Friday, May 27, 2005

Croíbhriste agus feargach

My new Seagate (Honda of External Drives) came yesterday. 200gb Pushbutton Backup..an oiriúnach do dhuine leisciúil. Spent the morning “FTPing” files back to basecamp from servers who knows where…. Beidh an córas nua agam Dé Luain.

Beidh dream d’ochtair againn ag teacht le cheile anocht i Lárbhaile Manhattan, sa bhialann Salmon River. Beidh oíche na Gaeilge againn ann, nós atá againn timpeall ceithre bhliain anuas nó níos mó sílim. Beidh sé go breá iad uile a fheiscint arís, is tamall fada go leor é ón uair deireanach a bhíomar le cheile.

Ní athrú scéil ó otharlann Beaumont, brón orm a rá. Croíbhriste agus feargach.

Thursday, May 26, 2005

Politically Incorrect agus iontach!

D’éist mé den chéad uair le Comhrá, clár teilifíse ar WebTV4, inniu. Roghnaigh mé clár ar 04/10. Ba é Máirtin Mhurchadh Ó Chonaile an cuairteoir an lá seo agus é ag caint le Máirtin Tom Sheáinín air siúd a tugtar “máistir an chomhrá craolta”. Duine uasal é an seanduine seo Máirtin Mhurchadh atá ina chónaí de réir dealramh i dtigh banaltrais sa Cheathrú Rua. Bhí saol suimiúil aige agus cosúil le cuid is mó dá ghlúin féin, d’oibrigh sé go dian tríd. Bhaineas an-taitneamh áfach, as an saghas duine a bhí le feiscint trí an agallamh, carachtar amach is amach a bhí ann agus ní raibh cúthail ar bith air a thuairim a chur in iúl agus é ag léim ó ábhar go ábhar ina shlí féin. Rinne Máirtin, an craoltóir, jab ana mhaith a scéalta a tharraing amach i slí ómósach agus bhí sé soiléir ag an am céanna go raibh seisean ag baint an-taitneamh as an gcomhrá chomh maith. Bhris mise amach ag gáire cúpla uair! Ní féidir a rá go raibh baint ar bith ag mo dhuine le cúrsaí Politically Correct mar a thuigimid an lá atá inniu ann. Dhein sé maitheas dom. Rith sé liom ansin nach bhfuil aon seandaoine i mo thimpeallacht anseo i NY, tá siad uile i bhFlorida :(

Wednesday, May 25, 2005

Seanfhocal: Tá ionracas os cionn margaidh

Tháinig leictreoir ar maidin, bhí cúpla rud beag le déanamh agam le tamall fada anuas. Níor stad sé ag gearán faoin méid rud cearr, rudaí nach raibh ceart maidir leis an córas dlíthe, an cód, mar a déarfá. Bhí mé bréan de agus é ag imeacht, tá ionadh orm go bhfuilimid uile fós beo tar éis deich mbliana sa teach seo. Ach, nuair a ceannaítear teach bíonn ort cigire tí a fháil roimh an ceannach, níl an tarna rogha agat ach duine den tsóirt seo a fhostú. Braitheann an banc ar a thuairim. Dar le mo dhuine ar maidin bíonn siadsan uile i bpócaí na ngníomhairí eastát. Is dócha go bhfuil an ceart aige ach ag an am céanna táim cinnte go raibh sé ag méadú aon baol gur féidir leis agus nach raibh ar a intinn ach é féin agus an $. Ní raibh fonn orm chur suas leis.

Níl scéala úr againn ó Beaumont inniu. Bhogadar Mary ansin tar éis tréimhse ghearr i Vincents. Tá sí fós mar a bhí sí inné, fós idir dhá cheann na meá.

Chuala mé ar maidin nach raibh cúis na deifre ar an squad car sin, bhíodar ag dul i dtreo rud éigin a tharla sa cheantar, sin fíor, ach ní rud práinneach a bhí i gceist. Dúradh go raibh gardaí eile ag an áit sin cheanna féin agus nach raibh ar an mbeirt seo dul ann go tapaigh nó fiú dul ann ar chor ar bith. Ní fheadar an mbeidh an fhírinne riamh againn faoi seo.

