anuas anois agus é ag dul timpeall an domhain ag tabhairt léachtaí faoi, ansin cuireadh le cheile scannán bunaithe ar a sraith leachtanna. Cé nach raibh mórán eolais nua ann bhí sé an suimiúil agus curtha le cheile go breá. Tá athruithe le feiceáil ar na haeráidí éagsúla agus torthaí na n-athruithe céanna inár gcórais aimsire. Is é an chomhairle ná go bhfuil orainn uile a bheith feasach agus toilteanach eachtra beaga a dhéanamh inár saolta féine. Athchúrsáil, gan fossil fuels a úsáid ár dtithe a choimeád te srl ach gan fíor tacaíocht ón rialtas ní fheadar an leor sin? Bíonn an chuid is mó ró leisciúil ar fad athrú a dhéanamh ar a saolta, nó ró aineolach….leis sin tá an scannán seo ana mhaith agus "Tús Maith…..", mar is eol dúinn….…(Tá súil agam ach go háirithe.)

Eolas faoin scannán

Friday, June 30, 2006

Focail Gaoise, Eachtra Fhlaithiúil.

Cad faoi do chlann féin? “Is leor an méad a bheidh acu rud a dhéanamh, ach ní leor a bheith díomhaoine.” Sin a dúirt Warren Buffett, tar éis dó 31 billiún a thabhairt ón a saibhreas pearsanta, do gníomh carthanachta Bill agus Melinda Gates.
Cinnte ní bheidh a chlann ar an anás!
Is iontach an nós é daonchairdeas…..is deacra an saibhreas sin a thuiscint fiú, ag duine amháin, ach tá mórán mar eisean timpeall an domhain ach gan an meon céanna. Dé gnáth cloisimid scéalta faoi saint agus gadaíocht, an gadaíocht anseo ón rialtas tar éis Hurricane Katrina agus araile, dul amú airgid…. Leis sin cloisimid scéalta faoi tíortha a gcuirtear cuid mhór sa dul amú ann agus a bpáistí gan seirbhísí bunúsacha maidir le cúrsaí sláintíochta agus oideachas.
Go maire nós na carthanachta i bhfad.
Agallamh le Charlie Rose.

Sunday, June 25, 2006

Is Ró-Tanaí é Craiceann na Sibhialtachta

Dhúisigh mé ar maidin le preab, i bhfad ró luath, timpeall a ceathair a cloig, bíonn sé an deacair dom dul i gcoinne na dúiseachta nuair a thagann sí gan fáilte mar seo. Bhí trom chroí orm ach ar dtús ní raibh a fhios agam cad a bhí cearr. Rinne mé stock take de mo mhic, bhíodar uile sa bhaile gan aithne ina leapacha, slán. Rinne iarracht dul ar ais a chodladh ach níor éirigh liom, tar éis tamaill tháinig an fáth go soiléir chugam, bhíos ag smaoineamh faoin bheirt saighdiúir óg a fuair bás i slí gránna faoi lámha céastúnaigh, an tseachtain seo chaite in Iraq.

Cad é brúidiúlacht agus barbarthacht a bhí agus atá ann.

Tagann na tréithe sin aníos i warzones i gcónaí, imíonn an sibhialtacht. Is matalang é anois in Iraq agus matalang ón dtús, dar le mórán. Níl aon éalú as an dtír anois i bhfoirm cheart agus is dócha go bhfuil sé dodhéanta ionsaithe mar seo a sheachaint, is targaidí na saighdiúirí uile agus iad ag iarraidh a ndualgas a dhéanamh gan tuiscint an chuspóra, faoi chaimpirín, ina gceithearnaigh….
B’fhéidir go gceapann na hionsaitheoirí go mbeidh duais ar son na heachtraí seo acu óna Dia sa chéad saol eile.
Leithscéal chun na ndúnmharaithe.

Chuir sé i gcuimhne dom rud a tharla i N. Ireland timpeall fiche bliain ó shin. Fuair beirt signalsmen ó arm na Breataine bás i slí uafásach. Chuir an scéal déistin nach beag orm ag an am agus fós. Tháinig a n-ainmneacha chugam fiú agus mise ag smaoineamh orthu ar maidin: Derek Woods agus David Howes. Ionsaíodh orthu i solas an lae ag sochraid mór le rá i 1988. Bhíodar ar strae ina gcarr agus an mí-ádh orthu gur bhuaileadar isteach i lár na sochraide seo, rinneadh iarracht éalú ach níor éirigh leo. An scéal anseo.
Fuair an bheirt acu bás os comhair na cameras agus na iriseoirí a bhí ann scéal na socraide a fháil. Níor cuireadh lámh lena gcosc mar do bhí an daoscarshlua as smacht le fearg. Is cuimhin liom fós an cuma eaglach i súile Derek Woods agus é ina sheasamh in aice a charr agus na ionsaitheoirí ina thimpeall.
Seo an slí ina thugadar ómós dá gcara ag a shocraid. Caitlicigh breátha iad uile.




Wednesday, June 21, 2006

Téarma an tSamhraigh

Ranganna na Gaeilge: Beidh an téarma gearr seo ag tosnú anocht i gColáiste I, Iona College, New Rochelle NY. Ceithre leibhéal. Mise agus Caoimhe Ní Bhaoill ag caitheamh ár hataí na dteagasc arís tar éis sosa!

Tuesday, June 20, 2006

Jimmy McCarthy: Níos Teo de bharr an Spréach.

Tháinig mé ar sheanghrá ag an deireadh seachtaine agus rith sé liom díreach go raibh mé fós i ngrá leis. Cé go raibh sé as mo smaointe ar feadh ní ba mhó na dhá bhliain anuas. CD de shaothar Jimmy McCarthy atá i gceist.

Bhraithim anseo i NY go bhfuil ana mheas ag mo chairde Ghael-Mheiriceánaigh ar na seana amhráin agus na seana bhailéid gaelacha. Bíonn na focail go léir acu! Bíonn siad i gcónaí compordach á chanadh mar ba mhinic a bhíodh na hamhráin céanna le cloisint ina dtithe féine agus iad ag fás aníos le tuismitheoirí nó sean thuismitheoirí gaelacha, iad siúd ag iarraidh teagmháil a choimeád ar a gcultúr gaelach trí mheán an cheoil nó trí mheán na n-amhrán.

Níor bhraitheamar agus sinn óg aon brú ar ár gcultúr mar bhíomar sáite léis, cé go raibh athrú ag teacht ar an saol. (Nach dtagann athrú le gach glúin?) Bhíos lán sásta le ceol agus amhráin a thagadh ó gach uile áit. Bhraitheann na cinn is fearr, dar liom, ar saol an éisteora ag an am. Cé nach raibh mórán spéise agam sna seana chinn Éireannacha, an traidisiún seanós srl., bhíodar go léir ionam in ngan fhios dom féin, tar éis na mblianta ar scoil, ag éisteacht ar an raidió, clár Waltons, Mo Cheol Thú le Ciarán Mac Mathúna agus araile.

Nuair a bhios i mo dhéagóir óg chuala mé Clannad, The Horslips, Christy Moore, Mary Black agus a leithéid agus ar aghaidh liom le suim sa cheol agus sna hamhráin seo. Bhíodar chomhaimseartha, ach fós féin, le meas ar ár gcarachtar Éireannaigh. Bhíodh meas ar ár stair agus ar ár gcultúr ann chomh maith, i slite éagsúla. Tháinig mé ar shaothar Jimmy McCarthy, trí na hamhránaí mór le rá eile a bhíodh á chanadh. D’aithin gurb ealaíontóir le focail agus ceol é. Bhí féith na filíochta in a chuid shaothair.

Le fada anuas níor chan sé a chuid féin, nó ní raibh a fhios agam mar chan, go dtí gur tháinig mé ar an CD seo blianta ó shin. Cnuasach dá chuid le Mary Black, Christy Moore, Tommy Fleming, Maura O’Connell agus eisean féin ag canadh ina dteannta fiú. Warmer for the Spark. (Cnuasach a h-aon)

Nuair a tháinig mé ar an sean CD i mo chnuasach ag an deireadh seachtaine tháinig gliondar orm. Tá a shaothar chomh úr agus a bhí sé riamh agus thit mé i ngrá leis arís. Go mór mhór le Mystic Lipstick, amhrán faoi cultúr na nGael, saghas filíochta fáithchiallach (allegorical), agus My Singing Bird, faoi cailliúint agus buairt. Cé go bhfuil an dá ceann sin brónach go leor labhraíonn siad liom i slí áirithe. Leis an fhírinne a rá, tá gach amhráin ar an CD seo ar fheabhas. Is aoibhinn liom Love Devine chomh maith, le Maura O'Connell.
Sin an fáth is dócha gur raibh an CD ar cúl an chairn, ag feitheamh orm go dtí go raibh mé réidh.

Dheineas “Google” ar a ainm ag iarraidh a fhail amach an bhfuil “cnuasach a dó” le fáil aon áit. In ionad an eolais san fuaireas amach gur chum Jimmy McCarthy (éigin) ceann des na hamhráin don Comórtas Eurovision ar son na tíre i mbliana! An EUROVISION!!! An uair deireanach a bhfaca an comórtas sin, tá b’fhéidir trí bhliain ó shin, bhí sé mar shorcas. Daoine ar bheagán éadaí ag léim anseo is ansiúd agus iad ag screadaíl! Ba mhór an spóirt a bhí acu de réir dealraimh. Bhíos i dtigh mo thuismitheoirí ag an am agus bhaineadar beirt an-taitneamh as an spraoi agus an spectacle, ba chuma na hamhráin!
Faire Billy Smart!

Ach, arbh é an Jimmy McCarthy céanna é? Má ba é, is dócha go raibh caighdeán ní ba airde sa chomórtas i mbliana ná le blianta beaga anuas.

Agus, cá bhfuil cnuasach a dó dá shaothar?

Wednesday, June 14, 2006

Faraor Barcelona! Ní bheidh mé ar ais..





Ar ais abhaile tar éis an turas gearr go Barcelona, agus bhí an-áthas orm bheith ar ais sa SAM.

Is cathair álainn í ……na foirgnimh Medieval sa seanbhaile agus an t-atmaisféar a bhíonn ann, na sean siopaí sna lánaí caolta. Na foirgnimh Gaudi, cuid acu an aisteach ar fad dar liom. An trá! an fharraige Mediterranean ag ní cósta na cathrach go bogúrach. An aimsir, foirfe! Te agus tirim, ach le gaoth fionnuar ón bhfarraige. Saol na h-oíche, cad é clubanna agus araile, ar oscailte trí na hoíche más maith leat stuif mar sin. Bhíomar i gceann amháin oíche agus d’fhágamar timpeall a trí, ag an am san bhí scuaine mhór ar an sráid ag iarraidh dul isteach, ní raibh an oíche ach ag tosnú!) An bia, iontach, caighdeán ard ar phraghas íseal go leor.

