Thursday, December 07, 2006

TG4

Ní féidir liom an mearchlár a usáid ach le mo lámh chlé. Cheap mé go mbeadh suim agaibh sa litir seo, tháinig mé ar sa nuachtán ón deireadh seachtaine. TheIrish Times Dé Satharn. HilMhicS.

A chara, - Tá deich mbliana de chraoladh TG4 á cheiliúradh anois againn. Más fíor do dhuine de láithreoirí an stáisiúin, "tá an pingin tar éis titim" gur mór an dúshlán atá amach roimh fhoireann an stáisiúin. Nuair a chloistear a leithéid de Bhéarlachas uafásach ó chainteoir dúchais ar láithreoir teilifíse é, ní bhíonn aon amhras ann ach go bhfuil an teanga á lot agus á scriosadh lá i ndiaidh lae.

Is cinnte gur cheart botúin foghlaimeoirí a mhaitheamh óir níor tógadh leis an teanga iad agus cuid den phróiseas foghlamtha is ea déanamh botún. Níl mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air ach leanaim orm ar thóir an foirfeachta in ainneoin an méid sin.

Maidir le cainteoirí dúchas agus foghlaimeoirí foirfe, áfach, tá dualgas orthu chloí le comhréir stairiúil ghramadaí na teanga agus fanacht chomh dílis di agus is féidir - go mór mór iad siúd a bhíonn le cloisteáil ar an teilifís agus an raidió.

Cinnte, bíonn difríochtaí idir an scríobh agus an chaint bheo ó am go chéile ach, tríd is tríd, ní mór tús áite a thabhairt do dhul an dúchais agus don chruinneas taobh istigh de pharaiméadair canúna, mar atá déanta go hiontach ag foireann Raidió na Gaeltachta le tríocha bliain anuas. An bhfuil sé seo á dhéanamh ag foireann TG4?

In ainneoin a bhfuil ráite ag duine nó beirt de na haisteoirí is sine de chuid Ros na Rún agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an aer le déanaí, táthar ag géilleadh don patois nua seo ar an gclár sin gan staonadh gan stad. Níl sé ach cúpla bliain ó shin ó cuireadh i leith an charachtair Mack go raibh sé "ag tógáil advantage de chailín". Idir an dá linn, is cosúil go bhfuil sé "suas dúinn féin an chraic a dhéanamh".

Ar deireadh, más fíor don chlár deireanach, tá rud éigin "ag dul ar aghaidh" idir an carachtar Bernie agus an sagart paróiste. Ós rud é nach bhfuil cead ag sagairt pósadh go fóill, is dócha gurb shin "an chaoi atá cúrsaí". "Cén chaoi a bhfuil tú" a deirtear sa chaint bheo ó tháinig an teanga ar an saol. Níor chuala mé "cén chaoi atá tú" ag aon duine beo riamh.

Is cinnte liom nár chaith Niall Ó Dónaill agus Tomás de Bhaldraithe an oiread sin dúthrachta agus dua lena gcuid taighde agus bailiúchán ar dhúchas an teanga díreach le go bhféadfadh dream beag réabhlóidithe "nua-aimseartha" droim láimhe a thabhairt leis an dúchas céanna.

An ndóigh, tá an t-ádh orainn go bhfuil leithéidí Pimp My Ride agus Nip/Tuck tagtha ar an bhfód ó shin i leith chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge. Súil eile? Go minic, is í tsúil cheannann chéanna í. - Is mise,

CAOIMHÍN Ó HICÍ, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath 14.

7 comments:

Séamas Poncán said...

Is trua go bhfuil cúpla botún sa Ghaeilge a scríobh seisean. Ach tá daoine ag gearán faoi seo ar Beo.ie freisin.

Hilary Mhic Shuibhne said...

Aw golly a Shéamais, is duine crua tú!

Dúirt sé: "Níl mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air ach leanaim orm ar thóir an foirfeachta in ainneoin an méid sin."

Séamas Poncán said...

Is fíor duit, agus is cuma sin. Ach bheadh sé ní b'fhearr gan iad.

DAS, tá botún nó dhó san abairt céanna sin! ...ar thóir na foirfeachta...

Feicim go ndeirtear:...in ainneoin an méid... go minic, ach cén fáth nach 'in ainneoin an méid' ann? Ní fheadar.

aonghus said...

Cén sciorradh méir a bhuail tú, a sheamuis?

Tá mo thuairimse ar an snáth ina dhiaidh seo, faoi pidgin.

Séamas Poncán said...

Ní bhfuair mé ais-eolas ón suíomh agus cheap mé nach ndearna sé gnó. Bhí rud éigin cearr leis.
(Sea, sin an rud is fearr d'éinne nuair a bhíonn fadhb ann - cuirtear an milleán ar an ríomhaire!)

Anonymous said...

A Shéamais agus a Hilary,

Is leis an eagarthóir na botúin chló sin, rud a chuir ar buile mé nuair a chonac ar dtús iad sa litir fhoilsithe.

Tá an ceart ag Séamas; b'fhearr an chuma a bheadh ar an litir ina
n-éagmais, go mórmhór (CO = go mór mór) agus an t-ábhar atá á phlé inti.

Is féidir liom an bhunlitir chruinn a chur chugaibh mar cheangaltán má thugann sibh bhur seoltaí ríomhphoist dom - nó sin, cuirfidh mé in airde anseo í.

Faoi mar atá ráite agaibhse, tá scríofa agam sa litir 'nach bhfuil mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air'. Ba dhóigh leat go raibh an t-eagarthóir ag iarraidh bonn a chur leis an méid sin, óir, déanaimse amach gur d'aon turas a chuir sé isteach na botúin.

Tá a leithéid de shuarachas sách forleathan i saol na Gaeilge, faraor. Tá leanta orm ar thóir NA foirfeachta ó shin, a Shéamais, ach níl sé éasca, a dhuine chóir!

Dála an scéil, feic leat pointe 33.1 ag na Bráithre Críostaí, a chara - 'dá ainneoin sin' a mholann siadsan, agus is é a bhí agam féin sa bhunleagan, ach, mar a dúrt libh ó chianaibh, bhí an
t-eagarthóir amscaí go maith lena pheann.

Beirigí bua agus beannacht,

Caoimhín.

kevmhickey@gmail.com