Tuesday, May 24, 2005

An Iomarca Luais

Rud amháin atá orm a rá faoin turas go New Hampshire ná níl smacht luas le feiscint ar na bóithre móra ar chor ar bith. Ní fhaca mé fiú póilín amháin. Bhí ionadh orm mar i NY bíonn siad taobh thiar gach tor agus faoi na droichid ar na interstates agus parkways. Bíonn ort a bheith airdeallach an t-am ar fad ticéad luais a sheachaint. Chuala mé nach mbíonn an córas sin acu i NH, Live Free or Die agus chonaic gurb í an fhírinne. Bhí mé ag gluaiseacht go tapaigh, dar liom, ag idir 75 agus 80 míle fán gcéad agus mise an duine ba mhoille ar an mbóthar! Cheap mé ag an am gur rud iontach é a bheith saor ón smacht. Inné chuala mé scéal a athraigh mó thuairim faoi luas ar na mbóithre. Bhí m’aintín, duine álainn, ina suí i bheith istigh bhus trasna an bhóthair ón ospidéal i gClonskeagh BAC tráthnóna Dhomhnaigh, timpeall a ceathair. Bhí sí tar éis cuairt a thabhairt ar m’uncail atá san ospidéal sin. Go tobann tháinig carr Phóilín timpeall an chúinne ag déanamh go tapaigh, is cosúil go raibh na soilse ar siúil agus sirens roaring. Sleamhnaigh an carr ar chraiceann fliuch an bhóthair as smacht go díreach aniar aduaidh uirthi. Is dócha nach raibh seans ar bith aici bogadh nó aon rud a dhéanamh agus í ina suí ansin. Bhí bangharda ag tiomaint agus bangharda eile sa charr léi. Cuireadh amach an scéal go raibh sise ag dul trasna an bhóthair ach de réir fianaise agus forensics bhí sí ina suí, cheapfá slán sábháilte, sa bheith istigh sin. Tá m’aintín gortaithe go dona, i gcontúirt bháis ó shin.
Tá a fhios agam go bhfuil rud amháin fíor, má thagann sí tríd an t-uafás seo ní bheidh sí riamh arís mar a bhí sí. Riamh arís a aghaidh dathúil, ná a corp díreach ard, ná a dearcadh leathan ar an saol.

Friday, May 20, 2005

Mo Cheol Thu

Bhí mé i dteagmháil le cara agam, Jerry O’Sullivan inné. Píobaire den scoth atá ann agus chuir ár gcomhrá i gcuimhne dom scéal grinn maidir le na píobairí Albanaigh i gcomparáid leis na cinn Éireannaigh (…..a bhíonn ina gceoltóirí níos fearr!) . “Cén fáth go mbíonn na hAlbanaigh ag siúl timpeall agus iad ag iarraidh ceol a sheinm? Bíonn sé i bhfad níos deacra caitheamh le cruinnsciath (targaid) a bhíonn ag bogadh…………”
Bhíos ag iarraidh teacht ar foinse an magadh sin agus sílim gur ndeachaigh mé air in agallamh le Ciarán Mac Mathúna san Irish Times coicís nó mar sin ó sin. Deacair a ghuth ar an raidió le "Mo Cheol Thú" a dhearmad riamh agus bhí sé go deas a fháil amach go bhfuil sé fós ina chraoltóir an chláir sin go rialta ar RTE agus é beagnach 80 bliana d’aois…. Anois tá fonn orm éist air arís, simplí go leor leis an idirlíon ach ní bheidh sé sin mar a chéanna le bheith ag éisteacht air sa leaba maidin Dhomhnaigh éigin idir dreas codlata agus dhúiseacht.
Mo cheol thú, a Chiaráin.

Ag imeacht go New Hampshire amárach le Eoghan chuig baisteadh iníon mo cholceathrar, Jessica. Beidh Eoghan in a h-athair baistí, is onóir leis é agus tá sé lán sásta a bheith páirteach. Beidh an baisteadh acu tráthnóna Dhomhnaigh (ansin cúig uair eile sa carr teacht abhaile, ochón)

Tuesday, May 17, 2005

Níl saoirse gan smacht?

