Saturday, October 20, 2018

Scannán: The Camino Voyage. (Óró mo Bháidín!...Iomramh 2,500 ciliméadar i Naomhóg)

                                                                        Saothar ealaíne le Liam Holden

Is cosúil le cuisle an tsaoil í fuaimeanna mealltacha na maidí rámha sa scannán The Camino Voyage.   Cuireadh tús le féile Irish Screen America leis an scannán inspéise seo in ionad Cantor, Ollscoil Nua Eabhrac, Greenwich Village NYC aréir. Scéal thar trí bliana atá ann - Oilithreacht cúigear i mbád iomartha darb ainm Naomh Gobnait, báidín den chineál Naomhóg. D'imigh Naomh Gobnait ó Bhaile Átha Cliath go dtí tuaisceart na Spáinne i 2014 le ceathrar criú. Ba iad Danny Sheehy, Liam Holden, Breanndán Ó Beaglaoich, Breanndán Pháid Ó Muircheartaigh agus Glen Hansard criú Naoimh Ghobnait, agus is é scéal a dturais phearsanta ar muir agus ar thalamh mór-théama an scannáin bhreá seo déanta ag Donal Ó Céilleachair.

                                                                             Pictiúr le Patricia Moriarty

Leanadar seanbhealach na farraige ag stopadh anseo agus ansiúd mar a dhéin a sinsear rompu i mbád den saghas seo de réir dealraimh. Ghlacadar trí shamhradh an turas a chríochnú le hathrú duine amháin dá criú i lár an aistir ar feadh tréimhse giorra. Is léir gur bhaineadar uilig a bhí ar Naomh Gobnait cora beaga ar a saolta de bharr a n-iomraimh le chéile -  ní nach ionadh, turas timpeall 2,500 ciliméadar a bhí i gceist.



Feictear iad ag imeacht soir ó chuan Bhaile Átha Cliath amach gan mórán stró agus an Bhreatain Bheag mar cheann scríbe acu, bhí cuma gleoite ar an mbáidín - mar pháiste ag tógáil a chéad chéime! Faraor ní fada go raibh sí ag streachailt in éadan na gaoithe, ach níor chaill a criú muinín aisti, foireann cúigir a bhí iontu - an ceathrar fear agus Naomh Gobnait, dílis dá gcéile go deo. Tuigim an cion a bhíonn ag duine dá b(h)ád, bíonn cineál ghaoil acu le chéile,  agus tuigim go mór mífhoighne mar scamall dorcha nuair a táthar gafa sa chuan de dheasca drochaimsir - nó pé rud - agus cíocras ort a bheith ag seoltóireacht! Ach is í an muir an mháistreás í gcónaí, mar a cloistear sa scannán.

Leanann an turas ar aghaidh le hamanna thuas agus thíos ar nós an tsaoil, agus feictear an criú ag luascadh ó thuirse choirp, anama agus intinne go pléaráca agus faoiseamh intinne le linn a dtréimhsí le chéile. Bhraitheadar ar a chéile agus ní ró mhinic a bhí seans acu éalú óna gcéile ach an oiread! Bhí an cinneadh déanta acu a bheith fite fuaite mar seo leis an turas a chríochnú, ach ba léir ó mo shuíochán bog compordach san amharclann scannáin go raibh níos mó idir chamáin acu.

Bhogadar ar aghaidh ó lá go lá fad is a bhíodar ar a suíocháin chrua
ag féachaint siar,  ní hamháin ar an sruth stiúrach a bhí le feiscint taobh thiar Naomh Gobnait, ach ar a saolta feinig chomh maith. Ní rabhadar in ann an bealach ós a gcomhair a fheiscint - ach an féidir le haon duine? Déantar plean agus caitear am, airgead agus fuinneamh ag iarraidh é a chur i bhfeidhm, ach mar is eol do chách ní mar a shíltear a bítear. 



Bhíodh ábhair cainte ag Danny Sheehy le gach aon duine ar bhuail leis, fíric a bhí ar eolas ag a chairde go léir i SAM; tháinig sé anseo go rialta agus do bhíodh am aige do chách. Bhí an nós le feiscint sa scannán chomh maith, sin ráite, níor theip éinne acu spraoi a bhaint as an am ar chaitheadar sna bailte beaga ar chósta na hEorpa. Ba léir go raibh fáilte Uí Cheallaigh os a gcomhair gach áit, ceol agus craic sa chomhluadar go minic.

Ach tháinig tocht orm cúpla uair aréir ag féachaint orthu ag baint súip nach beag as an saol agus as a bheith le chéile trí olc agus maith, mín agus garbh, mar do bhí an t-eolas agam gur cailleadh Danny i dtimpiste mhara ina bhád álainn, Naomh Gobnait, an bhliain dár gcionn.

Ní chloisfear cuisle a maidí rámha riamh arís.
Tá a saol ar muir críochnaithe aici, is amhlaidh atá Danny.
Fágadh sa Phortaingéil í in aice le háit na tubaiste.

Is fiú an scannán a fheiscint, agus cúis sa bhreis ná Gaeilge álainn na Mumhan a chloisint.

___________________________________________________________
Tá nóta deas anseo ó Tom Moriarty faoi Danny agus a bhean céile, Máire.

No comments: