Friday, April 15, 2011

A Riot of Photosynthesis!





Chuala mé an prás sin ar an RTE maidin amháin blianta ó shin. Ní fheadar cé a dúirt, ach is cuimhin liom gur ag tagairt ar Fhaiche Stiabhna a bhí i gceist i scéilín idir Pat Kenny agus aoi éigin a bhí ar an gclár leis. D'fhan an prás liom agus léim sé chugam nuair a d'fhéach mé amach an fhuinneog maidin inné. Ba chosúil gur phléasc an chíréib chéanna anseo i NY tar éis cúpla lá grianmhar agus bog....círéib na fótaisintéise...nó b'fhéidir go bhfuil círéib an earraigh níos fearr sa Ghaeilge? ??
Pé leagan atá oiriúnach sa chás seo is aoibhinn liom an íomhá: sinn ag feitheamh, agus ag feitheamh agus ansin ....go hobann pléascann dathanna dearfacha an earraigh os ár gcomhair, rud a bhronnann sá iontais ar chách! Is deas chomh maith focail a bhíonn de ghnáth diúltach mar a bhíonn phléascadhcíréib a bheith cóngarach do cheann chomh dearfach agus a bhíonn an focal Earrach.

Níl duilleog le feiscint go fóill sa cheantar seo.

Wednesday, April 13, 2011

Caitheamh Aimsire Nua?


Bhíomar ag feitheamh le fada anuas air agus sa deireadh bhuail an t-earrach linn thar an deireadh seachtaine seo chaite…Áthas an domhain orainn fáilte a chur roimhe…. agus mar chomhartha an tsamhraidh agus na laethanta fada a bheidh ag teacht chugainn go luath bhuail Eimhín isteach orainn gan choinne ar a bhréagán nua. Chaitheamar an tráthnóna ag rothaíocht timpill ár gceantar máguaird seo ar na bóithre cúnga droimneach taobh lochanna….bhí solas geal an earraigh ag síothlú trí na géaga nochta - níl na duilleoga thar n-ais linne go fóill. Bhí sé go breá! (agus geallaim duit nach raibh sé ró-ghlórach!)
Ach anois táim ag ceapadh cé gur bhaineas sult as an suíochán cúl sin, b’fhearr liom an suíochán tosaigh!!

Friday, April 08, 2011

Maidin Amárach


Is féidir an teanga Ghaeilge a chloisteáil ar an raidió anseo i Nua Eabhrac. Craoltar Míle Fáilte ar a hocht a chlog go dtí a naoi a chlog gach maidin Sathairn ar WFUV, 90.7 - stáisiún poiblí lonnaithe in Ollscoil Fordham sa Bhronx. Is é Séamas de Bláca craoltóir an chláir seo a bhfuil ar siúl le blianta fada anuas. Ós rud é gur stáisiún poiblí é WFUV bíonn ar na bainisteoirí bailiúchán airgid a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana. Bíonn aoi ag Séamas ar na cláir speisialta seo agus bím i gcónaí toilteanach cabhair a thabhairt más féidir. Is maith liom an clár ó sheachtain go seachtain agus má tharlaíonn go dteipim teacht air, fadhb ar bith! Bíonn sé sa chartlann ar suíomh WFUV agus is féidir liom éisteacht leis aon uair ar bith.

Beidh mé ar an gclár maidin amárach, bÍgí ag éisteacht linn a chairde agus ná déan dearmad glaoch a chur orainn díreach tar éis a hocht a chlog ar 1 (877) 938 8907 agus pingin nó dhó a chaith inár dtreo! Beidh bronntanais an deas againn daoibh!

Tuesday, April 05, 2011

Fós Beo

An Trá Fhada i NJ

Kicking Horse i B.C.

Bhíos ag taisteal le déanaí: Chaitheas tréimhse ó thuaidh in iarthar Cheanada - eitilt go Calgary ar dtús, ó Nua Eabhrac go Dallas agus ar aghaidh go Calgary, agus ansin thiomáin mé trí na Rockies go dtí Kicking Horse sna Sléibhte Purcell ar an taobh Iarthar. Chuaigh mé trí Rogers Pass lá amháin m'aghaidh ar Revelstoke, bóthar cúng álainn atá ann ach faraor bhíos gafa ansin le dream ar feadh beagnach trí uaire de dheasca avalanche! Briseadh píosa den bhóthar! Is cosúil nach rud as an ngnáth é sin ar an mbóthar seo.

Ansin an deireadh seachtaine seo chaite chaitheas cúpla lá cois farraige ar an Trá Fhada i New Jersey le scata gaeilgeoirí, ní hamháin séasúir eile ach domhain eile chomh maith.

Plean agam fanacht sa bhaile i NY tamaillín.