Tosaím ag obair ar mo ríomhaire díreach tar éis a seacht ar maidin, fanann mo mhadra Cara Wags, liom san oifig i rith an lae, rud ana dheas go mór mhór sa geimhreadh, (cuirim mo mhéarchosa fuara uirthi agus í ina codladh faoi mo dheasc.) Tar éis lóin ag meán lae téim amach ag siúl lei ar feadh daichead nó caoga nóiméad nó mar sin. Bíonn an aclaíocht uainn ag an am sin tar éis an chuid is mó den mhaidin inár suí. Anois os nós é seo bíonn Cara ag chur brú orm ó 12:15 nó mar sin, is féidir léi an clog a leamh nó tá clog inmheánach ana mhaith inti. Tosaíonn sí ag damhsa timpeall na hoifige agus ag caoineadh agus ag rith go dtí an doras agus faoi dheireadh ní bhíonn an tarna rogha agam ach dul amach léi saghas síochána a fháil. Ní gá dom an doras a oscailt chun í a scaoil amach léi fhéin, ní théann sí......................nó téann sí má bhíonn gnó le déanamh aici agus ansin tagann sí díreach ar ais ag déanamh a cuid geáitse……….. Bíonn sí níos measa nuair a tharlaíonn rud a chuireann clár an lae amach an fhuinneog. Inné mar shampla bhí orm dul le Eoghan (14) thíosbhaile go dtí The Dept of Homeland Security in aice le City Hall i ndeisceart Manhattan . Ghlacamar an traein ag a 7 rn go dtí Grand Central agus ansin an Subway, bhíomar thíosbhaile ag a naoi. Bhí cruinniú eagraithe agam ann ag 9:30 rn agus mar sin bhí an t- am againn Starbucks a fháil……. Le teacht breithlá 14 bliana d’aois bíonn ar gach páiste le carta glas sna SAM ceann nua a fhail agus a mhéarloirg a chur i gcomhad an roinn seo, DHS. Bíonn sé níos fearr é seo a dhéanamh gan mhoill go mór mhór ó 9/11…….. trioblóid san Aerfort a sheachaint. (Rud atá ar eolas agam ón trioblóid a bhí againn in Aerfort BAC cúpla bhliain ó shin agus Eimhín níos mó na 14 gan carta nua.) Ar aon cuma bhíomar ann agus is deacair an rud é freastal ar do chruinniú gan ana chuid drochíde teangan ó na fostaí! Ar dtús taobh amuigh den foirgneamh bíonn líne ann agus beirt i mbun an líne ag béicigh ar an scuaine, ag féachaint ar na cáipéisí srl ag chur brú ar daoine bogadh ansin a rá do dhaoine eile a dhéanann an rud céanna “Did I tell you to move?!” ansin taobh istigh duine amháin ag glacadh na málaí agus ag dul trí gach rud atá ann, duine eile na cótaí, gach rud trí an gléas x-ray, sinn trí an metal detector, duine eile ag déanamh frisking, duine eile ag tabhairt féachaint millte orainn agus a rá “Get your stuff, hurry up, move away NOW ” Phew! Síocháin ar feadh nóiméad agus sinn ag dul suas an escalator. Duine eile ag feitheamh orainn ag béic “Cell phones? “ “Ta ceann agam” a dúirt go soineanta. “Get it off right now!” ansin síos an bealach agus duine eile agus í ag béic “Cell phones off NOW” ………….“Tá a fhios againn” a dúirt mé….ansin súile nimhneacha orm…………Bhí sé go deas ag deireadh teacht isteach sa seomra ceart agus ár scíth a ligint, leabhar agamsa agus ar ndóigh IPod ag an stócach a bhí liom. Bhí uair againn ag feitheamh ar ár oibrí oifigiúil féin, fear an deas, béasach agus cneasta, rud a chur ionadh ar an mbeirt againn. Bhí gach rud in ord againn agus ní rabhamar leis ach deich nóiméad no mar sin agus ansin amach linn trí an zoo taobh amuigh dá oifig. Sílim go bhfuil nasc aisteach idir easpa smacht agus drochiompar …..bhí siadsan ar an gcéim is isle as ord leis an smacht beag a bhí acu orainn sa scuaine agus bhaineadar an taitneamh dar liom as brú a chur orainn. Ar shlí bhaineamar sult as, ag éisteacht leo agus ag gáire le chéile faoi a drochbhéasaí ach chonaic mé seanchúpla ann an uair deireanach agus iad gan béarla agus sílim go raibh eagla orthu roimh na bithiúnaigh seo. Thángamar thar n-ais abhaile díreach mar bhí orm a bheith san oifig agus ní bhíonn suim ag Eoghan tamall a chaitheamh sa chathair. Bhí fonn cupán tae agus ceapaire orm ach faraor, ní raibh sos agam, bhí Miss Wags ar tí dul as a meabhair, bhí sé beagnach a dó a chlog!

Friday, May 13, 2005

The Early Bird

Tá na héin an gnóthach ar fad anseo agus is aoibhinn liom iad ach amháin anois bíonn an fhuinneog ar oscailt agam i rith na hoíche agus tosaíonn mo chairde ag canadh go luath, álainn ach bhíos i mo dhúiseacht ar maidin ag ceathrú tar eis a cúig!!!! Ach nílim ag gearán, bainim an taitneamh astu. Inné chonaic mé Baltimore Oriole, ceann le sciatháin an uair seo, agus péire lon dubh. Lon le sciathán dearg a bhí anseo, sin an ceann firinscneach, agus a bhean agus ceann donn uirthi. Ní bhíonn na héin seo ró fhlúirseach, nó ní fheiceann tú iad ró mhinic má bhíonn siad anseo. Bíonn cúthail orthu i gcomparáid le na cinn eile, snagairí daracha, housetits, house finches srl. Beidh na lasair coille le feiscint go luath tá súil agam. Is minic a bhraithim uaim éin na hÉireann nach bhfuil againn sa tír seo. Is iad an spideog agus an smólach na cinn is mó a bhraithim uaim anois is arís, gnáth éin in aon gairdín thall ansin ach anseo is fear mór go leor é an spideog agus níl amhrán na spideoige aige, dar liom….is éan eile é cé go dtugtar Spideog air. Níl cuma bhródúil na spideoige Éireannach air ar chur ar bith ach an oiread. Ní fhaca mé smólach riamh anseo cé go bhfuil ceann ab ainm The Hermit Thrush áit éigin.

Thursday, May 12, 2005

Seanscannán, breis agus caoga bliana d’aois

Le déanaí bíonn ionadh orm nuair a thagann scannán suimiúil sa phost ó netflix. Chuaigh mé ar an suíomh tamall fada ó shin agus chuireas mo roghanna isteach ann ach de gnáth tagann scannán mar shampla Reservoir Dogs nó Science Fiction nó rudaí ón Genre Action and Adventure. Cé go mbíonn cuid acu ceart go leor ní ó mo liosta iad siúd. Bíonn aghaidheanna soineanta ar mo chuid aon uair a chuirfinn ceist orthu, ní bhíonn éinne acu ar an suíomh ag déanamh athrú ord? Púca an cat is dócha ……ach is annamh a thagann ceann ó na cinn sin a chuireas ar an liosta …..Ach….. D’amhairc mé ar On The Waterfront aréir le Eoghan (14). Rinne mé glan dearmad go raibh sé roghnaithe agam tamall fada ó shin. Cheap an bheirt againn go raibh sé ana mhaith ar fad agus cé go bhfuil sé breis agus caoga bliana d’aois bhí sé fós úr i slite. Níl aon amhras orm ach go bhfuil eachtraí mar sin fós ar siúil ar fud an domhan, áiteanna a bhíonn daoine faoi smacht agus bocht ó easpa oideachas agus ádh. Ach faoi láthair ní bheadh na boicht in ann teacht ón smacht, is domhan níos gairbhe anois í. Bhí ionadh ar Eoghan, bhíoch sé den tuairim nach féidir le scannán chomh sean seo a bheith suimiúil ar chor ar bith.

Monday, May 09, 2005

Life, the Universe and Everything

Tagann an Luan go tapaigh, bhí lá breá ciúin anseo inné agus Clann tSuibhne go léir le cheile. Bím i gcónaí den tuairim nach bhfiú é Lá na Máithreacha a ceiliúradh gur bhfuil sé sin ceann eile des na ceiliúrthaí a chruth Hallmark. Thiteann sé ar lá difriúil sa hEorpa, ní fheadar cén fáth ach b’fhéidir go mbeadh seans acu níos mo cártaí a chur ar an margadh? Ach b’fhéidir go bhfuil mé ró amhrasach. Ar aon cuma bhí ionadh orm mar is cosúil go chaith mo chuid mac tamall mhaith ag siopadóireacht Dé Sathairn agus fuair mise toradh na siopadóireachta maidin inné. Leabhair agus CD. Ní bhíonn drogall ar mo chuid tréimhse a chaitheamh i siopa leabhar aon uair mar léann siad uile an t-am ar fad. Téann na leabhair timpeall an tí ó lámh go lámh agus is minic a fhaighimid go léir sult as an leabhar céanna agus ábhair díospóireachta suimiúla ag an mbord bia againn. Is chuimhin liom mí nó mar sin ó shin nuair a tháinig Eimhin abhaile don deireadh seachtaine agus é ag léamh Hitchhikers Guide to the Galaxy. Shuigh sé ag an mbord linn á mholadh agus dúirt “ba chóir daoibh é seo a léamh tá sé ana mhaith.” Hmm…Thugamar an t-eolas do nach amháin go raibh sé léite cheanna féin againn nuair a bhíomar timpeall naoi mbliana déag d'aois ach go raibh sean chóip i gceann des na leabhragán….agus go raibh Restaurant at the End of the Universe agus Life the Universe and Everything againn chomh maith! Bhí ionadh nach beag air chaith sé tamall ag dul trí an seanbhailiúchán atá againn…………… Anois tán triúr acu tar éis na leabhair sin a léamh agus chuadar chuig an scannán Hitchhikers Guide to the Galaxy chomh maith. Aontaíonn siad go bhfuil an leabhar níos fearr ná an scannán….nílim cinnte go mbíonn scannán níos fearr ná leabhar riamh?

