Tuesday, February 26, 2008

Oscars

Is maith liom an clip seo, ní fhaca mé an clár, bhíos as baile agus ní raibh teilifís san áit ina raibh mé an oíche sin, agus tá áthas orm gur thug Jon Stewart seans dí teacht ar ais ar an ardán agus a cúpla focal a rá. Bhí sé chomh drochbhéasach nuair a cloiseadh an ceol ag tosnú agus í ar tí labhairt… Tá an ceart aici faoi dóchas.
Cloistear blas BAC ag snámh isteach ar a blas Czech sa bhéarla. Tá sé suimiúil agus greannmhar........ Is maith liom an amhrán sin chomh maith.
Seo iad ag canadh le cheile an oíche céanna....

Friday, February 22, 2008

Craic agus Comhluadar

Bhí an deireadh seachtaine seo chaite go breá, mar a bhíonn i gcónaí nuair a thagann dream áirithe le cheile. Tá sé suimiúil a fheiscint anois an méad daoine atá ag obair in áiteanna difriúla ar son na Gaeilge. Beidh féile na Gaeilge nó deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil áit éigin sa timpeallacht seo, nach mór gach seachtain, go dtí mí Iúil! Is iontach an rud é go bhfuil daoine ag obair le cheile an teanga a chur chun cinn, téann cuid mhaith daoine ó féile amháin go féile eile ag iarraidh tacaíochta a thabhairt agus ag baint súp as gach eachtra chomh maith. Ba mhór an spraoi a bhí againn in Esopus agus níl rud ar bith níos fearr ná a bheith ag foghlaim agus ag bhaint súp as an saol ag an am céanna.

Bhí an t-ádh linn go raibh cuairteoirí ó Éirinn linn an uair seo, Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn. Bhíodar ag caint linn faoi a leabhar nua Speaking Irish, an Ghaeilge bheo atá foilsithe ag McGraw Hill. (Tá praghas iontach díreach anois ó Amazon níl a fhios agam cén fáth...)

Tagann an leabhar seo le DVD agus is í an chuspóir atá ann ná seans a thabhairt d’fhoghlaimeoirí éisteacht / féachaint ar roinnt daoine le sár Gaeilge, ag labhairt i stil nádúrtha, i gcanúintí difriúla, faoin ábhair céanna. Ansin tugann an leabhar féin tacaíocht don foghlaimeoir le mínithe na cora cainte éagsúla agus chomh maith le sin, le na h-agallaimh i gcló sa Ghaeilge i dtús an leabhair, agus ansin ag deireadh an leabhair
faightear aistriúcháin na n-agallamh uile chomh maith. Déarfainn go mbeadh an córas seo an úsáideach ar fad, ní h amháin i gcás foghlaimeoirí ar an mheán nó ar an ard leibhéal teacht ar líofacht, ach i gcás daoine atá beagnach líofa agus ag iarraidh dul le canúint amháin, nó fiú daoine beagnach líofa i gcanúint amháin le beag seans teacht ar na gcanúintí eile agus easpa muinín acu dá bharr sin…Bheadh an leabhar agus DVD seo oiriúnach do gach foghlaimeoir dúthrachtach, díograiseach.
Tá an córas seo bunaithe ar an teanga labhartha amach is amach agus déarfainn go bhfuil cumas maith sa teanga labhartha an tslí cheart teacht ar chumas na teanga go h-iomlán.

Saturday, February 16, 2008

The Seafarer.

D’fhreastal mé ar an dráma seo an tseachtain seo chaite. Bhaineas taitneamh as, bhí an comhrá glic agus an-ghreannmhar ar uairibh. Seo an suíomh oifigiúil, ach tá an léirmheas seo níos suimiúla dar liom. Cheap mé go raibh na h-aisteoirí Jim Norton agus Conleth Hill ar fheabhas ar fad.
Ar aon nós, beidh an dráma so ar siúil ansin tamall eile agus is fiú dul más maith leat drámaí. Cheap cara liom go raibh sé “ró dhorcha” agus baint aige leis an anam, an cheist faoi díolacháin an anama, ach nach bhfuil an cheist sin os ár gcomhair an t-am ar fad i slite difriúla?
Ag imeacht anois go deireadh seachtaine na Gaeilge in Esopus, Nua Eabhrac, áit a mbeidh cead daoine (ar a laghad) bailithe ag “Gaeilgeoireacht” go dtí lár an Luain seo chugainn.

Friday, February 08, 2008

Réalta na Sciála


Deireadh seachtaine eile buailte linn agus beidh ag imeacht go luath i dtreo na sléibhte le réalta na sciála, Eoghan. Ní fágann an clár atá aige seo nóiméad mé, ní bhíonn na málaí folamh ach go bhfuilim á líonadh arís agus an rud is measa ná téann na cait i bhfolach anois nuair a fheiceann siad a mbosca ag teacht amach ón gcófra. Tá orm dul ar a dtóir díreach anois le gach saghas mheallta.Seachtain an-suimiúil anseo maidir le cúrsaí polaitíochta