Thursday, November 30, 2017

Song of Granite (Granite, ábhar crua, láidir, buanseasmhach.)





Bhí an scannán seo ar siúl anseo i Nua Eabhrac le déanaí. Seo é an cur síos faoi in IMDb "Acclaimed filmmaker Pat Collins brings the dramatic life story of legendary seannós singer Joe Heaney to the screen in THE SONG IN GRANITE, an audacious exploration of the man and his music. With an approach that marries traditional narrative episodes with documentary footage, the film will celebrate the music Joe Heaney created while painting an unflinching portrait of Heaney, the man."
Ní aontaím go hiomlán leis an gcur síos thuas, ní lia duine ná tuairim ar ndóigh. Scannán iontach atá ann, ach dar liom ní bhaineann sé le saol Joe Heaney ach lena anam agus le hanam an thraidisiúin Sean Nós, go háirithe leis an tslí inar bhíodar fite fuaite le chéile óna bhreith go lá a bháis. 
Chonaiceamar cineál breithe le teacht an garsún óna shaol aerach neamhbhuartha agus é ag spaisteoireacht leis féin timpeall a cheantar, trí dhorchadas an tí go dtí an solas a bhí i ndán do, solas an cheoil i mbaclainn a mhuintir. Tús tuisceana sa leid óg. Díol spéise atá sa radharc sin, feic thuas, eachtrannach i lár muintir na háite ag déanamh taifid, ag iarraidh ceol na tíre, nó anam chosmhuintir na tíre a choimeád beo. 

Faraor, mar is eol do chách bhí ar Heaney imeacht óna áit dúchas sin agus thug sé an ceol leis, ceol na n-éan, ceol na sruthanna, ceol na gaoithe - fuaimeanna a thírdhreacha. Chonacthas finéid óna shaol as sin amach sa scannán, fad is a bhí sé lonnaithe in áiteanna difriúla. Deirim "lonnaithe" in ionad "ina chónaí", ní dóigh liom go raibh sé riamh aige baile arís. Níor mhair an áit sin ní ba mhó, ach amháin ina anam féin.   
Is fiú an scannán seo a fheiscint má bhíonn suim agat in amhránaíocht ar an sean nós, i dtírdhreach na hÉireann nó in anamacha na n-imirceach. Bhí  Colm Seoige agus Micheál Ó Chonfhaola ar fheabhas ar fad agus an lucht féachana faoi draíocht acu aon uair a bhíodar ag amhránaíocht.
Níl mórán caint le cloisteáil sa scannán, ní gá, léirítear an scéal gan an iomarca focal, agus ní gá an teanga a bheith agat ach an oiread, mar bíonn fotheidil ann. Sin ráite - bhí sé an-deas Gaeilge bhinn a chloisteáil ar an scáileán mór i Nua Eabhrac agus ón lucht féachana chomh maith agus sinn go léir ag imeacht ón amharclann tar éis na tréimhse giorra sin a chaitheamh le chéile lenár méiríní sínte amach ónar n-anamacha ag iarraidh..... aga aige baile, b'fhéidir?   

An bhfuil an mothúchán seo ag lucht féachana in Éirinn? Bíonn ana chuid bainte amach agus caillte ag an am céanna.