Chaiteas Dé Sathairn thuas in Esopus New York ag deireadh seachtaine na Gaeilge. Níor fhánas ach an lá sin an uair seo ach b‘fhiú é dul agus tamall ag caitheamh le mo chairde arís agus an teanga a chloisint ar fud na háite. Phléamar “oideachas agus páistí na n-oibrithe mídleathach” agus tháinig an dream chuig an cinneadh nach ceart é, ó thaobh an dlí, oideachas ar bith a bheith le fáil dóibh múna bhfuil oideachas iomlán le fáil. Faoi láthair bíonn air na páistí seo dul ar scoil idir 5 bliana d’aois agus 15 bliana d’aois, ansin is féidir leo diploma an ardscoil a bhaint amach más maith leo ach tá cosc orthu freastal ar an ollscoil. Dar le moltóirí na díospóireachta go raibh an argóint is fearr leis an dream a dúirt nach raibh sé ceart oideachas ar bith a thabhairt d’iad siúd. (múna bhfuil an rialtas toilteanach oideachas iomlán a bheith le fáil dóibh)
Bhí céilí an-mhaith againn ag deireadh an lae mar is gnách ansin agus anois is aoibhinn liom na seiteanna.

Friday, May 06, 2005

Oideachas Abú?

Bhíos an ghnóthach le déanaí (agus táim fós) ag athchruthú chomhaid agus ní raibh seans agam focal a scríobh. Bhí an t -ádh dearg orm gur tháinig mé ar sean zip disc le píosa oibre ann ó 2002, ansin gan choinne bhualeas leis an client úd oíche Luain agus dúirt sí go raibh an catalog sin as dáta agus gur mhaith léi é a chur i gcló arís.

Bhíomar i pub nua i Manhattan an Aoine seo chaite. Stout an t-ainm atá air agus tá sé suite i lár an bhaile in aici le Madison Square Gdn. Cé go raibh an foirgneamh an deas, ana mhór agus taobh istigh nua aimseartha, deacair a chreidiúint an méid airgid atá curtha isteach ann, níor cheap mé go áit suimiúil é ar chor ar bith. Tugtar “Irish Bar” air, ach tá a fhios agat nach raibh ann ach “Sports Bar” agus Guinness le fáil ann. Thit mé i mo chodladh ar an traein abhaile agus ansin chaitheas tamall ag féachaint ar Lou Dobbs ar an teilifís agus eisean ag caint i gcoinne na daoine atá anseo sna Stáit Aontaithe gan cead. Bhí sé ar buile mar is cosúil go bhfuil ollscoil i North Carolina tar éis cead a thabhairt d’iad atá diploma ard scoil sa stáit sin bainte amach acu, dul ar an ollscoil chomh fada is a íocann siad an costas iomlán cosúil le mac léinn a thagann ó stáit eile. Is cuma le uachtarán an choláiste sin stádas na mic léinn, cheapann sé go ba cheart do spás a thabhairt dóibh mar bíonn spás dóibh sa bhunscoil agus sa mheán scoil, tuige nach féidir seans acu dul ar an ollscoil? Bhí Lou Dobbs a rá nach raibh sé seo ceart ar chor ar bith, is dócha nach bhfuil sé ceart, dar leis, oideachas ar bith a thabhairt do pháistí atá anseo taobh amuigh den dlí. An bhfuil sé ceart nó nach bhfuil? an bhfuil sé ceart oideachas a choimeád uathu cé go bhfuil a dtuismitheoirí toilteanach íoc as? An pionós ceart é seo ar son na tuismitheoirí céanna nach bhfuil ag íoc an méad cháin atá orainn atá dleathach a íoc? An córas caste atá i gceist ? Cad é an freagra? An bhfuil dóthain airgid sa tír tacaí a thabhairt d'iad atá ar an gcéim is isle? Cad faoi na boicht atá dleathach? An bhfuil freagra ann?