Saturday, October 20, 2018

Scannán: The Camino Voyage. (Óró mo Bháidín!...Iomramh 2,500 ciliméadar i Naomhóg)

                                                                        Saothar ealaíne le Liam Holden

Is cosúil le cuisle an tsaoil í fuaimeanna mealltacha na maidí rámha sa scannán The Camino Voyage.   Cuireadh tús le féile Irish Screen America leis an scannán inspéise seo in ionad Cantor, Ollscoil Nua Eabhrac, Greenwich Village NYC aréir. Scéal thar trí bliana atá ann - Oilithreacht cúigear i mbád iomartha darb ainm Naomh Gobnait, báidín den chineál Naomhóg. D'imigh Naomh Gobnait ó Bhaile Átha Cliath go dtí tuaisceart na Spáinne i 2014 le ceathrar criú. Ba iad Danny Sheehy, Liam Holden, Breanndán Ó Beaglaoich, Breanndán Pháid Ó Muircheartaigh agus Glen Hansard criú Naoimh Ghobnait, agus is é scéal a dturais phearsanta ar muir agus ar thalamh mór-théama an scannáin bhreá seo déanta ag Donal Ó Céilleachair.

                                                                             Pictiúr le Patricia Moriarty

Leanadar seanbhealach na farraige ag stopadh anseo agus ansiúd mar a dhéin a sinsear rompu i mbád den saghas seo de réir dealraimh. Ghlacadar trí shamhradh an turas a chríochnú le hathrú duine amháin dá criú i lár an aistir ar feadh tréimhse giorra. Is léir gur bhaineadar uilig a bhí ar Naomh Gobnait cora beaga ar a saolta de bharr a n-iomraimh le chéile -  ní nach ionadh, turas timpeall 2,500 ciliméadar a bhí i gceist.



Feictear iad ag imeacht soir ó chuan Bhaile Átha Cliath amach gan mórán stró agus an Bhreatain Bheag mar cheann scríbe acu, bhí cuma gleoite ar an mbáidín - mar pháiste ag tógáil a chéad chéime! Faraor ní fada go raibh sí ag streachailt in éadan na gaoithe, ach níor chaill a criú muinín aisti, foireann cúigir a bhí iontu - an ceathrar fear agus Naomh Gobnait, dílis dá gcéile go deo. Tuigim an cion a bhíonn ag duine dá b(h)ád, bíonn cineál ghaoil acu le chéile,  agus tuigim go mór mífhoighne mar scamall dorcha nuair a táthar gafa sa chuan de dheasca drochaimsir - nó pé rud - agus cíocras ort a bheith ag seoltóireacht! Ach is í an muir an mháistreás í gcónaí, mar a cloistear sa scannán.

Leanann an turas ar aghaidh le hamanna thuas agus thíos ar nós an tsaoil, agus feictear an criú ag luascadh ó thuirse choirp, anama agus intinne go pléaráca agus faoiseamh intinne le linn a dtréimhsí le chéile. Bhraitheadar ar a chéile agus ní ró mhinic a bhí seans acu éalú óna gcéile ach an oiread! Bhí an cinneadh déanta acu a bheith fite fuaite mar seo leis an turas a chríochnú, ach ba léir ó mo shuíochán bog compordach san amharclann scannáin go raibh níos mó idir chamáin acu.

Bhogadar ar aghaidh ó lá go lá fad is a bhíodar ar a suíocháin chrua
ag féachaint siar,  ní hamháin ar an sruth stiúrach a bhí le feiscint taobh thiar Naomh Gobnait, ach ar a saolta feinig chomh maith. Ní rabhadar in ann an bealach ós a gcomhair a fheiscint - ach an féidir le haon duine? Déantar plean agus caitear am, airgead agus fuinneamh ag iarraidh é a chur i bhfeidhm, ach mar is eol do chách ní mar a shíltear a bítear. 



Bhíodh ábhair cainte ag Danny Sheehy le gach aon duine ar bhuail leis, fíric a bhí ar eolas ag a chairde go léir i SAM; tháinig sé anseo go rialta agus do bhíodh am aige do chách. Bhí an nós le feiscint sa scannán chomh maith, sin ráite, níor theip éinne acu spraoi a bhaint as an am ar chaitheadar sna bailte beaga ar chósta na hEorpa. Ba léir go raibh fáilte Uí Cheallaigh os a gcomhair gach áit, ceol agus craic sa chomhluadar go minic.

Ach tháinig tocht orm cúpla uair aréir ag féachaint orthu ag baint súip nach beag as an saol agus as a bheith le chéile trí olc agus maith, mín agus garbh, mar do bhí an t-eolas agam gur cailleadh Danny i dtimpiste mhara ina bhád álainn, Naomh Gobnait, an bhliain dár gcionn.

Ní chloisfear cuisle a maidí rámha riamh arís.
Tá a saol ar muir críochnaithe aici, is amhlaidh atá Danny.
Fágadh sa Phortaingéil í in aice le háit na tubaiste.

Is fiú an scannán a fheiscint, agus cúis sa bhreis ná Gaeilge álainn na Mumhan a chloisint.

___________________________________________________________
Tá nóta deas anseo ó Tom Moriarty faoi Danny agus a bhean céile, Máire.

Wednesday, October 10, 2018

Ostrais nó éinín eaglach!

Is leabhar iontach é Réilthíní Óir leis an t-Athair Seóirse Mac Clúin, (Comhlucht OIdeachais na hÉirean, BÁC 1922). Ba ollamh le Gaoluinn é i gColáiste Fhlannáin, in Inis Co. an Chláir. Scríobh sé mar thiolacadh: Don Mhuíntir Dhílis a dhein obair ar son na Gaedhilge mílse binne is a shaor ó mhúcha na Réilthíní Óir seo.

Aon uair a osclaím an leabhar seo téim ar thuras taitneamnach ag teacht ar fhoclóir agus mínithe a chuireann áthas orm. Dé ghnáth ní dhéanaim mórán ach an leabhar a oscailt ar leathanach fánach agus ansin bím ag taisteal gan dua. Is maith liom an seanachló chomh maith, cuireann sé leis an aistear dar liom. Is éalú domsa é ó am go ham chomh maith, nuair nach mbíonn an goile agam  nuachtán a léamh nó mórán a dhéanamh...Tarlaíonn é seo go minic le déanaí faraor agus an tír ag titim as a chéile dar liom. Deirtear liom nach rud as an ngnáth é a bheith míshásta nuair a athraíonn córas polaitíochta, ach tá i bhfad níos mó ag tarlú anseo sa SAM le blianta fada anuas. Ní le héirí Trump i réim, ach roimhe, i bhfad roimhe is é siúd toradh an scéil, agus ní ghligín é.

Nuair a d'oscail mé an leabhar ar maidin agus mé ar an traein go Manhattan ní fada go rabhas ar dhá thuras! D'aimsigh mé ar ""dallacán" ar dtús lch 148 - 1. duine a bhíonn dall. Cinnte 2. Nach mór an dallachán tú? - duine a bheadh dall i n'aigne; ar a ghnó: ná féadfadh rud a d'fheiscint. Ní bhfuighfá-sa faic , a dhallacáin, agus í féd dhá shúil" Ar ndóigh tá an focal dallamullóg ar an leathanach céanna!
Chuir na focail sin mé ag smaoineamh ar na sluaite nach dtuigeann an dochar atá ar siúl sa tír....

Leathanach eile uaim ar an bpointe - lch 211 - "fiar-sceo" oh oh, bhuel, sin rud nach bhfuil díreach, casadh ar rud éigin, fiú an fhírinne?
Ní fheadar an ostrais ceann sa ghaineamh mé nó éinín eaglach.

https://www.youtube.com/watch?v=5rEiHWGBg7I

Thursday, January 18, 2018

Oibrigh, a namhaid Obair, agus mo chluasa bochta


Is iomaí gearán a chloistear faoi fhógraí i nGaeilge timpeall na tíre nuair a bhíonn botúin chló nó ghramadaí le feiscint orthu, ar a laghad sílim go bhfuil níos mó fógraí agus comharthaí le feiscint anois i gcomparáid le 20 bliain ó shin! Ach cén fáth na botúin? Is dócha go mbíonn scríbhneoirí áirithe leisciúil? Nó b'fhéidir go gceapann siad go bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu agus seans go bhfuil - an mbíonn siad ag brath ar an bhfoclóir gan tuairim chruinn a fháil de struchtúr, infhilleadh agus araile sa teanga,?ní fheadar. Is minic a fheictear cur síos nó samplaí dochreidte ar Facebook faoi bhotúin agus bíonn na sluaite míshásta leo, ach bíonn daoine nó comhlachtaí tuillteanach fógraí a cheartú gan náire a chur orthu
go bhfios dom.

