Wednesday, May 25, 2005

Seanfhocal: Tá ionracas os cionn margaidh

Tháinig leictreoir ar maidin, bhí cúpla rud beag le déanamh agam le tamall fada anuas. Níor stad sé ag gearán faoin méid rud cearr, rudaí nach raibh ceart maidir leis an córas dlíthe, an cód, mar a déarfá. Bhí mé bréan de agus é ag imeacht, tá ionadh orm go bhfuilimid uile fós beo tar éis deich mbliana sa teach seo. Ach, nuair a ceannaítear teach bíonn ort cigire tí a fháil roimh an ceannach, níl an tarna rogha agat ach duine den tsóirt seo a fhostú. Braitheann an banc ar a thuairim. Dar le mo dhuine ar maidin bíonn siadsan uile i bpócaí na ngníomhairí eastát. Is dócha go bhfuil an ceart aige ach ag an am céanna táim cinnte go raibh sé ag méadú aon baol gur féidir leis agus nach raibh ar a intinn ach é féin agus an $. Ní raibh fonn orm chur suas leis.

Níl scéala úr againn ó Beaumont inniu. Bhogadar Mary ansin tar éis tréimhse ghearr i Vincents. Tá sí fós mar a bhí sí inné, fós idir dhá cheann na meá.

Chuala mé ar maidin nach raibh cúis na deifre ar an squad car sin, bhíodar ag dul i dtreo rud éigin a tharla sa cheantar, sin fíor, ach ní rud práinneach a bhí i gceist. Dúradh go raibh gardaí eile ag an áit sin cheanna féin agus nach raibh ar an mbeirt seo dul ann go tapaigh nó fiú dul ann ar chor ar bith. Ní fheadar an mbeidh an fhírinne riamh againn faoi seo.

No comments: