Wednesday, April 30, 2008

Cantalach? Mise??

Bainim taitneamh as mo Irish Times gach seachtain. Tagann an t-eagrán ó Dé Satharn chugam gach Dé Máirt sa phost agus de gnáth bíonn seans agam é a leamh maidin Dé Chéadaoin le cupán caife.

Chonaic mé fógra le déanaí ón gcomhlacht Shomera in Éirinn. Ní dóigh liom go bhfuilim ag éirí níos cantalaí ach cuireann ainmneacha mar seo isteach orm. Tá siad chomh amaideach!
Shomera! Is é sin comhlacht in Éirinn a thógann seomraí breise nuair a bhíonn gá ag daoine spás níos mó a bheadh acu gan an t-airgead nó b‘fhéidir gan an dúil acu teach nua a fháil.
www.shomera.com Ach ar aon cuma níl i gceist acu ach béalghrá maidir leis an teanga, dar liom.
Ní fheadar cé acu a bhíonn níos measa. Béalghrá atá soiléir mar seo, nó béalghrá atá faoi cheilt, sé sin na daoine a ligeann go bhfuil suim acu sa teanga nuair nach bhfuil…… ach cad faoi seo www.seomra.com Tá an t-ainm ceart glactha acu agus píosa sa teanga ar an leathanach seo leis an gcuspóir (is dócha) daoine mar mise a choimeád sásta! agus ciúin… Tá shomera.ie agus seomra.ie acu chomh maith, ach is é Shomera an ceann a úsáidtear ar a bhfógraí srl. An gceapann siad go bhfuil an gnáthdhuine in Eirinn chomh dúr nach dtuigeadh siad an focal seomra? Agus go bhfuil SHOMERA níos fusa dóibh…………is truamhéalach an scéal é.
Seo ceann eile: Ishka, in ionad uisce, úsáideann Munster Soft Drinks an t ainm seo dá fíor uisce. Ní bhíonn ach an uisce seo in Aerfort na Sionna. Is dócha go mbeidh níos mo samplaí os mo chomhair nuair a bheidh mé in Éirinn i lár an tsamhraidh. ochón.

Muna bhfuil suim acu sa teanga tuige nach féidir leo í a fhágáil dóibh siúd le suim inti? In ionad an droch úsáid seo?

Cad is brí leis an bhfocal sin? Arís?…..

Monday, April 28, 2008

Crógacht ar Leith


Bainim taitneamh i gcónaí as an gclár Comhrá le Mairtin Tom Sheáinín … . Tá scil fé leith aige siúd scéalta daoine a tharraingt amach uatha gan stró nó strus a chur orthu ar chor ar bith.
Féach anso brú ar WEB TV agus ansin faoi (Cláir eile- Cartlann : Comhrá ar 25/4/08)

Ar an 25/4/08 craoladh agallamh idir Mairtin agus Pádraig O hAiniféin, fear óg as Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, faoin lá i 2000 ar léim sé thar chlaí agus ar bhris sé a mhuineál nuair nach raibh sé ach 16 bliana d’aois. Bhí sé ag bailiú bláthanna dá mháthair ag an am san roimh dul ag imirt cispheil leis a chairde. Tá Pádraig anois in a fhear óg dathúil agus é i gcathaoir rothaí, gan mothú óna mhuineál síos. Labhraíonn sé le Máirtín faoina shaol anois agus an tslí ar bhain sé ceart den athrú saoil. Bhí sé deacair dom taitneamh a bhaint as an gclár seo toisc an méid bhróin a bhraithim don fhear óg seo.

(Bím ag smaoineamh ar mo mhac féinig agus é i mbarr a shláinte ar 16 bliana d’aois faoi láthair agus é ag baint súp nach beag as an saol, táim scriosta fiú ag smaoineamh ar anachain chomh dona seo)

Tagann meon dearfach an fhir óig seo Pádraig chugainn go soiléir sa chlár. Bíonn sé áthasach as na mion rudaí a thugann píosa neamhspleáchais dó, cé go bhfuil bean cúraim uaidh an t-am ar fad idir oíche is lá. Deir sé go mbíonn daoine ann i gcruacháis i bhfad níos deacra tar éis timpistí ná é féin.

Ceacht dúinn uile in a fhocail.

Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr breis airgid a chur isteach taighde níos mó a dhéanamh ar conas gortaithe mar seo a réitigh ná é a chaitheamh 1) ar cogaí a fhágann tuilleadh fir agus mná óga, gan trácht ar páistí, gortaithe ar fud an domhan? nó 2) ar conas sinn a choimeád óg le cabhair máinliachta nó ceimic

Tá rud éigin cearr leis an cine daonna

Wednesday, April 23, 2008

Meascán

Bhí alt suimiúil anseo san Economist le déanaí faoi Marie Smith, cainteoir na teanga Eyak in Alaska. Is scáthán an chultúir í teanga agus nuair a bhí brú ar chultúr Marie thosnaigh an teanga seo ag laghdú. Anois tá an cultúr sin beagnach imithe chomh maith déarfainn. Ní scéal nua dúinn. Nuair nach bhfuil comhthéacs ann teanga a usáid imíonn sí; bíonn uirthi ról an scátháin a ghlacadh, agus le na hathraithe chultúir a thagann le imeacht ama athraíonn an íomhá sin chomh maith, muna athraíonn nach bhfuil sé soiléir go bhfuil scoilt sa chultúr? Agus as sin go bhfuil cultúr nua i réim.

D’fhág Dave ó Chorcaigh teachtaireacht ar an mblog le déanaí maidir le leabhar Diarmuid Feiritéar Judging Dev. Seo í:

Muna bhfuil fhios ag daoine, is féidir leo éisteach le Judging Dev freisin. Tá an sraith go léir le fáil mar podchraoladh ón nasc seo.

Monday, April 14, 2008

Solas an Earraigh

Tagann athrú ar an solas ag an am seo den bhliain agus éirim corrthónach, feicim go bhfuil alan le déanamh sa teach agus taobh amuigh sa ghairdín agus bím mí fhoighneach liom féin tús a chur ar gach rud ag an am céanna. Chaitheas an deireadh seachtaine seo ag obair lasmuigh agus tá cuma i bhfad níos fearr ar an ngairdín cheana féin, agus inné le luí na gréine, dúirt mé liom féin go bhfuil orm cúpla seomra sa teach a phéinteáil, feicim mhéarloirg gach áit, ansin na fuinneoga a ghlanadh, troscán a bhogadh timpeall srl. Glantacháin an earraigh is dócha atá ag chur an diabhal meon seo orm, ach tá fuinneamh ar leith ionam na rudaí uile seo a dhéanamh. B fhéidir go bhfuilim cosúil le éan ag an am seo den bhliain, gnóthach sula dtagann an aimsir te! mar chaithfidh mé a admháil nach mbíonn mórán fuinnimh agamsa i lár an tsamhraidh ach mohito a ól, leabhair a léamh agus néalta codlata a ghlacadh faoi scáth na gréine. Saol an mhadaidh bhán!
Maidir le leabhair, rinne mé dearmad leabhair atá leite agam a luaigh anseo le déanaí, bhuel chríochnaigh mé The Day of The Locust le Nathaniel West cúpla lá ó shin. Is cur sios atá ann faoi na gnáth daoine sa chúlra fad is a bhí Hollywood ag fás, ach scéal an iarthair go hiomlán atá ann i ndáiríre, agus an tslí in a bhíonn daoine ag iarraidh teacht ar clú agus cáil in aon slí, gan smaoineamh ar an gcostas, nó fiú teacht ar sort chlú trí teagmháil le daoine mór le rá.


Saturday, April 05, 2008

Seoladh Súil Siar leis an Aire Éamon Ó Cuív i Glucksmans Ireland House, New York University.



