Sunday, October 31, 2010

Scéal Dearfach





Bíonn scéalta dearfacha i gcónaí tábhachtach ach faoi láthair le drochscéalta mar chlócaí umainn sílim go bhfuil dea-scéalta níos tábhachtaí ná riamh.

Chuir éalú na mianadóirí i Chile áthas mór ormsa mar shampla agus ar gach duine le croí agus cuisle déarfainn. Is minic a chloistear faoina leithéid de thimpiste nach dtagann duine beo riamh as agus bím buartha uaireanta nach bhfuil suim ag na boic mhóra an t-airgead a chaitheamh na créatúir a aimsiú agus a scaoil amach... ach ní hé sin a tharla sa chás seo, buíochas le Dia. Scaoileadh amach iad agus chualathas osna fhaoisimh timpeall an domhain.

Bhí mé ag taisteal le déanaí…bhí mé i gCathair Luimnigh faoi dhó taobh istigh míosa. Bhí sé go breá, bíonn cuma dheas ar an gcathair agus a pobal faoi láthair, go háirithe aon lá ina mbíonn an ghrian ag taitneamh, í ag glioscarnach ar an abha.... agus.... chomh maith le sin, má bhíonn cluiche spóirt ar siúl sa chathair....agus san am seo den bhliain má bhíonn cluiche Rugby le bheith ar siúl i bPáirc Thuamhan agus foireann na Mumhan ag imirt. Tá an chraobh Heineken faoi lán seol anois agus is mór an tsuim atá ag lucht na cathrach sna cluichí. Nach minic a chuireann cúrsaí spóirt aoibh mhaith ar dhaoine?

Seo mar a bhí ar an 16ú lá déag de mhí Deireadh Fómhair. Tharla go raibh mé ag tiomáint ar bhóthar na hInse i dtreo lár na cathrach luath san iarnóin an lá úd, fad is a bhí tonnta dearga gealgháireacha ag bogadh chugamsa! Tonnta dearga gealgháireacha? Ba iad lucht tacaíochta Foirne na Mumhan a bhí ann; fir, mná, páistí óga, déagóirí, iad go léir gléasta i ndearg agus slua mór acu ag siúl amach chuig Páirc Thuamhan atá suite ar taobh thiar thuaidh na cathrach. Ba léir go raibh muinín acu as a bhfoireann, tháinig miongháire ormsa ag féachaint orthu agus cuid acu ag pleidhcíocht agus ag ligint geáitsí orthu féin agus iad uile ar shanks mare! Spraoi geallta cinnte. Ba léir chomh maith go raibh mise ag dul sa treo mí cheart, bhí an ghrian ag taitneamh agus fuinneog an chairr ar oscailt agam... "Arn't ya coming to the match missus?" mar a dúirt sreangán óg amháin liom agus é chomh tanaí leis an gcrann brataí a bhí á iompar aige! Bhuel faraor, ní raibh ticéad agam dul, ach d'fhéach mé ar an gcluiche ar an teilifís le mo mháthair ar ball sa tráthnóna. Bhaineamar sult as cé go mbíonn sé iontach garbh agus fiáin mar chluiche, dar liom. Bhaineas taitneamh chomh maith as féachaint ar an tslí inar bhain sise sult as... : "Get that fellow!" a ndéarfadh sí i nguth íseal séimh, nó "That so and so, stop him!" Focail nach gcloisim i NY! Bhí suim mhór aici sa chluiche seo ó laethanta a óige toisc gurbh iomaitheoirí Rugby iad a deartháireacha agus a h-uncailí, bhíodh suim ag m'athair i gcluichí iománaíochta agus caide!

Ar aon nós is cluiche proifisiúnta é Rugby anois agus mar sin tagann baill na foirne ó gach aon áit, ach chomh luath agus a chaitear geansaí dearg na Mumhan is Muimhnigh iad! D'éirigh go maith leo an lá úd, bhíodar i gcoinne Tulon agus b'é toradh an chluiche 45 - 18.

Is bliain iontach í 2010 i gcúrsaí spóirt sa Chuige Mumhan. D'éirigh le Tiobraid Árann craobh iománaíochta na hÉireann a bhuaigh agus corn Liam Mac Carthaigh a fháil dá bharr, ní hamháin é sin ach d'éirigh le Corcaigh craobh caide na tíre a bhuaigh agus teacht ar chorn Somhairle Mag Uidhir arís. Is laochra ár linne iad na lúthchleasaithe iontach seo, a chuireann a gcroíthe san obair agus a thugann sásamh nach beag dá lucht leanúna. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad murab ionainn leis na lúthchleasaithe ar bharr cúrsaí Rugby; de ghnáth bíonn orthu lá lán oibre a chur isteach roimh oíche thraenála nuair a bhíonn séasúir a spóirt faoin lán seol.

Scéal nach bhfuil ar fud na háite ná gur thug IRFU na Mumhan (Munster Irish Rugby Football Union) cuireadh don fhoireann iománaíochta is fearr sa tír, Tiobraid Arann agus don fhoireann peile is fearr, Chorcaigh, teacht go Páirc Thuamhan ar an lá úd, an 16ú, chun féachaint ar an gcluiche mór. Cuireadh lón deas os a gcomhair ar dtús agus ansin bhí seans acu féachaint ar an gcluiche le chéile agus gáir molta a ligint ar son foireann mhaith eile na Mumhan.

Uair amháin bhí cosc ar teagmháil idir na cluichí seo, bearna ollmhór eatarthu, agus idir na lúthchleasaithe fiú..... ach anois critheadh lámh eile eatarthu, aitheantas cothrom ceart é ó IRFU na Mumhan do Chumann Lúthchleas Gael.