Tagann an Luan go tapaigh, bhí lá breá ciúin anseo inné agus Clann tSuibhne go léir le cheile. Bím i gcónaí den tuairim nach bhfiú é Lá na Máithreacha a ceiliúradh gur bhfuil sé sin ceann eile des na ceiliúrthaí a chruth Hallmark. Thiteann sé ar lá difriúil sa hEorpa, ní fheadar cén fáth ach b’fhéidir go mbeadh seans acu níos mo cártaí a chur ar an margadh? Ach b’fhéidir go bhfuil mé ró amhrasach. Ar aon cuma bhí ionadh orm mar is cosúil go chaith mo chuid mac tamall mhaith ag siopadóireacht Dé Sathairn agus fuair mise toradh na siopadóireachta maidin inné. Leabhair agus CD. Ní bhíonn drogall ar mo chuid tréimhse a chaitheamh i siopa leabhar aon uair mar léann siad uile an t-am ar fad. Téann na leabhair timpeall an tí ó lámh go lámh agus is minic a fhaighimid go léir sult as an leabhar céanna agus ábhair díospóireachta suimiúla ag an mbord bia againn. Is chuimhin liom mí nó mar sin ó shin nuair a tháinig
Chaiteas Dé Sathairn thuas in Esopus New York ag deireadh seachtaine na Gaeilge. Níor fhánas ach an lá sin an uair seo ach b‘fhiú é dul agus tamall ag caitheamh le mo chairde arís agus an teanga a chloisint ar fud na háite. Phléamar “oideachas agus páistí na n-oibrithe mídleathach” agus tháinig an dream chuig an cinneadh nach ceart é, ó thaobh an dlí, oideachas ar bith a bheith le fáil dóibh múna bhfuil oideachas iomlán le fáil. Faoi láthair bíonn air na páistí seo dul ar scoil idir 5 bliana d’aois agus 15 bliana d’aois, ansin is féidir leo diploma an ardscoil a bhaint amach más maith leo ach tá cosc orthu freastal ar an ollscoil. Dar le moltóirí na díospóireachta go raibh an argóint is fearr leis an dream a dúirt nach raibh sé ceart oideachas ar bith a thabhairt d’iad siúd. (múna bhfuil an rialtas toilteanach oideachas iomlán a bheith le fáil dóibh)
Bhí céilí an-mhaith againn ag deireadh an lae mar is gnách ansin agus anois is aoibhinn liom na seiteanna.
No comments:
Post a Comment