Friday, January 28, 2005

Timpiste

Thit cara agam sa chomharsanacht síos a staighre inné. Chuir sí fios orm agus ar chara eile aici taréis ceithre uair i bpian ar an tolg a bhí in aice an staighre. Ní raibh an tarna rogha againn ach scairt a chur ar an otharcharr dhi. Ní raibh sí in ann bogadh agus bhí X-ray uaithi gan amhras. Anois, is baile an bheag é seo agus nuair a théann an otharcharr amach bíonn cur síos sa nuachtán aistiúil faoin eachtra. An fhadhb amháin a bhí ag Maria bocht aréir? Bhí eagla uirthi go mbeadh eolas ag cách sa bhaile seo gur thit sí. Go mbeadh slua mór óglach ag teacht isteach ina teach ag féachaint uirthi agus í i gcruacás. Ar aon cuma, cuireadh fios ar 911 agus thánadar: roinnt óglach ar dtús ón timpeallacht, na gárdaí, an otharcharr, an inneall dóiteáin srl. Ag poinnte amhain chonaic go raibh trúir acu ag tabhairt cabhrach di agus aon duine déag ag caint le céile sa halla taobh istigh den doras tosaigh agus dream eile taobh amuigh ag baint taitneamh as an gcomhluadar! Ní fheadar cén fáth nar imigh siad chomh luath agus a chonaiceadar nach tragóid mór a bhí i gceist, saghas club soisíalta is dócha. Bhí an ceart aici, ba leasc liom scairt a chur orthu tar éis an tsorcas a fheiscint ach, anois is arís ní bhíonn an tarna rogha agat.


Tá Cian 16 bliana d'aois inniu. Tá sé ag déanamh an scrúdu Math B Regents ar scoil ar maidin agus ag dul go dtí an DMV sa tráthnóna. On a mbreith, nach mbíonn tuismitheoirí ag iarraidh neamhspleachas a thabhairt dá bpáistí? Ach ag an am céanna bíonn céimeanna áirithe ann a bhíonn níos deacra ná céimeanna eile. An macaomh sin ag tiomaint!! Yikes!


Monday, January 24, 2005

Beoga Abú

Life should not be a journey to the grave with the intention of arriving safely in an attractive and well preserved body, but rather to skid in sideways, chocolate in one hand, wine in the other, body thoroughly used up, totally worn out and screaming
"Ya hoo what a ride!"


I set off for a 10 30 appointment this AM with my happy motto in mind ach ochón chonaic mé dhá eala agus iad reoite sa reservoir atá in aice liom anseo. Ugh. Is aoibheann liom na ealaí ach tarlaíonn an rud céanna gach blian sa timpeallacht seo. I gcónaí bíonn dhá cheann ann, nuair a bhíonn ceann acu ceapadh ag an oighir fanann a céile/chéile ann go dtí an deireadh.

Wednesday, January 19, 2005

Miongháire ar aghaidh Céin agus 40 mhilliún le caitheamh ar choisir an rialtais

Tháinig Cian (15) ar ais abhaile ó deireadh seachtaine ag sciáil in Utah lena athair. Traochta, ach miongháire ar a aghaidh. Gan alán le rá ach ní rud as an ngnáth é sin, d'inis an miongháire an scéal. Deacair do clan tSuibhne smaoineamh ar aon rud nuair atá aimsir an sneachta anseo. I gcónaí bíonn na ceisteanna: An bhfuil sé ag teacht? Nach bhfuil underarmour na fothéadaí is fearr? Conas atá an sneachta in Utah? An bhfuil sé ró fhuar san Adirondacks? Aon seans go mbeadh lá saor ón scoil amárach agus gur féidir linn dul go dtí na sléibhte? Aon scéala faoin dream a bhí caillte sa avalanche? Agus na firici: “Bíonn na fógrái sin a chur brú ar daoine áirithe dul díreach isteach sna áiteanna baolacha” Ach, is rud éigin i bhfuil an skier comórtas a bheith leis féin ar an bhfána agus os rud é go bhfuil an iomarca smacht orainn sa tír seo beidh dream ann i gcónaí a cuirfidh iad féin i mbaol saoirse ón rialacha a mothú.

Bhí brón orm a chloisint go mbeidh 40 milliún chaite ag an rialtas ag an inauguration ceremonies i lár na seachtaine seo. Tuigim go bhfuil cóisir mhór uathu agus nílim a rá nach bhfuil sé sin ceart ach 40 milliún? Nach bhfuil sé sin thar an barr? Is cosúil go dtagann an cuid is mó don airgead seo ó gnóthaí mhóra eagsula ach bí ag smaoineamh go bhfuair cuigear daoine bás aréir i Nua Eabhrac de dheasca an fuacht. Daoine gan díon ar bith orthu agus é timpeall 9 gcéim lasmuigh. Tuige nach féidir le na gnóthaí céanna cúpla mhilliún a thabhairt don Homeless Shelters? Salvation Army agus a leithéad a bhíonn ag obair ar son na boicht sa chathair. Bheadh go leor fághta acu don rialtas agus ni gá dóibh a bheith buartha nach mbeadh lé ag an rialtas leo. Bíonn i gcónaí.

Monday, January 10, 2005

Tús na hAthbhliana

OK, an 10ú lá cheana féin agus ní raibh nóiméad agam scríobh anseo ó roimh na Nollag. At dtús chaitheas breis agus seachtain i dtuaisceart na Stáit, mo bhaile ó baile, sna Adirondacks. Nollaig bhrea againn thuas ansin, tharla go raibh ceithre duine déag ag fanacht liom idir dhéagóirí agus daoine fásta agus sinn uilig ag sciáil gach lá agus ag chaitheamh na hoicheannta le cheile ag ithe ‘s ag ól, ag imirt cartaí srl. Chomhluadar breá a bhí ann. Ar ndóigh, chualamar an drochscéal faoin tsunami ach os rud é nach bhfuil teilifís againn ansin ní fhacamar ach na drochphictiúirí a bhí ar an nuachtán. Bhíomar inár ngrúpaí ag feachaint ar na griangraif sin lenár gcroithe ar crith ionainn, deacair a creidiúnt an tubaiste. Bíonn griangraif an-eifeachtúil mothúcháin a griosú, sílim, bhíomar chroíbhriste agus na laethanta breá againn anseo i gcomparáid le na sluaite amach ansin.

Thaínig an diabhal sladhán sin ar ais orm agus chaitheas seacht lá tinn, gan fuinneamh ar bith, anois ar ais ag obair inniu.