Thursday, January 18, 2018

Oibrigh, a namhaid Obair, agus mo chluasa bochta


Is iomaí gearán a chloistear faoi fhógraí i nGaeilge timpeall na tíre nuair a bhíonn botúin chló nó ghramadaí le feiscint orthu, ar a laghad sílim go bhfuil níos mó fógraí agus comharthaí le feiscint anois i gcomparáid le 20 bliain ó shin! Ach cén fáth na botúin? Is dócha go mbíonn scríbhneoirí áirithe leisciúil? Nó b'fhéidir go gceapann siad go bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu agus seans go bhfuil - an mbíonn siad ag brath ar an bhfoclóir gan tuairim chruinn a fháil de struchtúr, infhilleadh agus araile sa teanga,?ní fheadar. Is minic a fheictear cur síos nó samplaí dochreidte ar Facebook faoi bhotúin agus bíonn na sluaite míshásta leo, ach bíonn daoine nó comhlachtaí tuillteanach fógraí a cheartú gan náire a chur orthu
go bhfios dom.

Bhaineas sult as an bhfíseán a chonaic an tseachtain seo chaite, ag magadh faoi chás an Ghaeilgeora mar chréatúr an-tugtha don Ghramadach! Bhuel, anois is arís, caithfidh mé a admháil go mbíonn mo chroí istigh sa chás céanna, ní i gcónaí, bíonn botúin agamsa go minic agus bím ag foghlaim an t-am ar fad, ach ceann amháin a chuireann isteach go mór orm le cúpla bhliain anuas ná mí-úsáid an fhocail "Obair".
Cloisim an botún seo in úsáid  de ghnáth san aimsir chaite, "D'obair "  in ionad "D'oibrigh" .......ach níos measa anois tá sé feicthe agam i scríbhneoireacht, ar líne agus fiú i CV.
"D'Obair mé ......" .....An bhfuil tuiscint faoin difear idir ainmfhocal agus briathar ag dul amú anois? Cad ba cheart a dhéanamh? Focal i gcluas an duine? Agus má bhíonn Gaeilge líofa ag an duine? Cad ansin.. deoch eile?
Tá súil agam nach bhfuilim i m'aonar agus mé beagáinín corraithe faoi seo - cuireann sé isteach ar mo chluasa bochta!!!

https://vimeo.com/248301649

1 comment:

Mise Áine said...

Táim ag foghlaim, de shíor, a Hilary...déanaim botúin, agus feicim botúin...chuala mé faoi chomhartha, i mBéarla (feicthe áit éigin nach luafar anseo) agus in áit 'Queue here for the ferry' bhí 'Queue here for the fairy' scríofa...táthar ann, i chuile theanga, cheapfainn...:-)