Liam Guidrey agus Ethel Brogan ó Daltaí na Gaeilge leis an Aire Éamon Ó Cuív.

Éamon Ó Cuív ag caint le Delia, baintreach Bharra Úi Dhonnabháin

Eibhlín Zurell, Éamon Ó Cuív agus mé féin tar éis seolta Súil Siar


Ní raibh seans agam cuairt a thabhairt ar an mblog seo an tseachtain seo chaite chomh gnóthach agus a bhíos......... Ar dtús, bhí an Lá na Gaeilge ar an 29ú curtha le cheile ag An Scoil Chois Claí i gcoláiste Í ar fheabhas. Bhain gach duine an taitneamh as na ranganna, na leachtaí agus an craic go hiomlán agus táim ana bhuíoch de na léachtóirí, na múinteoirí uile agus ar ndóigh na cuairteoirí go léir.

Díreach agus a bhí an lá mór thart bhí orm, in éineacht le Eibhlin Zurell, díriú ar an 3ú Lá de mhí Aibreáin agus seoladh leabhair Bharra Uí Dhonnabháin, Súil Siar. Bailiúchán Aistí dá chuid, le aistriúcháin, atá ann. Fuaireamar cuireadh ó Dr. Joe Lee, stiúrthóir Glucksman Áras na hÉireann, NYU, an seoladh a bheith againn ansin díreach tar éis léachta an Aire Ui Cuív ag an gcomóradh i ndílchuimhne ar Bharra a bhíonn ar siúl in Áras na hÉireann gach bhliain.

Ba mhór an onóir dúinn agus d'fhoilsitheoir an leabhair, Daltaí na Gaeilge, an cuireadh seo a fháil.
Thug an t-Aire Éamon Ó Cuív léacht suimiúil faoin teideal “Todhchaí na Gaeilge san Aonú Aois is Fiche” Ansin labhair Eibhlin agus mise, mar eagarthóirí an leabhar, agus ansin bhí cúpla focal an deas ó Liam Guidry, Daltaí na Gaeilge. Thug Ethel Brogan Uachtarán Daltaí na Gaeilge an chéad cóip den leabhar, Súil Siar, don Aire.

Caithfidh mé a rá go raibh an t-Aire, agus a bhean cheile Áine, go h-an deas cairdiúil agus toilteanach caint le gach éinne. Bhí seans agam labhairt leis ag an dinnéar tar éis na h-ócáide faoi saol an pholaiteora agus alán ábhar eile, gan trácht ar an méad atá déanta ag a oifig, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar son na Gaeilge. Duine an-suimiúil agus dearfach atá ann.

Chaith mé féin agus Eibhlin Zurell beagnach trí bhliain ag obair ar an leabhar seo, creid nó ná creid. Ghlacann jab mar seo ana chuid ama, i gcónaí níos mó ná a cheapfá! Ach b’fhiú é, dar linn, tá sé deacair dom a mhíniú i gceart an meas a bhí againn ar Bharra agus tá áthas an domhain orainn gur tháinig Daltaí na Gaeilge chugainn le suim an leabhair a fhoilsiú. Is é cuspóir an leabhar ná aitheantas a thabhairt ar ár gcara uasal, ní hamháin as a chuid scríbhneoireachta ach as an gcabhair a thug sé do gach duine le fíor suim sa Ghaeilge iontu. Tá na scéalta uile an-spéisiúil agus tagann spiorad an údar chuig an léitheoir tríothu chomh maith.
Is féidir teacht ar cóip ar an suíomh seo: siopa Daltaí na Gaeilge agus amach anseo ag deireadh seachtainí na Gaeilge agus Amazon.

Fuair Eibhín agus mise cuirí an leabhar a sheoladh i gCeanada ag an Deireadh Seachtaine na Gaeilge i Kingston Ontario ag deireadh na míosa seo, agus i Portland Oregon ag an Lá na Gaeilge ansin ag tús Meitheamh.