Cinnte
tá an t-uachtarán idir dhá thine Bhealtaine - is trua a rá, ach is
cosúil go bhfuil an locht go hiomlán ar féin agus ar a chomhairleoirí. Tá
cuma ar an scéal anois go bhfuil fórsaí ag súgradh leis agus ag baint
úsáid as saolta ghnáthphobail Siria mar chipíní phócair sa chluiche
tragóideach seo.
Fuair sé an Nobel Peace Prize agus seo anois é ar tí tús a chur le cogadh úr? Tá a Approval Rating tar éis titim ó 49% go 33% de dheasca cúrsaí iasachta (seo le feiscint ar suíomh Pew Research) Ceapann 70% sa tír seo nach bhfuil cinneadh maith le déanamh os rud é go bhfuil cúrsaí pholaitíochta chomh casta sa Mheán Oirthear agus, in ainneoin aon cuspóir uasal a bheadh aige gur minic a dhéanann cinntí Mheiriceá (i dtíortha iasachta, go háirithe sa Mheán Oirthear) níos mó damáiste ná maitheas sa deireadh thiar thall.
Má théann sé ar aghaidh le plean na seachtaine seo chaite íocfaidh sé go mór as anseo sa SAM, muna dtéann sé ar aghaidh íocfaidh sé go mór as sa Mheán Oirthear, go háirithe san Iosrael (agus cad faoi na comhlachtaí uile sa tír seo a dhéanann gléasanna troda! ag iarraidh teacht ar margadh nua?)
Cé leis na lámha atá ag tarraingt na sreangán faoi láthair? Nach trua an scéal dó? An iad na Rúisigh a bheidh ina shlánaitheoir sa deireadh agus an fócas a bhaint de?
Níl ann ach dhá thuairim, taobh thiar nó in aghaidh beart a dhéanamh sa Mheán Oirthear. Tá sé soiléir go bhfuil lucht Mheiriceá i gcoinne tús a chur le cogadh eile ansin nó in áit ar bith eile. Tá an Mheán Oirthear ródheacair a thuiscint, bíonn trioblóidí ar siúl ansin i gcónaí, cén maitheas do Mheiriceá dul isteach ann chun iarracht a bhaint as trioblóidí dothuigthe a réiteach?
Is deacair é an ábhar seo a sheachaint i gnáthchaint faoi láthair, níl aithne agamsa ar duine ar bith atá thaobh thiar air strikes a chur chuig Siria, ní hé sin le rá go bhfuil gach éinne in aghaidh rud éigin a dhéanamh chun stop a chur ar rialtas Bashar al-Assad agus an drochchóras ata ar siúl aige. Ach cad in Éireann gur féidir le Meiriceá a dhéanamh gan níos mó trioblóid a thosnú? Tá an United Nations ann (agus nach bhfuil Cúirt an Hague ann) an féidir leo a ladhracha agus a lámha a chur isteach? An bhfuil siad rómhall? An féidir cabhair a thabhairt do na dídeanaithe?
Fadhb eile ná níl an tuairim amuigh go bhfuil na reibiliúnaigh féin rómhaith, ní lucht aontaithe iadsan agus bíonn daoine amhrasach fúthu chomh maith.
Ní leor sin, tá lucht Mheiriceá bréan ó féachaint ar saighdeoirí óga ag imeacht chuig tíortha iasachta agus ansin ag teacht abhaile gortaithe go dona, nó níos measa - i leapacha caola a mbásanna. (gan tracht ar costas mhíleata i gcónaí ag fás, fad is abhíonn daoine bochta i ngach cúinne den tír seo ag iarraidh maireachtáil ar pinginí agus cabhair ón stát.)
Tháinig figiúirí amach thar an deireadh seachtaine seo chaite, (Pew Research) agus deirtear ansin go bhfuil 63% in aghaidh air strikes. (seachtain ó shin do bhí 48% ina aghaidh) Ceapann 75% anois go mbeidh cúrsaí níos measa má théann rialtas Mheiriceá ar aghaidh le gníomh mar seo.
Cinnte is droch rud é ionsaí ceimic ach nach droch rud é aon uirlisí ionsaithe? Tá sé dochreidte amach is amach a rá go bhfuil traditional weapons ceart go leor ach nach bhfuil cothrom na féinne in ionsaí cheimic? Ní thuigim raiméis mar seo --- Má úsáideann Bashar al- Assad aon gléas troda chun lucht a tíre féinig a mharú nach drochghníom é sin?? ní fheadar cén fáth go bhfuil an bhéim ar ionsaithe ceimiceacha amháin nuair a bhíonn sé ag cur brú ar gnáth daoine a tíre i slite difriúla ó tús na bliana dhá mhíle anuas agus tá sé ráite chomh maith go bhfuil breis agus céad míle míle curtha chun bháis aige i slite difriúla - is gealt nimhe é gan dabht.
Smaoineamh eile ná nach gcreideann an chuid is mó anseo go bhfuil Meiriceá féin i mbaol ón ngealt seo, ní bhíonn sé ag bagairt go díreach ar an tír seo, mar sin tuige go mbeadh ar Mheiriceá an trioblóid seo a réiteach. Níl cuspóir an gnímh seo le feiscint, má tá cad é? Deireadh le rialtas Al Assad b'fhéidir? Agus cad ansin? An mbeidh na reibiliúnaigh ag teacht i réim ina dhiaidh? An féidir a bheith muiníneach astú? An mbeidh siadsan trioblóideach amach anseo? An bhfuil cuid acu siúd fríth Mheiriceá? An mbeidh ar Mheiriceá fanacht sa tír sin agus tús a chur le rialtas eile? Agus mar tharlaíonn é sin cén Exit Strategy a bheith ag Meiriceá ann?
Osclaíonn é seo bosca Pandora eile sa Mheán Oirthear.
5 comments:
@Cé leis na lámha atá ag tarraingt na sreangán faoi láthair?.... An iad na Rúisigh a bheidh ina shlánaitheoir sa deireadh agus an fócas a bhaint de?
Léamh eile: D'iarr an pápa ar 1 200 000 000 ball a eaglaise bigil a choineáil, troscadh a dhéanamh agus guí ar son síochán sa tSír ar 7 meán Fomhair. Cé hé an Slánaitheoir? Dia? Cé leis na lámha atá ag lámhsáil na sreangán faoi láthair? Dia?
Ní fheadar, b'fhéidir é.
Is léir go bhfuil daoine ana mhaith ag cruthú trioblóidí eatarthu féinig ach, is minic nach bhfuilimid in ann iad a réiteach. Is trua go mbíonn clár oibre faoi thalamh i gcónaí ann. Níl uaisleacht ná ionracas i gcúrsaí pholaitíochta, ní raibh riamh is dócha.
Cuir síos ana-thuisceanach ar an bhfadhb achrannach chasta san.
Ní dhearna 'chuile cinntí Mheiriceá damáiste i dtíreacha iasachta agus ná cuir an locht ar 'chuile dhuine agus ar 'chuile polasaí.
Rinne na polasaí a bhí ó lucht na heite chlé an damáiste seo. Seo é an tortha a thaganns as na rudaí a bhí sibh ag iarraidh i rith riarachán Bhush.
Bhí sibh in ann 'bhur gclár oibre a chur i bhfeidhm, thusa agus bhur bpolaiteoirí sa Daonlathaithe, ach go hairithe an tUachtarán Quota a chuir sibh sa teach bán. Agus rinne sibh an-phraiseach, ní amháin sa Meánoirthear ach sa tír seo freisin i ngach chaoi.
Theip ar na Stimuli, gach ceann acu. Is tromluí é ObamaCare cheana féin. Tá á riarachán agus á DOJ an ceann is lofa a bhfaca mé ariamh! Is epic fail é an riarachán seo, agus tá daoine cneasta ag fulaingt mar gheall orthu agus mar gheall oraibh.
Tá ceacht le foghlaim as seo, bíodh a fhios agat. Mór an trua é nach bhfuil sé foghlamtha 'adsa.
DAS Is naimhde dúinn uilig iad na Reibiliúnaigh, agus níor cheart dúinn aon rud a dhéanamh. Agus ní thiocfaidh an Rúis isteach mar shlánaitheoirí, go hairthe chun an botún histroic d'uachtarán Quota a chuir sibh sa teach bán a shábháil.
Rud éigin eile,....An gcuimhne leat i 2008 agus sibhse ag siúl thart ag rallies ag rá cé chomh hiontach is a bheadh Obama i dtaobh foreign polasaí mar go raibh sé ina chónaí thar lear agus é ina bhuachaill óg? Tharla sé sin idir an Hopey 'n' Changey Yes We Can agus 'We are the ones we've been waiting for.' Ar ndóigh, tharla sé roimh bronnadh Nobel ar Obama mar go raibh sé ina quota gorm agus in ann anáil a tharaingt.
Is cuimhin liomsa é cé nach Daonlathach mé féin. Mura mbeadh toghcháin chomh dairíre sin, bheinn ag gaire.
A Mhíshásta a chara,
Go raibh maith agat,
Hilary
Post a Comment