Monday, October 14, 2013

Ag Toraíocht



Údar

Is é a dúirt an t-údar seo
Ná scríobhfadh focal go
mBeadh Gaeilge ar a thoil aige.

Do chaith sé a óige mhoch,
Is meán a aoise mach,
Is deireadh a laethanta,
Ag tóraíocht Gaolainne.

Ansan fuair bás de gheit,
Díreach is í aige.



Séan Ó Ríordáin
Tar Éis mo Bháis (1978)

agus a shaothar go léir, Eireaball Spideoige (1952) Brosna (1964) agus Tar éis mo Bháis (1978) le chéile i mbailiúchán le réamhrá iontach ó Shéan Ó Coileáin.  Na Dánta (2011)  (Kindle ar Amazon)

Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht, Indreabhán, Co na Gaillimhe. Éire. www.cic.ie




7 comments:

Anonymous said...

Aon seans gur scríobh sé an dán seo mar fhreagairt ar léirmheas a scíobh Máire Mhac an tSaoi ina thaobh? A leithéid de shonc! Seo cuid de.

Fearn

Seo sliocht as:

".... Is fada o mhúscail aon údar Gaeilge oiread aighnis agus atá déanta ag Seán Ó Riordain. Áititear go bhfuil sé ar an bhfile Gaeilge is tabhachtaí dá dtáinig, agus tá glactha ag an bpobal chomh fonnmhar san lena shaothar san mbailiúchán bhearsaí leis a foilsíodh trí bliana ó shoin, Eireabal Spideoige, gur léir go bhfreagraíonn sé d'éileamh áirithe comhaimsireach. Ar a lán slite is deacair an fháilte roimis a thuiscint. Tá rudaí fónta ins na dánta, ach is tearc orthu atá slán folláin i gcáiliocht aistí neamhspleácha filíochta. Chím dhá phríomhchúis leis an leathchuma pheanaideach so. Siad san
easpa máistríochta ar an dteangain agus easpa tuisceana do scóp
meadaireachta na Gaeilge.
Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le scríobh na Gaeilge gur
teanga bheo í. Ni féidir dánaíocht thar meon a dhéanamh uirthi gan
díobháil di. Sé toradh a bhíonn ar a leithéid na comharthaí nach
féidir a léamh gan eochair. Chím an dáinséar so ag bagairt ar Ó
Riordain. An fhad agus a bheidh a chuid Gaeilge ina calc ar an
mBéarla níl aige ach saghas Esperanto. Ta an ceart aige nach móide go bhfuil aon ghné d'intinn an lae inniu nach féidir a chur in iúl sa Ghaeilge. Sé is baol dó ná a cheapadh go bhfuil smaoineamh léirithe aige nuair nach Gaeilge in aon chor atá scríofa aige. Ceist cháitréiseach eile is ea ceist na meadaireachta---ceist chluaise. Nuair atá uirlis faoina
láimh ag an bhfile atá chomh so-ionrámhála agus atá líne mheadaireacht na n-amhrán sa Ghaeilge, is trua a bheith i dtaoibh le sodar bhéarsaíochta
an Bhéarla ins na seanleabhra scoile. Sé subháilce atá in easnamh
air ná an fhrithrithim a dhineann béim an chomhrá i bhfilíocht na
Gaeilge le béim na meadaireachta, cosaint luachmhar ar chomhbhuille
an ghliogair.
...

Anonymous said...

...
Maidir le hábhar na filíochta aige b'fhurasta a cheapadh ná raibh
aon chur síos speisialta le déanamh air : gnathscrupaill choinsiasa beagán falsaithe de bharr culaith Ghaeilge a chur orthu. Ní mór géilleadh, áfach, go bhfuil éifeacht dá chuid féin ag roint leis an ndearcadh
fíorchaol, fíorphearsanta, a nochtann an file seo. Luadh le deanaí Emily Dickenson i gcomparáid leis agus tá an comórtas dlisteanach.
Sa dá údar tá léargas ar shaol folaigh, iata, féinchruthaitheach, achar éigin i leataoibh ón mbeatha nithiúil, agus ag an mbeirt acu tá friotal ar leith chun an saol so a chur in iúl, teanga a cothaíodh sa leabharlainn agus nár ghabh trí choimheascar bríomhar na daonnachta laethiúla.
Má sea tá an méid seo a dhealaíonn Mac Uí Riordáin ó bhean uasal
Mheirice agus sé sin go bhfuil gach dealramh air nach bhfuil seisean ach i dtosach fáis mar fhile. Furmhór an ama ins na blianta atá gafa tharainn ó foilsíodh an leabhar leis, tá sé caite aige i nGaeltacht na
Mumhan. Chuige seo, is fiú a áireamh, fuair sé cabhair airgid ó
Chomhdhail Naisiúnta na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil tábhacht an
deontais seo an-ard, agus tá creidiúint ag dul araon don té a thairg agus don té a ghlac. Cítear a thoradh cheana fein ar na dréachta déanacha de chuid an fhile. Tá saibhreas nua le haithint ar a chuid Gaeilge agus anál an amhlachais ar a mheon. Is lón gan dileaghadh fós a lán de seo, ach is geallúint chun ratha é.
Ag rith trím aigne feadh an ama, tá an smaoineamh go bhfuil gach
a bhfuil a thriail ag Ó Riordain déanta go breá roimis ag file eile, ag Mairtín Ó Direáin. Tá briste i bhfad nios glaine aige le seanfhuirmeacha an amhráin ná mar tá ag Ó Riordain, ach tá cloíte go dlúth aige le ceol nadúrtha na Gaeilge. Ni gá aon fhorsáil a dhéanamh ar rithim na cainte chun patrún scaoilte na línte aige a leanúint. Ni gá aon fhórsáil a dhéanamh ar bhrí reasúnta na bhfocal chun ciall a smaointe
a thuiscint, agus go minic tá na smaointe sin lán chomh nua sa Ghaeilge agus atá aon inspioraid de chuid an Riordáinaigh. Samhlaítear dom gurb' é seo an difríocht idir an dá fhile; ní féidir an Riordánach a thuiscint gan Béarla ná Mairtín Ó Direain gan Gaeilge. Ciacu acu
is mó gradam? Ba dheacair a rá, ach ní gá dul chun seanabhróga
leis mar argóint.

as "Scribhneoireacht sa Ghaeilge Inniu" le Máire Mhac an tSaoi 1955

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Ní fheadar faoi sin, bhí an dán seo sa tríú bhailiúchán "Tar éis mo bháis".

Tá píosa den sliocht sin ó pheann Mháire Mhac an tSaoi i Réamhrá an bhailiúcháin nua seo.
Searbh.
H

Anonymous said...

Searbh cinnte, ach cá bhfios nár spreag sé é, cé go ngoillfeadh sé air go smior freisin sílim.

Fearn

Anonymous said...

Dán ionatch, go raibh míle. Agus éasca le thuiscint chomh maith - rud nach bhfuil fíor faoi cúpla dán ón file céanna (ach dánta álainn is ea iad i gcónaí). Is buairt comónta é seo agus cuireann sé fearg orm nuair a cloisim faoi Mac an tSaoi ag cur náire ar an eagnaí seo nach raibh ach ag iarraidh an teanga a chothú.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

A Youngestchildsyndrome a chara,

Ba thrua ach do bhíodh dream ann uair a cheap gur leo an teanga agus nár cheart athrú ar bith inti, - Tá cuid acu fós inár measc! Faighim gearáin anois is arís ó dhaoine áirithe faoi mo chuid Gaeilge. Ach ná lig dóibh siúd fearg a ligint isteach ort féin, ach fuinneamh chun níos mó a dhéanamh ar son na cúise ina n-ainneoin! Is leat í, is linne í.

pakistannationalnews said...

"Man Pasand Shadi"">Rohani Wazifa"">Taweezat"">Black magic
"
The Istikhara is an Islamic tradition which is strongly rooted in our culture of Iran, India and Pakistan. Amil Bangali Baba"