Monday, April 13, 2015

Fáilte ar ais a chara dhil.


Tháinig an ghrian thar n-ais go Nua Eabhrac inné tar éis saoire rófhada sa leathchruinne ó dheas. Chaitheas leath an lae taobh amuigh agus í ag spalpadh anuas orm. Is iontach í a bhraistint inár dtimpeallacht arís, tá sí cúthail fós áfach agus mar sin is aoibhinn linn í ag an am seo den bhliain. Rinne mé leath iarracht obair ghairdín a dhéanamh ach theip orm, ní raibh mo chroí san obair - ba chuma liom duilleoga briosca agus fuílleach phlanda an tsamhraidh seo chaite anseo is ansiúd, glanfaidh mé amach iad lá éigin!  Scaoil mé amach an fraoch amháin a bhí faoi charn duilleog agus tháinig na beacha gan mhoill. (Féach thuas) Anois níl le déanamh ach an tEarrach a cheiliúradh -Súp a bhaint as an ngrian agus as saoirse na méar-chosa atá bánlag ó bheith i ngéibheann na stocaí le tamall fada.