Friday, May 06, 2005

Oideachas Abú?

Bhíos an ghnóthach le déanaí (agus táim fós) ag athchruthú chomhaid agus ní raibh seans agam focal a scríobh. Bhí an t -ádh dearg orm gur tháinig mé ar sean zip disc le píosa oibre ann ó 2002, ansin gan choinne bhualeas leis an client úd oíche Luain agus dúirt sí go raibh an catalog sin as dáta agus gur mhaith léi é a chur i gcló arís.

Bhíomar i pub nua i Manhattan an Aoine seo chaite. Stout an t-ainm atá air agus tá sé suite i lár an bhaile in aici le Madison Square Gdn. Cé go raibh an foirgneamh an deas, ana mhór agus taobh istigh nua aimseartha, deacair a chreidiúint an méid airgid atá curtha isteach ann, níor cheap mé go áit suimiúil é ar chor ar bith. Tugtar “Irish Bar” air, ach tá a fhios agat nach raibh ann ach “Sports Bar” agus Guinness le fáil ann. Thit mé i mo chodladh ar an traein abhaile agus ansin chaitheas tamall ag féachaint ar Lou Dobbs ar an teilifís agus eisean ag caint i gcoinne na daoine atá anseo sna Stáit Aontaithe gan cead. Bhí sé ar buile mar is cosúil go bhfuil ollscoil i North Carolina tar éis cead a thabhairt d’iad atá diploma ard scoil sa stáit sin bainte amach acu, dul ar an ollscoil chomh fada is a íocann siad an costas iomlán cosúil le mac léinn a thagann ó stáit eile. Is cuma le uachtarán an choláiste sin stádas na mic léinn, cheapann sé go ba cheart do spás a thabhairt dóibh mar bíonn spás dóibh sa bhunscoil agus sa mheán scoil, tuige nach féidir seans acu dul ar an ollscoil? Bhí Lou Dobbs a rá nach raibh sé seo ceart ar chor ar bith, is dócha nach bhfuil sé ceart, dar leis, oideachas ar bith a thabhairt do pháistí atá anseo taobh amuigh den dlí. An bhfuil sé ceart nó nach bhfuil? an bhfuil sé ceart oideachas a choimeád uathu cé go bhfuil a dtuismitheoirí toilteanach íoc as? An pionós ceart é seo ar son na tuismitheoirí céanna nach bhfuil ag íoc an méad cháin atá orainn atá dleathach a íoc? An córas caste atá i gceist ? Cad é an freagra? An bhfuil dóthain airgid sa tír tacaí a thabhairt d'iad atá ar an gcéim is isle? Cad faoi na boicht atá dleathach? An bhfuil freagra ann?

No comments: