Sunday, December 23, 2007

Nollag Shona Daoibh.

Beidh mé ag dul ó thuaidh inniu i gcomhair saoire ghearr, ag súil le sneachta úr. Faraoir tá sé ag cur go trom anois, fearthainn reoite, agus í geallta an lá iomlán. Is fuath liom a bheith ag tiomaint trí sin, go mór mhór le Cara, Púca agus Banba sa charr liom………
Beidh fuisce te ag feitheamh orm.........
Nollag shona daoibh.

Monday, December 17, 2007

Seo Mar Atá

Idir dhá dháth
Idir dhá fhocal
Idir dhá ainm
Idir dhá aigne
Idir dhá áit
Idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
Idir dhá shaol

le Colm Breathnach

Monday, December 10, 2007

An t-Amhránaí is Fearr.

Cupla scannán anseo le Iarla Ó Lionaird. Ceann amháin acu An Cailín Deas Rua, nuair nach raibh sé ach 17 mbliana déag, an ceann eile Caoineadh na dTrí Mhuire ó na Highland Sessions.
Go hiontach ar fad. Bím faghta gan focal tar éis feachaint air agus éisteacht leis.



Níl na focail seo díreach mar a chanann sé é áfach..........
Caoineadh na dTrí Mhuire
A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal?
Ochón agus ochón ó!
Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad
Ochón agus ochón ó!
Gabhaigí 'leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo Ghrá liom
Ochón agus ochón ó!
Céard tá le caoineadh 'gainn muna gcaoinimid a chnámha
Ochón agus ochón ó!

Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise?
Ochón agus ochón ó!
An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair?
Ochón agus ochón ó!
An é sin an Maicín a d'iompair mé trí ráithe?
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n é sin an Maicín a rugadh sa stábla?
Ochón agus ochón ó!

Nó an é sin an Maicín a hoileadh in ucht Mháire?
Ochón agus ochón ó!
Éist a Mháthair is ná bí cráite
Ochón agus ochón ó!
'S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní
Ochón agus ochón ó!
Nó 'n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal
Ochón agus ochón ó!

Sunday, December 02, 2007

Iarfhocal!

Táim ceart go leor!!
Go raibh maith agaibh as na emails agus an comhairle iontu. Nílim i mo junky ar chor ar bith. Seo a tharla agus is cosúil nach raibh sé soiléir sa post sin. Bhí an fuisce te agam timpeall 8 30 i.n agus níor ghlacas an Robitussen go dtí gur bhuail babhta casacht orm ag 1 30 r.n nó mar sin, tús na hoíche codlata.

Bhí sé greannmhar áfach mar bhuail Eimhín (21) isteach orm déanach go leor tráthnóna Aoine agus é ar an turas ón Ollscoil ar Long Island go dtí na Adirondacks i gcomhair na deireadh seachtaine. Ní raibh an cinneadh déanta agam dul go dtí an ceolchoirm i Manhattan nó fanacht sa bhaile féin bhrónach. Chonaic sé an seanbhean a bhíodh ina mháthair uair agus cuma na geilte uirthi. Ansin chonaic sé an buidéal Robitussen fós ar an gcabhantar sa chistin. “ Hmm…”a dúirt sé. “I see someone’s been Robitrippin..” Sin an t-ainm a tugtar ar an diabhail stuif sin ina phobal. Ansin, ba chuimhin liom blianta blianta ó shin go raibh suim nach beag ag déagóirí i Benedryl agus araile chun teacht ar draíocht, ach cheapas go mbeadh athrú déanta ar oideas an leighis seo ó shin?

Dála an scéil, cheap Eimhín go raibh mo scéal bocht an-ghreannmhar agus mhol sé bainne té nó cocoa. Bíonn sé i gcónaí ciallmhar. Sin a bhí agam leis agus chuir sé sin m’anam agus corp ar ais le cheile.
D’fhágas i mo dhiaidh cuma na geilte laistigh uair eile (mar bhreith an fhéileacáin!!!), agus ar aghaidh liom go dtí an ceolchoirm, agus oíche bhreá a bhí agam ann.