Ach faraor, tá an chathair stairiúla seo plódaithe le gadaithe. Níl nóiméad slán ag éinne ann, áit ar bith idir lá agus oíche!

Roimh an turas fuaireas faire ó chara agam anseo i NY faoi carachtar na Barcelonians agus an méid gadaíochta a bhíonn ann. Fós féin ní raibh me réidh. Bíonn brú na ngadaithe ar na turasóirí i gcónaí. Ní féidir rud ar aon luach a bheith leat i rith an lae ar na sráideanna, fiú faoi glas i do mhála! Is féidir leo malaí a oscailt i ngan fhios duit, uaireadóir a ghoid ó do lámh! Leis sin níl sé slán aon rud a fhágáil i do sheomra ar eagla na heagla, fiú má óstlann mór le rá í.
Cad atá le déanamh? Níl a fhios agam. Chaitheas tráthnona Aoine liom féin sa chathair agus níor stop an brú riamh ach ós rud é go rabhas liom féin, bhíos i gcónaí ar faire. Bíonn cleasaí acu d’aire a bhaint i gcónaí, le páistí, le cur sios ar an aimsir, le ceist faoi treoir srl. Níor cheapfá riamh go gadaithe iad seo óna cuma deas cairdiúil agus na h-éadaí faiseanta. Mar sin tá ort a bheith ar d’fhaire an t-am ar fad agus chuir sé seo isteach go mór orm.

Dé Sathairn, fuair mé lámh fir i mo mhála siopadóireachta uair amháin, in am, fad is a bhí duine eile ag caint linn, a chomh bhádóir ar ndóigh. Taobh istigh trí soicind bhí an bheirt againn ag féachaint air agus ar ndóigh an cleas ar siúl. Scread mé ar an ngadaí agus d’imigh sé uainn gan stró, gan luas, chuig an chéad duine soineanta eile is dócha. Lean sé mar seo an deireadh seachtaine iomlán agus bhí mo mheas ar an gcathair agus a muintir ag imeacht le gach eachtra.


Sa deireadh, oíche Shathairn theip orm a bheith airdeallach ar feadh cúpla soicind. Bhíomar ar an metro, ag teacht ar ais ón dtráigh. Bhí mé féin agus Paraicinár seasamh le greim ar chleith na traenach, mo mhála dúnta, trasna na gualainne agus slán (a cheapfá) os mo chomhair idir ár mbolg agus an bheirt againn ag caint aghaidh ar aghaidh, srón beagnach ar shrón, an mála eadrainn. Taobh istigh cúig soicind déag ar an traein sin, an fhad idir stáisiún amháin agus an chéad ceann eile, d’osclaíodh mo mhála agus goideadh mo sparán a bhíodh sa tóin ann. Níor bhraitheas rud ar bith, d’fhéach mé síos agus sinn ag teacht isteach chuig an chéad stáisiún eile agus chonaic go raibh mo mhála ar oscailt, ansin ar ndóigh an sparán ar iarraidh. Níor chreideas ar feadh nóiméid, cheapas go raibh mé chomh cúramach sin! ....Bhí an-díomá orm liom féin. Goideadh os cionn ár gceithre súil é?

Tá drochspéir ós cionn an chathair seo.

Tháinig mé trí doirse an Aerfoirt oíche luain agus dúirt le mo mhac Eimhin a bhí ann ag feitheamh orm. “ Tá áthas an domhan orm a bheith ar ais abhaile sna SAM iontach sláin!” agus dúirt sé liom “ Mom! You know you’re in Newark!”
Bhíos lán sásta.

Wednesday, June 07, 2006

Ag cleachtadh portraiture le ábhair daonna!

B’ábhair na bportráidí iontacha mo chairde seo chomh maith!!! Bláthanna áille eile.
Aralt MacGiolla Chainnigh, Séan Tierney agus Tomás Henry. Tagann an bheocht isteach trí mheán a súile agus na miongháirí atá orthu uile.

Solas





Is ábhair na bportráidí iontacha iad bláthanna, fanann siad compordach os comhair an grianghrafadóir i gcónaí. Is aoibhinn liom an solas agus é ag taisteal trí na peitil, cuireann sé beocht sa spás déthroimseach mar seo.

Tuesday, June 06, 2006

Imeachtaí an tSamhraigh

Cé go bhfuil an samhradh buailte linn níl an aimsir ró mhaith inniu ná inné, níor stad an fhearthainn thar an deireadh seachtaine ar chor ar bith, tá na Peonies sa ghairdín scriosta! Chuala mé go bhfuil an aimsir ar fheabhas in Eirinn! Aimsir Mediterranean!

