Thursday, May 12, 2005

Seanscannán, breis agus caoga bliana d’aois

Le déanaí bíonn ionadh orm nuair a thagann scannán suimiúil sa phost ó netflix. Chuaigh mé ar an suíomh tamall fada ó shin agus chuireas mo roghanna isteach ann ach de gnáth tagann scannán mar shampla Reservoir Dogs nó Science Fiction nó rudaí ón Genre Action and Adventure. Cé go mbíonn cuid acu ceart go leor ní ó mo liosta iad siúd. Bíonn aghaidheanna soineanta ar mo chuid aon uair a chuirfinn ceist orthu, ní bhíonn éinne acu ar an suíomh ag déanamh athrú ord? Púca an cat is dócha ……ach is annamh a thagann ceann ó na cinn sin a chuireas ar an liosta …..Ach….. D’amhairc mé ar On The Waterfront aréir le Eoghan (14). Rinne mé glan dearmad go raibh sé roghnaithe agam tamall fada ó shin. Cheap an bheirt againn go raibh sé ana mhaith ar fad agus cé go bhfuil sé breis agus caoga bliana d’aois bhí sé fós úr i slite. Níl aon amhras orm ach go bhfuil eachtraí mar sin fós ar siúil ar fud an domhan, áiteanna a bhíonn daoine faoi smacht agus bocht ó easpa oideachas agus ádh. Ach faoi láthair ní bheadh na boicht in ann teacht ón smacht, is domhan níos gairbhe anois í. Bhí ionadh ar Eoghan, bhíoch sé den tuairim nach féidir le scannán chomh sean seo a bheith suimiúil ar chor ar bith.

No comments: