Thursday, April 18, 2013

An Teanga Lasmuigh (den seomra ranga)



Bhí an Dr. Conchúr Ó Giollagáin anseo i NYC le déanaí agus thug sé léacht i nGaeilge oíche amháin buí le Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh i CUNY, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht, ón gCrannchur Náisiúnta agus ón gCoimisiún Fulbright. Ba é teideal a léachta ná "An Dóchas agus an Dúshlán i bhféiniúlacht teanga na hÉireann: Claochluithe cultúrtha sa ré iarchoilíneach?" Teideal fada go leor agus ábhar casta leis, a cheapas nuair a léigh mé é. Is é an cuspóir atá aige ina chuid taighde le fada anuas ná féachaint ar na hathruithe a tháinig ar aidhmeanna na hathbheochana ó thús athnuachan na Gaeilge. An oíche seo bhí sé ag iarraidh na hathruithe sin a mhíniú dúinn le cabhair ó fhíricí a bhí bailithe aige go háirithe sna Gaeltachtaí mar aon leis a thuairimí féin maidir le cinniúint na nGael. Tagann ceisteanna aníos dar leis, an ceann is mó is dócha ná an mbaineann réalaíoch le dearcaí oifigiúla sa stát ar ard aidhmeanna teangan? (Ar bhain riamh?) agus cad iad na hathruithe atá le feiscint sa mheon oifigiúla ar an teanga.  Cad é ról na nGaeltachtaí mar fhoinsí an teanga fad is atá daonra na tíre ag bogadh gan stad chuig na cathracha móra agus thar lear?

Athraíonn gach uile rud le himeacht ama, teangacha san áireamh.  Ba i gcroí gluaiseacht an neamhspleáchais a bhí an teanga Gaeilge i ré mhór idéalaíoch ag deireadh an naoú haois déag. Bhí sí fite fuaite san idé-eolaíocht agus fealsúnacht na gluaiseachta. Ach in ainneoin súilíocht agus dóchas in aon ábhar ar domhan tagann réalaíoch san áireamh i gcónaí - de ghnáth i bhfoirm cúrsaí eacnamaíochta - agus fágtar an cheist arís i lámha na ndíograiseoirí fad is atá an domhan mór ag plé le cúrsaí maireachtála. An cuma teanga mura bhfuil bia ar an mbord os chomhair pháistí na tíre? Dá mbeifeá in ann teacht ar slite maireachtála agus an Ghaeilge an príomh teanga in úsáid iontu bheadh fíor athbheochan ar siúl, go dtí sin beidh an teanga mar chaitheamh aimsire ag an gcuid is mó dá cainteoirí, agus is dócha í ag éirí níos laige ó ghlúin go glúin. In ainneoin gach a bhfuil déanta ar son na cúise bíonn an cuid is mó poist fós le fáil ag teagasc sna scoileanna éagsúla, bíonn an chuid is mó foilsitheoireachta bunaithe ar éileamh leabhar scoile.
Cinnte bíonn poist sna meán cumarsáide ach ní leor sin ar chor ar bith - ar ndóigh bíonn poist sa státseirbhís mar is eol dúinn, ach cá bhfuil na poist don dream óg atá ag baint a gcéimeanna amach sa Ghaeilge le deich mbliana anuas? Téann cuid acu ar scoláireachtaí Fulbright ar feadh bliana má éiríonn leo ceann a fháil, faigheann cuid acu poist mar aistritheoirí agus is dócha go dtéann an chuid atá fágtha le teagasc más féidir leo. Sin mar a bhí, sin mar atá, agus amach anseo? Cá bhfios.

Rud amháin atá fíor, níl mórán poist do dhaoine óga in Éirinn faoi láthair seachas in innealtóireacht, tá easpa innealtóirí ann  - ní dóigh liom go bhfuil aon chosc ar innealtóirí an Ghaeilge a labhairt más maith leo.

4 comments:

aonghus said...

ní dóigh liom go bhfuil aon chosc ar innealtóirí an Ghaeilge a labhairt más maith leo.

Ní hamháin sin; ach tá an innealtóir áirithe seo den tuairim gur bhfearr an innealtóir é *de bhrí go bhfuil Gaeilge aige*

Smaoineamh atá i gceist le hinnealtóireacht; cuireann ilteangachas le cumas smaoineamh.

gasuirlegaeilge said...

Tuigim go bhfuil fostaíocht le Gaeilge ar na príomhriachtanais le teanga shaibhir a choinneáil. Sin ráite, ní chabhróidh céim sa nGaeilge leis sin. Ach cabhróidh céim sa teicneolaíocht, déanta trí mheán na Gaeilge, leis sin. Agus caithfidh comhlachtaí beaga a bheith ann--ní bheidh mórán seans ag an nGaeilge sna comhlachtaí móra (na ranna stáit san áireamh).

Unknown said...

A Aonghus,
"Smaoineamh atá i gceist le hinnealtóireacht; cuireann ilteangachas le cumas smaoineamh"
Tá an cheart agat gan dabht!

Unknown said...

A ghasuirlegaeilge a chairde,
Aontaímse leat, ach an bhfuil mórán ann? Conas comhlachtaí beaga mar seo a cothú?
H