Beidh mé ag imeacht ar mo laethanta saoire féin amárach sa throe sin, go dtí Barcelona. Ní saoire ró fhada í, deireadh seachtaine fhada atá i gceist. Ní raibh mé sa Spáinn ach uair amháin cheana, tá breis agus fiche bliain ó shin nuair a bhíos fós ar an ollscoil. Is oth liom a admháil nach bhfuil Spáinnis agam ar chor ar bith, agus is cúis náire í sin agus mé i mo chónaí sna SAM. Táim ag súil go mór leis an tréimhse seo, agus os rud é go bhfuil sí gearr go leor ní bheidh gach rud faoi bhrú sa ghairdín anseo má thagann an ghrian ar chuairt agus an garraíodóir as láthair.

Cad a bhíonn ar siúil againn maidir leis an teanga amach anseo? Beidh téarma gearr ag an Scoil Chois Claí, lonnaithe in IONA college, coláiste Í, New Rochelle, i Westchester NY. Tiocfaimid le cheile ocht uair, sé cinn sa seomra ranga agus dhá uair sa phub i gcomhair gnáth oíche shóisialta trí mheán na Gaeilge. Plean againn tús a chur ar an téarma seo ar an 21ú Meitheamh.
Tá lucht na teanga i Mass. an ghnóthach ar son na gaeilge faoi láthair: Beidh Lá na Gaeilge, faoi stiúir Tom Moriarty, ar an 17ú Meitheamh in Elms College, Chicopee. Beidh dream againn ó NY, (ón Scoil Chois Clái ach go háirithe,) ag dul ann cabhair a thabhairt in aon slí atá uaidh, meitheal! Agus beimid go léir ar ais i Mass. ar an 8ú Iúil nuair a bheidh Lá na Gaeilge i bPetersham…

Saturday, June 03, 2006

Is Deas an t-Iompar a Bhíonn Fuithi!

Bhí an chead stoirm an tsamhraidh anso againn aréir, tintreach agus toirneach, ana ghlórach ar fad, ag fearthainn go trom. Chailleamar an aibhléis ar ndóigh. Tagann eagla an domhain ar Chara le stoirmeacha mar seo. Bhí sí ag crith, an madra bocht, agus ina suí ar mo chosa, ana mhí chompordach agus saothar anála uirthi an t-am ar fad. De gnáth bíonn fíor cuma cú Chullain uirthi agus í ag tafann go fíochmhar roimh rud ar bith a bhogann sa ghairdín (cé nach bhfuil radharc ró mhaith aice.) nó, má théann jogger bocht tharainn, go bhfóire Dia orainn, bíonn sise amach ar an sráid ina ndiaidh agus as a meabhair le fearg…….…rug sí greim as ceann amháin acu blianta ó shin nuair a bhí sé ag iarraidh cic a thabhairt di!! Mar sin bím amhrasach fúithi nuair a thagann cuairteoir chugainn gan choinne agus ise taobh amuigh léi féin, go h-áirithe má dhéanann siad iarracht a bheith cairdiúil léi….bíonn orm rith amach briseadh a chur ar an bh“Fáilte” .…..ach tagann cuma luch lag uirthi le stoirmeacha mar seo. (Is fuath lei lámhach gunnaí chomh maith agus bíonn sí trína cheile ma chloiseann sí an fhuaim sin, ach is annamh a tharlaíonn é sin!). Bearna tuisceana atá ann is dócha, agus nuair nach dtuigeann daoine cad atá ar siúil ina dtimpeallacht, aithnítear malairt ina iompar chomh maith, feictear tréithe difriúla iontu, is minic nach mbíonn na tréithe sin ró mhaith.

Wednesday, May 31, 2006

Luach a Bheatha?

Níor chreid mé an scéal ar dtús.

Thuas ar Everest, ag iarraidh dul chuig a gceann scríbe féine, lean dream tar éis dream thar an dreapadóir David Sharp a bhí i gcruachás agus é ag teacht aníos, gan cabhair a thabhairt dó…Ní raibh brú ar a saolta féine... ach cuireadh an stop brú ar a seansanna an mullach a fháil …

Is turas na turasóireachta anois é seo, íocann na rannpháirtí as a a bheith ann agus is cuma leo aon rud ach an éacht a bheith bainte amach acu. Cad é féinspéiseachas agus leithleachas. Tá spiorad an taiscéalta marbh le dream mar iad siúd bródúil as a gcuid gníomhaíochta i bhfianaise le bás an fhír óig sin.

Tuesday, May 30, 2006

Meitheamh!

Tús aimsir na culaithe snámh!
Nílim réidh fós.
Gach bhliain agus sinn leath trí an t-earrach téim mo smaointe chuig an samhradh agus geallaim dom féin go mbeidh mé réidh. Cosúil le beagnach gach duine eile ceapaim go mbeinn i bhfad níos fearr agus mé idir cúig agus deich bpunt níos éadroime. Ach, seo an droch rud. Chomh luath agus a thosaím ag smaoineamh mar seo, tagann ocras orm! Bím stiúgtha leis an ocras! Bíonn fonn na beorach orm le teas na gréine, níl aon dul as… Níl rud ar bith chomh deas ná G & T tar éis an lae fada ag féachaint ar an scáthláin. Bíonn uachtar reoite uaim gach oíche….Níl peaca ró-mhór é sin, ar a laghad Snickers Ice Cream Bar nó Godiva, agus cad faoi Lindt truffles. OMG!

Saturday, May 27, 2006

Tháinig áthas orm.....

Is trua liom a admháil gur tháinig áthas orm le déanaí le mífhortún daoine áirithe, …..braitheann sé ar an gcás. Nuair a chuala mé go bhfuarthas Ken Lay agus Jeffrey Skilling (Enron) ciontach i mbeagnach gach ceist sa chuairt an tseachtain seo chaite tháinig áthas orm. An méid sainte a bhíonn le feiscint i gcúrsaí gnó ní hamháin sa tír seo, ach gach áit! Cuireann sí déistin orm. Ach, mar mhode eacnamaíochta is é caipitleachas an mode is fearr, faraor bíonn an mode seo oscailte roimh saint agus is cosúil nach féidir smacht a chur uirthi.
Is féidir a rá go bhfuil an chontúirt céanna i gcónaí ann, na créatúir bochta, …bíonn an cathú i gcónaí ina bhealach! “Tá níos mó uaim!!!” (Níl sé ach nádúr daonna! Nó an bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith?) Inniu sa pháipéar bhí cur síos ar an CEO in Home Depot agus an t eolas go bhfuair seisean $245 mhilliún ón gcomhlacht taobh istigh cúig bhliain……………An leor aon suim? $245 mhilliún!
Feicfimid arís is arís eile é, éinne atá leis nó léi an chumhacht, tagann saint san áireamh.

Monday, May 22, 2006

Inniu..ugh.

Críochnaigh mé píosa oibre aréir, beidh sé ag dul go dtí an clódóir inniu, b le D. Bhí brú orm leis an bpíosa sin le coicís anuas agus bhíos ag éirí bréan de. Chomh luath agus a chroitheas an moncaí sin ó mo ghualainn aréir tháinig slaghdán orm ina h-ionad díreach. Bhí an slaghdán ag sleamhnú sa chúlra ar feadh trí nó ceithre lá gan seans ionsaí orm. Bhíos ró gnóthach! Ach bhraitheas na comhartha, scornach tirim go leor oíche Chéadaoin agus Déardaoin, corp trom dé Sathairn ach ní raibh tinneas orm.
Ach aréir, chomh luath agus a críochnaigh mé an jab agus é slán ar na CD’s, shuigh mé le G & T (a bhí tuillte go mór agam) os comhair an teilifís ag súil le Bleak House (Bhí an DVD agam cúpla lá gan seans féachaint air). Bhraitheas ar feadh aga an ardú brí le imeacht an moncaí, ach ansin, díreach orm an srón stoptha agus na súile troma, tús le scornach tinn chomh maith. Tháinig tinneas cinn i lár na hoíche.

Inniu..ugh. Ba mhaith liom mo cheann a bhain díom agus mo chorp a líonadh le drugaí.

Monday, May 15, 2006

Dúcheist


Ar ais arís ar an ngnáth saol tar éis deireadh seachtaine bhreá ag teagasc in Esopus, NY. Traochta ar ndóigh! Bhí dream mór ann, is dócha timpeall céad nó níos mó, nílim cinnte.

Seo mo rang, nach dream an-tarraingteach ar fad iad agus gealgháireach leis. Bhí spóirt againn le cheile, gan trácht ar an gcraic idir na ranganna!
Brendan Delaney, Constantín Coutroulos, Pádraig Mullen, Séan Cahill, Mollaí bean uí Cionnaith, Séamas Mac Cába, Maitiú Tulley, Máire Ní Ceallaigh, Soisear Mac Cionnaith, Aine Johnson, Bríd De Vera, Eibhlín Zurell agus mise.
Glac duine den dream seo an pictiúr…Cé hé nó cé hí ?
Bain triail as teacht ar an bhfreagra ceart.

Tuesday, May 09, 2006

Faire!


Táim ag éirí níos fearr leis an gceamara nua seo. Chaitheas cuid de tráthnóna Sathairn ag cleachta sa ghairdín. Seo samplaí den toradh. Ní bheidh éinne slán orm ag an deireadh seachtaine na Gaeilge in Esopus! (an deireadh seachtaine seo atá ag teacht chugainn, an 12ú go dtí an 14ú.) An ghnóthach faoi láthair le gnáth obair an lae agus ag súil le sos atáim…Tá mo shúile ag éirí cearnógach ó an iomarca ama ag féachaint ar mo square headed spouse, mo ghrágheal, mo ríomhaire.

Tá rud éigin cearr anseo, níl Blogspot ag glacadh mo phictiúir!

Thursday, May 04, 2006

Oíche cheoil agus cainte



Bhí oíche iontach againn aréir, ár gclub céid Céadaoineacha i Dunne’s Pub, White Plains. Ceol, caint, bia blasta agus cúpla deoch, comhluadar breá! Tharla go raibh mo chara Jerry O’Sullivan, cara mór na teanga, i láthair ag seinm na píopaí uilleann le dream an tseisiúin. Cé go mbíonn ard chaighdeán ag an seisiún seo i gcónaí, aon oíche Chéadaoin, mhéadaigh a chuid ar mhaithe le ceol na hoíche. (Is féidir éisteacht ar Jerry anseo. solo recordings O'Sullivan Meets O'Farrell) Tá rud éigin faoi leith le cloisteáil i gceol na bpíopaí seo i lámha an cheoltóra éirimiúil. Go mór mhór dar liom, i gceol mall, seinnte le mothúchán………..Cloisim rian an anama ann, nó rud éigin atá ródheacair a mhíniú. Ach ag smaoineamh ar seo caithfidh mé a rá gur chuir Heather chun chiúnas lucht éisteachta an fhoirgnimh iomláin nuair a sheinn sise My Lagan Love, (a leagan féin den seana phort seo,) ar a veidhlín binn. Ba mhilis an fhuaim. Bhí tocht orainn uile ag éisteacht léi. Labhair an ceol díreach linn mar ghuth paiseanta. Is ceoltóir den scoth ise chomh maith.

Tuesday, May 02, 2006

An Mhéar Fhada

Bhí ruaille buaille timpeall na tíre inné, sna cathracha móra ach go h-áirithe. Tháinig roinnt imirceach amach ar na sráide agóid a chur in aghaidh a stádais mídhleathacha. Tuigim go mór a gcás, tá sé an deacair teacht isteach faoi scáth an dlí ón áit míchairdiúil seo. Níl córas ann. Nochtar an t-iarratais stádas an imircigh, mar sin bíonn drogall ar cách iarratas ar bith a dhéanamh. Ní nach ionadh. Ach cheapas gur nochtaigh imeachtaí inné an falla gloine atá idir sinn atá lonnaithe anseo le cártaí glasa agus an dream nach bhfuil cartaí acu. Cuirtear bolscaireacht amach sinn a mhealladh isteach agus tacaíocht a thabhairt, “Lá gan Imirceacha” a tugtar air, ach dáiríre ní raibh suim dá laghad agamsa a bheith páirteach, an scéal céanna ó mo chairde. Ní hé le rá nach bhfuil trua againn dóibh siúd, ach ba amaideach an smaoineamh go mbeimis in ann a bheith ar na sráide ag taobhú leo. Bhí orainn dul ar obair.
Ach fadhb mhór í seo agus ag éirí níos measa. Tá páirt ag an lucht imirce seo i saol mór na tíre agus ba cheart luach a saothair a aithint agus meas a bheith ag an rialtas orthu, tá sé tuillte acu. Is dócha go bhfuil an rialtas láithreach ag iarraidh í a chur ar an méar fhada, go dtí go bhfuil sí fágtha don chéad dream eile a réitigh. Í seo agus an praiseach atá déanta acu in Iraq. Feicfimid.


Oíche cheoil agus cainte amárach. Club an Chéad Chéadaoin i Dunnes Pub. 15 Shapham Place, White Plains, NY.

Monday, May 01, 2006

Molann an Obair an Fear

Chaitheas uair maidin Sathairn ar chlár radio sa stáisiún WFUV, (lonnaithe in Ollscoil Fordham, sa Bhronx, NY.) Is stáisiún poiblí é WFUV, mar sin ní bhíonn airgead ag teacht isteach chucu ó bhfógraíocht. Bíonn ar na craoltóirí féine uair nó dhó sa bhliain, a impí ar a lucht éisteachta, deontas, nó costas bhaill, a chur chucu a gcláir difriúla a choimeád i mbeatha. Sin an fáth go rabhas ann, beo ar an aer, cabhair a thabhairt leis an jab sin, bailiúchán airgid ar son clár áirithe.
Míle Fáilte an t-ainm atá ar an gclár agus is é Séamas de Bláca an craoltóir le breis agus 25 bliana anuas. Tá fan club mór aige cheana féin agus ní raibh orm a dhéanamh ach chomh tábhachtach agus atá a dtacaíocht, (i bhfoirm airgid) a chuimhneamh dóibh, agus bhíos lán sásta é sin a dhéanamh.
Is é cuspóir an chláir ná an teanga a chur in iúl i slí taitneamhach timpeall an trí state area. Ní bhíonn an clár trí mheán na Gaeilge go hiomlán mar, dar le Séamas, tá roinnt dá lucht éisteachta gan focal Gaeilge ar bith acu ach fos féin baineann siadsan an-taitneamh as an gclár agus as an gcumaisc a bhíonn le fáil ann. Bíonn míle fáilte roimh cách le suim acu i gcultúr na ngael. Cloistear ceol, scéalta stairiúla agus samplaí den teanga trí comhrá beo nó ó CD’s agus téipeanna atá ar an margadh faoi láthair ar an gclár seo. Meascán idir sean-nós agus amhránaíocht chomhaimseartha, nuacht faoi chúrsaí na teanga in Éirinn agus anseo sna SAM agus gach ní eile maidir leis an teanga…leabhair, údair ar leith agus a gcuid saothair, filíocht. Is clár faoi leith é agus moladh mór tuillte ag Séamas dá bharr. Blaiseadh na hEireann. Ní chreidfeá an méad ama a chaitheann sé agus an méad eolais a scaipeann sé ó seachtain go seachtain. Bíonn sé i gcónaí toilteanach tacaíocht a thabhairt chuig lucht na teanga agus a n-eachtraí timpeall na haite, bolscaireacht a dhéanamh dúinn srl agus táim ana bhuíoch de as sin.
Is rud iontach é go bhfuil an Ghaeilge le cloisint ar chlár raidió poiblí i NYC.
Tuilleadh eolais nó is féidir éisteacht ar an gclár féin sa chartlann: Wfuv.org. Féach ar chlé: Celtic Sounds/Míle Fáilte 90.7 fm

Friday, April 28, 2006

An Mhumhain Abú!

Luaigh mé cheana an t-iontas a thagann orm le cúrsaí spóirt! Osclaítear paisean faoi leith ionainn agus sinn ag tabhairt tacaíochta dár bhfoireann féin! Ár Laochra! Bhíos ag caint faoi seo i Cothrom na Féinne 2004, (Dec 6, 2004) níos mó ná bliain ó shin, agus arís nuair a luaigh mé Christy Ring (Mar 24, 2005). Tagann na téamaí céanna aníos arís agus arís eile.

Nach iontach an cath a bhí idir Mumhain agus Laighean ag an deireadh seachtaine, iontach ar ndóigh mar d’éirigh le foireann na Mumhan! Cé nach raibh mé in ann féachaint ar an slad chuala mé trácht air agus mé ar an bhfón le mo mhuintir. Bhí cuid acu i Lansdowne Road an Satharn seo chaite agus plean anois ag cuid acu dul go Cardiff i gcomhair an cluiche ceannais. Is cosúil go bhfuil na scéalta grinn ag teacht aníos anois: Ní raibh lucht tacaíochta ar bith ag Laighean bhocht, bhíodar go léir ag imirt Ghailf, nó ag freastal ar díolacháin i Brown Thomas.

Bhíodh an cluiche seo rugbaí mór linn sa bhaile nuair a bhíos óg, ach bhíodh iománaíocht agus peil ana thábhachtach chomh maith. Bhí rugbaí againn os rud é go raibh taithí nach beag ag mo mháthair leis óna h-óige féin, níor iomaitheoir í! Is as BAC ó dhúchas i agus do bhíodh teagmháil idir a clann agus an club Bective thuas ansin. Chaith a deartháireacha a n-óigí ag imirt rugbaí ar scoil agus leis an gclub seo. Ba as iarthar Luimnigh m’athair agus suim aige sna “Fíor spóirt na hÉireann”. Trí na bliana d’éirigh suim níos mó aige i rugbaí agus d’éirigh suim níos mó aici in iománaíocht agus peil. Ar ball, d’éirigh suim acu i soccer chomh maith! Gan trácht ar Tennis, Gailf agus Cricket! Caithfidh mé a rá go raibh cúrsaí spórtúil ar an teilifís gach tráthnóna Sathairn, cuirtíní an seomra suite dúnta srl.

Cheapas féin agus mé ag fás aníos i gcathair Luimnigh gur spóirt fiáin é rugbaí. Bhí na iomaitheoirí píosa beag garbh dar liom, fearúlacht bréige amach is amach. Bhris céile mo dhruifiúr a chromán agus é fós ina dhéagóir ag imirt ar son a ardscoil. A chromán ar son Dé! Ansin nuair a chuala mé gur chaith uncail agam coicís i bhfanntais san ospidéal tar éis cluiche i mBAC agus é timpeall 23 bliana d’aois bhí mo cinneadh déanta agam faoin gcluiche seo, ró fhiáin. Ach, le imeacht na blianta d’athraigh mé m’intinn. Chonaic an ardú brí a tháinig ar mo thuismitheoirí tar éis chluiche, nó fiú nuair a bhíodar ag súil le cluiche, agus a saolta ag eirí níos lú leo le meath na seanaoise ag an am céanna. Chonaic é seo go mór mhór le teacht foireann na Mumhan in ardú i réime.

Thug sé seo chun mo chuimhne tráthnóna Sathairn amháin a chaitheas leo nuair a bhí m’athair an-tinn san hospice. Bhí an Mhumhain i gcluiche an Satharn céanna. Chuaigh chuige le mo mháthar agus cooler cóisire agam, (rogha na dí, oighear fiú! mixers, gloiní cearta! crisps, saghas smuggler a bhí ionam) Tháinig mo deirfiúracha agus a gcéilí. Bhí deoch againn roimh an cluiche ar son an t ádh agus ansin d’imigh siadsan, mo deirfiúracha agus na céilí, chuig Páirc na Mumhan. Lean an triúr againn ag féachaint ar an gcluiche ina sheomra agus m’athair mar a bhíodh sé i gcónaí, iomaitheoir ar an gclaí, ag tabhairt comhairle gach ré nóiméad chuig foireann na Mumhan. Tháinig an dream ar ais tar éis an chluiche, aoibh mhaith orainn uile. Bhaisteamar an bua! Lean na cóisire. Lig na banaltraí súile caocha orainn mar ba chóir dóibh.
An lá dar gcionn thit an tóin as an tsaoil.

Tuesday, April 25, 2006

Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine

Tá an Lá na Gaeilge 2006 i Westchester thart! Bhí sé ar fheabhas! Tháinig dream iontach, 65, agus ceapaim gur bhain gach duine acu an taitneamh as a thréimhse linn in IONA. Bhíos féin agus an fhoireann, Siobhán Shea, Máire Aine Swords, Naomi McCooe, Jane Guttman, Sean Ó Fiannai, Bernadette agus John Broderick i láthair roimh 8 30 am agus ní fada go raibh daoine ag teacht isteach chugainn ó Long Island, New Jersey, Manhattan, Connecticut, and Massachusetts gan trácht ar an dream atá ina gcónaí i Westchester County féin, agus ó thuaidh i Stáit NY.

Ba iad Caoimhe Ní Bhaoill, Úna McGillicuddy, Eibhlín Zurell, Seán Tierney, Pádraig Ó Cearúill agus Séamas Ó Neachtain na múinteoirí an lae agus chaitheadar uair go leith ar maidin le dream amháin agus an am céanna sa tráthnóna le dream eile. Sílim go bhfuil an modh seo ana mhaith, bíonn seans ag na daltaí tamall a chaitheamh ag éisteacht le múinteoirí ó áiteanna éagsúla, le blasanna éagsúla agus ard caighdeán na Gaeilge acu uilig.…………
Idir na ranganna seo bhí eachtraí suimiúla eile ar siúl.

Bhí léacht le Muiris Ó Bric, (eisean ina chónaí i NY ach ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas.) Bhí sé ag caint faoi a shaol féin, cur sios atá déanta aige in a leabhar álainn Spotsolas na nDaoine. Ansin thug Macdara Mac Uíbh Aille seans dúinn féachaint ar a gearr scannán greannmhar Fíor Ghael. Craoladh in Éireann é ar Lá ‘le Pádraig i mbliana agus b’é seo an chéad uair a bhí sé le feiscint sna SAM os comhair pobal le Gaeilge. Is as Ard Mhacha ó dhúchas é ach bíonn Macdara lonnaithe anseo i NY le blianta anuas. Bhí léitheoireachtaí againn ó na filí, Gobnait Humphreys, (le haistriúcháin ó Donncha Ó Cúinn) agus Séamas Ó Neachtain óna saothar féin.
Tar éis an tarna rang sa tráthnóna bhí crannchur mór againn agus ansin leanamar le seisiún críoch a chur ar an lá. Tháinig triúr dár gcairde cheoil ó Dunne’s Pub, Nora, Ann agus Pat, agus ag deireadh an lae bhailigh fhéidir 25 againn leo go dtí an teach tábhairne céanna i White Plains. Lean an seisiún ar siúil go dtí go rabhamar uile leath marbh le tuirse.

Is aoibhinn liom, ní amháin go bhfuil an méad seo daoine ag iarraidh an teanga a bheith acu trí ranganna anseo sna SAM, ach go bhfuil siad toilteanach í a labhairt taobh amuigh den seomra ranga. Tá sé soiléir chomh maith go bhfuil cairdeas faoi leith idir chuid mhaith den dream ag an bpointe seo, mise ina measc, de bharr is dócha an méad ama atá curtha isteach acu ag foghlaim le cheile, agus ar ndóigh, as an craic a bhíonn eadrainn i gcónaí ag deireadh an lae.

…agus amach anseo? Beidh Club an Chead Chéadaoin againn anseo i Westchester an tseachtain seo chugainn ar an 3ú lá de Mhí Bealtaine. Deireadh seachtaine na teanga in Esopus NY 12 -14 de Mhí Bealtaine. Lá na Gaeilge in Elms College, Chicopee MA ar an 17ú de Mhí Meitheamh agus Lá na Gaeilge leis an ionad cultúrtha Ár dTeanga Féin i bPetersham MA ar an 8ú Lá de Mhí Iúil.

Friday, April 21, 2006

Teas na Gréine Orainn




In Eirinn? ní hea, sna pairceanna luaite thios i NY.

Radharc na Gréine

In ainneoin obair an lae inné chaitheas uair go leith taobh amuigh timpeall am lóin ag siúl trasna na bpáirceanna le Cara. Tháinig aimsir an earraigh nuair a bhíos in Éirinn an tseachtain seo chaite … Coicís ó shin bhí orainn ár gcótaí a chaitheamh, anois déanann t-léine agus sciorta gearr an beart!
Ar dtús, cé nach bhfuil an gnaoi ag cách ar an ghrian faoi láthar agus a bhí, níl rud ar bith chomh deas, dar liom, ná teas na gréine ar mo chraiceann geal don chéad uair gach bhliain. Tuigim go mór an urraim a bhíodh ag na dúchasaigh ar a ngrian fadó, ní gá ach féachaint ar an dúiche ag teacht ina bheatha tar éis codladh an gheimhridh chun í seo a mhothú.
Is aoibhinn liom an tréimhse seo den bhliain ach bíonn sé ana ghearr, ró ghearr. Níl an gealán gréine chomh tréan sin agus ní gá an uachtar cosaint na gréine a úsáid, hata a chaitheamh, nó ní bhítear ag cur allais tar éis deich nóiméad lasmuigh.
Inné bá lá neamhaí a bhí ann! Gan tais, gan feithidí an tsamhraidh. Bhí boladh an fhásaigh ann, úr agus cumhra.
Bhí Cara fós ina coileán.

Bhí plean agam píosa a chur suas anseo faoi na h athruithe a chonaic mé in Éirinn, go mór mhór tionchar na h imircigh ar an tír agus ar meon na ndaoine, ach lá eile. Bhí mo shiúlóid inné níos tábhachtaí!

Tá an Lá na Gaeilge buailte linn,(amárach) agus sin atá idir lámha agam inniu. Beidh breis agus 65 i láthair , ó NY, Mass, Connecticut, NJ. agus sinn uilig ag ceiliúradh ár dteanga. Bunaithe in IONA college, New Rochelle, NY beidh grúpaí comhrá oiriúnach dóibh siúd le Gaeilge líofa nó beagnach líofa agus le sin beidh ranganna ar siúil ar leibhéil difriúla. Leitheoireachtaí phróis agus filíochta, ceol, amhránaíocht agus gearrscannán greannmhar nua déanta sa Ghaeilge. Beidh an lá againn.