Bhaineas sult as an bhfíseán a chonaic an tseachtain seo chaite, ag magadh faoi chás an Ghaeilgeora mar chréatúr an-tugtha don Ghramadach! Bhuel, anois is arís, caithfidh mé a admháil go mbíonn mo chroí istigh sa chás céanna, ní i gcónaí, bíonn botúin agamsa go minic agus bím ag foghlaim an t-am ar fad, ach ceann amháin a chuireann isteach go mór orm le cúpla bhliain anuas ná mí-úsáid an fhocail "Obair".
Cloisim an botún seo in úsáid  de ghnáth san aimsir chaite, "D'obair "  in ionad "D'oibrigh" .......ach níos measa anois tá sé feicthe agam i scríbhneoireacht, ar líne agus fiú i CV.
"D'Obair mé ......" .....An bhfuil tuiscint faoin difear idir ainmfhocal agus briathar ag dul amú anois? Cad ba cheart a dhéanamh? Focal i gcluas an duine? Agus má bhíonn Gaeilge líofa ag an duine? Cad ansin.. deoch eile?
Tá súil agam nach bhfuilim i m'aonar agus mé beagáinín corraithe faoi seo - cuireann sé isteach ar mo chluasa bochta!!!

https://vimeo.com/248301649

Friday, January 12, 2018

Deireadh ciúin


Ní ábhar ró-shuimiúil é cúrsaí pholaitíochta an lae. Uair amháin, nach bhfuil ró fhada siar, ba é tús an lae am speisialta domsa. Caife i mo lámh, an nuachtán (nó Ipad) os mo chomhair ar an mbord, radharc deas romham trí fhuinneog na cistine.......seal a chaitheamh ag léamh faoi chúrsaí reatha roimh tús an lae oibre....... Braithim anois gurb iad na focal "Fadó, fadó...." atá oiriúnach agus mé ag smaoineamh ar an tréimhse thaitneamhach sin....anois bíonn díomá orm beagnach gach maidin ag féachaint ar cinn-línte an lae! Cnaipí a thomhais, masla cainte a thabhairt......srl. srl.  Is léir go bhfuil an domhan mór ina phraiseach, an iomarca gáifeachais lá tar éis lae, níl tús ná deireadh leis. 

Tá an domhan beag i bhfad níos tábhachtaí ach faraor níl gach rud i gceart anseo faoi láthair ach an oiread. Tá mo chait Banba agus Púca ag éirí sean, níl dul as. Tá siad breis agus ceithre bliana déag d'aois anois, ón ál céanna a thángadar, deirfiúr agus deartháir atá iontu. Tá Púca ina fhear scafánta fós ach tá galar na seanaoise ag teacht ar Bhanba bocht, ní oibríonn a fhaireog thíoróideach i gceart níos mó. Bíonn ocras agus tart i gcónaí uirthi ach bíonn sí ag cailliúint meáchan mí tar éis míosa ag an am céanna, ní bhíonn sí compordach - i gcónaí gnóthach. Cuireann an galar seo brú ar a duáin agus ar a croí. Níor oibrigh an gnáth-leigheas ar chor ar bith - (Chuir an leigheas a fuair mé anuraidh tinneas ar a bolg agus de dheasca sin níl inti anois ach cúig phunt mheáchain.) Tá sí chomh beag agus tanaí anois go cheapfá nach bhfuil inti ach piscín, an créatúr. Chuireas tús le leigheas nua an tseachtain seo, feicfimid taobh istigh coicíse an oibríonn sé. Bíonn orm an leigheas a chuimilt taobh istigh dá cluas sa mhaidin agus arís san oíche gach lá, téann sé díreach trí craiceann a cluasa in ionad trí a bolg. Deirtear liom nach bhfuil an córas seo chomh h-éifeachtach le h-é a shlogadh siar ach ní dóigh liom go bhfuil an tarna suíochán sa bhuaile agam do Bhanba bocht, seans maith go bhfuil a rás beagnach rite aici tá a fhios agam, ach tabharfaidh mé seans dí laethanta compordacha a bheith aici ag an deireadh, gan a bheith cráite leis an ocras agus leis an tart, agus sílim go bhfuil tairbhe an leighis le feiscint cheana féin, bhí lá breá ciúin aici, cosúil liom féin.