Friday, September 19, 2014

Ainm Eile ar Náisiúnachas

Is mó a chloistear le déanaí faoi deireadh náisiúnachais, gur bhain an coincheap sin leis an naoú haois déag ar an gcéad dul síos, go nóisean seanfhaiseanta é, agus níos tábhachtaí fós ná go gcothaíonn sé easaontas agus achrann idir pobail. Táimid thar náisiúnachas is cosúil.
Ní bhaineann féiniúlacht le náisiúnachas níos mó ach an oiread, ach le cultúr amháin. Téann féiniúlacht agus cultúr le chéile agus ba cheart náisiúnachais a fhágáil taobh amuigh. Tá tírghrá ceart go leor áfach -  chomh fada nach bhfuil puinn náisiúnachais ann!!
Ní fheadar a dtagann náisiúnachas as neamhionannas agus leithcheala nó as a mhalairt; ach cinnte téarma atá ann a cheanglaíonn daoine le chéile in áit áirithe nó ar son áite áirithe, téarma a chothaíonn mothúcháin láidre agus doimhneacha.
Bíonn féiniúlacht agus cultúr bunaithe ar an saol a roinnt in áit áirithe nó ar ndóigh ar an saol a roinnt le daoine áirithe; meonta atá iontu a cheanglaíonn dreamanna le chéile. An é go bhfuil an focal "Náisiúnachas" in-ghlactha anois mar fhréamh ar chúrsaí agus gluaiseachtaí pholaitíochta, agus go nglactar le córas cónaidhmeachta nó feidearálachas mar chóras comhaimseartha? An leanfaidh náisiúnachas faoi thalamh mar sin - ní imíonn mothúcháin faoi thalamh fiú muna bhfuil focal ceart ann iad a chur in iúl, fíric atá le feiscint timpeall na cruinne.